Eureka 52026PC0011 Sainmhínithe Sínigh isteach

Strasbourg, 20.1.2026

COM(2026) 11 final

2026/0011(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, agus slándáil an tslabhra soláthair TFC agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2019/881 (an Dara Gníomh um Chibearshlándáil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2026) 11 final} - {SWD(2026) 11 final} - {SWD(2026) 12 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Ó glacadh an Gníomh um Chibearshlándáil in 2019, tá forbairt mhór tagtha ar thimpeallacht bagartha na cibearshlándála 1 i réaltacht gheopholaitiúil atá ag éirí níos casta. Tháinig borradh faoi chibirionsaithe agus d’éirigh siad níos sofaisticiúla, ag díriú ar bhonneagar criticiúil, ar ghnólachtaí agus ar an bpobal i gcoitinne, agus an ghníomhaíocht bogearraí éirice ina croílár 2 . Tá uirlisí cosanta agus oirbheartaíocht comhraiceoirí á n‑athmhúnlú ag teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail an intleacht shaorga (IS) agus an ríomhaireacht chandamach. I dtuarascáil 2024 uaidh dar teideal The future of European competitiveness [Todhchaí iomaíochas na hEorpa], chuir Mario Draghi i dtábhacht an gá atá leis an tslándáil a mhéadú agus spleáchais a laghdú mar phríomhréimse gníomhaíochta amháin a bhfuil gá leis san Aontas Eorpach 3 . Leis an Straitéis Eorpach um Aontas na hUllmhachta 4 agus leis an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach (ProtectEU) araon 5 , cuireadh an chibearshlándáil i gcroílár chlár oibre athléimneachta an Aontais. Aithnítear sna straitéisí sin nach dúshláin theicniúla amháin iad bagairtí leanúnacha cibearshlándála, ach gur rioscaí straitéiseacha iad dár ndaonlathas, dár ngeilleagar agus dár modh maireachtála. Ar an gcaoi chéanna, sainaithnítear sa Teachtaireacht maidir le slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú 6 gur cuspóirí tosaíochta iad cosc a chur ar rochtain ar fhaisnéis íogair agus ar shonraí íogaire a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de shlándáil eacnamaíoch an Aontais agus suaitheadh ar bhonneagar criticiúil an Aontais a dhéanann difear do gheilleagar an Aontais a chosc agus a mhaolú, ar cuspóirí iad ina bhfuil ról ríthábhachtach ag bearta éifeachtacha cibearshlándála.

I bhfianaise an mhéid sin, tá ceithre phríomhfhadhb ann a bhfuil sé d’aidhm ag an athbhreithniú seo atá beartaithe ar an nGníomh um Chibearshlándáil dul i ngleic leo: (i) an mí-ailíniú idir creat beartais cibearshlándála an Aontais agus riachtanais na bpáirtithe leasmhara i dtimpeallacht na bagartha atá ag éirí níos naimhdí; (ii) cur chun feidhme stoptha an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála; (iii) castacht agus éagsúlacht na mbeartas a bhaineann leis an gcibearshlándáil a mbíonn tionchar acu ar sheasamh cibearshlándála an Aontais; agus (iv) rioscaí slándála slabhraí soláthair TFC a mhéadú.

Ar bhonn na bpríomhfhadhbanna a sainaithníodh, is iad an dá chuspóir ghinearálta atá ag an idirghabháil cumais agus athléimneacht na cibearshlándála a mhéadú agus ilroinnt ar fud an mhargaidh aonair a chosc tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

·rannchuidiú le rialachas cibearshlándála an Aontais a neartú agus cuidiú lena áirithiú go mbeidh institiúidí, údaráis agus páirtithe leasmhara ábhartha eile níos ullmhaithe chun bagairtí cibearshlándála a chosc, a bhrath agus chun freagairt dóibh ar bhealach comhordaithe agus éifeachtach; agus

·tacú le forbairt, cur chun feidhme agus glacadh ionstraimí coiteanna cibearshlándála de chuid an Aontais, amhail scéimeanna deimhniúcháin, agus creataí comhchuibhithe a sholáthar lena gcothaítear iontaoibh agus idir-inoibritheacht ar fud na mBallstát.

Freagraíonn na cuspóirí ginearálta sin do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i sainiú na faidhbe. Léiríonn siad an aidhm beartais uileghabhálach maidir le rialachas cibearshlándála san Aontas a neartú agus tacú le margadh aonair digiteach atá slán, athléimneach agus iomaíoch a fhorbairt.

Chun cuidiú leis na cuspóirí ginearálta a liostaítear thuas a bhaint amach, saothraítear leis an idirghabháil seo na cuspóirí sonracha seo a leanas:

·chun aghaidh a thabhairt ar an mí-ailíniú idir creat beartais cibearshlándála an Aontais agus riachtanais na bpáirtithe leasmhara:

·Cuspóir Sonrach 1: an acmhainneacht a chruthú chun beartais chibearshlándála an Aontais agus comhar oibríochtúil leanúnach a chur chun feidhme go héifeachtach lena gcumasófar comhar níos struchtúrtha idir na Ballstáit;

·Cuspóir Sonrach 2: modhanna agus sásraí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun tacú go héifeachtach le riachtanais na mBallstát, an tionscail agus páirtithe leasmhara eile agus chun aghaidh a thabhairt orthu;

·chun aghaidh a thabhairt ar ghlacadh agus éifeachtacht theoranta an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála:

·Cuspóir Sonrach 3: na réamhriachtanais a chruthú chun scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a sholáthar níos tapúla, arna spreagadh ag riachtanais an mhargaidh, trí raon feidhme an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála a leathnú, nósanna imeachta éifeachtacha agus solúbtha maidir le coinneáil ar bun a áirithiú agus trédhearcacht a mhéadú;

·chun aghaidh a thabhairt ar an timpeallacht chomhlíontachta ilroinnte agus ar chastacht na gcreataí cothrománacha agus earnála:

·Cuspóir Sonrach 4: sásraí agus coinníollacha a chruthú chun comhlíonadh ceanglas cibearshlándála a éascú, agus ar an gcaoi sin a gcur chun feidhme a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos éifeachtaí.

·chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí cibearshlándála sa slabhra soláthair:

·Cuspóir Sonrach 5: Riosca a mhaolú maidir le slabhraí soláthair TFC criticiúla ó eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha nó atá á rialú ag eintitis ó thríú tíortha a bhfuil ábhair imní chibearshlándála ag baint leo (soláthróirí ardriosca) agus spleáchais chriticiúla a laghdú trí chreat comhleanúnach éifeachtach a fhorbairt ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí slándála sa slabhra soláthair TFC.

Tagann an t‑athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil faoi shainchúram an chláir um oiriúnacht agus feidhmíocht rialála (REFIT). Cuidíonn sé go mór le soiléireacht a fheabhsú, neamhéifeachtúlachtaí a bhaint agus nósanna imeachta a ailíniú ar fud na gcreataí dlíthiúla. Rannchuidíonn an t‑athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus slándáil agus uathriail straitéiseach an Aontais á n‑áirithiú an tráth céanna.

Ar bhonn níos nithiúla, moltar ann athchóiriú iomlán a dhéanamh ar shainordú Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) lena soláthraítear tacaíocht éifeachtach do chur chun feidhme beartas agus breisluach ó thaobh tacú le comhar oibríochtúil i measc na mBallstát.

I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar na rioscaí agus ar na dúshláin chibearshlándála atá roimh an Aontas, is é is aidhm don togra acmhainní airgeadais agus daonna ENISA a mhéadú chun a ról feabhsaithe, a chúraimí feabhsaithe agus a sheasamh ríthábhachtach maidir le héiceachóras digiteach an Aontais a chosaint a léiriú, rud a chuirfidh ar a chumas do ENISA na cúraimí a thugtar dó leis an togra seo a chur i gcrích go héifeachtach.

Cuideoidh an t‑athbhreithniú freisin le deireadh a chur le cleachtais ilroinnte, feabhas a chur ar chomhordú agus costais chomhlíontachta agus oibríochtúla a laghdú san fhadtéarma an tráth céanna. Tríd an nGníomh um Chibearshlándáil atá ann faoi láthair a aisghairm agus trí chreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála athchóirithe a thabhairt isteach, soláthraítear leis an togra uirlis níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla lena gcuirtear iontaoibh chun cinn i measc gnólachtaí, an phobail i gcoitinne agus na n‑údarás poiblí agus lena n‑éascaítear comhlíonadh reachtaíocht ábhartha an Aontais. Méadaítear leis éifeachtúlacht trí athbhreithniú a dhéanamh ar an tsamhail rialachais agus trí thacú le nósanna imeachta deimhniúcháin níos intuartha, níos comhleanúnaí agus níos solúbtha chun forbairt agus cur chun feidhme scéime níos tapúla a chumasú.

Agus sineirgí níos fearr ann le creataí dlíthiúla ábhartha de chuid an Aontais atá ann cheana, cuirfear an deimhniú chun cinn mar uirlis chomhlíontachta do ghnólachtaí agus laghdófar an t‑ualach riaracháin ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta atá gníomhach faoi phíosaí éagsúla reachtaíochta cibearshlándála. Thairis sin, trí raon feidhme an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála a leathnú agus trí fhorbairt scéime maidir le seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas a chumasú, laghdaítear leis an togra na costais chomhlíontachta d’eintitis atá faoi réir reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil, ag tosú le heintitis atá faoi raon feidhme an Dara Treoir NIS. Leis an gcur chuige sin, simpleofar go mór na hoibleagáidí rialála atá ar eintitis atá faoi réir ceanglais chomhlíontachta iomadúla agus áiritheofar go mbainfear úsáid níos éifeachtaí as acmhainní ar fud na n‑údarás náisiúnta. I dteannta an athbhreithnithe sin, is é is aidhm do thogra le haghaidh treoir lena dtugtar isteach leasuithe spriocdhírithe ar an Dara Treoir NIS comhlíonadh gnéithe sonracha den chreat cibearshlándála a shimpliú agus cur chun feidhme cuíchóirithe comhleanúnach na ngnéithe sin a áirithiú, lena n‑áirítear maidir le raon feidhme, sainmhínithe, tuairisciú bogearraí éirice agus maoirseacht ar eintitis a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann.

Leis an rialachán nua, cruthaítear creat comhchuibhithe freisin chun dul i ngleic le rioscaí neamhtheicniúla a dhéanann difear do shlabhraí soláthair TFC, rud a laghdaíonn ilroinnt na gcur chuige atá ann faoi láthair ar fud na mBallstát. I dteannta a chéile, is simpliú agus nuachóiriú substaintiúil ar chreat dlíthiúil cibearshlándála an Aontais iad na gnéithe sin, atá ailínithe go hiomlán le prionsabail REFIT maidir le soiléireacht, éifeachtúlacht agus ullmhacht dhigiteach.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an tAontas tar éis a uirlisí dlí agus beartais a leathnú le glacadh roinnt ionstraimí dlí agus beart beartais: (i) leis an Dara Treoir NIS neartaítear an chibearshlándáil le haghaidh bonneagar criticiúil; (ii) sainmhínítear bearta slándála fisiciúla ina ‘chomhthreoir’, an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil; (iii) leis an nGníomh um Chibear-Athléimneacht, feabhsaítear cibearshlándáil táirgí; (iv) leis an nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, cuirtear le cumais freagartha ar fud an Aontais; (v) le Treoirphlean Cibearshlándála an Aontais 7 tacaítear le comhar ar leibhéal an Aontais maidir le bainistiú géarchéime ina bhfuil príomhróil ag an gCoimisiún agus ag an Ardionadaí maidir le hullmhú do theagmhais chibearshlándála mhórscála agus freagairt orthu; (vi) leis an mBosca Uirlisí Cibearshlándála 5G (Bosca Uirlisí 5G), tacaítear leis an gcibearshlándáil i líonraí 5G; (vii) leis an bplean gníomhaíochta Eorpach maidir le cibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte 8 cuidítear le feabhas a chur ar a gcibearshlándáil; agus (viii) leis an Acadamh Scileanna Cibearshlándála 9 , tugtar aghaidh ar dhúshlán na bearna tallainne cibearshlándála atá ag dul i méid.

Comhlánaíodh an creat dlíthiúil cibearshlándála thuasluaite le reachtaíocht earnáilsonrach, i.e. an Gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil (Rialachán maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais) don earnáil airgeadais, cód gréasáin maidir le rialacha earnáilsonracha do ghnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann don fho-earnáil leictreachais, nó rialacha slándála faisnéise (An chuid maidir le rialacha slándála faisnéise 10 ) don fho-earnáil aeriompair.  

Tá an t‑athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil ailínithe le forálacha an Dara Treoir NIS agus neartaítear iad leis maidir le ról ENISA i dtacú le cur chun feidhme an Dara Treoir NIS, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le tacaíocht don chomhar oibríochtúil; tá sé ailínithe freisin leis an nGníomh um Chibear-Athléimneacht, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le forbhreathnú agus bainistiú leochaileachtaí ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus méadaítear leis an breisluach a bhaineann le feasacht staide chomhroinnte. Maidir leis an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, tá an t‑athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil ailínithe leis an nGníomh um Chibear-Athléimneacht maidir le cuspóirí slándála táirgí agus láimhseáil leochaileachtaí, agus leis an gCreat Reachtach Nua maidir le creidiúnú. Thairis sin, tá sineirge láidir ann a eascraíonn as forbairt an deimhnithe seasaimh cibearshlándála le haghaidh an Dara Treoir NIS agus d’fhéadfadh sé comhlíonadh gníomhartha dlí ábhartha eile de chuid an Aontais amhail an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a éascú, gan dochar dá gceanglais shonracha deimhniúcháin. Ina theannta sin, leis an gcreat cothrománach lena dtugtar aghaidh ar rioscaí cibearshlándála slabhraí soláthair TFC le cuspóir foriomlán an Dara Treoir NIS tacaítear le hardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a chruthú ar fud an Aontais agus braitheann sé ar chur chuige rioscabhunaithe an Dara Treoir NIS.

Ina theannta sin, leis an athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil, in éineacht leis an togra le haghaidh Treoir lena dtugtar isteach leasuithe spriocdhírithe ar an Dara Treoir NIS d’fhonn simpliú a dhéanamh, soláthraítear na huirlisí is gá chun an creat cuimsitheach sin a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla maidir leis na torthaí a mheastar a bheidh ann a bhaint amach, chun foráil a dhéanamh maidir le gné Eorpach níos láidre agus chun na bearnaí rialála atá fós ann a líonadh.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Chomhlánódh an t‑athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil lena n‑áirítear breithnithe maidir leis an slabhra soláthair mar chuid de bhearta athléimneachta eintiteas criticiúil. Thairis sin, chomhlánódh sé tionscnaimh atá ar na bacáin, amhail: (i) an Gníomh um Fhorbairt na Néalríomhaireachta agus na hIntleachta Saorga arb é is aidhm dó, i measc nithe eile, dul i ngleic leis an easpa tairiscint iomaíoch seirbhísí néalríomhaireachta atá bunaithe san Aontas ar scála leordhóthanach chun freastal ar chásanna nó ar earnálacha úsáide an-chriticiúla; (ii) an togra le haghaidh an Ghnímh um Líonraí Digiteacha; (iii) an t‑athbhreithniú a dhéanfar go luath ar Rialachán (AE) 2023/1781 11 , (iv) an creat soláthair phoiblí 12 a bhfuil meastóireacht á déanamh air faoi láthair 13 agus an Togra le haghaidh Rialachán maidir leis an reachtaíocht dhigiteach a shimpliú (Omnibus Digiteach) 14 lena ndéantar foráil maidir leis an oibleagáid ar ENISA pointe iontrála aonair a fhorbairt le haghaidh tuairisciú teagmhas trínar féidir le heintitis a n‑oibleagáidí maidir le tuairisciú teagmhas a chomhlíonadh go comhuaineach faoi ghníomhartha dlí iomadúla. Thairis sin, threiseodh sé seasamh údaráis agus oibreoirí an Aontais, agus iad i dteagmháil le comhpháirtithe na Meánmhara Theas, go háirithe trí idirnascadh a chothú trí bhonneagair dhigiteacha shlána iontaofa ar fud na Meánmhara, ar sprioc bhunúsach é den Chomhshocrú don Mheánmhuir.

Tá an t‑athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil i gcomhréir freisin le doiciméid straitéiseacha an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le creat slándála an tslabhra soláthair TFC. Sa Straitéis ProtectEU, luaigh an Coimisiún freisin gur féidir le cur chuige comhchuibhithe maidir le slándáil shlabhra soláthair na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) aghaidh a thabhairt ar ilroinnt reatha an mhargaidh inmheánaigh mar gheall ar chineálacha éagsúla cur chuige ar an leibhéal náisiúnta, spleáchais chriticiúla a sheachaint agus riosca a mhaolú maidir le slabhraí soláthair TFC ó sholáthróirí ardriosca, agus ar an gcaoi sin bonneagar criticiúil a dhaingniú. Cuireadh i dtábhacht sa Straitéis Slándála Eacnamaíche freisin an gá atá le geilleagar agus slabhra soláthair an Aontais a dhéanamh níos athléimní chun a iomaíochas féin a chur chun cinn 15 . Sa Straitéis um Aontas na hUllmhachta agus sa Pháipéar Bán maidir le Cosaint na hEorpa, cuireadh i dtábhacht an gá atá le haghaidh a thabhairt ar shuaitheadh ar shlabhraí soláthair agus ar chibirionsaithe 16 . Tá sé ailínithe freisin leis an tuarascáil maidir le Todhchaí Iomaíochas na hEorpa ó Mario Draghi, mar a chuirtear i dtábhacht thuas. Ina theannta sin, leis an athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil i réimse shlándáil an tslabhra soláthair TFC a glacadh le déanaí, Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú 17 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí don togra seo. Déantar foráil in Airteagal 114 CFAE maidir le bearta a ghlacadh chun bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Glacadh Rialachán (AE) 2019/881 maidir le ENISA agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, ar a dtugtar an Gníomh um Chibearshlándáil de ghnáth 18 , faoin bhforáil sin ar dtús.

I réimse chibearshlándáil shlándáil an tslabhra soláthair TFC, bíonn éifeachtaí diúltacha ag ilroinnt na gcreataí náisiúnta lena dtugtar aghaidh ar thosca riosca neamhtheicniúla ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh toisc go bhféadfadh leochaileacht níos airde i roinnt Ballstát a bheith mar thoradh ar an éagsúlacht i gcur chuige náisiúnta, rud a bhféadfadh éifeachtaí iarmharta a bheith aige ar fud an Aontais, rud a d’imreodh tionchar ar athléimneacht fhoriomlán agus ar iontaofacht freisin.

I bhfianaise chineál athraitheach na mbagairtí cibearshlándála, agus idirspleáchas méadaitheach chórais dhigiteacha na mBallstát, is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí a bhfuil údar cuí leis fós chun athbhreithniú a dhéanamh ar an nGníomh um Chibearshlándáil. Léirítear sa rialachán atá beartaithe na forbairtí is déanaí i dtimpeallacht reachtach na cibearshlándála, go háirithe i bhfianaise fhreagrachtaí ENISA atá ag dul i méid agus raon feidhme méadaitheach na ndeimhnithe agus na bainistíochta riosca.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Ceanglaítear le prionsabal na coimhdeachta go ndéanfar measúnú ar an ngá a bheidh le gníomhaíocht ón Aontas agus ar bhreisluach na gníomhaíochta sin. Aithníodh comhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta sa réimse sin cheana féin agus an Gníomh um Chibearshlándáil atá ann faoi láthair á ghlacadh.

Mar a ndearnadh anailís air cheana féin i ndáil leis an nGníomh um Chibearshlándáil, tá idirghabháil an Aontais ríthábhachtach toisc go dtéann bagairtí cibearshlándála agus dúshláin ghaolmhara níos faide ná Ballstáit aonair. Is léir nach leor réitigh náisiúnta ilroinnte chun iontaoibh agus comhordú ar fud an mhargaidh a bhaint amach. Tá gá le creat dlíthiúil athbhreithnithe de chuid an Aontais chun bacainní a bhaint, chun cur chun feidhme comhsheasmhach a áirithiú, agus chun tacú leis na Ballstáit i dtimpeallacht rialála agus bagartha atá ag éirí níos casta. Is saincheist leasa choitinn don Aontas í an chibearshlándáil.

Cuireann na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an rialachán atá beartaithe breisluach soiléir ar fáil trí thacú le comhchuibhiú, soiléireacht dhlíthiúil agus freagairtí comhordaithe ar dhúshláin chibearshlándála.

Leathnaíodh cúraimí reatha ENISA trí reachtaíocht ina dhiaidh sin gan athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar a phríomhfhreagrachtaí agus ar a acmhainní. Mar thoradh air sin, cruthaíodh neamhéifeachtúlachtaí agus níor tugadh tosaíocht leordhóthanach do phríomhchúraimí chun tacú leis na Ballstáit. Dá bhrí sin, is é is aidhm don togra le haghaidh idirghabhála na cúraimí atá ann faoi láthair a bheachtú agus tosaíocht a thabhairt dóibh chun sainordú ENISA a neartú, rud a chuirfidh ar a chumas dó gníomhú mar phointe aonair saineolais don chibearshlándáil ar leibhéal an Aontais. Maidir leis sin, níl aon difríocht shuntasach ann ó thaobh na coimhdeachta de i gcomparáid leis an nGníomh um Chibearshlándáil. Ina theannta sin, le scéimeanna náisiúnta éagsúla um dheimhniú agus cineálacha éagsúla cur chuige rialála ó na Ballstáit, cruthaítear ilroinnt sa mhargadh agus ualaí breise comhlíontachta, rud a bhaineann an bonn den iomaíochas.

Beartaítear leis an togra nua freisin gníomhaíochtaí nua, i ndáil le beartais maidir leis an slabhra soláthair agus iarrachtaí simpliúcháin ar leibhéal an Aontais. Neartaítear leis slándáil an tslabhra soláthair agus earnáil na cibearshlándála laistigh den Aontas a thuilleadh, agus méadaítear leis ullmhacht agus athléimneacht na mBallstát agus na tionsclaíochta. 

Le spleáchais ar eintitis atá bunaithe i dtríú tír lena mbaineann ábhair imní chibearshlándála nó atá á rialú ag tríú tír den sórt sin, ag eintiteas atá bunaithe sa tríú tír sin, nó ag náisiúnach den tríú tír sin (soláthróirí ardriosca), déantar difear d’eintitis ar fud an Aontais, agus is minic a scaiptear teagmhais shuntasacha chibearshlándála sa slabhra soláthair thar theorainneacha náisiúnta. Ina theannta sin, i bhfianaise chineál trasteorann na slabhraí soláthair TFC, bhainfeadh ilroinnt na gceanglas comhlíontachta laistigh den mhargadh inmheánach an bonn den deimhneacht dhlíthiúil d’eintitis. Thairis sin, leis na tograí le haghaidh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), sainordaítear soláthróirí ardriosca a eisiamh chun sláine bhuiséad agus leasanna slándála an Aontais a chosaint. Leis an gcreat slabhra soláthair a áirítear sa rialachán seo, déantar foráil maidir leis an sásra chun tíortha ar ábhar imní cibearshlándála iad a shainaithint, gníomhaíocht nach féidir a dhéanamh go héifeachtach ach ar leibhéal an Aontais. Maidir le slándáil an tslabhra soláthair TFC, is le hidirghabháil ar leibhéal an Aontais amháin a áiritheofar an t‑íosleibhéal céanna slándála ar fud an Aontais agus an comhchuibhiú cur chuige is gá.

Déantar cuspóir an Ghnímh um Chibearshlándáil a choinneáil ar bun agus a fheabhsú a thuilleadh san athbhreithniú seo. Ní féidir leis na Ballstáit an méid sin a bhaint amach go leordhóthanach, ach is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

•Comhréireacht

Ní théann na bearta atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí beartais an togra a bhaint amach. Thairis sin, ní chuireann raon feidhme idirghabháil an Aontais bac ar aon ghníomhaíocht náisiúnta bhreise maidir le cúrsaí slándála náisiúnta. Dá bhrí sin, tá údar le gníomhaíocht ón Aontas ar fhorais na coimhdeachta agus na comhréireachta.

Is é is aidhm don togra léiriú níos fearr a thabhairt, ó thaobh an dlí de, ar shainordú ENISA agus ar an bpróiseas chun deimhnithe Eorpacha cibearshlándála a fhorbairt, a ghlacadh agus a choinneáil ar bun. Cé go n‑áirítear sa togra cúraimí nua áirithe do ENISA, is é is aidhm dóibh tacú leis na Ballstáit sna réimsí inar sainaithníodh bearnaí suntasacha. Ní thiocfaidh ENISA in ionad Fhoirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRTanna) na mBallstát. A mhéid a bhaineann leis an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, tá an deimhniú fós deonach agus is féidir leis cuidiú le heintitis a léiriú go bhfuil ceanglais chibearshlándála an Aontais á gcomhlíonadh acu. Áirithítear leis an gcur chuige sin go n‑urramaítear prionsabal na comhréireachta.

Maidir leis na réitigh atá beartaithe i ndáil le slándáil an tslabhra soláthair TFC, foráiltear leis an gcreat fianaise a bhailiú maidir lena bhfuil i gceist le príomhshócmhainní agus maidir leis na bearta a bheadh comhréireach agus riachtanach chun maolú riosca na slabhraí soláthair criticiúla a áirithiú. Sula ndéanfar na bearta sin a shainiú, déanfar measúnú ar thionchair eacnamaíocha, ina bhféachfaí, i measc nithe eile, ar indéantacht eacnamaíoch, ar roghanna malartacha atá ar fáil sa mhargadh, ar shaolré na dtáirgí sonracha. Beidh an measúnú sin mar bhonn eolais faoi na bearta rioscabhunaithe is gá agus is iomchuí.

•An rogha ionstraime

Leis an togra seo, déantar athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2019/881 ina leagtar amach an sainordú agus na cúraimí atá ann faoi láthair do ENISA agus don chreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. Dá bhrí sin, is fearr sainordú athbhreithnithe ENISA agus leasuithe ar an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a bhunú faoin ionstraim dlí chéanna, trí ionstraim rialacháin a úsáid. Is éard atá i gceist leis an reachtaíocht atá beartaithe freisin creat éifeachtach ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair TFC, a dtabharfadh rialachán aghaidh ar na fadhbanna a sainaithníodh ar bhealach níos éifeachtaí ina leith agus a chomhlíonfadh na cuspóirí a ceapadh, ós rud é nach n‑áiritheofar an leibhéal céanna slándála ar fud an Aontais agus comhchuibhiú riachtanach cur chuige ach le hidirghabháil ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfadh an próiseas trasuite i gcás treoir maidir le hidirghabháil den sórt sin an iomarca lánrogha a fhágáil ar an leibhéal náisiúnta, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le heaspa aonfhoirmeachta maidir le ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha áirithe, éiginnteacht dhlíthiúil, ilroinnt bhreise nó fiú cásanna trasteorann idirdhealaitheacha.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinne an Coimisiún Eorpach, de réir Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2019/881, measúnú ar ábharthacht, tionchar, éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus breisluach ENISA agus an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála, i bhfianaise na timpeallachta teicneolaíochta agus rialála atá ag teacht chun cinn. Leis an meastóireacht sin, a tugadh chun críche i mí na Nollag 2024, cumhdaíodh an tréimhse ó 2017 go 2023 agus bhí sé d’aidhm aici athbhreithniú a dhéanamh ar shainordú agus ar ghníomhaíochtaí ENISA, agus measúnú a dhéanamh ar ról an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála maidir le cibearthimpeallacht shlán a chothú ar fud an Aontais. Is féidir achoimre a dhéanamh ar na príomhthorthaí mar seo a leanas.

·Ábharthacht: Leagtar béim ar ábharthacht ENISA i réimse na cibearshlándála trína fhreagrúlacht do riachtanais athraitheacha na bpáirtithe leasmhara agus trína inoiriúnaitheacht do thimpeallacht atá ag athrú. Cé go bhfuil sástacht na bpáirtithe leasmhara dearfach den chuid is mó, tá deiseanna ann tionchar ENISA a mhéadú. Is féidir é sin a bhaint amach trí fheabhas a chur ar thacaíocht agus ar infheictheacht d’earnálacha éagsúla, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a bhíonn ag streachailt go minic le ceanglais chibearshlándála. Tá sé ríthábhachtach acmhainní a eagrú ar bhealach níos fearr agus comhordú níos soiléire a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta. Trí thosaíocht a thabhairt an athuair do ghníomhaíochtaí agus trí na hacmhainní atá ann cheana a bharrfheabhsú, déanfar ENISA a ailíniú ar bhealach níos fearr le riachtanais dhinimiciúla thimpeallacht cibearshlándála na hEorpa.

Maidir leis an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, d’ainneoin an bhoinn a bhfuil gealladh faoi, meastar fós go bhfuil níos mó acmhainneachta ag an gcreat ná tionchar praiticiúil, ós rud é nach bhfuil ach scéim deimhniúcháin amháin ag feidhmiú le déanaí. Tá an creat ceaptha chun comhtháthú gan uaim a dhéanamh le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais chun nósanna imeachta a chuíchóiriú agus trádáil trasteorann a éascú. Leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé i réimsí ard-dearbhaithe amhail néalseirbhísí agus bonneagair 5G.

·Éifeachtacht: D’éirigh le ENISA a shainordú a chomhlíonadh trí bheagnach gach aschur a bhí beartaithe a sholáthar, rud a léiríonn solúbthacht agus athléimneacht le linn géarchéimeanna amhail paindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Mar sin féin, tá gá le beartú tosaíochta feabhsaithe, fócas soiléir, agus leithdháileadh straitéiseach acmhainní chun éifeachtúlacht a mhéadú. Tá cur chuige níos solúbtha maidir le rialachas inmheánach ríthábhachtach chun oiriúnú d’éilimh chibearshlándála atá ag teacht chun cinn agus chun moilleanna a íoslaghdú.

Bhí sé d’aidhm ag an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála deimhniú cibearshlándála a chomhchuibhiú ar fud an Aontais ach bhí dúshláin shuntasacha roimhe, lena n‑áirítear teorainneacha nós imeachta agus ilroinnt, rud a d’fhág go raibh moilleanna agus neamhéifeachtúlachtaí ann, amhail an mhoill ar an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála bunaithe ar Chritéir Choiteanna (DCAE) a ghlacadh. Le tosca seachtracha, amhail teannas geopholaitiúil agus paindéim COVID-19, rinneadh baint amach chuspóirí an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála níos casta, rud a chuireann i dtábhacht an gá atá le bearta inoiriúnaithe agus leithdháileadh comhsheasmhach acmhainní i measc páirtithe leasmhara chun aonfhoirmeacht agus éifeachtacht a bhaint amach sa deimhniú cibearshlándála. D’ainneoin na gconstaicí sin, bhí torthaí dearfacha ann – go háirithe maidir le feasacht a mhúscailt i measc na mBallstát ar thábhacht agus ar chastachtaí an deimhnithe cibearshlándála.

·Éifeachtúlacht: D’oibrigh ENISA go héifeachtúil faoina chreat eagraíochtúil maitrísbhunaithe, agus comhar agus beartú tosaíochta cúraimí á gcur chun cinn aige. Mar sin féin, bhí dúshláin roimh ENISA maidir le freastal ar éilimh mhéadaitheacha agus poist speisialaithe a líonadh, rud a chuaigh in olcas mar gheall ar ghanntanas domhanda speisialtóirí TF, rud a d’fhág go raibh moilleanna agus ualach trom oibre ann. Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, d’fhéadfadh ENISA a lucht saothair inmheánach a bharrfheabhsú agus acmhainní a ath-leithdháileadh go héifeachtach, mar a léirítear le coigeartuithe straitéiseacha amhail aistriú 2022 in acmhainní i dtreo na Gníomhaíochta Tacaíochta Cibearshlándála. Ina theannta sin, dá bhfeabhsófaí bainistiú buiséid agus dá laghdófaí caiteachas riaracháin, chuirfí tuilleadh feabhais ar éifeachtúlacht oibríochtúil na Gníomhaireachta.

Cáineadh éifeachtúlacht an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála mar gheall ar amlínte sínte chun scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a ghlacadh agus na castachtaí lena mbaineann, agus níor glacadh an chéad scéim go dtí go luath in 2024, beagnach 5 bliana tar éis ghlacadh an Ghnímh um Chibearshlándáil. Dúshláin pholaitiúla agus theicniúla, amhail díospóireachtaí faoi cheannasacht sonraí agus deacrachtaí maidir le dréachtaí a aistriú ina ngníomhartha dlí, chuir siad leis na moilleanna. Chuir dúshláin pholaitiúla agus éilimh theicniúla bac ar dhul chun cinn, mar a chonacthas le Scéim Deimhniúcháin an Aontais Eorpaigh le haghaidh néalseirbhísí agus le Scéim EU5G. D’ainneoin na neamhéifeachtúlachtaí sin, d’eascair roinnt gnéithe dearfacha as an gcreat. Mar sin féin, tá gá fós le feabhas a chur ar rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara agus ar an rialachas inmheánach chun feidhmiú agus ionchur straitéiseach barrmhaith a áirithiú.

·Comhleanúnachas: Tacaítear le comhleanúnachas ENISA trí rannpháirtíocht mhór na bpáirtithe leasmhara agus ailíniú le creataí reachtacha a rinneadh le déanaí. Mar sin féin, chun comhleanúnachas agus leithdháileadh acmhainní a fheabhsú, tá sé ríthábhachtach sineirgí a fheabhsú le comhlachtaí eile de chuid an Aontais, amhail an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála, agus le húdaráis náisiúnta. Thairis sin, ní mór cumarsáid inmheánach agus bainistiú acmhainní laistigh de ENISA, mar aon le hidirghníomhaíocht thrédhearcach le páirtithe leasmhara príobháideacha, a bheachtú. Le sainiú soiléir a dhéanamh ar chúraimí ENISA, i gcomhréir leis an nGníomh um Chibear-Athléimneacht agus leis an Dara Treoir NIS, cuirfear feabhas ar éifeachtúlacht agus ar chomhsheasmhacht rialála araon.

Maidir leis an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, tá comhsheasmhacht iomlán le hionstraimí reachtacha eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear an Dara Treoir NIS agus an Gníomh um Chibear-Athléimneacht, ríthábhachtach chun cur chuige aontaithe cibearshlándála a áirithiú. Cé go léirítear leis an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála ailíniú teoiriciúil leis na bearta reachtacha sin, bíonn comhtháthú san fhíorshaol fós casta agus bíonn formhaoirseacht dhícheallach ag teastáil ina leith. Tástáil shuntasach i ndáil leis sin a bheidh i gcur chun feidhme scéim DCAE a glacadh laistigh de chreat an Ghnímh um Chibear-Athléimneacht.

·Breisluach AE: Tá rannchuidiú substaintiúil déanta ag ENISA le héiceachóras cibearshlándála an Aontais trí chomhar a chur chun cinn agus cleachtais a ailíniú. Ba ríthábhachtach an ról a bhí aige maidir le hiarrachtaí náisiúnta a éascú agus léargais a thabhairt ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn. Mar sin féin, léiríonn cáineadh ó pháirtithe leasmhara na hearnála príobháidí faoin ngá atá le tacaíocht níos saincheaptha go bhfuil gá le rannpháirtíocht níos fearr ó pháirtithe leasmhara agus le comhar níos fearr ón tionscal. Dá ndéanfaí athmheasúnú straitéiseach ar bhainistiú acmhainní, chuirfí ar a chumas do ENISA oiriúnú níos fearr do dhúshláin chibearshlándála atá ag teacht chun cinn agus freastal ar pháirtithe leasmhara éagsúla ar bhealach níos éifeachtaí. Bhí sé d’aidhm ag an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála próisis deimhniúcháin chomhchuibhithe a thabhairt isteach ach bhí dúshláin cur chun feidhme roimhe mar gheall ar amlínte fada agus ilroinnt. Tá breisluach an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála teoranta mar gheall ar na heasnaimh atá ann maidir lena chuspóirí a bhaint amach agus mar gheall ar a easpa éifeachtúlachta. D’ainneoin na ndúshlán sin, chuir an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála feabhas ar chomhchuibhiú i measc na mBallstát agus bhunaigh sé deiseanna comhair níos fearr, go háirithe trí fhóraim chomhair le páirtithe leasmhara a chruthú amhail an Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála (ECCG).

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Idir 2023 agus 2025, rinneadh roinnt comhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcomhthéacs na meastóireachta ar an nGníomh um Chibearshlándáil agus an athbhreithnithe ar an nGníomh um Chibearshlándáil mar a leanas.

–In 2023, rinneadh 65 agallamh (ar dhírigh 52 díobh níos mó ar ENISA agus 13 díobh go príomha ar an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála), rinneadh clár suirbhé, a fuair 209 bhfreagra (a raibh 70 díobh ar an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála), tugadh comhairliúchán poiblí i gcrích, agus eagraíodh dhá cheardlann ar anailís agus moltaí SWOT (anailís ar láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí) le 26 rannpháirtí agus 70 rannpháirtí faoi seach. Bhí sé d’aidhm shonrach ag na gníomhaíochtaí sin tuairimí na bpáirtithe leasmhara a bhailiú chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht ENISA. I mí na Nollag 2024 tugadh i gcrích tuarascáil chríochnaitheach an Staidéir chun Tacú leis an Meastóireacht ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus ar an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a rinne PwC, Intellera Consulting agus PPMI (2024) don Choimisiún.

–In 2025, sheol an Coimisiún glao ar fhianaise. Go háirithe, iarradh ar pháirtithe leasmhara aighneachtaí i scríbhinn a chur isteach, lena n‑áirítear páipéir sheasaimh, tuarascálacha teicniúla, nó barúlacha maidir le tograí sonracha um athchóiriú. Fuarthas 184 aighneacht aonair san iomlán ó raon leathan catagóirí páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear comhlachais tionscail, gnólachtaí cibearshlándála, FBManna, institiúidí acadúla, agus eagraíochtaí leasa phoiblí.

–Idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh 2025, d’eagraigh an Coimisiún comhairliúchán poiblí mar chuid den athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil agus fuair sé 193 fhreagra. Bhí 38 gceist sa chomhairliúchán, idir cheisteanna dúnta agus cheisteanna neamhiata, lena gcumhdaítear sainordú ENISA, an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, slándáil an tslabhra soláthair TFC agus simpliú.

–Comhairliúchán spriocdhírithe (agallaimh):Rinneadh sraith agallamh leathstruchtúrtha le páirtithe leasmhara roghnaithe. Áiríodh orthu sin ionadaithe ENISA chomh maith le húdaráis phoiblí náisiúnta a d’fhorbair nó a bhainistíonn ardáin tuairiscithe náisiúnta. Díríodh sna hagallaimh ar ról agus acmhainneacht ENISA, ar fheidhmiú oibríochtúil an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála, ar dhúshláin phraiticiúla maidir le próisis deimhniúcháin ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a ailíniú, ar ualaí tuairiscithe, agus ar bhacainní cur chun feidhme. Thug an plé sin léargais cháilíochtúla a shaibhrigh léirmhíniú thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí agus a thacaigh le roghanna beartais a bheachtú.

–Comhairliúchán le hionadaithe na mBallstát faoi chuimsiú mheitheal na Comhairle 19 agus i bplé déthaobhach, ina bhféadfadh na Ballstáit a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil.

–Comhairliúchán spriocdhírithe (grúpaí an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála – ECCG, Grúpa na bPáirtithe Leasmhara um Dheimhniú Cibearshlándála (SCCG):Chuir an Coimisiún, ina cháil mar chathaoirleach ar an dá ghrúpa, staid na himeartha i láthair maidir leis an athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil ag cruinnithe ECCG an 12 Márta agus an 3 Iúil 2025, agus ag cruinniú SCCG an 17 Márta 2025. Ina theannta sin, bailíodh tuairimí saineolaithe forlíontacha ó chomhaltaí ECCG trí cheistneoirí.

Díríodh sa chomhairliúchán ar chúig phríomhréimse a sainaithníodh mar réimsí lárnacha maidir le feidhmiú agus comhleanúnachas chreat cibearshlándála an Aontais amach anseo:

·Sainordú ENISA agus a ról oibríochtúil, lena n‑áirítear tacaíocht do na Ballstáit agus saineolas ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn;

·éifeachtacht an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála, lena n‑áirítear próisis rialachais agus forbartha;

·castacht agus ilroinnt na n‑oibleagáidí cibearshlándála, agus aird á tabhairt ar ualaí tuairiscithe agus ar shimpliú a d’fhéadfaí a dhéanamh;

·comhréireacht na gceanglas le haghaidh FBManna agus an fhéidearthacht go mbeadh conairí comhlíontachta difreáilte ann; agus

·tionchair shochaíocha agus eacnamaíocha rialacha comhchuibhithe cibearshlándála, lena n‑áirítear éifeachtaí ar thomhaltóirí, cearta, nuálaíocht agus iomaíochas.

•Measúnú tionchair

Thacaigh measúnú tionchair leis an athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil, mar aon leis an togra le haghaidh Treoir lena dtugtar isteach leasuithe spriocdhírithe ar an Dara Treoir NIS, féach an achoimre thíos. D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála (BGR) ‘tuairim dhearfach a raibh roinnt agús léi’ maidir leis an dréacht-tuarascáil ar an measúnú tionchair a cuireadh isteach arís agus a bhaineann leis an athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil 20 . Coigeartaíodh an measúnú tionchair chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí agus ar bharúlacha BGR.

Ní imíonn an togra beartais deiridh ó na roghanna a ndearnadh measúnú orthu sa mheasúnú tionchair.

Scrúdaigh an Coimisiún roghanna i gceithre réimse idirghabhála, i bhfianaise na gcuspóirí sonracha atá le baint amach: (1) sainordú ENISA (cuid den Ghníomh um Chibearshlándáil atá ann faoi láthair freisin); (2) an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála (cuid den Ghníomh um Chibearshlándáil atá ann faoi láthair freisin); (3) leasuithe spriocdhírithe ar an Dara Treoir NIS, arb é is aidhm dóibh sainordú ENISA agus an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a shimpliú, ach iad idirnasctha freisin; agus (4) slándáil an tslabhra soláthair TFC, atá ábhartha freisin d’éiceachóras an Dara Treoir NIS agus don chreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála araon. Is réimse idirghabhála ann féin é gach tacar roghanna, agus tá siad idirnasctha agus ábhartha dá chéile an tráth céanna.

Roghanna chun aghaidh a thabhairt ar mhí-ailíniú chreat beartais cibearshlándála an Aontais agus ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara i dtimpeallacht atá ag éirí níos naimhdí

Rogha A.1: Sainordú ENISA a shoiléiriú agus foráil a dhéanamh maidir le beartú tosaíochta – Sholáthródh an rogha sin creat soiléir cobhsaí maidir le cúraimí ENISA trí na cúraimí a leagtar amach i bpíosaí eile reachtaíochta a ionchorprú.

Rogha A.2: Sainordú ENISA a athchóiriú – Leis an rogha seo dhéanfaí an Gníomh um Chibearshlándáil a aisghairm agus thiocfadh sé in ionad an Ghnímh um Chibearshlándáil, rud a dhéanfadh athchóiriú ar shainordú na Gníomhaireachta.   

Rogha A.3: Sainordú ENISA a athchóiriú agus fócas láidir ar thacaíocht oibríochtúil – Leis an rogha seo chuirfí le rogha A.2. Ina theannta sin, d’fhorbródh ENISA cumais chun tacú le heintitis an Dara Treoir NIS go díreach chun freagairt do theagmhais chibearshlándála agus téarnamh uathu arna iarraidh sin do Bhallstát.

Roghanna le haghaidh an Chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála

Rogha B.1: Raon feidhme, eilimintí agus cuspóirí an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála a shoiléiriú agus sásra um choinneáil ar bun a thabhairt isteach – Dhéanfaí foráil leis an rogha seo maidir le sásra nua um choinneáil ar bun le haghaidh na scéimeanna, tar éis a nglactha, a bheadh le cur chun feidhme ag ENISA.

Rogha B.2: An creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a athchóiriú trí athbhreithniú a dhéanamh ar a nósanna imeachta agus tríd an raon feidhme a leathnú chun simpliú ar chomhlíonadh rialála a éascú – Dhéanfaí an Gníomh um Chibearshlándáil a aisghairm leis an rogha seo agus chuirfí rialachán nua ina ionad. I dteannta rogha B.1, dhéanfaí athbhreithniú ar na nósanna imeachta a bhaineann le scéimeanna a iarraidh, a fhorbairt agus a ghlacadh chun cuntasacht agus éifeachtúlacht a fheabhsú.

Rogha B.3: An creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a athchóiriú mar a bheartaítear faoi rogha B.2 agus deimhniú éigeantach a thabhairt isteach maidir le seasamh cibearshlándála – Leis an rogha seo chuirfí le rogha B.2, ach is é is aidhm di tionchar an chreata a mhéadú a thuilleadh trí dheimhniú éigeantach eintiteas fíor-riachtanach a thabhairt isteach agus cásanna riosca sonracha á mbreithniú, seachas a bheith ag brath ar dheimhniúchán deonach eintiteas amháin.

Roghanna maidir le simpliú

Rogha C.1: Cur chuige reachtaíochta boige agus ionstraimí neamhreachtacha a ghlacadh, lena n‑áirítear cumhachtuithe atá ann cheana a úsáid (gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 21(5) agus Airteagal 23(11) den Dara Treoir NIS) – Beartaítear leis an rogha seo gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh trí úsáid a bhaint as na cumhachtuithe atá ann cheana faoin Dara Treoir NIS chun leibhéal níos airde comhchuibhithe a áirithiú maidir le bearta bainistíochta riosca cibearshlándála, tairseacha tuairiscithe teagmhas, chomh maith leis an gcineál faisnéise, na formáidí agus an nós imeachta fógraí. Beartaítear leis freisin sraith treoirlínte a ghlacadh chun deimhneacht dhlíthiúil agus cur chun feidhme comhchuibhithe a fheabhsú.

Rogha C.2: Idirghabháil spriocdhírithe – comhlíonadh chreat reachtach ábhartha an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a shimpliú a thuilleadh – Is éard atá i gceist leis an rogha seo idirghabháil theoranta trí athruithe ar an nGníomh um Chibearshlándáil agus ar an Dara Treoir NIS d’fhonn gnéithe sonracha den chreat cibearshlándála a shimpliú, lena n‑áirítear oiriúnuithe ar an raon feidhme, comhchuibhiú uasta le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme, cruthúnas ar chomhlíonadh trí dheimhniú, agus glacadh na sraithe treoirlínte mar a bheartaítear faoi rogha C.1.

Rogha C.3: Bearta a bhaineann leis an gcibearshlándáil a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais a chomhchuibhiú – Chuirfeadh an rogha seo le rogha C.2 agus chuirfeadh sí deireadh le gach beart bainistíochta riosca cibearshlándála a áirítear i reachtaíocht earnálach agus le cumhachtuithe i ndáil leis na bearta sin. Ina ionad sin, leasófaí éiceachóras an Dara Treoir NIS chun foráil a dhéanamh maidir le ceanglais chuíchóirithe do gach cineál eintiteas, agus é mar aidhm leis comhchuibhiú a chur chun cinn.

Roghanna maidir le Slándáil an tSlabhra Soláthair TFC 

Rogha D.1: Cur chuige reachtaíochta boige a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí cibearshlándála do shlabhraí soláthair TFC – Ní dhéanfaí foráil leis an rogha seo maidir le hidirghabháil rialála ar leibhéal an Aontais. Ina ionad sin, mhéadódh an Coimisiún an líon measúnuithe riosca comhordaithe agus boscaí uirlisí deonacha.

Rogha D.2: Idirghabháil rialála ad hoc lena gcódaítear Bosca Uirlisí 5G – Leis an rogha seo, dhéanfaí bearta Bhosca Uirlisí 5G a chódú. Thabharfaí isteach leis oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú nach n‑úsáidfear comhpháirteanna ó sholáthróirí ardriosca i bpríomhshócmhainní an líonra.

Rogha D.3: Creat cuimsitheach cothrománach chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí cibearshlándála sna slabhraí soláthair TFC – Leis an rogha seo, bhunófaí creat rialála cothrománach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta agus na hearnála de chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí cibearshlándála neamhtheicniúla i slabhraí soláthair TFC.

Tar éis anailís chuimsitheach a dhéanamh, tháinig an meascán roghanna seo a leanas chun cinn mar an pacáiste beartais tosaíochta: rogha A.2 (sainordú ENISA a athchóiriú); rogha B.2 (an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a athchóiriú trína nósanna imeachta a athbhreithniú agus an raon feidhme a leathnú chun simpliú ar chomhlíonadh rialála a éascú); agus rogha C.2 (idirghabháil spriocdhírithe – comhlíonadh chreat reachtach cibearshlándála ábhartha an Aontais a shimpliú a thuilleadh) agus Rogha D.3 – Creat cuimsitheach cothrománach chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí cibearshlándála slabhraí soláthair TFC.

Leis an meascán sin tugtar freagairt chothrom ar dhúshláin bheartais shainaitheanta, rud a fheabhsaíonn éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas go mór ar fud an Aontais.

Leis an aistriú chuig an rogha thosaíochta atá beartaithe le haghaidh an chreata rialála, tabhófar costais, ar ENISA chun a chúraimí nua a chomhlíonadh (a mheastar a bheith suas le EUR 161,3 milliún thar 5 bliana) agus ar údaráis phoiblí ar fud an Aontais chun maoirseacht a dhéanamh (a mheastar a bheith suas le EUR 80 milliún thar 5 bliana, agus coigilteas costais ábhartha á chur san áireamh). Maidir le gnólachtaí, thar thréimhse 5 bliana, d’fhéadfadh costais bhliantúla idir EUR 3,4 billiún agus EUR 4,3 billiún d’oibreoirí líonraí móibíleacha a bheith mar thoradh ar dheireadh a chur de réir a chéile le trealamh ardriosca sonrach, agus d’fhéadfadh méadú suas le 2 bhilliún in aghaidh na bliana teacht ar infheistíochtaí i soláthróirí iontaofa.

An tráth céanna, meastar go nginfidh oibleagáidí cuíchóirithe agus laghdaithe maidir le comhlíonadh coigilteas costais suas le EUR 15,3 billiún do ghnólachtaí thar thréimhse 5 bliana. Thairis sin, dá gcuirfí feabhas ar sheasamh cibearshlándála agus ar cheannasacht theicneolaíoch fhoriomlán an Aontais agus dá spreagfaí nuálaíocht agus iomaíochas, bheadh tairbhí suntasacha ann don phobal i gcoitinne, d’údaráis phoiblí agus do ghnólachtaí. Meastar go ndéanfaidh sé sin an caiteachas tosaigh a fhritháireamh den chuid is mó san fhadtéarma.

Trí ilroinnt an mhargaidh a laghdú agus trí cheanglais rialála a chomhchuibhiú, cuireann na roghanna tosaíochta feabhas ar chomhionannas iomaíoch ar fud an Aontais, rud a sholáthraíonn conairí níos soiléire do ghnólachtaí maidir le comhlíonadh agus nuálaíocht.

Rannchuideodh na roghanna tosaíochta freisin le simpliú trí threoraíocht shoiléir agus trí chórais chomhtháite, rud a laghdódh ualaí riaracháin. Comhlíonann na roghanna an prionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ trína áirithiú go ndéantar oibleagáidí nua a fhrithchothromú trí laghduithe in áiteanna eile.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leis an athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil, trí na roghanna beartais roghnaithe A.2, B.2, C.2 agus D.3, rannchuidítear go mór le soiléireacht a fheabhsú, neamhéifeachtúlachtaí a bhaint agus nósanna imeachta a ailíniú ar fud na gcreataí dlíthiúla. Ar bhonn níos nithiúla, moltar le rogha A.2 athchóiriú iomlán a dhéanamh ar shainordú ENISA, ag tacú go héifeachtach le cur chun feidhme beartais agus le comhar oibríochtúil i measc na mBallstát. Cuideoidh an comhdhlúthú sin freisin le deireadh a chur le cleachtais ilroinnte, feabhas a chur ar chomhordú agus costais chomhlíontachta agus oibríochtúla a laghdú san fhadtéarma an tráth céanna. Le Rogha B.2, lena mbaineann an Gníomh um Chibearshlándáil atá ann faoi láthair a aisghairm agus an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála athchóirithe a thabhairt isteach, méadaítear éifeachtúlacht trí athbhreithniú a dhéanamh ar an tsamhail rialachais agus trí thacú le nósanna imeachta deimhniúcháin níos intuartha, níos comhleanúnaí agus níos solúbtha. Leis sin, beifear in ann scéimeanna a ghlacadh níos tapúla agus ailíniú níos fearr le reachtaíocht thrasearnálach, rud a laghdóidh ilroinnt rialála agus a laghdóidh an t‑ualach ar pháirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha araon. Laghdaítear le Rogha C.2 na costais chomhlíontachta ar eintitis atá faoi réir reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil trí athruithe ar an raon feidhme agus trí scéimeanna eagraíochtúla um dheimhniú cibearshlándála a chumasú le haghaidh eintitis faoi raon feidhme an Dara Treoir NIS agus gníomhartha dlí eile. Leis an gcur chuige sin, simpleofar go mór na hoibleagáidí rialála atá ar eintitis atá faoi réir ceanglais iomadúla agus áiritheofar go mbainfear úsáid níos éifeachtaí as acmhainní ar fud na n‑údarás náisiúnta. Le Rogha D.3 cruthaítear creat comhchuibhithe chun dul i ngleic le rioscaí neamhtheicniúla a dhéanann difear do shlabhraí soláthair TFC, rud a laghdaíonn ilroinnt na gcur chuige atá ann faoi láthair ar fud na mBallstát. I dteannta a chéile, is simpliú agus nuachóiriú substaintiúil iad na roghanna sin ar chreat dlíthiúil cibearshlándála an Aontais, atá ailínithe go hiomlán le prionsabail REFIT maidir le soiléireacht, éifeachtúlacht agus ullmhacht dhigiteach.

Tá an togra comhsheasmhach leis an ‘Seiceáil Dhigiteach’, ós rud é go léiríonn an bhéim a leagtar ann ar phróisis dhigiteacha chuíchóirithe tiomantas an Aontais do chur chuige ‘tús áite don digitiú’, lena n‑áirithítear malartú sonraí agus cinnteoireacht níos tapúla agus níos iontaofa. D’fhéadfadh tionchar mór a bheith ag Rogha D.3 ar an digitiú freisin toisc go mbeadh athsholáthar comhpháirteanna i gceist léi ó eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha nó atá á rialú ag eintitis ó thríú tíortha a bhfuil ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil ag baint leo (soláthróirí ardriosca).

•Cearta bunúsacha

Rinneadh measúnú ar an togra reachtach bunaithe ar a acmhainneacht cearta bunúsacha a fheabhsú nó a chur i mbaol agus comhionannas agus iontaoibh a chur chun cinn, agus béim ar leith á leagan ar thionchair shochaíocha agus ar chearta sochaíocha, lena n‑áirítear príobháideachas, cosaint sonraí agus cumas daoine aonair a gcearta a thuiscint, a fheidhmiú agus a fhorfheidhmiú.

Trí shainordú ENISA a leathnú, rannchuideofar le tuilleadh cibear-athléimneachta ar fud an gheilleagair agus na sochaí i gcoitinne, rud a fhágfaidh go gcosnófar príobháideachas agus sonraí pearsanta daoine ar bhealach níos fearr. Tacóidh an togra freisin le hoideachas agus oiliúint maidir leis an gcibearshlándáil toisc go soiléirítear leis ról ENISA i bhforbairt scileanna don lucht saothair cibearshlándála.

Ina theannta sin, leis an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála cuirfear feabhas ar an iontaoibh i measc an phobail i gcoitinne agus gnólachtaí san Aontas as réitigh dheimhnithe TFC a thacaíonn leis an saol laethúil. Dá gcuirfí scéimeanna breise i bhfeidhm, mhéadófaí an tionchar sin.

Cuireann an togra le hiontaoibh na ndaoine trí eintitis in earnálacha criticiúla a dhreasú chun deimhniúchán cibearshlándála a fháil, agus ar an gcaoi sin a n‑ardleibhéal cibearshlándála a léiriú go poiblí. Thairis sin, trí thuairisciú comhchuibhithe ar theagmhais bogearraí éirice a áirithiú agus trí bhearta a dhéanamh maidir leis an aistriú chuig cripteagrafaíocht iar-chandamach, mhéadófaí iontaoibh an phobail as cosaint sonraí íogaire in earnálacha criticiúla.

Beidh tionchar éigin ag na forálacha maidir le slándáil an tslabhra soláthair ar chosaint na gceart bunúsach trí theorainn a chur leis an gcur isteach eachtrach. Baineann gníomhaíochtaí amhail spiaireacht agus faireachas an bonn go mór de chearta bunúsacha na saoránach. D’fhéadfadh an creat cothrománach sin feabhas a chur ar an iontaoibh, ar an tslándáil agus ar an bpríobháideachas maidir le teicneolaíochtaí éagsúla agus réitigh dhigiteacha éagsúla.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Measadh gurb é EUR 341 mhilliún ar feadh 7 mbliana nó meánbhuiséad bliantúil EUR 49 milliún (réamh-mheastachán le haghaidh 2028 go 2034) buiséad measta Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), a rannchuideoidh le borradh suntasach a chur faoi shlándáil an Aontais. Is méadú 81,5 % é sin ar bhuiséad na Gníomhaireachta in 2025. Na tairbhí a ghinfear ón tionscnamh atá beartaithe, mar a rinneadh anailís orthu sa Mheasúnú Tionchair, beidh siad suntasach agus beidh suas le EUR 14,6 billiún de choigilteas costais ann le haghaidh gnólachtaí. Thairis sin, cé gur deacair cainníochtú a dhéanamh ar mhéid an choigiltis costais a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le feabhas foriomlán a chur ar ullmhacht an Aontais in aghaidh teagmhais chibearshlándála, meastar go bhféadfadh coigilteas costais a bhaineann le freagairt níos tapúla agus moill a chur ar leathadh teagmhas cibearshlándála a bheith idir EUR 3,7 agus 4,4 billiún thar 5 bliana. I gcomhthéacs na dtionscnamh beartais atá ar na bacáin, breathnóidh an Coimisiún ar dháileadh foriomlán na n‑acmhainní le haghaidh institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí Eorpacha i réimse na cibearshlándála agus laistigh díobh chun eolas agus saineolas a ghiaráil, agus chun sineirgí a shainaithint agus a fhorbairt.

Aistrítear na hacmhainní breise atá beartaithe chun an Ghníomhaireacht a threisiú go 118 FTE agus costais oibríochtúla bhreise a chumhdóidh comhaontuithe ranníocaíochta reatha idir ENISA agus an Coimisiún amhail an tArdán Tuairiscithe Aonair a choinneáil ar bun; i gcás na FTEnna atá ag obair ar oibriú agus ar riar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, chomh maith le tionscnaimh thábhachtacha de chuid an Choimisiúin amhail an Pointe Iontrála Aonair a fhorbairt faoin Togra maidir leis an Omnibus Digiteach. Baineann costais oibríochtúla eile leis an gclár um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí, faisnéis faoi bhagairtí cibearshlándála a bhailiú agus anailís a dhéanamh uirthi, cumarsáid shlán agus aibíocht chibearshlándála a fhorbairt do ENISA. Na costais oibríochtúla a bhaineann leis na scéimeanna Eorpacha um Dheimhniú Cibearshlándála, na húdaruithe scileanna cibearshlándála agus an tseirbhís uirlisí tástála a choinneáil ar bun, cuirtear leis na costais sin iad freisin, ach áirítear leis na costais sin freisin sásraí féinchistiúcháin trí tháillí.

Gné thábhachtach den togra is ea sásraí táillí a thabhairt isteach a rannchuideoidh freisin, i measc cuspóirí beartais eile, le scagchuaird airgeadais inbhuanaithe laistigh den Ghníomhaireacht. Cuirtear i láthair sa Ghníomh um Chibearshlándáil athbhreithnithe trí chineál táillí a rannchuideoidh le buiséad ENISA, is iad sin, táillí ó údaruithe a eisiúint le haghaidh dearbhuithe scileanna, táillí ó sheirbhís uirlisí tástála agus táillí ó thacú le coinneáil ar bun na scéimeanna Eorpacha um Dheimhniú Cibearshlándála. Meastar gur thart ar EUR 18,5 milliún thar thréimhse 7 mbliana ó 2028 go 2034 an tairbhe a ghinfear do bhuiséad an Aontais.

Is ionann iarraidh bhuiséadach an Choimisiúin agus 50 coibhéis post lánaimseartha breise, a bheidh ag cur creat an tslabhra soláthair chun feidhme, chomh maith le cúraimí a bhaineann le gníomhartha cur chun feidhme a dhréachtú le haghaidh na sásraí táillí, scéimeanna deimhniúcháin a choinneáil ar bun, caighdeánú agus tacaíocht do chomhar oibríochtúil i measc nithe eile. Meastar go mbeidh tionchar sonrach ag an líon measúnuithe úinéireachta agus rialaithe a bheidh á ndéanamh ag an gCoimisiún ar an gcostas a bheidh ar an gCoimisiún chun creat an tslabhra soláthair a chur chun feidhme. Rannchuideoidh torthaí an chúraim sin go mór, áfach, le coigilteas le haghaidh na mBallstát agus maoirseacht á déanamh acu ar chur chun feidhme na mbeart agus na n‑oibleagáidí maolaitheacha a fhorchuirtear ar eintitis an Dara Treoir NIS leis an gcreat. Beidh na Ballstáit in ann torthaí na measúnuithe úinéireachta agus rialaithe a ghiaráil go díreach, seachas gach ceann ina aonar chun acmhainní a chaitheamh ar na riachtanais mheasúnaithe chéanna.

Féach an bhileog airgeadais a ghabhann leis an gcibearphacáiste chun faisnéis níos mionsonraithe a fháil.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm an rialacháin atá beartaithe agus cuirfidh sé tuarascáil ar a mheastóireacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 5 bliana. Beidh na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí agus tabharfar mionsonraí iontu maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach an rialacháin atá beartaithe.

•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní bhaineann le hábhar toisc gur rialachán é an togra.

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Soiléirítear sa togra ról ENISA agus cuirtear cúraimí nithiúla air chun tacú lena pháirtithe leasmhara, arb iad na Ballstáit atá ar thús cadhnaíochta ina leith, go háirithe a mhéid a bhaineann le tacaíocht i gcur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht an Aontais, comhar oibríochtúil, fothú acmhainneachta, deimhniú agus caighdeánú cibearshlándála agus feabhas a chur ar an lucht saothair cibearshlándála agus ar a shoghluaisteacht ar fud an Aontais. Tá sé d’aidhm ag an togra freisin an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla chun feabhas a chur ar leibhéal na cibearshlándála laistigh den Aontas agus chun custaiméirí a chumhachtú chun roghanna eolasacha a dhéanamh agus táirgí, seirbhísí, próisis agus seirbhísí slándála bainistithe TFC á soláthar acu ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Thairis sin, in éineacht leis an togra le haghaidh Treoir lena dtugtar isteach leasuithe spriocdhírithe ar an Dara Treoir NIS, is é is aidhm don togra seo comhlíonadh oibleagáidí cibearshlándála a éascú agus acmhainní a scaoileadh chun ullmhacht oibríochtúil chibearshlándála eintiteas in earnálacha criticiúla an Aontais a neartú. Ar deireadh, tugtar aghaidh sa togra ar an ngá atá le geilleagar agus slabhra soláthair TFC an Aontais a dhéanamh níos athléimní chun a shlándáil agus a iomaíochas féin a chur chun cinn. Tugtar na sonraí thíos.

Teideal I: Forálacha Ginearálta

Tá na forálacha ginearálta seo a leanas i dTeideal I den rialachán atá beartaithe: an t‑ábhar (Airteagal 1) agus na sainmhínithe (Airteagal 2), lena n‑áirítear tagairtí do shainmhínithe ábhartha ó ionstraimí eile de chuid an Aontais, amhail Treoir (AE) 2022/2555 21 (an Dara Treoir NIS), Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 22 agus Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 23 .

Teideal II: ENISA (GNÍOMHAIREACHT AN AONTAIS EORPAIGH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL)

I dTeideal II den rialachán atá beartaithe tá na príomhfhorálacha a bhaineann le ENISA.

I gCaibidil I, leagtar amach misean (Airteagal 3) agus cuspóirí ENISA (Airteagal 4).

I gCaibidil II, leagtar amach cúraimí na Gníomhaireachta i dtrí roinn.

Áirítear i Roinn 1 forálacha maidir leis na cúraimí a bhaineann le tacú le cur chun feidhme bheartas agus dhlí an Aontais. Sonraítear inti na heintitis agus na heagraíochtaí a gheobhaidh tacaíocht agus an bealach ar cheart é sin a dhéanamh (Airteagal 5). Leagtar amach in Airteagal 6 freagrachtaí fothaithe acmhainneachta na Gníomhaireachta, lena n‑áirítear eolas agus saineolas a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le cibearbhagairtí a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu, straitéisí cibearshlándála a thabhairt cothrom le dáta agus an lucht saothair cibearshlándála a leathnú. Tabharfaidh ENISA cúnamh freisin do na Ballstáit ina ngníomhaíochtaí múscailte feasachta (Airteagal 7) agus déanfaidh sé anailís ar phríomhthreochtaí an mhargaidh sa chibearshlándáil agus scaipfidh sé comhairle agus anailísí teicniúla (Airteagal 8). Rannchuideoidh ENISA freisin le comhar idirnáisiúnta maidir le cúrsaí cibearshlándála mar a thuairiscítear in Airteagal 9 agus cuirfidh sé an comhar sin chun cinn.

Leagtar amach i Roinn 2 cúraimí ENISA maidir le comhar oibríochtúil i ndáil leis na Ballstáit, eintitis an Aontais agus an Fhoireann Práinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE (CERT-EU), líonra na bhfoirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí (CSIRTanna), EU-CyCLONe agus páirtithe leasmhara eile, lena n‑áirítear treoirlínte a eisiúint agus uirlisí cumarsáide slána a chur chun feidhme (Airteagal 10). Cuideoidh ENISA freisin le feabhas a chur ar fheasacht staide ar chibearbhagairtí agus ar chibirtheagmhais trí stór amháin nó níos mó d’fhaisnéis faoi chibearbhagairtí a fhorbairt (i measc stórtha eile), anailís a dhéanamh agus luathfholáirimh a eisiúint (Airteagal 11). Leagtar amach na rialacha maidir le luathfholáirimh den sórt sin (inneachar, uainiú, seirbhís) in Airteagal 12. Chun cúnamh a thabhairt d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha ullmhú do theagmhais bogearraí éirice, freagairt orthu agus téarnamh uathu, oibreoidh ENISA Cúltaca Cibearshlándála an Aontais mar a mhínítear in Airteagal 13 agus i gcomhar le Europol agus CSIRTanna nó le húdaráis inniúla eile de réir mar is infheidhme. Áirítear in Airteagal 14 forálacha maidir le ról ENISA i gcleachtaí cibearshlándála ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear clár rollach bliantúil de chleachtaí cibearshlándála ar leibhéal an Aontais a thiomsú. Sa bhreis ar na cúraimí sin, ba cheart do ENISA uirlisí agus ardáin a sholáthar, go háirithe an t‑ardán tuairiscithe aonair arna bhunú de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/2847 (Airteagal 15). Ar deireadh, ní mór don Ghníomhaireacht acmhainneacht chomhchoiteann seirbhísí bainistíochta leochaileachta de chuid an Aontais a fhorbairt agus seirbhísí bainistíochta leochaileachta a sholáthar (Airteagal 16).

I Roinn 3 maidir le deimhniú cibearshlándála agus caighdeánú, leagtar amach cúraimí na Gníomhaireachta ina leith sin. Tugtar tuairisc in Airteagal 17 ar ról ENISA i bhforbairt agus i gcur chun feidhme an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála, lena n‑áirítear an ról ceannasach atá aici maidir le scéimeanna a ullmhú agus a gcoinneáil ar bun agus a bhfothú acmhainneachta a áirithiú, agus leagtar amach in Airteagal 18 conas ba cheart do ENISA tabhairt faoi dhréachtú sonraíochtaí teicniúla agus rannchuidiú le gníomhaíochtaí caighdeánaithe ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n‑áirítear i réimse na n‑algartam cripteagrafach.

Sonraítear i Roinn 4 cúraimí na Gníomhaireachta maidir le cur chun feidhme an Acadaimh Cibirscileanna. Áirítear in Airteagal 19 forálacha a bhaineann le ról ENISA maidir leis an gcreat Eorpach um scileanna cibearshlándála, agus leagtar amach in Airteagal 20 a chúraimí maidir le scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. Sonraítear ceanglais maidir le bheith ina soláthraí dearbhaithe údaraithe in Airteagal 21 agus na ceanglais sin a bhaineann le próiseáil iarratas in Airteagal 22. Ní mór do ENISA faisnéis phoiblí a sholáthar a bhaineann leis an gcreat Eorpach um scileanna cibearshlándála agus le dearbhuithe aonair maidir le scileanna cibearshlándála (Airteagal 23).

Baineann Caibidil III le heagrú ENISA. Áirítear Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin freisin i struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta (Airteagal 24). Áirítear forálacha a bhaineann leis an mBord Bainistíochta, lena chomhdhéanamh, lena chathaoirleach, lena chruinnithe, lena fheidhmeanna agus lena rialacha vótála i Roinn 1 (Airteagail 25 go 29). Ní mór don Bhord Feidhmiúcháin cúnamh a thabhairt don Bhord Bainistíochta mar a leagtar amach in Airteagal 30 faoi Roinn 2. Áirítear i Roinn 3 rialacha maidir le ceapadh, dífhostú agus síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin (Airteagal 31) agus rialacha maidir le cúraimí agus freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin (Airteagal 32). Féadfaidh an Bord Bainistíochta a chinneadh ról Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chruthú chun cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin (Roinn 4, Airteagail 33 agus 34). Ní mór don Bhord Bainistíochta Grúpa Comhairleach ENISA a bhunú, nach mór dó comhairle a chur ar ENISA de réir na rialacha in Airteagal 35. Leagtar amach i Roinn 6 rialacha maidir le cruthú agus comhdhéanamh an Bhoird Achomhairc (Airteagal 36) agus a chomhaltaí (Airteagal 37). Sonraítear in Airteagal 38 na himthosca faoina gcaithfidh comhaltaí den Bhord Achomhairc staonadh ó imeachtaí achomhairc agus leagtar amach ann na forais chun agóid a dhéanamh in aghaidh aon chomhalta den Bhord. Féadfar achomhairc a thabhairt os comhair an Bhoird Achomhairc in aghaidh cinntí arna nglacadh ag ENISA nó má mhainníonn ENISA gníomhú (Airteagal 39). Áirítear in Airteagal 40 forálacha maidir leis na daoine atá i dteideal achomhairc, an teorainn ama agus foirm an achomhairc. Leagtar amach in Airteagail 41 go 43 rialacha maidir le leasú idirbhreitheach, scrúdú ar chinntí maidir le hachomhairc, agus caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais. Ar deireadh, déantar foráil in Airteagal 44 maidir leis an bpróiseas a bhaineann leis an doiciméad clársceidealaithe aonair.

Baineann Caibidil IV le bunú agus struchtúr bhuiséad na Gníomhaireachta, chomh maith le rialacha lena dtreoraítear a chur i láthair agus a chur chun feidhme (Airteagail 45 go 55). Tá forálacha ann freisin lena ndéantar éascú ar chalaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac (Airteagal 51).

Baineann Caibidil V le soláthar foirne don Ghníomhaireacht. Áirítear ann forálacha ginearálta maidir leis na rialacháin foirne agus coinníollacha fostaíochta seirbhíseach eile agus rialacha lena dtreoraítear pribhléidí agus díolúine (Airteagail 56 agus 57). Tugtar isteach leis forálacha lena gceanglaítear ar na Ballstáit oifigigh idirchaidrimh a ainmniú mar shaineolaithe náisiúnta ar iasacht do ENISA agus a ról sa Ghníomhaireacht (Airteagal 58). Áirítear ann freisin forálacha lena dtreoraítear úsáid saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus ball foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht (Airteagal 59).

Ar deireadh, tá na forálacha ginearálta a bhaineann leis an nGníomhaireacht i gCaibidil VI. Leagtar amach ann a stádas dlíthiúil (Airteagal 60), bunaítear a shuíomh (Airteagal 61) agus tá forálacha ann maidir le comhaontú ceanncheathrún agus coinníollacha oibriúcháin na Gníomhaireachta, agus maidir le rialú riaracháin ag an Ombudsman (Airteagail 62 agus 63). Áirítear ann forálacha lena rialaítear saincheisteanna dliteanais, socruithe teanga, agus cosaint sonraí pearsanta (Airteagail 64 go 66), chomh maith le rialacha slándála maidir le faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus rúnaicmithe a chosaint (Airteagal 67). Déantar foráil ann maidir le rialacha le haghaidh comhar le heintitis de chuid an Aontais agus le húdaráis náisiúnta (Airteagal 68) agus le páirtithe leasmhara eile (Airteagal 69). Tuairiscítear na rialacha ann i dtaca le comhar na Gníomhaireachta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta (Airteagal 70).

TEIDEAL III: CREAT EORPACH UM DHEIMHNIÚ CIBEARSHLÁNDÁLA

Le Teideal III den rialachán atá beartaithe, bunaítear an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála.

I gCaibidil I, tugtar isteach cuspóirí, raon feidhme agus nósanna imeachta an chreata. Áirítear ar na cuspóirí (Airteagal 71) an chibearshlándáil a neartú ar fud an Aontais agus cur chuige comhchuibhithe a éascú maidir le deimhniú táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas. Leis an gcreat, ba cheart deimhniú a ghiaráil freisin chun comhlíonadh reachtaíocht infheidhme an Aontais a shimpliú trí thoimhde comhréireachta, agus ar an gcaoi sin an t‑ualach ar ghnólachtaí a laghdú (Airteagal 78). Sonraítear gnéithe nós imeachta i gCaibidil I ansin, ag tosú le comhairliúcháin maidir le tosaíochtaí straitéiseacha Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála agus faisnéis phoiblí a bhaineann le forbairt scéime ag an gCoimisiún agus Tionól Eorpach nua um Dheimhniú Cibearshlándála a chruthú (Airteagal 72). Tar éis iarraidh mhionsonraithe a fháil ón gCoimisiún (Airteagal 73), meastar go gcuirfidh ENISA scéim iarrthach ar fáil laistigh de 12 mhí. Déantar foráil in Airteagal 74 maidir le hamlínte breise a bhaineann le tuairim ECCG a thíolacadh agus an scéim a thíolacadh d’fhonn go nglacfaidh an Coimisiún í. Tugtar isteach le hAirteagal 75 sásra soiléir um choinneáil ar bun le haghaidh scéimeanna atá ann cheana, a bhféadfadh athbhreithniú ar scéimeanna den sórt sin a bheith mar thoradh air (Airteagal 76). D’fhéadfaí tuilleadh eolais a thabhairt don athbhreithniú ar scéim trí mheastóireacht thréimhsiúil a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar thionchar na scéime ar an Margadh Aonair. Le hAirteagal 77 soláthraítear bonn do ENISA chun sonraíochtaí teicniúla a tharraingt suas chun tacú le forbairt agus coinneáil ar bun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála. Agus scéim á glacadh nó á hathbhreithniú aige, féadfaidh an Coimisiún tagairtí do shonraíochtaí teicniúla den sórt sin a áireamh (Airteagal 74). Áirithítear leis na nósanna imeachta éagsúla trédhearcacht agus cáilíocht an tsoláthair trí dhul i dteagmháil le páirtithe leasmhara saineolacha agus le páirtithe leasmhara ginearálta ag céimeanna éagsúla de phleanáil, d’fhorbairt, de ghlacadh agus de choinneáil ar bun scéimeanna deimhniúcháin. Déantar foráil in Airteagal 79 maidir le suíomh gréasáin tiomnaithe ENISA i ndáil le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, ar cheart dó faisnéis a sholáthar faoi scéimeanna arna nglacadh chomh maith le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta ón Aontas arna n‑eisiúint faoi na scéimeanna sin.

I gCaibidil II, tugtar rialacha ginearálta maidir le hinneachar scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála.

Leagtar amach in Airteagal 80 liosta de chuspóirí slándála a bhfuil scéim le ceapadh ag ENISA ina leith agus áirithítear leis ailíniú leis an reachtaíocht ábhartha maidir leis an gcibearshlándáil. Féadfaidh gach scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála foráil a dhéanamh maidir le heilimintí a shonraítear in Airteagal 81. Ní mór na heilimintí sin a bheith comhoiriúnach le reachtaíocht an Aontais agus féadfar iad a chomhchuibhiú ar fud na scéimeanna trí úsáid a bhaint as samhailfhorálacha. Soláthraítear leis an dá fhoráil an tsolúbthacht is gá chun oiriúnú do chineálacha éagsúla scéimeanna. Sonraítear i bhforálacha breise na rialacha a bhaineann le leibhéil dearbhaithe (Airteagal 82) agus féinmheasúnú comhréireachta (Airteagal 83). Leagtar amach sa chaibidil freisin liosta d’fhaisnéis fhorlíontach (Airteagal 84) nach mór do mhonaróir nó do sholáthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próiseas TFC a chur ar fáil.

Ar deireadh, bunaítear le Caibidil III na rialacha rialachais do chreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, agus iad roinnte ina dtrí roinn.

Baineann Roinn 1 le rialacha maidir le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála a eisiúint lena n‑áirítear iad siúd ar an leibhéal dearbhaithe ‘ard’ (Airteagal 85). Thairis sin, leagtar síos ann rialacha maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a chomhchuibhiú le scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus le deimhnithe cibearshlándála (Airteagal 86) agus déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht aitheantas idirnáisiúnta a thabhairt do dheimhnithe Eorpacha cibearshlándála, bunaithe ar phrionsabal an chomhionannais (Airteagal 87). Leagtar amach sa roinn freisin ról na n‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus na rialacha is infheidhme maidir leo (Airteagal 88) agus leagtar síos inti rialacha maidir le sásra athbhreithnithe piaraí idir na húdaráis sin, lena n‑áirithítear caighdeáin choibhéiseacha ar fud an Aontais (Airteagal 89), agus maidir le comhar idir na húdaráis sin in ECCG (Airteagal 90).

Déantar foráil i Roinn 2 maidir leis an méid seo a leanas: (i) rialacha comhchuibhithe maidir le creidiúnú agus údarú comhlachtaí um measúnú comhréireachta (Airteagail 91-92); (ii) rialacha maidir le fógra a thabhairt, lena n‑áirítear cumhachtú chun tuilleadh ailínithe le dlí ábhartha an Aontais agus leis an gCreat Reachtach Nua a áirithiú (Airteagal 93); agus (iii) nós imeachta um agóid (Airteagal 94) lena n‑áirithítear go gcloítear leis na ceanglais ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta.

Ar deireadh, déantar foráil i Roinn 3 maidir le cearta agus leigheasanna breithiúnacha in aghaidh cinntí a bhaineann le deimhniúchán (Airteagal 96) agus ceanglaítear ar na Ballstáit pionóis chomhréireacha a leagan síos agus a fhorfheidhmiú i leith sáruithe rialála.

TEIDEAL IV

I gCaibidil I, Airteagal 98, leagtar amach raon feidhme chreat iontaofa an tslabhra soláthair TFC. Leis an gcreat, tabharfar aghaidh ar rioscaí neamhtheicniúla in earnálacha ardchriticiúlachta agus in earnálacha criticiúla eile dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2022/2555. Leis an sásra, sainaithneofar príomhshócmhainní TFC i slabhraí soláthair TFC criticiúla agus leagfar amach bearta maolaithe iomchuí agus comhréireacha maidir leis an gcineál eintiteas dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555. Beidh an creat bunaithe ar mheasúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais, arna n‑iarraidh ag an gCoimisiún nó ag trí Bhallstát ar a laghad. Sonraítear in Airteagal 99 conas a dhéanfar na measúnuithe riosca sin agus gur cheart dóibh bearta maolaitheacha a bhunú freisin. Ba cheart na measúnuithe riosca sin a thabhairt chun críche laistigh de 6 mhí ón iarraidh a fháil. Arna iarraidh sin don Choimisiún, féadfaidh an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise teacht ar chomhaontú maidir le tréimhse níos giorra. Foráiltear leis an gcreat go bhféadfaí nós imeachta éigeandála a bheith ann má tá údar le hidirghabháil láithreach chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag an gCoimisiún a mheas go bhfuil cibearbhagairt shuntasach ann do shlándáil an Aontais i ndáil le slabhraí soláthair TFC criticiúla. Sa chás sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit maidir leis an ngá atá le beart maolaithe amháin nó níos mó a dhéanamh agus déanfaidh sé measúnú riosca. Foráiltear le hAirteagal 100, i gcás, mar thoradh ar an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 99, nó bunaithe ar fhoinsí eile, amhail ráiteas poiblí thar ceann an Aontais nó thar ceann Ballstáit, inar cosúil go bhfuil rioscaí neamhtheicniúla tromchúiseacha agus struchtúracha ag baint le tríú tír do shlabhraí soláthair TFC, go bhfíoróidh an Coimisiún an bhagairt a bhaineann leis an tír sin, agus na gnéithe a liostaítear in Airteagal 100 á gcur san áireamh. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil rioscaí tromchúiseacha struchtúracha neamhtheicniúla do shlabhraí soláthair TFC ag baint le tríú tír, déantar foráil in Airteagal 100 maidir le nós imeachta don Choimisiún chun tríú tír den sórt sin a ainmniú mar thír lena mbaineann ábhair imní chibearshlándála do shlabhraí soláthair TFC. Eintitis atá bunaithe i dtríú tír lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil arna n‑ainmniú i gcomhréir leis an Airteagal sin, nó arna rialú ag an tríú tír sin, ag eintiteas atá bunaithe sa tríú tír sin, nó ag náisiúnach den tríú tír sin, ní cheadófar dóibh roinnt gníomhaíochtaí a shonraítear san Airteagal sin a dhéanamh. Déantar foráil in Airteagal 101 maidir le sásra ginearálta don slabhra soláthair TFC i gcás ina bhféadfaidh an Coimisiún, tar éis don Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise nó don Choimisiún an measúnú riosca slándála a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 99, bearta a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagail 102 agus 103.

Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, príomhshócmhainní TFC a úsáidtear chun táirgí a mhonarú, soláthar seirbhísí ag na cineálacha eintitis dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 a shainaithint. Sonraítear a thuilleadh in Airteagal 102 na heilimintí atá le cur san áireamh chun príomhshócmhainní TFC a shainaithint. Bunaítear le hAirteagal 103 bearta maolaithe féideartha sa slabhra soláthair TFC. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, nach mór d’eintitis a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta agus in earnálacha criticiúla eile a bheith faoi réir bearta maolaitheacha sonracha, a shonraítear a thuilleadh san Airteagal.

Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liostaí de sholáthróirí ardriosca is ábhartha do na toirmisc a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 103(1), le hAirteagal 103(7) nó leis an toirmeasc dá dtagraítear in Airteagal 110(1), tar éis dó measúnú a dhéanamh ar bhunú agus ar úinéireacht agus ar rialú. Ba cheart dó dul i gcomhairle leis na soláthróirí lena mbaineann agus leis na húdaráis inniúla (Airteagal 104).

Eintiteas atá bunaithe i dtríú tír nó atá á rialú ag eintitis ó thríú tír lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil arna n‑ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 100, féadfaidh sé a iarraidh go gceadófar dó comhpháirteanna TFC a sholáthar i bpríomhshócmhainní TFC eintiteas den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 agus a bheith rannpháirteach i soláthar poiblí i ndáil le soláthar na gcomhpháirteanna TFC sin. Sonraítear in Airteagal 105 cad ba cheart a bheith san iarraidh agus cad é an nós imeachta le haghaidh díolúine den sórt sin. Sonraítear in Airteagal 106 na cearta cosanta d’eintiteas atá i gceist. Déanfaidh an Coimisiún clár de na cinntí maidir le díolúintí a choinneáil ar bun, a mbeidh rochtain ag an bpobal air (Airteagal 107). Sonraítear in Airteagail 108 agus 109 rialacha agus táillí rúndachta a bhaineann leis an nós imeachta díolúine.

Déantar foráil i gCaibidil II maidir le creat iontaofa an tslabhra soláthair TFC a chur i bhfeidhm maidir le líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte, lena n‑áirithítear ailíniú leis an nGníomh um Líonraí Digiteacha atá beartaithe.

Leagtar amach in Iarscríbhinn II na príomhshócmhainní TFC le haghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte. Ní bheidh an idirthréimhse chun deireadh a chur de réir a chéile le comhpháirteanna TFC ó sholáthróirí ardriosca le haghaidh phríomhshócmhainní TFC an líonra cumarsáide leictreonaí mhóibíligh níos faide ná 36 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sonróidh an Coimisiún idirthréimhsí le haghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí fosaithe agus satailíte de bhua gníomhartha cur chun feidhme. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun príomhshócmhainní TFC ainmnithe agus idirthréimhsí a leasú, lena n‑áirítear le haghaidh na nglúnta móibíleacha a bheidh ann amach anseo (Airteagal 110). Sonraítear in Airteagal 111 nach féidir le soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte comhpháirteanna TFC ó sholáthróirí ardriosca a úsáid, a shuiteáil ná a chomhtháthú, i bhfoirm ar bith, agus nach féidir údarú ginearálta ná aonair a dheonú dóibh.

Údaráis inniúla, maoirseacht agus forfheidhmiú, dlínse, cearta cosanta (Caibidil III)

Ina theannta sin, leagtar síos i gCaibidil III na rialacha maidir le húdaráis inniúla, maoirseacht, forfheidhmiú agus dlínse. 

Sonraítear in Airteagail 112-114 cumhachtaí, modhanna agus freagrachtaí na mBallstát maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú na bhforálacha i dTeideal IV a áirithiú. Ní mór do na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú, a dtabharfar fógra ina leith don Choimisiún. Foráiltear le hAirteagal 113 go mbunóidh an Coimisiún líonra le haghaidh comhair idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún chun comhlíonadh a éascú, agus sonraítear in Airteagal 114 na bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin atá na húdaráis inniúla i dteideal a dhéanamh. Sonraítear pionóis i gcás ina sáraítear forálacha Theideal IV in Airteagal 115. Sonraítear in Airteagal 116 an fhéidearthacht atá ag na Ballstáit cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile nuair atá gníomhaíochtaí trasteorann á ndéanamh ag eintitis nó nuair atá a bpríomhshócmhainní TFC lonnaithe i roinnt Ballstát. Foráiltear le hAirteagal 117 do na rialacha maidir le dlínse agus críochachas.

TEIDEAL VI: FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Áirítear i dTeideal VI den rialachán atá beartaithe na forálacha críochnaitheacha, ina leagtar amach rialacha maidir le gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe a ghlacadh, próiseas meastóireachta an rialacháin atá beartaithe, agus aisghairm agus comharbas Rialachán (AE) 2019/881. Sonraítear ann freisin dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe.

2026/0011 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, agus slándáil an tslabhra soláthair TFC agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2019/881 (an Dara Gníomh um Chibearshlándáil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 24 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 25 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Ó glacadh Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 , tá claochluithe suntasacha tagtha ar na tírdhreacha geopholaitiúla, teicneolaíocha agus beartais. Tá borradh tagtha faoi theagmhais chibearshlándála, cibé acu teipeanna córais, earráid dhaonna, gníomhartha mailíseacha nó feiniméin nádúrtha is cúis leo, agus tá cibirionsaithe tar éis éirí níos sofaisticiúla, rud a dhéanann difear d’eintitis fhíor-riachtanacha, do ghnólachtaí agus don phobal i gcoitinne. Tá méadú mór tagtha ar éiceachóras na cibearchoireachta, agus tá gníomhaíocht bogearraí éirice ina chroílár. Tá géarú tagtha ar theagmhais sa slabhra soláthair, cibé acu coirpigh ar mhaithe le gnóthachan airgeadais is cúis leo nó gníomhaithe Stáit as cur isteach, spiaireacht, bréagaisnéis nó cogaíocht. Mar chuid de straitéis hibrideach níos leithne, leathann teagmhais a eascraíonn as cibirghníomhaíochtaí mailíseacha agus teipeanna córais amach, cuireann siad isteach ar sheirbhísí bunriachtanacha, baineann siad an bonn den iontaoibh as institiúidí, agus déanann siad difear d’ullmhacht shochaíoch agus chosanta an Aontais. Tá sé cruthaithe ag teagmhais den sórt sin go bhféadfadh tionchar a bheith acu ar ghníomhaíocht eacnamaíoch, ar chobhsaíocht airgeadais agus ar shaol daoine. An tráth céanna, tá leochaileacht an bhonneagair agus na gcóras sibhialtach criticiúil ina riosca do chumais chosanta i gcás ina mbraitheann siad orthu.

(2)An tráth céanna, tá éifeacht shuaiteach ag teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail an intleacht shaorga agus an ríomhaireacht chandamach ar an gcibearshlándáil agus ar an gcibearchosaint. Tá uirlisí na cosanta agus oirbheartaíocht na gcomhraiceoirí á n‑athmhúnlú acu, rud a chuireann an chibearshlándáil agus an chibearchosaint i mbaol agus, an tráth céanna, a chuireann bealaí ar fáil chun dul chun cinn teicneolaíoch a dhéanamh. Cé go bhféadfaidís cur leis an gcibearshlándáil trí bhagairtí a bhrath ar bhealach níos fearr nó trí fhreagairt uathoibrithe ar theagmhais, tá méadú á dhéanamh acu freisin ar dhromchla foriomlán an ionsaithe d’eagraíochtaí, is spriocanna féideartha cúblála iad, agus is féidir leo an bonn a bhaint d’inmharthanacht fhadtéarmach beart slándála amhail criptiú.

(3)Chun aghaidh a thabhairt ar na forbairtí sin, tá feabhas curtha ag an Aontas ar a uirlisí dlíthiúla agus beartais. Le Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 neartaítear an chibearshlándáil le haghaidh bonneagar criticiúil, arna comhlánú le Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 maidir le slándáil fhisiciúil. Le Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 cuirtear feabhas ar chibearshlándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Le Rialachán (AE) 2025/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 cuirtear le cumais freagartha uile-Aontais, agus leis an Moladh ón gComhairle an 6 Meitheamh 2025 maidir le treoirphlean de chuid an Aontais le haghaidh bainistiú cibirghéarchéime 31 (‘Moladh maidir leis an Treoirphlean Cibearshlándála’) tacaítear le comhar ar leibhéal an Aontais maidir le bainistiú géarchéime. Is é atá sa Bhosca Uirlisí Cibearshlándála 5G 32 an chéad chéim i dtreo cur chuige comhordaithe ar leibhéal an Aontais chun líonraí 5G a dhaingniú. Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Acadamh Scileanna Cibearshlándála 33 , tugtar aghaidh ar dhúshlán na bearna tallainne cibearshlándála atá ag dul i méid. Ina theannta sin, feabhsaíodh an creat cibearshlándála le reachtaíocht earnáilsonrach, go háirithe Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 le haghaidh na hearnála airgeadais, Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1366 35 ón gCoimisiún le haghaidh na fo-earnála leictreachais, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 36 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 37 (PART-IS) ón gCoimisiún chomh maith le rialacha ábhartha slándála eitlíochta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1583 38 ón gCoimisiún le haghaidh na fo-earnála aeriompair, agus doiciméid bheartais eile amhail an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le plean gníomhaíochta an Aontais maidir le cibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte 39 . Neartaítear eintitis an Aontais freisin le Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 , lena leagtar síos bearta arb é is aidhm dóibh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a bhaint amach laistigh d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Leis an gcreat dlíthiúil feabhsaithe sin maidir leis an gcibearshlándáil, rinneadh cúraimí ENISA a shonrú a thuilleadh.

(4)Sa chomhthéacs sin, agus mar a luaitear in ProtectEU: An Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach 41 , an Straitéis um Aontas na hUllmhachta 42 , lena n‑áirithítear ullmhacht, slándáil agus athléimneacht shochaí agus gheilleagar an Aontais, tá gá le comhordú láidir Eorpach, iontaoibh agus comhroinnt faisnéise idir páirtithe leasmhara, creataí láidre chun slándáil táirgí, seirbhísí, próiseas agus seirbhísí slándála bainistithe TFC a áirithiú, chomh maith leis an lucht saothair cibearshlándála a mhéadú agus a neartú. Ina theannta sin, iarrtar léi go neartófaí slabhraí soláthair TFC trí cheannasacht theicneolaíoch na hEorpa ar phríomhshócmhainní a áirithiú, rud a mhéadódh athléimneacht an Aontais agus a d’fhéadfadh dul chun tairbhe d’iarrachtaí cibearchosanta. Ina theannta sin, sainaithnítear mar chuspóirí tosaíochta sa Teachtaireacht maidir le slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú 43 na riachtanais chun rochtain ar fhaisnéis íogair agus ar shonraí íogaire a chosc a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de shlándáil eacnamaíoch an Aontais agus suaitheadh ar bhonneagar criticiúil an Aontais a dhéanann difear do gheilleagar an Aontais a chosc agus a mhaolú. Aithnítear inti an ról ríthábhachtach atá ag bearta éifeachtacha cibearshlándála i ndáil leis sin.

(5)D’fhéadfadh tionchar a bheith ag teagmhais chibearshlándála mhórscála a dhéanann difear do bhonneagar criticiúil, do sheirbhísí digiteacha nó d’fheidhmeanna sochaíocha bunriachtanacha ar an daonra a bhfuil cosaint shibhialta chomhordaithe agus gníomhaíocht bainistithe géarchéime ag teastáil ina leith ar leibhéal an Aontais. I gcomhréir leis an gcur chuige uile-ghuaise atá sa Straitéis um Aontas na hUllmhachta agus i gCinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, ba cheart socruithe maidir le feasacht staide, freagairt ar theagmhais agus cleachtaí faoin Rialachán seo a bheith ina rannchuidiú le bainistiú géarchéime an Aontais, go háirithe tríd an Lárionad Comhordaithe Práinnfhreagartha (LCPF).

(6)Tá an togra seo comhsheasmhach agus comhlánaithe leis an [Togra le haghaidh Treoir lena gcomhlánaítear [an t‑athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2019/881] agus lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2555 a mhéid a bhaineann le simpliú chur chun feidhme na mbeart le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais], chomh maith leis an [Togra le haghaidh Rialachán maidir leis an reachtaíocht dhigiteach a shimpliú (Omnibus Digiteach) 44 lena soláthraítear an oibleagáid ar ENISA pointe iontrála aonair a fhorbairt le haghaidh tuairisciú teagmhas trínar féidir le heintitis a n‑oibleagáidí maidir le tuairisciú teagmhas a chomhlíonadh an tráth céanna faoi ghníomhartha dlíthiúla iomadúla.

(7)Le Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 , bunaíodh ENISA agus é mar aidhm leis rannchuidiú le leibhéal ard agus éifeachtach slándála gréasán agus faisnéise a áirithiú laistigh den Aontas, agus cultúr slándála gréasán agus faisnéise a fhorbairt chun leasa saoránach, tomhaltóirí, gnóthas agus riarachán poiblí. Cuireadh síneadh le sainordú ENISA trí huaire sular tugadh sainordú buan dó le Rialachán (AE) 2019/881. Chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar na riachtanais a chruthaítear leis na tírdhreacha bagartha agus teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn, go háirithe maidir le comhar oibríochtúil agus an méadú atá tagtha ar an ngá atá le gairmithe cibearshlándála, ba cheart sainordú ENISA a threisiú a thuilleadh. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán (AE) 2019/881 a ionadú.

(8)I dtimpeallacht na bagartha atá ag teacht chun cinn ina bhfuil teagmhais chibearshlándála ag éirí níos suntasaí, tá sé níos tábhachtaí ná riamh iontaoibh a bheith ag daoine aonair, údaráis phoiblí agus gnólachtaí maidir leis an úsáid laethúil a bhaineann siad as teicneolaíochtaí. Is féidir méadú ar iontaoibh a éascú trí dheimhniú treisithe ar fud an Aontais ar an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála lena ndéantar foráil maidir le ceanglais choiteanna chibearshlándála agus critéir mheastóireachta ar fud na margaí agus na n‑earnálacha náisiúnta. Leis an gcreat nua, ba cheart na príomhcheanglais chothrománacha a leagan síos le haghaidh scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála agus ba cheart a bheith in ann deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta ón Aontas a aithint agus a úsáid i ngach Ballstát. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba cheart dó nós imeachta agus creat rialachais a bhunú lena bhféadfar scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a fhorbairt agus a choinneáil ar bun go tráthúil agus go hintuartha. Ba cheart na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát chun cur chun feidhme comhchuibhithe na gceanglas cibearshlándála a áirithiú, chun cothrom iomaíochta a áirithiú agus chun ‘siopadóireacht deimhniúcháin’ bunaithe ar leibhéil éagsúla déine i mBallstáit éagsúla a chosc. Ba cheart ról lárnach a bheith ag ENISA ó thaobh foráil a dhéanamh maidir le forbairt na scéimeanna trí shonraíochtaí teicniúla agus chun a áirithiú go bhfanfaidh na scéimeanna sin cothrom le dáta go teicniúil. Thairis sin, chun riachtanais an mhargaidh a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart foráil a dhéanamh sa chreat maidir leis an bhféidearthacht bearta bainistithe riosca cibearshlándála atá dírithe ar eintitis a dheimhniú agus comhlíonadh reachtaíocht eile is infheidhme de chuid an Aontais i réimse na cibearshlándála a éascú. Tá ailíniú le dlí an Aontais atá ann cheana, amhail Rialachán (AE) 2024/2847 agus Treoir (AE) 2022/2555, fíor-riachtanach chun go rannchuideoidh scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála leis an ualach comhlíontachta ar ghnólachtaí a laghdú, lena dtarraingteacht a mhéadú agus le cibear-athléimneacht an Aontais a neartú.

(9)Ba cheart é a bheith mar mhisean ag ENISA tacú leis na Ballstáit agus le heintitis an Aontais ardleibhéal cibearshlándála, athléimneachta agus iontaoibhe a bhaint amach san Aontas. Chuige sin, ba cheart do ENISA gníomhú mar phointe tagartha comhairle agus saineolais maidir leis an gcibearshlándáil, agus ba cheart a chuid oibre a bheith dírithe go príomha ar cheithre phríomhréimse cibearshlándála ar leibhéal an Aontais. Ar an gcéad dul síos, ba cheart do ENISA tacú leis na Ballstáit beartas agus reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus cúnamh a thabhairt do na Ballstáit trí ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta chun a n‑acmhainneachtaí a fheabhsú go leanúnach ó thaobh ullmhachta, athléimneachta agus freagartha de. Ar an dara dul síos, ba cheart do ENISA rannchuidiú le comhar oibríochtúil ar leibhéal an Aontais, i measc na mBallstát, agus le feasacht staide chomhroinnte fheabhsaithe ar chibearbhagairtí agus cibirtheagmhais i measc na mBallstát agus eintitis an Aontais. Ba cheart deimhniú agus caighdeánú cibearshlándála a bheith ar an tríú príomhréimse, agus ba cheart gurb é cur chun feidhme an Acadaimh Scileanna Cibearshlándála an ceathrú réimse, ar cheart dó rannchuidiú le lucht saothair cibearshlándála Eorpach rathúil a fhorbairt ag a bhfuil scileanna ba cheart a bheith iniompartha ar fud na mBallstát.

(10)Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus lena ndéantar foráil maidir le sainordú na Foirne Práinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE, lena mbunaítear é mar an tSeirbhís Cibearshlándála d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais chun rannchuidiú le slándáil thimpeallacht TFC neamh-rúnaicmithe eintitis an Aontais trí chomhairle a chur orthu maidir leis an gcibearshlándáil, trí thacú leo teagmhais a chosc, a bhrath, a láimhseáil, a mhaolú, freagairt orthu agus téarnamh uathu agus trí fheidhmiú mar a mol comhordúcháin um malartú faisnéise cibearshlándála agus um fhreagairt ar theagmhais. Thairis sin, cuirtear de chúram ar CERT-EU seirbhísí cibearshlándála ábhartha a thairiscint d’eintitis an Aontais. Mar chuid dá mhisean, ba cheart do ENISA tacú le heintitis de chuid an Aontais freisin. Go háirithe, ba cheart dó é sin a dhéanamh trí dhul i mbun rannpháirtíochta trí chomhar struchtúrtha le CERT-EU maidir le fothú acmhainneachta, comhar oibríochtúil agus anailísí straitéiseacha fadtéarmacha ar chibearbhagairtí. I gcás inarb ábhartha, féadfaidh ENISA an comhar struchtúrtha le CERT-EU a ghiaráil le haghaidh seirbhísí nó tacaíocht chibearshlándála ENISA ar féidir breisluach a chur leo d’eintitis an Aontais, ar bhealach comhordaithe chun sineirgí iarrachtaí CERT-EU a áirithiú.

(11)Ba cheart é a bheith ar cheann de phríomhchúraimí ENISA tacú leis na Ballstáit beartas agus dlí an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a chur chun feidhme go comhsheasmhach, go háirithe a mhéid a bhaineann le Treoir (AE) 2022/2555, Rialachán (AE) 2024/2847, agus Rialachán (AE) 2025/38. Chun cuidiú le cur chun feidhme comhsheasmhach agus éifeachtach acquis cibearshlándála an Aontais a bhaint amach, ba cheart do ENISA treoraíocht theicniúil agus tuarascálacha teicniúla a eisiúint, comhairle agus dea-chleachtais a sholáthar, agus malartú dea-chleachtas idir na húdaráis inniúla a éascú chun na críche sin. Thairis sin, tá measúnú á dhéanamh ag ENISA ar staid na cibearshlándála san Aontas agus glacann sé tuarascáil chuige sin i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555. Ba cheart do ENISA a bheith in ann freagairt d’iarrataí ar chomhairle agus ar chúnamh ó na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, ó eintitis de chuid an Aontais, maidir le hábhair a thagann faoi shainordú ENISA.

(12)D’fhonn comhar a spreagadh idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach agus laistigh den earnáil phríobháideach, go háirithe chun tacú le bonneagar criticiúil a chosaint, ba cheart do ENISA tacú le comhroinnt faisnéise laistigh d’earnálacha agus ina measc, go háirithe na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, agus le faisnéis maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/2847. D’fhéadfadh tacaíocht den sórt sin a bheith i bhfoirm dea-chleachtais agus treoraíocht a sholáthar maidir leis na huirlisí agus na nósanna imeachta atá ar fáil, chomh maith le treoraíocht a sholáthar maidir le conas aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna rialála a bhaineann le comhroinnt faisnéise, mar shampla trí bhunú Lárionad um Chomhroinnt agus Anailís Faisnéise (ISACanna) earnála a éascú.

(13)D’fhonn tacú leis an gcomhar straitéiseach agus leis an malartú faisnéise agus chun iad a éascú, ba cheart do ENISA rannchuidiú le hobair an Ghrúpa Comhair arna bhunú le Treoir (AE) 2022/2555 (‘an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise’), go háirithe trí shaineolas agus comhairle a sholáthar agus trí mhalartú dea-chleachtas a éascú, i measc nithe eile, i ndáil le spleáchais trasteorann, maidir le rioscaí agus teagmhais. Ba cheart do ENISA rannchuidiú freisin le hobair an Ghrúpa Comhair Eorpaigh maidir le Céannacht Dhigiteach a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 , le hobair an Ghrúpa Eorpaigh um Dheimhniú Cibearshlándála, agus le hobair an Ghrúpa Comhair Riaracháin maidir le Faireachas Margaidh a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/2847.

(14)Le croí poiblí an idirlín oscailte, is é sin na príomhphrótacail agus an príomhbhonneagar a bhaineann leis, ar earra poiblí domhanda é, soláthraítear feidhmiúlacht bhunriachtanach an idirlín ina iomláine agus cuirtear bonn ceart faoina ghnáthoibriú. Laistigh dá shainordú, ba cheart do ENISA tacú le slándáil agus athléimneacht chroí poiblí an idirlín oscailte agus le cobhsaíocht a fheidhmithe, lena n‑áirítear úsáid agus oibriú slán na bpríomhphrótacal, ach gan bheith teoranta dóibh, (go háirithe an Córas Ainmneacha Fearainn, Prótacal Tairsí Teorann, agus Prótacal Idirlín leagan 6) agus oibriú an chórais ainmneacha fearainn (amhail oibriú na bhfearann barrleibhéil uile), trí dhea-chleachtais, treoraíocht agus comhar a chur chun cinn, i gcomhréir le socruithe seanbhunaithe domhanda ilpháirtithe leasmhara maidir le rialachas Idirlín agus i gcomhréir le róil agus freagrachtaí faoi seach na gcomhlachtaí ábhartha teicniúla agus oibríochtúla idirnáisiúnta.

(15)Feidhmíonn ENISA mar phointe tagartha le haghaidh comhairle agus saineolais maidir leis an gcibearshlándáil. Dá bhrí sin, arna iarraidh sin don Choimisiún, ba cheart do ENISA cúnamh a thabhairt dó trí bhíthin saineolais, comhairle theicniúil, faisnéise, anailísí, lena n‑áirítear staidéir indéantachta, tuairimí agus obair ullmhúcháin maidir le haon ábhar sonrach i réimse na cibearshlándála d’fhonn bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas an Choimisiúin agus faireachán an Choimisiúin ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a éascú.

(16)Ar an gcaoi chéanna, agus a shaineolas á chur san áireamh, ba cheart do ENISA cúnamh a thabhairt do na Ballstáit ina n‑iarrachtaí cumais agus ullmhacht a fhorbairt agus a fheabhsú chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a chosc, a bhrath agus freagairt orthu agus i ndáil le slándáil córas gréasán agus faisnéise. Go háirithe, ba cheart do ENISA tacú le forbairt agus feabhsú na bhfoirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí (‘CSIRTanna’) dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2022/2555, d’fhonn ardleibhéal comhchoiteann aibíochta CSIRTanna a bhaint amach san Aontas.

(17)Thacaigh ENISA leis na Ballstáit agus ba cheart di leanúint de thacaíocht a thabhairt dóibh maidir le treoirlínte a fhorbairt agus a chur chun feidhme dá straitéisí náisiúnta cibearshlándála lena rannchuidítear le glacadh agus cur chun feidhme straitéisí cibearshlándála ag na Ballstáit uile, ba cheart do ENISA scaipeadh na straitéisí sin a chur chun cinn trí Léarscáil Idirghníomhach na Straitéisí Náisiúnta Cibearshlándála agus an dul chun cinn maidir lena gcur chun feidhme a leanúint a thuilleadh, lena n‑áirítear trí thacaíocht a thabhairt i bhforbairt príomhtháscairí feidhmíochta sa chomhthéacs sin.

(18)Le Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 cuireadh de chúram ar an mBord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil tacú le heintitis an Aontais a seasaimh chibearshlándála faoi seach a ardú, agus le CERT-EU rannchuidiú le slándáil thimpeallacht TFC neamh-rúnaicmithe eintitis uile an Aontais. Ba cheart do ENISA, bunaithe ar a thaithí ar an gcibearshlándáil, tacú leis an mBord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil agus le CERT-EU lena gcúraimí i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841, lena n‑áirítear trí rannchuidiú le hanailís ar chibearbhagairtí, feasacht staide, cleachtaí cibearshlándála, comhordú maidir le freagairt ar theagmhais agus malartú feasa gnó agus dea-chleachtas.

(19)Bunaithe ar shaineolas ENISA agus chun cumais na n‑údarás poiblí náisiúnta agus údaráis phoiblí an Aontais a chomhlánú, ba cheart do ENISA oiliúint a chur ar fáil agus úsáid á baint as an gCreat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála mar bhonn, go háirithe chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach beartas, le comhar oibríochtúil agus le múscailt feasachta.

(20)Chun sineirgí a áirithiú leis an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála agus le Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2021/887 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 , ba cheart do ENISA tacú leo trí fhaisnéis a chomhroinnt faoi rioscaí agus cibearbhagairtí atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear rioscaí agus bagairtí maidir le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide.

(21)Cuirtear i dtábhacht sa Straitéis Ullmhachta go bhfuil litearthacht dhigiteach, a bhraitheann ar bhunscileanna digiteacha a shealbhú, ríthábhachtach chun saoránaigh níos athléimní a chumhachtú i bhfianaise géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann. Mar sin féin, mar a cuireadh i dtábhacht sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hAontas na Scileanna 48 , níl bunscileanna digiteacha ag beagnach leath den daonra fásta d’ainneoin go dteastaíonn iad i níos mó ná 90 % de na poist. Chun a áirithiú go mbeidh na scileanna is gá ag an lucht saothair atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo i dtimpeallacht dhigiteach atá ag athrú go tapa, agus chun rannchuidiú le píblíne tallainne cibearshlándála Eorpach a fhorbairt, ba cheart do ENISA tacú le gníomhaíochtaí múscailte feasachta cibearshlándála arb é is aidhm dóibh tallann a mhealladh agus cuidiú le heolas a chur ar fáil faoin oideachas agus faoi na scileanna is gá i réimse na cibearshlándála, amhail an Dúshlán Cibearshlándála Eorpach. I ndáil leis an méid sin, ba cheart do ENISA comórtais chibearshlándála, imeachtaí na brataí (comórtais chibearshlándála) agus cleachtaí praiticiúla comhchosúla a chomhordú, mar mhodh chun scileanna cibearshlándála a fhorbairt agus fothú acmhainneachta a chothú ar fud an Aontais. Agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta á ndéanamh aige, ba cheart do ENISA a áirithiú go dtabharfar aghaidh leo sin ar riachtanais na n‑údarás poiblí náisiúnta agus eintitis an Aontais, chomh maith le riachtanais na ngnólachtaí, go háirithe FBManna, agus institiúidí oideachais agus oiliúna, trí chreataí praiticiúla agus oiliúint phraiticiúil a choinneáil ar bun amhail múscailt feasachta i mbosca. Ba cheart do ENISA tuilleadh forbartha a dhéanamh ar threoraíocht phraiticiúil inghníomhaithe chun tacú le cur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht chibearshlándála an Aontais. Ba cheart do ENISA a dhícheall a dhéanamh freisin faisnéis ábhartha a sholáthar maidir le scéimeanna deimhniúcháin is infheidhme, mar shampla trí threoirlínte agus moltaí a sholáthar.

(22)Chun tacú le gnólachtaí atá ag feidhmiú in earnáil na cibearshlándála agus le húsáideoirí réiteach cibearshlándála, agus chun cur chun feidhme éifeachtach Theideal III den Rialachán seo a áirithiú, ba cheart do ENISA ‘faireachlann mhargaidh’ a fhorbairt agus a choinneáil ar bun trí anailísí tráthrialta a dhéanamh agus trí fhaisnéis a scaipeadh maidir leis na príomhthreochtaí i margadh na cibearshlándála, ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair araon. Thairis sin, chun tacú le húsáideoirí Chúltaca Cibearshlándála an Aontais arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2025/38, ba cheart do ENISA mapáil na seirbhísí a theastaíonn ó na húsáideoirí sin, agus infhaighteacht na seirbhísí sin, a ullmhú, de bhun an Rialacháin sin.

(23)Is saincheisteanna domhanda iad cibearbhagairtí. Tá gá le comhar idirnáisiúnta níos dlúithe chun feabhas a chur ar an gcibearshlándáil, lena n‑áirítear chun noirm choiteanna iompraíochta agus cineálacha cur chuige coiteanna a shainiú. Chuige sin, ba cheart do ENISA tacú le comhar an Aontais le tríú tíortha, agus béim á leagan ar thíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas, agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail ECAT, tríd an saineolas agus an anailís is gá a sholáthar don Choimisiún agus d’eintitis ábhartha an Aontais, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart gníomhaíochtaí ENISA sa réimse idirnáisiúnta a bheith i gcomhréir i gcónaí le tosaíochtaí an Aontais.

(24)Chun cuidiú le hardleibhéal cibearshlándála a bhaint amach san Aontas, ba cheart do ENISA tacú le comhar oibríochtúil i measc na mBallstát, i gcomhar le CERT-EU, i measc eintitis an Aontais, agus idir páirtithe leasmhara. Chuige sin, ba cheart ról ENISA a neartú. Ba cheart do ENISA a bheith ina comhalta de líonra CSIRTanna, ag rannchuidiú le malartú agus anailís faisnéise gréasáin. Ba cheart do ENISA comhar idir na CSIRTanna ábhartha a chur chun cinn a thuilleadh agus tacú leis an gcomhar sin i gcás teagmhas, ionsaithe nó briseadh i ngréasáin nó i mbonneagar arna mbainistiú nó arna gcosaint ag CSIRTanna. Le tacaíocht ghníomhach ENISA d’obair ghréasáin CSIRTanna agus an Líonra Eorpaigh um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU-CyCLONe), ba cheart é a chur ar a gcumas do na líonraí sin leanúint dá leibhéal aibíochta a neartú. Áirítear ar ról ENISA maidir le tacú leis an gcomhar sin bagairtí ar shlándáil agus ar shláine institiúidí daonlathacha, toghchán agus próiseas eile a chomhrac, agus an bonneagar criticiúil ar a bhfuil siad ag brath a chomhrac, i gcomhréir leis an Sciath Eorpach don Daonlathas: Daonlathais Láidir Athléimneacha a Chumhachtú 49 .

(25)Chun tacú le fothú acmhainneachta, comhar oibríochtúil agus anailísí straitéiseacha fadtéarmacha ar chibearbhagairtí, ba cheart do ENISA úsáid a bhaint as an saineolas teicniúil agus oibríochtúil atá ag CERT-EU atá ar fáil trí chomhar struchtúrtha, mar shampla trí shocruithe tiomnaithe.

(26)Chun an chibearshlándáil a neartú ar fud an Aontais agus chun freagairt thapa agus éifeachtach ar chibearbhagairtí a áirithiú, ba cheart do ENISA tacú leis na Ballstáit arna iarraidh sin dóibh, lena n‑áirítear trí chomhairle a sholáthar maidir le feabhas a chur ar a gcumais teagmhais a chosc, a bhrath, freagairt orthu agus téarnamh uathu, trí láimhseáil theicniúil teagmhas suntasach de réir bhrí Threoir (AE) 2022/2555 a éascú, go háirithe trí thacú le comhroinnt dheonach réiteach teicniúil idir na Ballstáit, nó trína áirithiú go ndéanfar anailís ar chibearbhagairtí agus ar chibirtheagmhais. Ba cheart do ENISA cúnamh a thabhairt do EU-CyCLONe freisin tuarascálacha a ullmhú ar leibhéal polaitiúil an Aontais agus na mBallstát.

(27)Chun nochtadh do chur isteach eachtrach, ionramháil ar an slabhra soláthair, agus gadaíocht sonraí straitéiseacha a laghdú, ba cheart do ENISA uirlisí cumarsáide slána a úsáid laistigh de ghréasán CSIRTanna agus de EU-CyCLONe. Ag tógáil ar an Moladh maidir leis an gCibir-Threoirphlean, ba cheart d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe san Aontas agus atá á rialú ag na Ballstáit nó ag náisiúnaigh de chuid na mBallstát na huirlisí sin a sholáthar.

(28)Chun rannchuidiú le hullmhacht agus freagairt ar leibhéal an Aontais i gcás teagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála, ba cheart do ENISA gníomhaíochtaí feasachta staide cibearshlándála a dhéanamh.

(29) Tá rochtain ar fhaisnéis fíor-ama, fhíoraithe agus iontaofa faoi chibearbhagairtí ríthábhachtach chun feasacht staide chomhroinnte a fhorbairt san Aontas. Tá stórtha d’fhaisnéis faoi chibearbhagairtí forbartha cheana féin ag ENISA, ag an gCoimisiún, ag CERT-EU agus ag Ionad Cibearchoireachta na hEorpa (ICE) in Europol atá curtha in oiriúint dá riachtanais shonracha. Ba cheart do ENISA agus d’eintitis ábhartha eile de chuid an Aontais oibriú i gcomhar, go deonach, chun stórtha d’fhaisnéis bhagartha fíor-ama, fíoraithe agus iontaofa a fhorbairt, agus sineirgí a lorg chun barainneachtaí scála a áirithiú agus bainistíocht fhónta airgeadais a threisiú. Ba cheart eintitis earnála de chuid an Aontais amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis a áireamh san obair sin freisin. Níor cheart dóibh ach anailís, treochtaí, agus oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta díorthaithe a chomhroinnt, seachas foinsí amha, agus ba cheart dóibh neamhspleáchas na n‑eintiteas a urramú chun a saolré faisnéise bagartha féin a bhainistiú i gcomhréir lena sainorduithe agus lena rialacha riachtanais eolais.

(30)Chun rannchuidiú le freagairt thráthúil chomhordaithe, ba cheart ENISA a bheith in ann luathfholáirimh a eisiúint maidir le teagmhas suntasach nó mórscála féideartha nó leanúnach, nó maidir le cibearbhagairt de chineál trasteorann féideartha do CSIRT nó do CSIRTanna lena mbaineann, agus, i gcás inarb iomchuí, do ghréasán CSIRTanna agus do EU-CyCLONe, go háirithe i ndáil leis na heintitis a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555. Féadfar a áireamh ar an bhfaisnéis sna luathfholáirimh sin leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí agus cé acu a dhéanann nó nach ndéanann siad difear do tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2024/2847, chomh maith le teicnící agus nósanna imeachta, táscairí comhréitigh, teaicticí sáraíochta, faisnéis a bhaineann go sonrach le gníomhaithe bagartha agus moltaí maidir le bearta maolaithe.

(31) Chun iontaoibh a choinneáil ar bun agus gan comhroinnt faisnéise a chur i mbaol, tá sé tábhachtach do ENISA marcálacha infheicthe a chur i bhfeidhm lena léirítear a mhéid is féidir doiciméad nó faisnéis atá táirgthe nó faighte aige a chomhroinnt a thuilleadh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do ENISA doiciméid nó faisnéis a fhaigheann sé a úsáid chun a ghníomhaíochtaí a dhéanamh, faoi réir aon teorainn trí bhíthin marcáil infheicthe a dhéanamh ar dháileadh breise na faisnéise sin.

(32)Chun cuidiú le feasacht a mhéadú maidir le táscairí cibearbhagairtí agus moltaí maidir le bearta maolaithe, ba cheart do ENISA seirbhís luathfholáirimh a chur ar fáil d’eintitis a oibríonn in earnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555. Le luathfholáirimh chineálacha dheonacha den sórt sin, ba cheart dul chun tairbhe do FBManna go háirithe, agus ba cheart iad a sholáthar i bhformáid mheaisín-inléite a chuirtear ar fáil go poiblí. In aon chás, tá an tseirbhís dheonach sin ar leithligh ó aon chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a fhéadfaidh ENISA a bhunú nó atá bunaithe aige cheana féin agus níl baint aici leo.

(33)Chun tacú le feasacht staide chomhroinnte an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil, ba cheart do ENISA, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, Tuarascáil thráthrialta dhomhain ar Staid Theicniúil na Cibearshlándála san Aontas a ullmhú maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí, ar a anailís féin agus ar thuarascálacha arna gcomhroinnt leis ag CSIRTanna na mBallstát nó ag na pointí teagmhála aonair náisiúnta maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise (‘pointí teagmhála aonair’) dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2022/2555, ar bhonn deonach, Europol agus CERT-EU araon. Ba cheart an tuarascáil sin a chur ar fáil don Chomhairle, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, EU-CyCLONe, gréasán CSIRTanna, an Coimisiún agus Europol.

(34)Chun feabhas a chur ar an bhfeasacht staide chomhroinnte ar thimpeallacht na gcibearbhagairtí agus na gcibirtheagmhas i measc páirtithe leasmhara, ba cheart do ENISA anailís a dhéanamh ar threochtaí i gcibearbhagairtí agus i gcibirtheagmhais. Ba cheart a áireamh leis sin anailís thráthrialta lena dtugtar aghaidh ar na hearnálacha ardchriticiúlachta agus na hearnálacha criticiúla eile a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, lena n‑áirítear na hearnálacha cúraim sláinte, fuinnimh agus iompair. Ba cheart leibhéil aibíochta earnálacha a áireamh san anailís sin agus dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith a shainaithint, i measc nithe eile. I gcás inarb ábhartha, agus chun éifeachtaí an tslabhra soláthair a shainaithint, ba cheart fianaise a thabhairt san anailís ar chibearbhagairtí agus ar chibearthreochtaí a bhaineann le catagóirí táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2024/2847. Ba cheart do ENISA saineolas a fhorbairt i réimse chibearshlándáil na mbonneagar agus a spleáchais chriticiúla ar an slabhra soláthair, go háirithe chun tacú leis na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 agus le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2024/2847. Chuige sin, ba cheart do ENISA oibriú i gcomhar freisin, i gcás inarb iomchuí, le heintitis ábhartha eile de chuid an Aontais.

(35)Thairis sin, chun tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin i réimse na cibearshlándála, ní mór do ENISA anailís a dhéanamh ar theicneolaíochtaí atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn agus measúnuithe topaicshonracha a sholáthar ar an tionchar sochaíoch, dlíthiúil, eacnamaíoch agus rialála a mheastar a bheidh ag nuálaíochtaí teicneolaíochta ar an gcibearshlándáil. Chun a áirithiú go mbeidh rochtain níos éasca ag an bpobal ar fhaisnéis faoi rioscaí cibearshlándála agus faoi leigheasanna a d’fhéadfadh a bheith ann, féadfaidh ENISA faisnéis ábhartha a sholáthar ar a shuíomh gréasáin, ar bhealach atá soláimhsithe agus dea-struchtúrtha.

(36)Le ról neartaithe ENISA maidir le feasacht staide a chothú, bagairtí a anailísiú agus comhairle theicniúil a sholáthar, rannchuideofar le feabhas a chur ar iarrachtaí comhchoiteanna cibearshlándála maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus tacófar le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2024/2847. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/2847, féadfaidh ENISA gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mholadh d’údaráis um fhaireachas margaidh chun comhlíontacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a sheiceáil agus chun catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint a bhféadfar scuab-imscrúduithe a eagrú ina leith. Le faisnéis a eascraíonn as anailís ar chibearbhagairtí agus as luathfholáirimh, ba cheart an tacaíocht a thugann ENISA do na húdaráis sin a neartú agus rannchuidiú le forfheidhmiú éifeachtach Rialachán (AE) 2024/2847 chun éifeachtaí cibirionsaithe ar fud an mhargaidh inmheánaigh ar an slabhra soláthair a chosc agus chun ullmhacht fhoriomlán an Aontais a fheabhsú.

(37)Is bagairt chibearshlándála shuntasach don Aontas iad ionsaithe bogearraí éirice. Chun borradh a chur faoi chibearshlándáil an Aontais agus chun bogearraí éirice a chomhrac, ba cheart do ENISA cumais a fhorbairt maidir le feasacht staide agus tacaíocht le haghaidh freagairt ar theagmhais agus téarnamh uathu. Agus cúnamh á thabhairt d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha aonair freagairt d’ionsaí bogearraí éirice agus téarnamh uaidh, ba cheart do ENISA oibriú i ndlúthchomhar le Europol agus le CSIRTanna nó le húdaráis inniúla de réir mar is infheidhme, agus ar an gcaoi sin leas a bhaint as taithí sheanbhunaithe Europol ar choireacht bogearraí éirice a chomhrac. Ba cheart don chúnamh sin gníomhaíochtaí CSIRTanna a thacaíonn le freagairt ar theagmhais a chomhlánú. Chun sineirgí a bhaint amach ina chuid oibre in aghaidh bogearraí éirice, ba cheart do ENISA deasc chabhrach a bhunú agus, chun na críche sin, d’fhéadfadh sé cumais ábhartha agus seirbhísí frith-bhogearraí éirice a chomhthiomsú agus faisnéis, treoir agus uirlisí a chur ar fáil go héasca ar féidir leo cuidiú le heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha freagairt do theagmhas bogearraí éirice agus téarnamh uaidh.

(38)Ba cheart do ENISA saineolas teicniúil agus tacaíocht theicniúil a sholáthar don Choimisiún maidir le clár rollach bliantúil de chleachtaí cibearshlándála ar leibhéal an Aontais a ullmhú i gcomhréir leis an Moladh maidir leis an gCibir-Threoirphlean chun ullmhú do chibirghéarchéimeanna, chun leibhéal cibearshlándála na n‑eintiteas atá rannpháirteach i gcleachtaí den sórt sin a thástáil, agus chun dúbailt iarrachta a íoslaghdú. Mar shampla, ba cheart do ENISA comhairle a thabhairt maidir leis na cineálacha iomchuí cleachtaidh, amhail cleachtadh boird, cleachtadh hibrideach nó cleachtadh lánbheo, chomh maith le cuspóirí, cásanna agus rannpháirtíocht.

(39)Tá rochtain ar fhaisnéis cheart thráthúil faoi leochaileachtaí agus bainistiú láidir leochaileachta ríthábhachtach chun ardleibhéal cibearshlándála a áirithiú sa mhargadh inmheánach. Ar an gcúis sin, ba cheart do ENISA bunachar sonraí leochaileachta Eorpach a choinneáil ar bun de bhun Threoir (AE) 2022/2555 agus acmhainneacht chomhchoiteann seirbhísí bainistithe leochaileachta de chuid an Aontais a chruthú, lena n‑áiritheofar leibhéal seirbhíse athléimneach inbhuanaithe agus lena laghdófar an riosca suaite. Chuige sin, ba cheart do ENISA féachaint an bhféadfaí comhar struchtúrtha a dhoimhniú le cláir, clárlanna nó bunachair sonraí atá cosúil leis an mbunachar sonraí leochaileachta Eorpach, chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus comhlántacht a lorg ar an leibhéal idirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí. Thairis sin, ba cheart do ENISA tacú le nochtadh comhordaithe ilpháirtí ar leochaileachtaí ar leibhéal an Aontais agus seirbhísí breisluacha a sholáthar, amhail comhairleoirí leochaileachta, scóráil déine agus liostaí táirgí, chomh maith le catalóg fheabhsaithe Eorpach um leochaileachtaí dúshaothraithe aitheanta a sholáthar chun cabhrú le heintitis ina mbainistiú leochaileachta.

(40)Ba cheart ról ENISA i bhforbairt an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála a bheith ina phríomhghné dá shainordú. Ba cheart do ENISA a shaineolas teicniúil a sholáthar ar feadh shaolré na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála. I bhfianaise scéime a bheidh ann amach anseo, ba cheart do ENISA caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla atá ann cheana a shainaithint ar féidir leo a bheith mar bhonn le scéim agus, i gcás inarb ábhartha, sonraíochtaí teicniúla a dhréachtú í féin ar féidir tagairt a dhéanamh dóibh i scéim. Ba cheart ENISA a bheith i gceannas ar scéim iarrthach a ullmhú tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún. I gcás scéimeanna atá i bhfeidhm cheana féin, ba cheart ENISA a bheith freagrach as iad a choinneáil ar bun. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba cheart do ENISA rannchuidiú le héiceachóras deimhniúcháin a thógáil agus a fhorbairt ina lorgaítear aiseolas ó na Ballstáit agus ó pháirtithe leasmhara príobháideacha agus ina dtreisítear a n‑acmhainneachtaí deimhniúcháin. Ba cheart a áireamh leis sin freisin suíomh gréasáin tiomnaithe um dheimhniú cibearshlándála a oibriú ar a mbeidh rochtain saor in aisce agus phoiblí ar fhaisnéis ábhartha a bhaineann le scéimeanna arna nglacadh, lena n‑áirítear deimhnithe agus ráitis chomhréireachta.

(41)Chun tacú le cur chun feidhme reachtaíocht ábhartha an Aontais, ba cheart do ENISA an úrscothacht sa chibearshlándáil a mhúnlú trí shonraíochtaí teicniúla a sholáthar chun tacú le cur chun feidhme reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n‑áirítear i bhfianaise na tagartha a d’fhéadfaí a dhéanamh dóibh i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála. Ba cheart do ENISA faireachán a dhéanamh freisin ar chruthú agus ar fhorbairt caighdeán ag comhlachtaí ábhartha um chaighdeánú d’fhonn treochtaí caighdeánaithe ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda a leanúint, agus nuair is gá, na caighdeáin sin a mhúnlú trí pháirt a ghlacadh, lena n‑áirítear trí rannchuidithe a dhréachtú agus trí ghníomhaíochtaí eagraíochtaí um chaighdeánú a threorú. Agus an méid sin á dhéanamh aici, ba cheart do ENISA leanúint de bheith neamhchlaonta. Mar shampla, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann inar cheart do ENISA tarraingt siar ó ghníomhaíochtaí ábhartha i gcomhlachtaí um chaighdeánú má iarrtar ar ENISA measúnú a dhéanamh ar chaighdeáin Eorpacha a d’iarr an Coimisiún chun tacú le reachtaíocht an Aontais. Níor cheart do ENISA rannchuidiú le dréachtú na gcaighdeán a bhfuil sé i gceannas ar a measúnú.

(42)Chun tacú le cur chun feidhme bheartais an Aontais agus le gníomhaíochtaí caighdeánaithe a d’fhéadfadh a bheith ann a ullmhú, ba cheart do ENISA rannchuidiú le forbairt agus meastóireacht a dhéanamh ar algartaim chripteagrafacha, go háirithe i réimse na cripteagrafaíochta iar-chandamaí. Sa chomhthéacs sin, arna iarraidh sin don Choimisiún agus faoi réir comhaontú ranníocaíochta mar a shainmhínítear i Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 , féadfaidh ENISA próiseas a bhunú chun algartaim le haghaidh algartaim chripteagrafacha a iarraidh agus chun go ndéanfaidh páirtithe leasmhara ábhartha meastóireacht orthu, go háirithe na pobail chripteagrafacha, acadúla agus taighde, chomh maith le monaróirí, CSIRTanna, údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus údaráis inniúla de bhun Threoir (AE) 2022/2555. I gcás ina rannchuidíonn ENISA le próisis den sórt sin a bhunú, ba cheart dó comhar idir na páirtithe leasmhara ábhartha a chur chun cinn agus na gnéithe eagraíochtúla a chur chun feidhme. Ba cheart an próiseas a bheith foirmiúil, oscailte, trédhearcach agus cuimsitheach, lena n‑áirítear comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ábhartha maidir le dréachtcheanglais íosta agus an próiseas meastóireachta agus na critéir mheastóireachta, go háirithe maidir le slándáil agus feidhmíocht na meastóireachtaí.

(43)Chun tacú le cur chun feidhme gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta faoi scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála agus faoi reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais, féadfaidh ENISA uirlisí tástála teicniúla ábhartha a sholáthar chun tacú leis na Ballstáit, le gnólachtaí agus le comhlachtaí um measúnú comhréireachta i ngníomhaíochtaí meastóireachta. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na huirlisí sin sineirgí a chruthú ar leibhéal an Aontais agus feidhmiú éifeachtúil nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a áirithiú chun riachtanais na mBallstát agus riachtanais an mhargaidh a chomhlíonadh. D’fhéadfadh riachtanais den sórt sin teacht chun cinn, mar shampla, i réimse na slándála trí dhearadh chun tacú le gnólachtaí, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, ina n‑iarrachtaí cur chun feidhme i gcomhthéacs Rialachán 2024/2847. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do ENISA táillí a thobhach chun na costais ábhartha a chumhdach a bhaineann leis na cumais bogearraí agus crua-earraí is gá le haghaidh na n‑uirlisí tástála sin a bhunú, a dhearadh, a fhorbairt, a chothabháil agus a nuashonrú.

(44)Chun tacú leis na Ballstáit ina n‑iarrachtaí aghaidh a thabhairt ar an nganntanas gairmithe cibearshlándála agus ar an méadú atá ag teacht ar an ngá atá le lucht saothair atá oilte, éagsúil, lena n‑áirítear maidir le cothromaíocht inscne, agus solúbtha, agus chun soghluaisteacht agus ullmhacht an lucht saothair a chumasú ar fud na mBallstát, ba cheart do ENISA cur leis na prionsabail agus leis an obair a tionscnaíodh faoin Acadamh Scileanna Cibearshlándála. Go háirithe, ba cheart do ENISA an Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála a bhunú mar chreat coiteann maidir le rólphróifílí gairmiúla cibearshlándála. Ba cheart do ENISA tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí inscne i róil chibearshlándála. Tá an cur chuige sin comhsheasmhach leis an bhfís a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hAontas na Scileanna agus rannchuideodh sé lena chuspóirí. Ba cheart tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar lipéad cáilíochta le haghaidh dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála.

(45)Ba cheart an Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála a bheith ina uirlis phraiticiúil sholúbtha atá le húsáid ar bhonn deonach lena soláthraítear comhthuiscint agus téarmaíocht maidir leis na róil ábhartha agus na cúraimí, na scileanna agus an t‑eolas gaolmhar is gá i róil chibearshlándála den chuid is mó, d’fhonn tacú le tacair scileanna criticiúla a shainaithint, lena n‑áirítear scileanna idirdhisciplíneacha, atá riachtanach don lucht saothair, agus d’fhonn soláthraithe foghlama, lena n‑áirítear cuideachtaí, institiúidí ardoideachais nó soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, a chumasú chun cláir a dhearadh, agus cabhrú le lucht ceaptha beartas tionscnaimh a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna. Ós rud é go bhféadfaí é a úsáid mar chreat tagartha le haghaidh aitheantas scileanna, ba cheart é a bheith idir-inoibritheach freisin leis an aicmiú Eorpach scileanna agus gairmeacha (ESCO) chun tacú le ranna acmhainní daonna tuiscint a fháil ar na ceanglais maidir le pleanáil acmhainní, earcaíocht agus forbairt gairme chun tacú le riachtanais chibearshlándála. Cé go dtugtar tuairisc sa Chreat Inniúlachta Digití do Shaoránaigh 3.0 ar an eolas, ar na scileanna agus ar na dearcthaí a bhfuil gá leo chun bheith inniúil go digiteach don saol laethúil, don rannpháirtíocht sa tsochaí, don obair agus don fhoghlaim, agus gur féidir le daoine fásta agus leanaí araon iad a úsáid, cuireann an Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála creat simplí ar fáil lena sainaithnítear róil chibearshlándála agus cúraimí gaolmhara, an t‑eolas agus na scileanna is gá chun iad a dhéanamh. I ndáil leis an méid sin, tugann sé aghaidh ar lucht féachana speisialaithe sa chibearshlándáil, idir ghairmithe cibearshlándála iarbhír nó féideartha, institiúidí oideachais agus fhostóirí. Leis an gCreat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála, ba cheart tacú freisin le dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt trí bheith ar an bpríomhionstraim a úsáidtear chun na scéimeanna a fhorbairt, rud a d’fhágfadh go mbeadh gníomhaithe nua sa mhargadh in ann teacht chun cinn agus rud a thacódh le hiomaíocht sa mhargadh laistigh de chreat comhchoiteann. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gCreat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála agus é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta chun a áirithiú go léiríonn sé go leordhóthanach riachtanais agus forbairtí teicneolaíocha agus beartais mhargadh saothair na cibearshlándála. Ba cheart do ENISA tacú le glacadh an Chreata Eorpaigh um Scileanna Cibearshlándála ag na Ballstáit agus ag eintitis an Aontais agus laistigh díobh, agus tacaíocht leordhóthanach a sholáthar i gcás ina bhfuil gá leis an gcúnamh sin.

(46)Ba cheart scileanna agus cáilíochtaí cibearshlándála a dhéanamh inchomparáide, trédhearcach agus iontaofa ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Chuige sin, ba cheart do dhearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála 51 tacú le fostóirí, lena n‑áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, gairmithe cibearshlándála iarbhír nó féideartha a earcú ar bhealach éifeachtach laistigh de na Ballstáit agus ar fud na mBallstát, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le hAontas na Scileanna. Chun cur chun feidhme comhsheasmhach ar fud na mBallstát a áirithiú, ba cheart dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála a bheith bunaithe ar chomhthuiscint, ar leibhéal an Aontais, ar na scileanna is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus ba cheart do sholáthraithe arna n‑údarú ag ENISA iad a sholáthar in aghaidh sraith choiteann critéar. Ba cheart an cur chuige sin a bheith comhsheasmhach le cuspóirí an Tionscnaimh um Inaistritheacht Scileanna a bheidh ann amach anseo agus ba cheart dó rannchuidiú leis na cuspóirí sin.

(47)Ba cheart é a bheith d’aidhm ag forbairt scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála gníomhaíochtaí na mBallstát a fhorlíonadh tríd an deis a thabhairt d’údaráis phoiblí agus do ghníomhaithe eacnamaíocha úsáid a bhaint as sásra Eorpach um dhearbhú, i gcomhréir le hinniúlacht tacaíochta an Aontais i réimse an oideachais agus na gairmoiliúna, dá dtagraítear in Airteagal 6, pointe (e) agus Airteagail 165(1) agus 166(1) CFAE. Is féidir leis na scéimeanna, mar aon le hobair an Acadaimh Scileanna Cibearshlándála, a bheith ina mbonn freisin do na cláir ardoideachais, amhail céimeanna earnála Eorpacha agus chun micridhintiúir a fhorbairt.Dá bhrí sin, níor cheart é a bheith d’aidhm ag na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála an dlí agus na rialacháin sna Ballstáit a chomhchuibhiú, ach ba cheart iad a mheas mar chumasóir agus mar dheis ar mian leis na Ballstáit agus le gníomhaithe eacnamaíocha iad a ghlacadh agus a chur chun cinn.

(48)Ba cheart do ENISA a áirithiú go bhfanfaidh scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála gar do riachtanais an mhargaidh agus go gcuirfidh siad leis an taithí atá ag soláthraithe poiblí agus príobháideacha deimhnithe aonair araon, lena n‑áirítear na Ballstáit, institiúidí ardoideachais, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus gnólachtaí. Ba cheart do ENISA dul i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le tosaíocht a thabhairt do na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála, agus aird chuí á tabhairt ar chur chun feidhme beartais agus ar riachtanais an mhargaidh.

(49)Chun ailíniú idir an Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála agus na scéimeanna a áirithiú, ba cheart meastóireacht ar oiriúnacht na scéime nó na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a spreagadh go huathoibríoch trí athbhreithniú a dhéanamh ar rólphróifílí an Chreata Eorpaigh um Scileanna Cibearshlándála, rud a bhféadfadh a n‑athbhreithniú a bheith mar thoradh air.

(50)Agus éagsúlacht na rólphróifílí cibearshlándála agus na gcúraimí, na scileanna agus an eolais a bhaineann leo á gcur san áireamh, d’fhéadfadh sé gur ghá an measúnú ar dhaoine aonair agus na modhanna measúnaithe a oiriúnú i ngach scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála. Ba cheart a áirithiú le gach scéim go ndéanfar measúnú córasach ar scileanna riachtanacha atá ag duine aonair i dtéarmaí torthaí foghlama, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, meastóireacht ar an leibhéal oilteachta, i gcomparáid le rólphróifíl an Chreata Eorpaigh um Scileanna Cibearshlándála nó le fothacar de. Féadfar a áireamh ar na modhanna measúnaithe gnéithe amhail eolas teoiriciúil a thástáil, scrúdú praiticiúil, réamhriachtanais agus measúnú piaraí. Ba cheart taithí daoine aonair a chur san áireamh go cuí.

(51)Chun cur chun feidhme comhsheasmhach scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a áirithiú, go háirithe maidir le measúnú ar dhaoine aonair, ba cheart do ENISA oiliúint éigeantach a sholáthar do phearsanra atá i gceannas ar mheasúnú a dhéanamh ar dhaoine aonair. Ba cheart taithí a bheith ag an bpearsanra sin i réimse na cibearshlándála a d’fhéadfaí a léiriú trí dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a bheith aige i dtaca leis an rólphróifíl a bhfuil an measúnú á dhéanamh uirthi agus ar leibhéal inniúlachta atá coibhéiseach ar a laghad le leibhéal inniúlachta na ndaoine aonair atá á measúnú aige.

(52)Is é ról na soláthraithe dearbhaithe údaraithe eolas agus inniúlachtaí duine aonair a dhearbhú chun bheith in ann ceann de róil an Chreata Eorpaigh um Scileanna Cibearshlándála a chomhlíonadh agus dearbhú a thabhairt do na fostóirí ar fud an Aontais. Ós rud é go bhféachfadh fostóirí a oibríonn bonneagar criticiúil an Aontais freisin ar cháilíocht scileanna agus inniúlachtaí na ndaoine aonair a fhaigheann dearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a dhearbhú, ba cheart do na soláthraithe údaraithe a dhearbhaíonn an leibhéal scileanna agus inniúlachtaí a bheith iontaofa ó thaobh na cibearshlándála de agus níor cheart dóibh a bheith faoi réir tionchar míchuí tríú tír a d’fhéadfadh a bheith ina n‑ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil. Dá bhrí sin, eintitis atá bunaithe i dtríú tír lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil arna n‑ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo nó arna rialú ag an tríú tír sin, ag eintiteas atá bunaithe sa tríú tír sin, nó ag náisiúnach den tríú tír sin (soláthraithe ardriosca) i gcomhréir leis an Rialachán seo, níor cheart iad a bheith incháilithe le bheith ina soláthraithe dearbhaithe údaraithe le haghaidh aon dearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála de bhun Theideal II, Roinn 4.

(53) Chun a áirithiú gur féidir le daoine aonair a bhfuil dearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála acu é a úsáid agus a chomhroinnt go héasca, agus gur féidir dearbhú den sórt sin a úsáid ar fud na mBallstát, ba cheart do sholáthraithe dearbhaithe údaraithe a áirithiú go n‑eiseofar na dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála don Tiachóg Eorpach Céannachta Digití arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 arna iarraidh sin don duine aonair. Ba cheart soláthraithe dearbhaithe údaraithe a mheas mar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe agus ba cheart iad a bheith faoi réir an chórais maoirseachta agus dliteanais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Maidir leis an scéim um dhearbhú tréithe a úsáidtear de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1569 ón gCoimisiún 52 , ba cheart í a chlárú i gcatalóg na scéimeanna um dhearbhú tréithe dá bhforáiltear sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(54)Chun rannchuidiú le forbairt an lucht saothair cibearshlándála agus le hinaistritheacht scileanna ar fud an Aontais, ba cheart do ENISA na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála agus liosta na soláthraithe dearbhaithe údaraithe a chur ar fáil don phobal trí shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(55)Ba cheart ENISA a rialú agus a oibriú agus prionsabail an Chur Chuige Choitinn maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais a ghlac Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 19 Iúil 2012 á gcur san áireamh 53 . Ba cheart na moltaí sa Chur Chuige Coiteann a léiriú freisin, de réir mar is iomchuí, i gcláir oibre ENISA, i meastóireachtaí ENISA, agus i gcleachtas tuairiscithe agus riaracháin ENISA.

(56)Chun go gcomhlíonfaidh an Bord Bainistíochta a fheidhmeanna go héifeachtach, go háirithe maidir le treo foriomlán ghníomhaíochtaí ENISA a threorú agus a thosaíochtaí straitéiseacha a leagan síos, tá sé ríthábhachtach go mbeadh an Bord comhdhéanta d’ionadaithe ardleibhéil ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún. Chuige sin, ba cheart do gach Ballstát ceann údaráis inniúil náisiúnta de chuid an Bhallstáit sin atá freagrach as cibearshlándáil arna ainmniú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555 a cheapadh mar chomhalta den Bhord Bainistíochta.

(57)Chun a áirithiú gur féidir le comhaltaí malartacha ar an mBord Bainistíochta a róil a chomhlíonadh go leordhóthanach, ba cheart do na Ballstáit comhaltaí malartacha a cheapadh a bhfuil saineolas gairmiúil agus taithí ghairmiúil iomchuí acu. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, a mhéid a bhaineann le comhaltaí malartacha, iarrachtaí a dhéanamh ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta agus ba cheart dóibh a láimhdeachas a theorannú chun leanúnachas obair an Bhoird Bainistíochta a áirithiú.

(58)Ionas go mbeidh ENISA in ann a mhisean a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart don Bhord Bainistíochta, ar a mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún, treo ginearálta oibríochtaí ENISA a bhunú, lena n‑áirítear a thosaíochtaí straitéiseacha, agus a áirithiú go gcuirfidh sé a cúraimí i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart a chur ar iontaoibh an Bhoird Bainistíochta na cumhachtaí is gá chun feidhmiú an bhuiséid a bhunú agus a fhíorú, rialacha airgeadais iomchuí a ghlacadh, nósanna imeachta oibre trédhearcacha a bhunú don chinnteoireacht a dhéanfaidh ENISA, doiciméad clársceidealaithe aonair ENISA a ghlacadh, a rialacha nós imeachta féin a ghlacadh, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, cinneadh a dhéanamh maidir le síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus deireadh a chur leis, agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh feidhm Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chruthú agus, má chruthaítear feidhm den sórt sin, maidir lena gceapadh, agus síneadh a chur lena dtéarma oifige agus deireadh a chur leis. Ba cheart, dá bhrí sin, don Bhord Bainistíochta aon duine a fheidhmíonn feidhm feidhmiúcháin laistigh de ENISA a cheapadh. Ba cheart don Bhord Bainistíochta a bheith freagrach freisin as comhaltaí den Bhord Achomhairc a cheapadh nó a bhriseadh as a bpost, chomh maith le rialacha a bhunú chun coinbhleachtaí leasa a chosc nó a bhainistiú ina leith sin.

(59)Chun cuidiú lena áirithiú go mbunóidh ENISA a thosaíochtaí straitéiseacha agus go gcoinneoidh sé cothrom le dáta iad, ba cheart don Bhord Bainistíochta cruinniú amháin ar a laghad a thionól in aghaidh na bliana a bheidh tiomnaithe do thosaíochtaí straitéiseacha ENISA. Chun a áirithiú go mbeidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta éifeachtach agus eolasach, féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh chuig a chruinnithe a thabhairt d’aon duine a bhféadfadh a thuairim a bheith ábhartha agus ina díol spéise do na hábhair a phléitear chun léargais, saineolas nó comhairle a sholáthar. Bheadh duine den sórt sin ina bhreathnóir ad hoc gan cearta vótála.

(60)Ba cheart don Bhord Bainistíochta cinntí a ghlacadh trí thromlach glan dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. De bharr a thábhachtaí atá cúrsaí buiséadacha agus acmhainní daonna, go háirithe ábhair a bhaineann leis an mbuiséad bliantúil, leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, leis an straitéis frithchalaoise, le rialacha cur chun feidhme lena dtugtar éifeacht do na Rialacháin Foirne, le ceapadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus an oifigigh cuntasaíochta, le hobair leantach ar thorthaí na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), agus le glacadh rialacha airgeadais ENISA, níor cheart don Bhord Bainistíochta cinntí den sórt sin a ghlacadh ach amháin má chaitheann ionadaí an Choimisiúin vóta dearfach. Chun cinneadh a dhéanamh maidir le doiciméad clársceidealaithe aonair críochnaitheach a ghlacadh tar éis tuairim an Choimisiúin a chur san áireamh, níor cheart vóta dearfach ó ionadaí an Choimisiúin a bheith ag teastáil ach amháin maidir leis na gnéithe den chinneadh nach mbaineann le clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil ENISA.

(61)Ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin rannchuidiú le feidhmiú éifeachtach an Bhord Bainistíochta. Mar chuid den obair ullmhúcháin a bhaineann le cinntí an Bhoird Bainistíochta, ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin mionscrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis ábhartha agus na roghanna atá ar fáil a fhiosrú agus comhairle agus réitigh a mholadh i dtaca le cinntí an Bhoird Bainistíochta a ullmhú. Ba cheart dó freisin cúnamh agus comhairle a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le cinntí an Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme.

(62)Ar mhaithe le feidhmiú rianúil ENISA, ní mór an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh ar bhonn fiúntais agus scileanna doiciméadaithe riaracháin agus bainistíochta, agus ar bhonn inniúlachta agus taithí atá ábhartha i dtaobh na cibearshlándála. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhualgais a chomhlíonadh ar shlí atá go hiomlán neamhspleách. Ba cheart don Bhord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh ó liosta na n‑iarrthóirí arna ullmhú ag an gCoimisiún, tar éis nós imeachta oscailte trédhearcach lena n‑urramaítear prionsabal na cothromaíochta inscne.

(63) Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin togra a ullmhú le haghaidh dhoiciméad clársceidealaithe aonair ENISA, tar éis dul i gcomhairle roimh ré leis an gCoimisiún, agus ba cheart dó gach beart is gá a dhéanamh chun cur chun feidhme cuí an doiciméid clársceidealaithe aonair sin a áirithiú. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil a ullmhú a bheidh le cur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta, lena gcumhdófar cur chun feidhme chlár oibre bliantúil ENISA, dréachtráiteas faoi mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas a tharraingt suas le haghaidh ENISA, agus an buiséad a chur chun feidhme. Ina theannta sin, ba cheart an rogha a bheith ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin meithleacha ad hoc a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar ábhair shonracha, go háirithe ábhair de chineál eolaíoch, teicniúil, dlíthiúil nó socheacnamaíoch. Go háirithe, maidir le scéim shonrach iarrthach Eorpach um dheimhniú cibearshlándála (‘scéim iarrthach’) a ullmhú, meastar nach mór meitheal ad hoc a chur ar bun. D’fhéadfadh sé gur ghá meitheal ad hoc a bhunú freisin le haghaidh gníomhaíochtaí coinneála ar bun i ndáil le scéimeanna Eorpacha sonracha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh. Ba cheart meithleacha ad hoc a chur ar bun freisin chun scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt agus a choinneáil ar bun agus chun cúnamh a thabhairt don Ghníomhaireacht maidir le rialachas, cur chun feidhme agus éabhlóid an Chreata Eorpaigh um Scileanna Cibearshlándála. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a áirithiú go roghnófar comhaltaí na meithleacha ad hoc de réir na gcaighdeán is airde saineolais, arb é is aidhm dóibh cothromaíocht inscne agus cothromaíocht iomchuí a áirithiú, de réir na saincheisteanna sonracha atá i gceist, idir riaracháin phoiblí na mBallstát, eintitis an Aontais agus an earnáil phríobháideach, lena n‑áirítear tionscal, úsáideoirí agus saineolaithe acadúla ar shlándáil gréasán agus faisnéise, chomh maith le saineolaithe acadúla ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

(64)Féadfaidh an Bord Bainistíochta a chinneadh feidhm Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chruthú chun cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcás ina measann an Bord Bainistíochta go bhfuil feidhm den sórt sin riachtanach chun feidhmiú rianúil ENISA a áirithiú nó a choinneáil ar bun. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an bhfeidhm sin a chruthú nó gan í a chruthú, féadfaidh an Bord Bainistíochta tuairim an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chur san áireamh.

(65)Ba cheart Grúpa Comhairleach a bheith ag ENISA chun idirphlé tráthrialta leis an earnáil phríobháideach, le heagraíochtaí tomhaltóirí agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile a áirithiú. Ba cheart do Ghrúpa Comhairleach ENISA, arna bhunú ag an mBord Bainistíochta ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, díriú ar shaincheisteanna is ábhartha do pháirtithe leasmhara agus ba cheart dó na saincheisteanna sin a chur faoi bhráid ENISA. Ba cheart dul i gcomhairle le Grúpa Comhairleach ENISA i ndáil leis an dréachtchlár oibre bliantúil go háirithe. Le comhdhéanamh Ghrúpa Comhairleach ENISA agus leis na cúraimí atá sannta don ghrúpa sin, ba cheart ionadaíocht leordhóthanach na bpáirtithe leasmhara in obair ENISA a áirithiú. Ionadaithe údarás forfheidhmithe dlí, um chosaint sonraí agus um fhaireachas margaidh, arb údaráis náisiúnta agus údaráis de chuid an Aontais iad, ba cheart iad a bheith i dteideal ionadaíocht a bheith acu i nGrúpa Comhairleach ENISA.

(66)Ba cheart rochtain a bheith ag iarratasóirí ar a bheith ina soláthraithe dearbhaithe údaraithe nó ar a n‑údarú a athnuachan ar na leigheasanna is gá i gcás ina ndéanann cinntí arna ndéanamh ag ENISA difear dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart sásra oiriúnach achomhairc a bhunú ionas gur féidir agóid a dhéanamh in aghaidh chinntí gaolmhara ENISA os comhair Bord Achomhairc, ar féidir a chinntí a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na Conarthaí. Níl feidhm ag an gceanglas an nós imeachta achomhairc a ídiú laistigh de ENISA sula dtionscnófar caingean os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ach amháin maidir leis na daoine a bhfuil seasamh acu os comhair an Bhoird Achomhairc.

(67)Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán ENISA a ráthú agus chun a chumasú dó a chúraimí a dhéanamh, ba cheart buiséad leordhóthanach agus uathrialach a dheonú do ENISA, ar buiséad é a chisteofar go príomha ó ranníocaíocht ón Aontas, ach freisin ó ranníocaíochtaí ó thríú tíortha atá rannpháirteach in obair ENISA, agus ó tháillí arna n‑íoc ag soláthraithe dearbhaithe údaraithe agus ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá rannpháirteach i scéimeanna agus a eisíonn deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta ón Aontas. Ba cheart cead a bheith ag an mBallstát óstach, agus ag Ballstát ar bith eile, ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh le hioncam ENISA. Níor cheart d’aon ranníocaíocht, bíodh sí ina ranníocaíocht airgeadais nó ina ranníocaíocht chomhchineáil, a fhaigheann ENISA ó na Ballstáit, ó thríú tíortha nó ó eintitis nó daoine eile, cur isteach ar a neamhspleáchas ná ar a neamhchlaontacht. Ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta buiséadach an Aontais a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais agus le haon fhóirdheontas eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart don Chúirt Iniúchóirí cuntais ENISA a iniúchadh chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú. Le gur féidir leis an nGníomhaireacht páirt a ghlacadh sna tionscadail uile sa todhchaí, ba cheart an deis a thabhairt di deontais a fháil.

(68)Chun a áirithiú go mbeidh ENISA in ann freagairt don éileamh ar na gníomhaíochtaí a dhéanann sé, go háirithe a mhéid a bhaineann le cinntí chun údarú a thabhairt do sholáthraithe dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála a sholáthar, agus a mhéid a bhaineann leis na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála agus na huirlisí tástála a choinneáil ar bun, ba cheart an chumhacht a thabhairt do ENISA táillí a thobhach. Ba cheart táillí a bhaineann le próiseáil iarratas chun bheith ina soláthraí dearbhaithe údaraithe a chinneadh go hiomchuí chun rannchuidiú go leordhóthanach le cumhdach na gcostas measta a bhaineann leis na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt agus a choinneáil ar bun agus le meastóireacht a dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais agus na hoibleagáidí chun bheith ina soláthraí dearbhaithe údaraithe agus chun leanúint de bheith á gcomhlíonadh. Na táillí a bhaineann leis na costais i ndáil le húdaruithe a eisiúint agus a athnuachan do sholáthraithe dearbhaithe údaraithe, ba cheart a áireamh leo costais a bhaineann le meastóireachtaí a dhéanann ENISA nó a dhéantar faoi mhaoirseacht ENISA. Ba cheart na táillí a bhaineann le rannpháirtíocht i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála agus le heisiúint deimhnithe faoi na scéimeanna sin a chinneadh go hiomchuí chun rannchuidiú go leordhóthanach le cumhdach na gcostas measta a bhaineann le coinneáil ar bun na scéimeanna sin. Trí na táillí sin a íoc, ba cheart é a chur ar a gcumas do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra agus, i gcás inarb infheidhme, sealbhóirí deimhnithe faoi scéim páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí den sórt sin chomh maith le gníomhaíochtaí ábhartha fothaithe acmhainneachta agus cur chun cinn, malartú dea-chleachtas a chur chun cinn agus glacadh scéimeanna agus réiteach deimhnithe a chothú.

(69)Chun comhréireacht, trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart táillí a shocrú ar bhealach trédhearcach agus cothrom. Caiteachas uile ENISA a chuirtear i leith na mball foirne atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí atá faoi réir táillí, go háirithe ranníocaíocht pro rata an fhostóra leis an scéim pinsin, agus na costais a bhaineann leis an mBord Achomhairc, ba cheart iad a léiriú sa chostas sin. Níor cheart ualaí airgeadais ná riaracháin nach bhfuil gá leo a fhorchur ar iarratasóirí mar thoradh ar tháillí. Ba cheart sprioc-amanna réasúnta a leagan síos chun táillí a íoc.

(70)Is gá tacar táscairí a chur i bhfeidhm chun ualach oibre, éifeachtacht agus éifeachtúlacht na Gníomhaireachta i ndáil le gníomhaíochtaí a mhaoinítear trí tháillí a thomhas. Ag féachaint do na táscairí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht a pleanáil foirne agus a bainistiú acmhainní a bhaineann le táillí a oiriúnú chun go mbeidh sí in ann freagairt go leordhóthanach don éileamh sin agus d’aon luaineacht san ioncam ó tháillí.

(71)Chun an riosca a bhaineann le coinbhleacht leasa iarbhír nó coinbhleacht leasa bhraite a shainaithint agus a bhainistiú i gceart, ba cheart rialacha a bheith i bhfeidhm ag ENISA maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú. Ba cheart do ENISA na rialacha maidir le rochtain ar dhoiciméid a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm freisin 54 . Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta ag ENISA a bheith faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 . Ba cheart do ENISA na forálacha is infheidhme maidir le heintitis an Aontais, agus an reachtaíocht náisiúnta maidir le láimhseáil faisnéise, go háirithe faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE), a chomhlíonadh.

(72)Agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, féadfaidh ENISA rochtain a bheith aici ar fhaisnéis íogair, amhail faisnéis maidir le cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach do ENISA rúndacht na faisnéise a láimhseálann sé a chaomhnú. Go háirithe, i gcomhréir le hAirteagal 339 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níor cheart d’oifigigh agus ná do sheirbhísigh eile ENISA aon fhaisnéis a nochtadh den chineál atá faoi chumhdach oibleagáid na rúndachta gairmiúla, go háirithe faisnéis faoi ghnóthais, faoina gcaidreamh gnó nó faoi chomhpháirteanna a gcostas, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

(73)Chun a áirithiú go mbainfidh sé a chuspóirí amach ina n‑iomláine, ba cheart do ENISA idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta ábhartha an Aontais agus le húdaráis inniúla eile san Aontas, eintitis ábhartha de chuid an Aontais, lena n‑áirítear CERT-EU, ICE ag Europol, an Lárionad Inniúlachta, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA), Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), an Banc Ceannais Eorpach (BCE), an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (GSEE), agus aon eintiteas eile de chuid an Aontais a bhfuil baint aige leis an gcibearshlándáil. Ba cheart do ENISA idirchaidreamh a dhéanamh freisin le húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2022/2555, le húdaráis um fhaireachas margaidh agus le húdaráis a dhéileálann le cosaint sonraí chun fios gnó agus dea-chleachtais a mhalartú agus ba cheart di comhairle a sholáthar maidir le saincheisteanna cibearshlándála a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a gcuid oibre.

(74)Tá ról tábhachtach ag Europol maidir le cibearchoireacht a chosc agus a chomhrac, lena n‑áirítear cibearchoireacht a bhaineann le teagmhais slándála gréasán agus faisnéise. Chun sineirgí a chruthú idir cúraimí gach Gníomhaireachta faoi seach, ba cheart do ENISA oibriú i gcomhar le Europol, go háirithe trí fhaisnéis a chomhroinnt maidir le treochtaí i dteicnící, éilimh agus tionchair ionsaithe bogearraí éirice. D’fhéadfadh a bheith i gceist leis an gcomhar sin freisin na tréithchineálacha bogearraí éirice is coitianta a shainaithint lena ndírítear ar eintitis a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 chun tacú le heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha maidir le freagairt ar theagmhais agus téarnamh uathu.

(75)Chun tacú le comhar oibríochtúil agus le feasacht staide chomhroinnte ar chibearbhagairtí agus cibirtheagmhais, tá sé ríthábhachtach go n‑oibreoidh ENISA i gcomhar le páirtithe leasmhara agus go háirithe le cuideachtaí agus eagraíochtaí ón earnáil phríobháideach, lena bhféadfaidh ENISA comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a bhunú.

(76)Chun na spriocanna a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach go héifeachtach, féadfaidh ENISA oibriú i gcomhar go háirithe le hinstitiúidí acadúla a bhfuil tionscnaimh taighde acu i réimsí ábhartha, agus bealaí iomchuí a fhorbairt le haghaidh ionchur ó eagraíochtaí tomhaltóirí agus ó eagraíochtaí eile.

(77)I bhfianaise chineál gan teorainn na gcibearbhagairtí agus na gcibirtheagmhas, d’fhéadfadh tionchar a bheith ag leibhéal cibearshlándála agus ullmhachta tríú tíortha ar eintitis san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart do ENISA a bheith in ann gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a sholáthar, lena n‑áirítear oiliúint, fothú acmhainneachta, gníomhaíochtaí nasctha i dtríú tíortha, agus go háirithe gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta saincheaptha do thíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas nó le tíortha comhpháirtíochta eile i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh tar éis iarraidh shonrach a fháil tacaíocht leordhóthanach a sholáthar, agus tosaíochtaí an Aontais á gcur san áireamh, agus ba cheart iad a chur chun feidhme trí shocruithe speisialta, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe ranníocaíochta dá dtagraítear i Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Is é is aidhm don chreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála cosaint a thabhairt ar chibearbhagairtí amhail leochaileachtaí cibearshlándála a shaothraítear go mailíseach nó teagmhais chibearshlándála a dhéanann difear d’fheidhmiúlacht (dearadh agus oibriú) táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe, nó seasamh cibearshlándála eintiteas. Trí dhíriú ar rioscaí teicniúla a bhaineann le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas, ba cheart don chreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála creat na slabhraí soláthair TFC a chomhlánú, arb é is aidhm dó cur chuige comhchuibhithe a áirithiú ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí neamhtheicniúla in earnálacha ardchriticiúlachta agus in earnálacha criticiúla eile.

(78)Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann leas a bhaint as deimhniú Eorpach cibearshlándála i gcomhthéacs an tsoláthair phoiblí i gcomhréir le Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 .

(79)Chun simpliú comhlíontachta a éascú d’eintitis, ba cheart foráil a dhéanamh leis an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála maidir leis an bhféidearthacht a seasamh cibearshlándála a dheimhniú. D’fhéadfadh oibleagáidí éagsúla maidir le cibearshlándáil agus slándáil sonraí a bheith ar eintitis, go háirithe iad siúd a sholáthraíonn cineálacha éagsúla seirbhísí ar fud roinnt Ballstát, faoi ionstraimí cothrománacha, amhail Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 agus Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 58 , chomh maith le hionstraimí earnáilsonracha. Chun cur chun feidhme an chreata rialála cibearshlándála fhoriomláin a chuíchóiriú agus chun comhlíonadh an chreata sin a éascú, ba cheart a bheith in ann foráil a dhéanamh i reachtaíocht an Aontais maidir leis an bhféidearthacht a bheith ag eintitis a léiriú go gcomhlíonann siad ceanglais bainistíochta riosca cibearshlándála trí dheimhniú Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. D’fhéadfadh scéim ábhartha rannchuidiú le cuíchóiriú a dhéanamh ar cheanglais chomhlíontachta a eascraíonn as ionstraimí rialála éagsúla, gan dochar dá gceanglais shonracha deimhniúcháin. D’fhéadfadh bearta simpliúcháin den sórt sin an t‑ualach riaracháin a laghdú, acmhainní a scaoileadh chun ullmhacht chibearshlándála oibríochtúil eintiteas in earnálacha criticiúla an Aontais a neartú.

(80)Le deimhniú Eorpach um cheanglais bainistíochta riosca cibearshlándála a fhorbraítear laistigh den chreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, ba cheart é a chur ar a gcumas d’eintitis a léiriú go bhfuil reachtaíocht ábhartha an Aontais á comhlíonadh i gcás ina gcumhdaítear le scéim na ceanglais dhlíthiúla faoi seach a leagtar síos i ngníomh den sórt sin agus i gcás ina bhforáiltear amhlaidh léi. Ar an mbonn sin, féadfar foráil a dhéanamh i ngníomh dlí de chuid an Aontais freisin maidir le toimhde comhréireachta leis na ceanglais sin. D’fhéadfadh scéimeanna den sórt sin rannchuidiú le feabhas a chur ar chur chun feidhme comhleanúnach cheanglais chibearshlándála reachtaíocht an Aontais chun cothrom iomaíochta a bhaint amach ar fud na mBallstát agus chun an t‑ualach comhlíontachta a laghdú.

(81)Leis an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht próisis TFC a dheimhniú, arna sainiú mar thacar gníomhaíochtaí a dhéantar chun táirge TFC nó seirbhís TFC a dhearadh, a fhorbairt, a sholáthar nó a chothabháil. Is sampla de phróiseas TFC is ea próifíl chosanta, mar a shonraítear faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 ón gCoimisiún 59 . Sampla eile de phróiseas TFC is ea an tacar gníomhaíochtaí a dhéanann monaróir chun táirge TFC a dhearadh agus a fhorbairt go slán, lena n‑áirítear na bearta fisiciúla, loighciúla, nós imeachta, pearsanra, agus bearta slándála eile is gá chun rúndacht agus sláine dhearadh agus chur chun feidhme táirge TFC ina thimpeallacht forbartha a chosaint. Is minic a thagraítear do dheimhniú gníomhaíochtaí den sórt sin mar ‘dheimhniú láithreáin’ i gcomhthéacs próiseas deimhniúcháin faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 ón gCoimisiún.

(82)Ba cheart an sainmhíniú ar sheirbhísí slándála bainistithe sa Rialachán seo a bheith comhsheasmhach leis an sainmhíniú ar sholáthraithe seirbhísí slándála bainistithe i dTreoir (AE) 2022/2555. Is é atá i gceist leis na seirbhísí sin gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca cibearshlándála a gcustaiméirí a dhéanamh, nó cúnamh a thabhairt do na gníomhaíochtaí sin, agus tá tábhacht mhéadaitheach ag baint leo i ndáil le teagmhais a chosc agus a mhaolú. Dá réir sin, meastar gur eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha iad soláthraithe na seirbhísí sin a bhaineann le hearnáil ardchriticiúlachta de bhun Threoir (AE) 2022/2555. Tá tábhacht ar leith leis an ról atá ag soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe i réimsí amhail freagairt ar theagmhais, tástáil treáite, iniúchtaí slándála agus an chomhairleoireacht chun cúnamh a thabhairt d’eintitis lena n‑iarrachtaí teagmhais a chosc agus a bhrath, freagairt dóibh nó téarnamh uathu. Mar sin féin, díríodh cibirionsaithe freisin ar sholáthraithe seirbhísí slándála bainistithe agus tá riosca ar leith ag baint leo mar gheall ar a ndlúth-chomhtháthú in oibríochtaí a gcustaiméirí. Is gá, dá bhrí sin, go mbeadh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha de réir bhrí Threoir (AE) 2022/2555 níos dícheallaí agus soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe á roghnú acu.

(83)Tá scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála ábhartha do phobal leathan páirtithe leasmhara, amhail soláthraithe réiteach TFC, comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus úsáideoirí. Chun rannpháirtíocht leathan páirtithe leasmhara a chur chun cinn, ba cheart an Tionól Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála (‘an Tionól’) a eagrú uair sa bhliain ar a laghad agus é d’aidhm aige comhar a chothú idir an Coimisiún, ENISA, na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara ábhartha. Beidh ról lárnach aige maidir le dúshláin nua chibearshlándála agus tosaíochtaí straitéiseacha le haghaidh deimhniúcháin a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, agus maidir lena áirithiú go n‑éascóidh scéimeanna deimhniúcháin comhtháthú slán teicneolaíochtaí digiteacha agus go mbeidh siad oiriúnach do riachtanais na n‑úsáideoirí. Ba cheart don Tionól ceannaireacht an Aontais a chothú i ngníomhaíochtaí deimhniúcháin agus seasamh le cumas an chreata deimhniúcháin iontaoibh a chur ar fáil do ghnólachtaí, d’údaráis phoiblí agus don phobal.

(84)Ba cheart don Choimisiún suíomh gréasáin tiomnaithe a choinneáil ar bun chun trédhearcacht a áirithiú trí fhaisnéis atá cothrom le dáta a fhoilsiú maidir le dul chun cinn chur chun feidhme an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála. Ba cheart a áireamh ar an suíomh gréasáin faisnéis a bhaineann le scéimeanna deimhniúcháin atá á n‑ullmhú, tosaíochtaí straitéiseacha le haghaidh scéimeanna deimhniúcháin atá ar na bacáin, iarrataí ar ENISA scéimeanna iarrthacha um dheimhniú a ullmhú agus faisnéis maidir le glacadh scéimeanna deimhniúcháin. Comhlánóidh suíomh gréasáin an Choimisiúin suíomh gréasáin ENISA maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, ar cheart dó sonraí cuimsitheacha a chur ar fáil maidir le hullmhú teicniúil scéimeanna iarrthacha agus maidir le coinneáil ar bun scéimeanna, ag díriú ar dheimhnithe Eorpacha cibearshlándála arna n‑eisiúint agus ar ráitis chomhréireachta ón Aontas.

(85)Chun an t‑idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú agus chun rannchuidiú le próiseas comhairliúcháin foirmiúil, oscailte, trédhearcach agus cuimsitheach, ba cheart don Choimisiún gnéithe a eascraíonn as na tuairimí a chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agus an Tionól Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála in iúl a chur san áireamh agus meastóireacht á déanamh aige ar an Rialachán seo.

(86)Ba cheart staidéir féidearthachta arna ndéanamh ag ENISA a bheith ina gcuidiú chun ullmhú do phleanáil agus d’fhorbairt scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála. Ba cheart peirspictíochtaí na bpáirtithe leasmhara ábhartha a ionchorprú sna staidéir agus na scéimeanna deimhniúcháin a bheidh ann amach anseo a ailíniú le gníomhaíochtaí leanúnacha taighde, forbartha agus measúnaithe teicneolaíochta, agus aitheantas á thabhairt, go háirithe, do rannchuidithe thionscnaimh taighde an Aontais agus na mBallstát. Is féidir le staidéir den sórt sin cuidiú leis na caighdeáin agus na sonraíochtaí teicniúla atá ar fáil a shainaithint. Ba cheart iad a dhéanamh arna iarraidh sin don Choimisiún, nó i gcomhréir le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh go leordhóthanach ar an tírdhreach teicneolaíochta agus ar riachtanais chibearshlándála atá ag teacht chun cinn agus go léireofar go leordhóthanach iad agus scéimeanna á n‑iarraidh agus á bhforbairt.

(87)Ba cheart dearadh na scéime iarrthaí agus a cumhdach ar chuspóirí agus eilimintí slándála a bheith i gcomhréir le hábhar agus raon feidhme an chuspóra deimhniúcháin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh scéim deimhniúcháin néalseirbhísí aghaidh a thabhairt ar chuspóirí slándála atá ábhartha do sheirbhísí TFC agus do shlándáil eagraíochtúil, mar shampla. Mar shampla eile, is dócha nach mbeidh cuspóir slándála a bhaineann le gan leochaileachtaí insaothraithe aitheanta a chur san áireamh ábhartha maidir le próisis TFC a dheimhniú.

(88)Chun a áirithiú go gcuirfear scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe ar fud na mBallstát, is gá foráil a dhéanamh maidir le rialacha i ndáil leis na scéimeanna a choinneáil ar bun. Tá gá le gníomhaíochtaí coinneála ar bun freisin chun a áirithiú go bhfanfaidh na scéimeanna agus a ndoiciméadacht tacaíochta cothrom le dáta, go háirithe i réimse cibearshlándála ina mbíonn timpeallacht na bagartha agus na teicneolaíochtaí ag síorathrú. Ba cheart, dá bhrí sin, scéimeanna deimhniúcháin a dhearadh agus a choinneáil ar bun ar bhealach a sheachnóidh an riosca go mbeidh siad as dáta go tapa. Is é ba cheart a bheith i gceist le gníomhaíochtaí coinneála ar bun de ghnáth doiciméadacht tacaíochta a dhréachtú agus a thabhairt cothrom le dáta, lena n‑áirítear sonraíochtaí teicniúla agus treoirlínte, chomh maith le caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla atá ábhartha don scéim a shainaithint. An anailís ar fheidhmiú na scéime, na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith inti agus an feabhas is gá a chur uirthi, ba cheart iad a bheith ina gcuid de na gníomhaíochtaí coinneála ar bun freisin. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh ar ghníomhaíochtaí coinneála ar bun comhroinnt faisnéise idir na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na scéimeanna agus rannchuidiú le sásraí athbhreithnithe piaraí agus measúnaithe piaraí.

(89)Mar gheall ar chineál teicniúil na ngníomhaíochtaí coinneála ar bun, ba cheart do ENISA na gníomhaíochtaí sin a bhainistiú, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le tacaíocht ó ECCG agus óna fhoghrúpa ábhartha maidir le coinneáil ar bun. Le bunú fhoghrúpa ECCG maidir le coinneáil ar bun, is féidir rannchuidiú teicniúil agus léargais theicniúla a bhailiú ó na Ballstáit d’fhonn cineálacha cur chuige a chomhchuibhiú.

(90)Ba cheart idirghníomhaíochtaí le grúpaí páirtithe leasmhara ábhartha a bheith i gceist le gníomhaíochtaí coinneála ar bun chun a áirithiú go leanfaidh scéimeanna de bheith ábhartha don mhargadh agus cothrom le dáta, lena n‑áirítear trí rannchuidiú teicniúil a chomhroinnt agus a fháil. D’fhéadfadh eagraíochtaí um chaighdeánú, comhlachtaí um measúnú comhréireachta, díoltóirí, úsáideoirí, údaráis phoiblí, nó comhlachais trádála a bheith i gceist le grúpaí páirtithe leasmhara den sórt sin. Le sainiúlachtaí gach scéime, lena n‑áirítear a bhfóraim theicniúla chomhfhreagracha agus a dtionscail theicniúla chomhfhreagracha, tugtar le tuiscint gur cheart a bheith in ann rannchuidiú teicniúil a bhailiú ar bhealaí éagsúla ó scéim amháin go scéim eile. I gcás scéimeanna áirithe, ba cheart ENISA a bheith in ann brath ar mheitheal ad hoc ina dtugtar le chéile saineolaithe ó riaracháin phoiblí na mBallstát, ó eintitis de chuid an Aontais, agus ón earnáil phríobháideach. D’fhéadfadh rannchuidiú teicniúil teacht ó ISACanna nó ó eagraíochtaí um chaighdeánú freisin. Ba cheart do ENISA anailís a dhéanamh ar an bhformáid is oiriúnaí do gach scéim agus straitéis um choinneáil ar bun a áireamh i ngach scéim iarrthach.

(91)Ba cheart scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a bheith ag brath ar chaighdeáin nó ar shonraíochtaí teicniúla, go háirithe chun ceanglais slándála agus modheolaíochtaí meastóireachta a shainiú. Ba cheart an deis a thabhairt do ENISA sonraíochtaí teicniúla a dhréachtú chun tacú le hullmhú agus coinneáil ar bun scéimeanna, go háirithe i gcás ina bhfuil táirgí insoláthartha ó eagraíochtaí um chaighdeánú ar iarraidh nó nach bhfuil siad oiriúnach chun cuspóirí na scéime a chomhlíonadh. Mar chuid den phróiseas dréachtaithe, ba cheart do ECCG agus, i gcás inarb infheidhme, don mheitheal ad hoc a bunaíodh don scéim ábhartha, tacú le ENISA. Ba cheart do ENISA rannchuidiú a lorg ó ghrúpaí páirtithe leasmhara freisin. Ina theannta sin, ba cheart do ENISA breithniú a dhéanamh ar ghlacadh sa mhargadh, chomh maith le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta. Agus cáilíocht na sonraíochtaí teicniúla agus cuspóirí na scéime á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann tagairt a dhéanamh do shonraíochtaí teicniúla arna ndréachtú ag ENISA i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála.

(92)Ba cheart sonraíochtaí teicniúla arna bhforbairt ag ENISA agus a ndéantar tagairt dóibh i scéim a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin ENISA maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála ionas go mbeidh gach páirtí leasmhar in ann rochtain a fháil orthu. Mar sin féin, i gcásanna sonracha áirithe, d’fhéadfadh foilsiú ar an suíomh gréasáin a bheith ina riosca do chibearshlándáil táirgí TFC deimhnithe, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas agus dá réir sin don tsábháilteacht phoiblí. Mar shampla, d’fhéadfadh faisnéis bheacht a bheith i sonraíochtaí teicniúla maidir le conairí ionsaithe nua a d’fhágfadh go bhféadfadh gníomhaithe mailíseacha iad a úsáid dá mbeadh fáil ag an bpobal orthu. Ba cheart an cineál sin faisnéise a dháileadh ar bhealach srianta ar bhonn riachtanais eolais ar pháirtithe leasmhara ábhartha, amhail údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála, comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus díoltóirí atá á ndeimhniú. Mar gheall ar a ndáileadh srianta, níor cheart tagairt a dhéanamh do shonraíochtaí teicniúla den sórt sin i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith de chineál neamhcheangailteach.

(93)Ba cheart na scéimeanna um dheimhniú i ndáil le seasamh cibearshlándála a dhearadh ar bhealach modúlach, d’fhonn go bhféadfar a léiriú go bhfuil na ceanglais chibearshlándála ábhartha a leagtar amach i reachtaíocht eile de chuid an Aontais á gcomhlíonadh agus d’fhonn toimhde na comhréireachta a léiriú go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais sin, i gcás ina ndéantar foráil sa reachtaíocht sin maidir leis an bhféidearthacht sin. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag toimhde na comhréireachta le ceanglais na ngníomhartha dlí sin ach amháin mar bhealach féideartha chun comhlíontacht a léiriú má chumasaítear toimhde comhréireachta den sórt sin leis na gníomhartha dlí faoi seach. Dá bhrí sin, is dócha go mbeidh mionsonraí scéime den sórt sin, eadhon cuspóir, cuspóirí nó eilimintí, éagsúil le mionsonraí scéimeanna eile. Go háirithe, ba cheart scéimeanna a fhorbairt chun seasamh cibearshlándála eintiteas a dheimhniú chun foráil a dhéanamh maidir le measúnú ar chomhréireacht leanúnach eintitis le reachtaíocht an Aontais. Dá bhrí sin, ní gá go gcumhdófaí le scéimeanna um dheimhniú i ndáil le seasamh cibearshlándála gach gné de na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, amhail leibhéil dearbhaithe, agus ba cheart é sin a léiriú sna rialacha maidir leis na scéimeanna.

(94)Le creat le haghaidh deimhniú i ndáil le seasamh cibearshlándála in ECCF, is féidir scéim a fhorbairt lena gcuirtear ar a gcumas d’eintitis a sholáthraíonn seirbhísí ar fud roinnt Ballstát a léiriú go bhfuil na hoibleagáidí bainistíochta riosca cibearshlándála a leagtar síos i dTreoir 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á gcomhlíonadh. Ar an mbonn sin, agus an cumas acu comhlíonadh a léiriú, is féidir le heintitis tairbhe a bhaint as cuir chuige mhaoirseachta atá níos comhleanúnaí agus nach bhfuil an t‑ualach céanna ag baint leo ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart forbairt scéime deimhniúcháin den sórt sin a éascú trí ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh faoi Threoir (AE) 2022/2555. Trí phróifílí na mbreiseán, féadfaidh scéim um dheimhniú seasaimh cibearshlándála a léiriú go bhfuil na ceanglais á gcomhlíonadh i gcás ina ndearna Ballstát forálacha a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena n‑áirithítear leibhéal cibearshlándála níos airde i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555.Ar an mbonn sin, is féidir le heintiteas a sholáthraíonn seirbhísí ar fud roinnt Ballstát a léiriú go bhfuil próifílí na mbreiseán ábhartha uile á gcomhlíonadh trí dheimhniú aonair Eorpach cibearshlándála.

(95)Na cuspóirí slándála agus na ceanglais slándála a leagtar amach i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála maidir leis an méid a bhaineann le slándáil táirgí, ba cheart iad a bheith comhsheasmhach leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/2847. Tá gá leis an gcomhleanúnachas sin chun a áirithiú nach mbeidh ceanglais fhrithráiteacha roimh mhonaróirí a dtagann a dtáirgí faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/2847 agus a dtáirgí á ndeimhniú acu faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. Thairis sin, le comhsheasmhacht na gceanglas, éascaítear toimhde na comhréireachta le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2024/2847 trínar féidir le monaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá deimhnithe faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála tairbhiú faoi choinníollacha áirithe de thoimhde comhréireachta leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

(96)Laistigh den scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, ba cheart é a bheith indéanta próifíl na mbreiseán a shonrú, trí cheanglais bhreise nó shonracha a leagan amach le haghaidh cásanna úsáide, lena n‑áirítear cumais bhreise amhail gnéithe táirgí feabhsaithe, tairiscintí nó sócmhainní seirbhísí speisialaithe, próisis bharrfheabhsaithe, agus ardbhearta slándála. Ós rud é nach gcomhfhreagraíonn próifílí na mbreiseán do leibhéal dearbhaithe sonrach, ba cheart dóibh tuairisc mhionsonraithe a thabhairt ar a gcuspóir, lena n‑áirítear na bagairtí slándála a dtugtar aghaidh orthu. Tá próifílí na mbreiseán beartaithe go háirithe chun comhlíonadh caighdeán sonrach agus ceanglas rialála a léiriú, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, ceanglais a mhéid a bhaineann le bearta bainistíochta riosca cibearshlándála breise arna leagan síos ag Ballstát de réir phrionsabal an chomhchuibhithe íosta i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555.

(97)Gan dochar don chóras athbhreithnithe piaraí ginearálta atá le cur i bhfeidhm ar fud na n‑údarás náisiúnta uile um dheimhniú cibearshlándála faoi chuimsiú an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála, ba cheart é a bheith indéanta sásra measúnaithe piaraí a áireamh sna scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh na gcomhlachtaí a eisíonn deimhnithe Eorpacha cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas, go háirithe le haghaidh na gcomhlachtaí sin a eisíonn deimhnithe a bhfuil leibhéal dearbhaithe ‘ard’ acu faoi scéimeanna den sórt sin. Ba cheart a áireamh ar na comhlachtaí sin freisin comhlachtaí deimhniúcháin na n‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a eisíonn deimhnithe ar leibhéal dearbhaithe ‘ard’. Ba cheart do ECCG tacú le cur chun feidhme na sásraí measúnaithe piaraí den sórt sin. Leis na measúnuithe piaraí, ba cheart measúnú a dhéanamh go háirithe ar cé acu atá nó nach bhfuil na comhlachtaí lena mbaineann ag cur a gcuid cúraimí i gcrích ar bhealach comhchuibhithe agus d’fhéadfadh sásraí achomhairc a bheith i gceist leis sin.

(98)D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag géarchéimeanna amhail cogaí, tubaistí nádúrtha agus paindéimí ar ghníomhaíochtaí deimhniúcháin. I gcásanna géarchéime den chineál sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta, mar shampla, slándáil an tsuímh a áirithiú mar gheall ar scriosadh bonneagair, cibirionsaithe, neamh-infhaighteacht pearsanra, agus neamh-inrochtaineacht an tsuímh. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála rialacha sealadacha maidir le leanúnachas gníomhaíochtaí deimhniúcháin le linn cásanna den sórt sin.

(99)Chun gníomhartha cur chun feidhme a dhéanamh de scéimeanna teicniúla iarrthacha, tá gá le heolas casta teicniúil agus dlíthiúil agus d’fhéadfadh sé ualach suntasach riaracháin a chruthú. Thairis sin, is gnéithe trasearnála iad gnéithe áirithe de scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, amhail bainistiú leochaileachta nó na coinníollacha faoina bhféadfar na marcanna nó na lipéid sin a úsáid, agus féadfaidh siad tairbhe a bhaint as forálacha tagartha comhchuibhithe. Chun cáilíocht na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh a áirithiú agus chun an t‑ualach comhlíontachta ar ghnólachtaí a laghdú, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú forálacha samplacha a ghlacadh lena gcumhdaítear gnéithe áirithe de scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála.

(100)Chun comhsheasmhacht an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála a áirithiú, ba cheart a bheith in ann, laistigh de scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, leibhéil dearbhaithe a shonrú maidir le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta ón Aontas a eisítear faoin scéim sin. Ba cheart tagairt a dhéanamh i ndeimhniú Eorpach cibearshlándála do cheann de na leibhéil dearbhaithe seo a leanas: ‘bunúsach’, ‘substaintiúil’ nó ‘ard’, agus níor cheart tagairt a dhéanamh sa ráiteas comhréireachta ón Aontas ach don leibhéal dearbhaithe ‘bunúsach’. Ba cheart do na leibhéil dearbhaithe déine agus doimhneacht chomhfhreagrach na meastóireachta ar tháirge TFC, seirbhís TFC, próiseas TFC, seirbhís slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintitis a sholáthar agus ba cheart tagairt a dhéanamh iontu do shonraíochtaí, caighdeáin agus nósanna imeachta teicniúla gaolmhara, lena n‑áirítear rialuithe teicniúla, arb é is cuspóir dóibh teagmhais a mhaolú nó a chosc. Is ceart gach leibhéal dearbhaithe a bheith i gcomhréir i measc na n‑earnálacha difriúla ina gcuirtear an deimhniú i bhfeidhm.

(101)Ba cheart rogha an deimhnithe iomchuí agus na gceanglas slándála gaolmhar ag úsáideoirí deimhnithe Eorpacha cibearshlándála a bheith bunaithe ar anailís ar na rioscaí a bhaineann le húsáid na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC, na seirbhísí slándála bainistithe nó i gcomhthéacs dheimhniú na n‑eintiteas. Dá réir sin, ba cheart an leibhéal dearbhaithe a bheith i gcomhréir leis an leibhéal riosca a bhaineann le húsáid bheartaithe an táirge TFC, na seirbhíse TFC, an phróisis TFC, na seirbhísí slándála bainistithe, nó thimpeallacht oibríochtúil agus chineál an eintitis a bhfuil a sheasamh cibearshlándála faoi réir deimhniúcháin.

(102)Maidir leis an leibhéal dearbhaithe ‘bunúsach’, ba cheart na comhpháirteanna dearbhaithe seo a leanas ar a laghad a bheith mar threoir ag an meastóireacht: ba cheart a áireamh sa mheastóireacht ar a laghad athbhreithniú a dhéanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta ar dhoiciméadacht theicniúil an táirge TFC, na seirbhíse TFC, an phróisis TFC, na seirbhíse slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintitis. I gcás ina n‑áirítear próisis TFC sa deimhniú, ba cheart an próiseas a úsáidtear chun táirge TFC, seirbhís TFC, seirbhís slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintitis a dhearadh, a fhorbairt agus a choinneáil ar bun a bheith faoi réir an athbhreithnithe theicniúil freisin. I gcás ina ndéantar foráil le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála maidir le féinmheasúnú comhréireachta, ba cheart gur leor go ndearna monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe, nó an t‑eintiteas a bhfuil a sheasamh cibearshlándála faoi réir deimhniúcháin, féinmheasúnú ar chomhlíontacht an táirge TFC, na seirbhíse TFC, an phróisis TFC, na seirbhíse slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála an eintitis leis an scéim deimhniúcháin.

(103)Maidir leis an leibhéal dearbhaithe ‘substainteach’, ba cheart an mheastóireacht, sa bhreis ar na ceanglais maidir leis an leibhéal dearbhaithe ‘bunúsach’, a bheith faoi threoir, ar a laghad, ag fíorú chomhlíontacht fheidhmiúlachtaí slándála an táirge TFC, na seirbhíse TFC, an phróisis TFC, na seirbhíse slándála bainistithe nó sheasamh cibearshlándála an eintitis leis an doiciméadacht theicniúil.

(104)I gcás leibhéal dearbhaithe ‘ard’, ba cheart tástáil éifeachtúlachta a bheith mar threoir ag an meastóireacht, sa bhreis ar na ceanglais maidir le leibhéal dearbhaithe ‘substaintiúil’, ar a laghad, lena ndéantar measúnú ar fhrithsheasmhacht na bhfeidhmiúlachtaí slándála in aghaidh cibirionsaithe ilchasta arna ndéanamh ag daoine a bhfuil scileanna agus acmhainní suntasacha acu. Ba cheart gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch i gcás leibhéal dearbhaithe ‘ard’ nó i gcás ina ndeartar scéim chun comhlíonadh a léiriú agus chun foráil a dhéanamh maidir le toimhde comhréireachta le reachtaíocht eile de chuid an Aontais. Tá údar maith leis an gceanglas sin toisc go n‑eascraíonn bagairtí breise ar an gcibearshlándáil as gníomhaíochtaí measúnaithe a dhéantar lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, go háirithe maoin intleachtúil na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC, na seirbhísí nó na n‑eintiteas slándála bainistithe a ndearnadh meastóireacht orthu. Mar shampla, d’fhéadfaí grinnscrúdú a dhéanamh ar chód foinseach táirge TFC agus teorainn tríú tír á trasnú, ar riosca é do mhaoin intleachtúil. Ina theannta sin, ní oibríonn saotharlanna tástála atá bunaithe i dtríú tíortha i dtimpeallacht a bhaineann leis na bearta cibearshlándála a shainordaítear le reachtaíocht an Aontais, amhail Treoir (AE) 2022/2555 nó Rialachán (AE) 2024/2847. Mar shampla, féadfaidh saotharlann tástála brath ar sholáthraí néalseirbhíse tríú páirtí nach gcloíonn le ceanglais chibearshlándála Threoir (AE) 2022/2555. Mar sin féin, ba cheart cead a bheith ag scéim deimhniúcháin foráil a dhéanamh maidir le sásraí maolaithe, mar shampla sásraí a bhaineann le deimhniú láithreáin nó i gcásanna eile nach féidir gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh go réasúnach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

(105)I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh cineálacha éagsúla cur chuige a bheith ag teastáil chun cuspóirí slándála leibhéil dearbhaithe ar leith a chomhlíonadh chun aghaidh a thabhairt ar shonraíochtaí táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas. Chun cur chuige níos mionsonraithe a cheadú, ba cheart scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a bheith in ann leibhéal meastóireachta amháin nó níos mó a shonrú a chomhfhreagraíonn do cheann amháin de na leibhéil dearbhaithe. Leis sin, beifear in ann scéimeanna a fhorbairt ina gcomhfhreagróidh leibhéil mheastóireachta éagsúla atá ceaptha chun críche eile don leibhéal slándála a bhaineann le leibhéal dearbhaithe sonrach.

(106)Ba cheart a cheadú do scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála foráil a dhéanamh maidir le measúnú comhréireachta a dhéanamh faoi fhreagracht mhonaróir nó sholáthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe amháin, nó an eintitis a bhfuil a sheasamh cibearshlándála deimhnithe (‘féinmheasúnú comhréireachta’). Sna cásanna sin, ba cheart gur leor go ndéanfadh an monaróir, an soláthraí nó an t‑eintiteas a bhfuil a sheasamh cibearshlándála deimhnithe, na seiceálacha uile é féin chun a áirithiú go bhfuil táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhís slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála an eintitis i gcomhréir leis an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. Ba cheart a mheas go bhfuil féinmheasúnú comhréireachta iomchuí do tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhís slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintitis ar bheagán castachta, a bhfuil riosca íseal ag baint leo don phobal agus a bhfuil dearadh simplí nó sásraí táirgthe simplí acu.

(107)I gcás ina gceadaítear le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála féinmheasúnuithe comhréireachta agus deimhnithe a dhéanamh ar tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas, sa chás sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa scéim deimhniúcháin maidir le modhanna soiléire agus intuigthe do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí eile chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas arna bhféinmheasúnú agus arna ndeimhniú ag tríú páirtí.

(108)Monaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC nó seirbhísí slándála bainistithe, nó na heintitis a bhfuil a seasamh cibearshlándála deimhnithe, ba cheart dóibh a bheith in ann an ráiteas comhréireachta ón Aontas a eisiúint agus a shíniú mar chuid den nós imeachta um measúnú comhréireachta. Is éard is ráiteas comhréireachta ón Aontas ann doiciméad ina luaitear go gcomhlíonann táirge TFC sonrach, seirbhís TFC shonrach, próiseas TFC sonrach, seirbhís slándála bainistithe shonrach nó seasamh cibearshlándála an eintitis ceanglais na scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála. Tríd an ráiteas comhréireachta ón Aontas a eisiúint agus a shíniú, glacann monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe, nó an t‑eintiteas a bhfuil a sheasamh cibearshlándála deimhnithe, freagracht as comhlíontacht an táirge TFC, na seirbhíse TFC, an phróisis TFC, na seirbhíse slándála bainistithe nó sheasamh cibearshlándála an eintitis le ceanglais slándála na scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála. Cuirfear cóip den ráiteas comhréireachta ón Aontas faoi bhráid an údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus faoi bhráid ENISA.

(109)Monaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC nó seirbhísí slándála bainistithe, nó eintitis a bhfuil a seasamh cibearshlándála deimhnithe, ba cheart dóibh an ráiteas comhréireachta ón Aontas, an doiciméadacht theicniúil, agus an fhaisnéis ábhartha uile eile a bhaineann le comhréireacht le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a chur ar fáil don údarás náisiúnta inniúil um dheimhniú cibearshlándála ar feadh tréimhse dá bhforáiltear sa scéim Eorpach ábhartha um dheimhniú cibearshlándála agus i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais is infheidhme. Ba cheart a shonrú sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme faoin scéim a mhéid is ábhartha don fhéinmheasúnú comhréireachta. Ba cheart an doiciméadacht theicniúil a thiomsú ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann táirge TFC, seirbhís TFC, próiseas TFC nó seirbhís slándála bainistithe, nó seasamh cibearshlándála an eintitis na ceanglais is infheidhme faoin scéim.

(110)Le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta ón Aontas, ba cheart cuidiú le húsáideoirí roghanna eolasacha a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis ábhartha a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin arna choinneáil ar bun ag ENISA. Thairis sin, ba cheart faisnéis struchtúrtha atá curtha in oiriúint do leibhéal teicniúil ionchasach an úsáideora ar dó a beartaíodh an fheiste a bheith ag gabháil le táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC atá deimhnithe nó ar eisíodh ráiteas comhréireachta ón Aontas ina leith. Ba cheart rochtain a bheith ag gach úsáideoir ar fhaisnéis maidir le huimhir thagartha na scéime deimhniúcháin, an t‑údarás nó an comhlacht eisiúna, agus, i gcás inarb infheidhme, an leibhéal dearbhaithe, nó ba cheart dóibh a bheith in ann cóip den deimhniú Eorpach cibearshlándála a fháil. Ba cheart an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus í a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin tiomnaithe maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála. Thairis sin, chun inrochtaineacht leanúnach a áirithiú, ba cheart a cheangal ar mhonaróirí agus ar sholáthraithe fógra a thabhairt don chomhlacht deimhniúcháin ábhartha má thagann athrú ar shuíomh na faisnéise ar líne nó, i gcás inarb ábhartha, ar shuíomh na faisnéise fisicí.

(111)Is éard is measúnú comhréireachta ann nós imeachta chun meastóireacht a dhéanamh ar cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh ceanglais shonracha a bhaineann le táirge TFC, seirbhís TFC, próiseas TFC, seirbhís slándála bainistithe nó eintiteas. Is tríú páirtí neamhspleách nach é monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe atá á ndeimhniú, ná an t‑eintiteas a bhfuil measúnú á dhéanamh ar a sheasamh cibearshlándála a dhéanann an nós imeachta sin. Ba cheart deimhniú Eorpach cibearshlándála a eisiúint tar éis meastóireacht rathúil a dhéanamh ar tháirge TFC, seirbhís TFC, próiseas TFC, seirbhís slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála an eintitis. Is ionann an deimhniú Eorpach cibearshlándála sin agus dearbhú gur cuireadh an mheastóireacht i gcrích mar is ceart.

(112)Tá sé tábhachtach na gníomhaíochtaí maoirseachta agus deimhniúcháin a dheighilt go docht chun saobhadh agus cur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint i gcásanna ina bhfuil an t‑eintiteas a dhéanann maoirseacht ar an margadh in iomaíocht sa mhargadh céanna freisin. Dá bhrí sin, maidir le gníomhaíochtaí nach ndéanann na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála ach a ról maoirseachta a chomhlíonadh, amhail formheas roimh ré a thabhairt chun deimhniú a eisiúint, níor cheart deighilt inmheánach bhreise a bheith ag teastáil ó ghníomhaíochtaí maoirseachta eile. Áirítear leis sin, mar shampla, cás ina mbailíonn an t‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála faisnéis go gníomhach le linn an phróisis deimhniúcháin a dhéanann comhlachtaí príobháideacha um measúnú comhréireachta agus ina dtugann sé a thuairim ansin maidir le heisiúint an deimhnithe ag na comhlachtaí sin (‘samhail formheasa roimh ré’).

(113)Ba cheart a shonrú i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála na coinníollacha faoina bhféadfadh sé gur gá táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála an eintitis a athdheimhniú nó faoina bhféadfadh sé gur gá raon feidhme an deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála ar leith a laghdú. Thairis sin, ba cheart a chur san áireamh i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála aon éifeacht dhíobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag aon leochaileacht nó neamh-chomhréireacht a bhraitear ina dhiaidh sin maidir le táirge TFC, seirbhís TFC, próiseas TFC, seirbhís slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála an eintitis i ndáil le comhréireacht le ceanglais slándála an deimhnithe sin.

(114)Tá ról ríthábhachtach ag an gcomhchuibhiú maidir le cibearshlándáil láidir a áirithiú agus rochtain ar an margadh a fheabhsú do ghnólachtaí. Os a choinne sin, cruthaíonn ilroinnt agus easpa aitheantais fhrithpháirtigh deimhnithe bacainní suntasacha ar shreabhadh rianúil sonraí, rud a mhéadaíonn costais oibríochtúla do thionscal an Aontais. Chun na dúshláin sin a mhaolú, tá sé ríthábhachtach ilroinnt a sheachaint i raon feidhme na rialuithe slándála agus sna modhanna um measúnú comhréireachta ar fud an Aontais araon.

(115)Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún agus ECCG a chur ar an eolas luath go leor roimh ré sula nglacfaidh siad scéimeanna náisiúnta nua um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas chun cabhrú leis an gCoimisiún agus le ECCG meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na scéime náisiúnta nua um dheimhniú cibearshlándála ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus i bhfianaise aon leasa straitéisigh a bhaineann le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a iarraidh.

(116)D’fhéadfadh crostagairtí sa reachtaíocht náisiúnta a dhéanann tagairt do chaighdeáin náisiúnta nach mbíonn éifeachtaí dlíthiúla acu a thuilleadh de bharr theacht i bhfeidhm scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a bheith ina chúis le mearbhall. Dá bhrí sin, i gcás inarb ábhartha, ba cheart do na Ballstáit glacadh scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála a léiriú ina reachtaíocht náisiúnta.

(117)D’fhonn fás margaidh inmheánaigh iontaofa a éascú, agus comhpháirtíochtaí le tríú tíortha á gcruthú an tráth céanna, ba cheart an próiseas deimhniúcháin arna bhunú laistigh den chreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a chur chun feidhme ar bhealach lena n‑éascófar aitheantas idirnáisiúnta, aitheantas frithpháirteach agus ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta.

(118)Chun trádáil a éascú a thuilleadh, agus ag aithint dó gur slabhraí soláthair idirnáisiúnta iad slabhraí soláthair TFC, féadfaidh an tAontas comhaontuithe um aitheantas frithpháirteach maidir le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun coibhéis na ndeimhnithe tríú tír le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála Eorpacha a aithint go haontaobhach. Ba cheart a bheith in ann coinníollacha sonracha a sholáthar maidir le haitheantas den sórt sin a thabhairt do dheimhnithe tríú tír.

(119)Chun cur chun feidhme coibhéiseach an chreata a bhaint amach ar fud an Aontais, chun aitheantas frithpháirteach a éascú agus chun glacadh foriomlán na ndeimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus na ráiteas comhréireachta ón Aontas a chur chun cinn, is gá córas athbhreithnithe piaraí a chur ar bun idir na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála. Le hathbhreithniú piaraí, ba cheart nósanna imeachta a chumhdach chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála, chun faireachán a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ar mhonaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus eintitis dheimhnithe a dhéanann an féinmheasúnú comhréireachta, chun faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, chomh maith le hoiriúnacht shaineolas fhoireann na gcomhlachtaí a eisíonn deimhnithe le haghaidh leibhéal dearbhaithe ‘ard’. Ba cheart do ENISA páirt a ghlacadh sna hathbhreithnithe piaraí mar bhreathnóir agus tacú le heagrú an tsásra athbhreithnithe piaraí agus na n‑athbhreithnithe piaraí, lena n‑áirítear trí threoirdhoiciméid agus teimpléid ábhartha a fhorbairt, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le ECCG. Ina theannta sin, ba cheart do ENISA an fhaisnéis maidir le sceideal na n‑athbhreithnithe piaraí agus liosta na n‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a bhfuil piarmheasúnú le déanamh acu a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2540 ón gCoimisiún 60 , arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) 2019/881, bunaítear an plean le haghaidh athbhreithnithe piaraí atá á úsáid ag na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a glacadh. Is gá a áirithiú go leanfar de na hathbhreithnithe piaraí. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcás inar gá, plean nua a bhunú le haghaidh athbhreithnithe piaraí a mhairfidh 5 bliana ar a laghad, chomh maith le critéir agus modheolaíochtaí a leagan síos le haghaidh oibriú an chórais athbhreithnithe piaraí.

(120) A luaithe a ghlacfar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, ba cheart monaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó na heintitis a bhfuil a seasamh cibearshlándála faoi réir a ndeimhnithe a bheith in ann iarratais ar dheimhniú a dtáirgí TFC, a seirbhísí TFC, a bpróiseas TFC, a seirbhísí slándála bainistithe nó a seasamh cibearshlándála a chur faoi bhráid a rogha comhlachta um measúnú comhréireachta áit ar bith san Aontas. Ba cheart do chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chreidiúnú má chomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, agus, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais arna sonrú ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart an córas a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlánú leis an gcóras creidiúnaithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 61 .

(121) D’fhéadfadh inniúlachtaí a bheith ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta a creidiúnaíodh nó ar tugadh fógra dóibh faoi reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, go háirithe Rialachán (AE) 2024/2847 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482, ar inniúlachtaí iad atá ábhartha maidir le scéimeanna Eorpacha nuaghlactha um dheimhniú cibearshlándála. Chun ualach airgeadais agus riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint, is iomchuí sineirgí a chruthú le haghaidh creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoin Rialachán seo. Ar an gcúis sin, ba cheart ceanglais chreidiúnaithe na scéimeanna a bhunú ar bhealach ina mbeidh a oiread ailínithe agus is féidir ann leis na ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/2847 agus leis na ceanglais chreidiúnaithe faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482. Ina theannta sin, ba cheart do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a chuirtear faoi phróiseas creidiúnaithe faoin Rialachán seo a bheith in ann brath ar thorthaí na meastóireachta a rinneadh roimhe sin ar a n‑inniúlachtaí faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais, aon uair a bhíonn forluí sna ceanglais chreidiúnaithe.

(122)D’fhonn seirbhísí comhchuibhithe um measúnú comhréireachta a éascú ar fud an Aontais, ba cheart a bheith in ann ceanglais bhreise nó shonracha do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a leagan amach i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. I gcomhthéacs an deimhnithe, ba cheart údarú a thuiscint mar chinneadh ó údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála go gcomhlíonann comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais shonracha nó bhreise a leagtar amach i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála chun gníomhaíocht shonrach um measúnú comhréireachta a dhéanamh.

(123)I gcás ina leagtar amach ceanglais bhreise nó shonracha i gcomhréir leis an Rialachán seo i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, ba cheart do na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála údarú a thabhairt do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta cúraimí a dhéanamh faoin scéim sin. Chun údarú iolrach a sheachaint, chun cur le glacadh agus le haitheantas cinntí údaraithe agus chun faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar chomhlachtaí údaraithe um measúnú comhréireachta, ba cheart do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta údarú a iarraidh ó chomhlacht deimhnithe náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe. Mar sin féin, ní mór a áirithiú go bhfuil an deis ag comhlacht measúnaithe comhréireachta údarú a iarraidh i mBallstát eile nuair nach bhfuil aon údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála ina Bhallstát féin nó nuair nach bhfuil údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála in ann na seirbhísí údaraithe a iarrtar a chur ar fáil. Sna cásanna sin, ba cheart comhar agus malartú faisnéise iomchuí a áirithiú idir na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear na nósanna imeachta maidir le húdarú, lena n‑áirítear comhar trasteorann maidir le húdarú.

(124)Chun an leibhéal cosanta is gá le haghaidh táirge TFC, seirbhís TFC, próiseas TFC, seirbhís slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintitis a chosaint, tá sé fíor-riachtanach go gceanglaítear ar fhochonraitheoirí agus ar fhochuideachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais chéanna a chomhlíonadh leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra i ndáil le cúraimí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú. Dá réir sin, ba cheart an inniúlacht iomchuí a bheith ag comhlacht um measúnú comhréireachta agus ba cheart dó a bheith in ann a fhíorú go gcomhlíonann a fhochonraitheoirí na ceanglais is infheidhme.

(125)Ba cheart don údarás a thugann fógra measúnú iomchuí a dhéanamh ar a mhéid atá sé beartaithe ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta brath ar fhochonraitheoirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas, nó rochtain a bheith aige ar phearsanra nó ar shaoráidí lasmuigh den Bhallstát a thugann fógra. Ba cheart an deis a bheith ag údarás poiblí Ballstáit a chinneadh nach féidir leis an fhreagracht fhoriomlán a ghlacadh air féin mar údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála as socrú den sórt sin, agus raon feidhme an fhógra a tharraingt siar nó a theorannú.

(126)Chun meastóireacht a dhéanamh ar na ceanglais chibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas, ba cheart do na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi chomhlachtaí creidiúnaithe um measúnú comhréireachta. Le fógra a thabhairt do chomhlachtaí creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, do chomhlachtaí údaraithe um measúnú comhréireachta, léirítear gur féidir iontaoibh a bheith as na comhlachtaí sin agus gníomhaíochtaí meastóireachta agus deimhniúcháin á ndéanamh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, rud a chuireann le clú foriomlán an deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, a áirithiú go gcomhlíonann na comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoinar tugadh fógra a gceanglais agus go gcomhlíonann siad a n‑oibleagáidí le himeacht ama, agus go gcoinnítear liosta na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra cothrom le dáta.

(127)Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3143 ón gCoimisiún 62 arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) 2019/881, bunaítear na cúinsí, na formáidí agus na nósanna imeachta maidir le fógraí a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta atá á n‑úsáid ag na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go leanfar de na gníomhaíochtaí fógartha. Mar sin féin, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na himthosca, na nósanna imeachta agus na formáidí sin a choigeartú chun fógra a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún leas a bhaint as an taithí a fuarthas i gcomhthéacs na scéimeanna atá ann cheana, agus ailíniú a lorg le reachtaíocht agus creataí ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2024/2847 agus an creat reachtach nua, d’fhonn an t‑ualach comhlíontachta a laghdú do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta atá gníomhach faoi ionstraimí dlí éagsúla.

(128) Tá slabhraí soláthair na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) comhdhéanta de shraith nasctha acmhainní agus próiseas idir oibreoirí eacnamaíocha. Tá ról ríthábhachtach ag slabhraí soláthair TFC maidir le cobhsaíocht shochaíoch a chothú agus gníomhaíocht eacnamaíoch a chur chun cinn ar fud an Aontais. Tá ról ríthábhachtach acu freisin maidir leis an mbonneagar digiteach san Aontas a chumasú agus cuireann siad taca faoi fheidhmiú shochaí agus gheilleagar an Aontais. Cumasaítear le slabhraí soláthair TFC monarú, táirgeadh, dáileadh agus cothabháil seirbhísí TFC, córas TFC agus táirgí TFC atá mar bhonn agus mar thaca ag earnálacha criticiúla agus an-chriticiúla éagsúla, lena n‑áirítear cúram sláinte, airgeadas, iompar, teileachumarsáid, fuinneamh agus custaim. D’fhéadfadh slándáil shlabhraí soláthair TFC na n‑earnálacha criticiúla sin tionchar a imirt freisin ar shlándáil an bhonneagair cosanta agus mhíleata, i gcás ina mbraitheann an bonneagar sin ar earnálacha criticiúla sibhialtacha agus ar a slabhraí soláthair TFC. Mar sin féin, de réir na tuarascála ar stádas na mbagairtí cibearshlándála arna heisiúint ag ENISA (Tuarascáil ENISA ar Thimpeallacht na Bagartha 2025) 63 , tá ionsaithe ar shlabhraí soláthair i measc na gcúig phríomhbhagairt ar an gcibearshlándáil lena léirítear go bhfuil ionsaitheoirí ag giaráil conairí indíreacha go gníomhach trí sholáthraithe agus spleáchais tríú páirtí. Le cur isteach ar shlabhraí soláthair TFC, is féidir bac a chur ar shaothrú gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa mhargadh inmheánach, caillteanas airgeadais a ghiniúint, dochar a dhéanamh do mhuinín úsáideoirí agus damáiste mór a dhéanamh do gheilleagar agus sochaí an Aontais. Dá bhrí sin, tá ullmhacht don chibearshlándáil agus éifeachtacht na cibearshlándála níos fíor-riachtanaí ná riamh d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(129)Sa bhreis ar na rioscaí teicniúla a dtugtar aghaidh orthu le Treoir (AE) 2022/55 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 64 , le Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 65 agus leis an gCreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/881, tá slabhraí soláthair TFC níos neamhchosanta ar rioscaí de chineál neamhtheicniúil. D’fhéadfadh rioscaí neamhtheicniúla den sórt sin a bheith nasctha leis an dlínse a bhfuil soláthróir comhpháirteanna áirithe faoina réir, ach gan bheith teoranta di, go háirithe i gcás ina mbíonn tríú tír nó gníomhaithe bagartha atá faoi rialú na tíre sin ag gabháil do spiaireacht eacnamaíoch, ina ndéanann siad cibirghníomhaíochtaí mailíseacha nó cibearfheachtais in aghaidh an Aontais nó a Bhallstát, nó ina mbíonn siad ag gabháil d’iompar mífhreagrach Stáit sa chibearspás. Féadtar rioscaí neamhtheicniúla a nascadh freisin le leochaileachtaí nó cúldoirse folaithe nó le briseadh córasach a d’fhéadfadh a bheith sa soláthar, go háirithe i gcás gaibhniú teicneolaíochta nó spleáchas ar sholáthraí. Mar shampla, d’fhéadfaí lasca maraithe a úsáid chun tionchar diúltach a imirt ar infhaighteacht líonraí cumarsáide agus eangacha leictreachais.

(130)Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú 66 , cuireadh i dtábhacht an riosca go bhfaigheadh tríú tíortha rochtain ar fhaisnéis agus sonraí íogaire san Aontas nó ina Bhallstáit, mar thoradh ar spiaireacht thionsclaíoch, ar sholáthar crua-earraí nó bogearraí a úsáidtear i dtáirgí áirithe nó mar gheall ar a n‑úinéireacht agus a rialú ar ghnólachtaí áirithe a bhfuil faisnéis agus sonraí íogaire acu. Leagadh béim inti freisin ar an riosca go gcuirfeadh gníomhaithe eachtracha isteach ar bhonneagar criticiúil an Aontais – lena n‑áirítear iompar criticiúil, córais spáis, bonneagar fuinnimh agus cumarsáide, go háirithe iad siúd a shainaithnítear mar bhonneagar straitéiseach don tsoghluaisteacht mhíleata – rud a bhféadfadh éifeachtaí cascáide ar gheilleagar an Aontais a bheith mar thoradh air. D’fhéadfadh suaitheadh tarlú trí ionsaithe fisiciúla, cibirionsaithe nó hibrideacha, lena n‑áirítear sabaitéireacht saoráidí iomlána nó a bpáirteanna nó a bhfo-chomhpháirteanna. D’fhéadfaí iad a nascadh freisin le slabhraí soláthair TFC, nach bhfuil ach comhpháirteanna nó seirbhísí criticiúla acu le bonneagair chriticiúla.

(131)Mar fhreagairt ar na dúshláin a bhaineann le rioscaí neamhtheicniúla do shlándáil an tslabhra soláthair TFC, tá bearta rialála déanta ag roinnt Ballstát, lena n‑áirítear soláthróirí ardriosca a ainmniú, agus is dócha go ndéanfaidh Ballstáit eile amhlaidh. D’fhéadfadh éagsúlacht bhreise i gcur chuige náisiúnta a bheith mar thoradh air sin, agus ar deireadh leochaileacht níos airde i roinnt Ballstát, rud a d’fhéadfadh éifeachtaí iarmharta a bheith aige ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, is gá comhchuibhiú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe a bhaineann leis na rioscaí cibearshlándála neamhtheicniúla don slabhra soláthair TFC. Tá údar le hidirghabháil den sórt sin ar leibhéal an Aontais freisin i bhfianaise an ghá atá le hardleibhéal cibearshlándála a áirithiú ar fud an Aontais. Is é is aidhm do na forálacha maidir le slándáil an tslabhra soláthair TFC deireadh a chur le héagsúlachtaí chomh mór sin i measc na mBallstát, go háirithe trí rialacha a leagan amach maidir le sásraí measúnaithe riosca ar rioscaí a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair TFC ar leibhéal an Aontais agus íoschaighdeáin chosanta ar rioscaí an tslabhra soláthair TFC.

(132)Chun spleáchais chriticiúla agus leochaileachtaí criticiúla a laghdú, is gá creat iontaofa slabhra soláthair TFC a bhunú ar cheart dó aghaidh a thabhairt ar rioscaí neamhtheicniúla a bhaineann le soláthróirí agus spleáchais ardriosca in earnálacha ardchriticiúlachta agus in earnálacha criticiúla eile. Dá bhrí sin, is gá creat oibiachtúil, rioscabhunaithe, slán i bhfad na haimsire agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a sholáthar ar leibhéal an Aontais, chun príomhshócmhainní TFC a shainaithint agus chun foráil a dhéanamh maidir le tacar beart maolaitheach comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí.

(133)Féadfar rioscaí cibearshlándála, lena n‑áirítear rioscaí a bhaineann le spleáchas ar sholáthróirí ardriosca, a bhreathnú i roinnt slabhraí soláthair TFC criticiúla san Aontas, lena n‑áirítear trealamh braite, feithiclí nasctha agus uathoibrithe, córais soláthair leictreachais agus stóráil leictreachais, córais soláthair uisce, dróin agus córais frithdhrón, seirbhísí néalríomhaireachta, feistí leighis, trealamh faireachais, seirbhísí spáis agus leathsheoltóirí. Mar shampla, d’fhéadfadh leochaileachtaí i dtrealamh braite slándála rochtain a thabhairt ar chórais TFC lena gceadaítear do ghníomhaithe mailíseacha scanóirí a ionramháil ar bhealach ina bhféadfaí earraí toirmiscthe a thabhairt tríd an seicphointe slándála gan iad a bhrath, rud a bhféadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith aige.

(134)Leis an Rialachán seo, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena n‑áirithítear leibhéal níos airde cibearshlándála maidir leis an méid a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair TFC, ar choinníoll go bhfuil na forálacha sin comhsheasmhach le hoibleagáidí na mBallstát a leagtar síos i ndlí an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh ar na forálacha sin, mar shampla, bearta maolaithe níos déine a fhorchur a mhéid a bhaineann leis na príomhshócmhainní TFC.

(135)Chun rioscaí cibearshlándála a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlabhraí soláthair TFC sonracha a shainaithint, féadfaidh an Grúpa Comhair a bunaíodh le hAirteagal 14 de Threoir (AE) 2022/2555 (‘an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise’) measúnú a dhéanamh ar shlabhraí soláthair TFC sonracha trí bhíthin measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais. Sna measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais, ba cheart breathnú, i measc nithe eile, ar na príomhghníomhaithe bagartha, ar na príomhbhagairtí agus ar na príomhleochaileachtaí a dhéanann difear do na príomhshócmhainní TFC. Sna measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais, ba cheart liosta de chásanna riosca agus liosta beart chun na rioscaí a mhaolú a fhorbairt. Ba cheart measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais a chur i gcrích laistigh de 6 mhí. I gcás práinn shonrach, ba cheart a bheith in ann na sprioc-amanna a ghiorrú.

(136)I gcásanna ina bhfuil cúis leordhóthanach ag an gCoimisiún lena chreidiúint go bhfuil cibearbhagairt shuntasach ann do shlándáil an Aontais a bhaineann le slabhraí soláthair TFC criticiúla agus go bhféadfadh sé go mbeadh gá le gníomhaíocht chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, ba cheart dó dul i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit maidir leis an ngá atá le bearta maolaitheacha agus measúnú riosca slándála a dhéanamh, agus comhairliúchán na mBallstát á chur san áireamh.

(137)I gcás, mar thoradh ar mheasúnú riosca slándála arna dhéanamh ag an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise nó ag an gCoimisiún, inar cosúil go bhfuil rioscaí cibearshlándála neamhtheicniúla tromchúiseacha agus struchtúracha ag baint le tríú tír ar leith do shlabhraí soláthair TFC, ba cheart don Choimisiún an bhagairt a bhaineann leis an tír sin a fhíorú. Féadfaidh an Coimisiún an fíorú sin a thionscnamh freisin ar bhonn foinsí eile amhail ráiteas poiblí thar ceann an Aontais nó thar ceann Ballstáit mar fhreagairt ar chásanna d’iompraíocht mhífhreagrach stáit sa chibearspás as ar eascair teagmhas cibearshlándála. Chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal na bagartha, ba cheart don Choimisiún gnéithe amhail dlíthe nó cleachtais a bheith ann sa tríú tír lena gceanglaítear ar eintitis faoina ndlínse faisnéis faoi leochaileachtaí bogearraí nó crua-earraí a thuairisciú d’údaráis an tríú tír sin sula rabhthas ar an eolas go ndearnadh na leochaileachtaí sin a shaothrú a chur san áireamh. Gné ábhartha eile is ea easpa leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha, agus sásraí rialaithe neamhspleácha agus daonlathacha, lenar féidir ábhair imní slándála a cheartú, lena n‑áirítear ar chleachtais atá ann cheana, an fhaisnéis a bhfuil bunús léi faoi theagmhais gníomhaithe bagartha a oibríonn lasmuigh de chríoch na tíre sin a dhéanann cibirghníomhaíochtaí mailíseacha nó cibirfheachtais mhailíseacha, agus easpa cumais nó toilteanais an tríú tír oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún nó leis na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a eascraíonn as oibriú na ngníomhaithe bagartha sin. Ba cheart don Choimisiún faisnéis a chur san áireamh freisin a eascraíonn as measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais nó as tuarascálacha arna n‑eisiúint ag na Ballstáit nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail ECAT.

(138)Chun críoch an Rialacháin seo, ba cheart coincheap an rialaithe a thuiscint mar an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar eintiteas dlítheanach go díreach, nó go hindíreach trí eintiteas dlítheanach idirmheánach amháin nó níos mó. Ba cheart rialú eintiteas ó thríú tír lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándála a bhunú freisin i gcásanna ina bhfuil struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin ag an eintiteas sin sa tír sin.

(139)Níor cheart don Aontas tionscadail a bhfuil baint ag soláthróirí ardriosca leo a chistiú, rud a chuirfeadh slándáil an Aontais i mbaol agus a bhainfeadh an bonn de leasanna agus d’inchreidteacht an Aontais. Dá bhrí sin, níor cheart soláthróirí ardriosca a shainaithnítear faoin Rialachán seo a bheith i dteideal a bheith rannpháirteach in aon chlár cistiúcháin nó ionstraim chistiúcháin de chuid an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach i gcomhréir le hAirteagal 136 de Rialachán (AE/Euratom) 2024/2509 agus le rialacha earnáilsonracha an Aontais ná in aon ghníomhaíocht chistiúcháin de chuid an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, lena n‑áirítear faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile i ndáil le soláthar comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC a bhfuil comhpháirteanna TFC iontu atá le húsáid i bpríomhshócmhainní TFC sainaitheanta. Ba cheart do chomhpháirtithe cur chun feidhme an Aontais, amhail Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, staonadh ó thacaíocht a thabhairt do thionscadail a thagann salach ar an méid thuas, lena n‑áirítear in oibríochtaí ar a riosca féin.

(140)Is féidir leis an soláthar poiblí a bheith ina uirlis láidir d’údaráis phoiblí chun rannchuidiú le geilleagar níos nuálaí, níos inbhuanaithe agus níos iomaíche agus chun airgead poiblí a chaitheamh ar bhealach straitéiseach. Níor cheart soláthar poiblí a bhaineann le slabhraí soláthair TFC a úsáid chun dul chun tairbhe do sholáthróirí a chuireann slándáil bhonneagar criticiúil an Aontais i mbaol. Dá bhrí sin, níor cheart soláthróirí ardriosca a shainaithnítear faoin Rialachán seo a bheith i dteideal a bheith rannpháirteach i soláthar poiblí maidir le soláthar comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC atá le húsáid i bpríomhshócmhainní TFC sainaitheanta.

(141)Tá ról ag deimhniú cibearshlándála maidir leis an tslándáil fhoriomlán a neartú agus maidir le cibearbhagairtí a chomhrac, rud a fheidhmíonn mar thagarmharc iontaoibhe. D’fhéadfaí an iontaoibh sin a chreimeadh dá ndéanfadh soláthróirí ardriosca dearbhuithe scileanna cibearshlándála a sholáthar, ar soláthróirí iad nár cheart, dá bhrí sin, a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar bheith ina soláthraithe údaraithe d’aon dearbhú aonair de chuid an Aontais i ndáil le scileanna cibearshlándála. Ar an gcaoi chéanna, is iomchuí freisin soláthróirí ardriosca a eisiamh ó dheimhniú cibearshlándála a fháil faoin gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, agus ó bheith ina gcomhlachtaí creidiúnaithe um measúnú comhréireachta chun deimhnithe den sórt sin a sholáthar.

(142)Tá ról ríthábhachtach ag caighdeáin chibearshlándála maidir le slándáil agus iontaofacht na mbonneagar digiteach. Is gá bearta iomchuí a dhéanamh chun caighdeánú a áirithiú i réimse na cibearshlándála. Rannpháirtíocht eintiteas atá bunaithe i dtíortha nó atá á rialú ó thíortha a sainaithníodh mar thíortha ar ábhar imní cibearshlándála iad don slabhra soláthair TFC i gcomhréir leis an Rialachán seo, d’fhéadfadh tionchar a bheith aici ar chaighdeáin chibearshlándála ar bhealach a bhainfeadh an bonn dá slándáil agus dá n‑iontaofacht.

(143)Bunaithe ar thorthaí na measúnuithe riosca slándála, féadfaidh an Coimisiún a shainaithint, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cé na sócmhainní TFC ba cheart a mheas mar phríomhshócmhainní TFC mar gheall ar a gcriticiúlacht agus faoi réir bearta maolaitheacha sonracha. Ba cheart gur leor an fhéidearthacht maidir le nascacht na sócmhainne chun a riosca cibearshlándála a mheas.

(144)I gcás inar gá chun ardleibhéal cibearshlándála, cibear-athléimneachta agus iontaoibhe a áirithiú laistigh den Aontas, féadfar na bearta maolaitheacha a chur i bhfeidhm maidir le heintitis i ndáil lena slabhra soláthair TFC agus go háirithe maidir le príomhshócmhainní TFC a shainaithnítear. Ba cheart na bearta maolaitheacha atá beartaithe a bheith bunaithe ar an measúnú ar rioscaí agus spleáchais a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n‑áirítear an tionchar eacnamaíoch agus sochaíoch a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta sin ar na heintitis lena mbaineann atá ag feidhmiú in earnálacha atá an-chriticiúil nó in earnálacha criticiúla eile agus go háirithe FBManna. Leis an tionchar eacnamaíoch, ba cheart breathnú ar na costais a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart maolaitheacha, lena n‑áirítear fad shaolré na gcomhpháirteanna ábhartha sna príomhshócmhainní TFC i gcás ina n‑áirítear leis na bearta soláthróirí a athsholáthar. Ba cheart measúnú a dhéanamh freisin ar infhaighteacht soláthróirí malartacha ar an margadh chun soláthar leanúnach na seirbhísí a áirithiú.

(145)Ós rud é go bhféadfadh éifeacht shriantach a bheith ag bearta maolaitheacha ar an trádáil idirnáisiúnta in earraí agus seirbhísí, ba cheart iad a bheith comhréireach agus spriocdhírithe chun an cuspóir dlisteanach a shaothrú maidir le cibearshlándáil slabhraí soláthair TFC a áirithiú i ndáil le heintitis den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

(146)D’fhéadfadh baint a bheith ag úsáid, suiteáil nó aon chineál comhtháthaithe eile comhpháirteanna arna soláthar ag soláthróirí ardriosca in oibriú príomhshócmhainní TFC le rioscaí a bhaineann le haistrithe sonraí ina dhiaidh sin chuig tríú tír. Go háirithe, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint le leibhéal neamhleor cosanta a thugtar do na sonraí sa tríú tír, amhail chun cearta bunúsacha, maoin intleachtúil nó rúin trádála a chosaint, nó rochtain neamhdhleathach ar na sonraí sin agus saothrú neamhdhleathach na sonraí sin chun críocha cur isteach agus spiaireachta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Chun na rioscaí sin a mhaolú, féadfar srianta i ndáil le haistriú cineálacha sonracha sonraí chuig tríú tíortha a chur i bhfeidhm.

(147)Eascraíonn leochaileachtaí tábhachtacha as easpa éagsúlachta sa trealamh a úsáideann eintitis den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555. Má bhítear ag brath ar sholáthróir amháin, cruthaítear spleáchas ar threalamh nó ar réitigh shonracha. Cuireann easpa éagsúlachta soláthróirí le leochaileacht fhoriomlán an bhonneagair chriticiúil, go háirithe má fhaigheann eintitis a gcomhpháirteanna TFC a úsáidtear i sócmhainní TFC íogaire ó sholáthróir lena mbaineann ardleibhéal riosca. Bíonn tionchar suntasach ag an spleáchas freisin ar athléimneacht náisiúnta agus uile-Aontais agus cruthaíonn sé pointí aonair teipe. Chun na rioscaí sin a mhaolú, féadfar ceanglais a chur i bhfeidhm maidir le níos mó ná soláthróir amháin a bheith ann le haghaidh príomhshócmhainní TFC sonracha.

(148)Féadfaidh eintitis an Aontais príomhshócmhainní a úsáid freisin mar a shainmhínítear sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le slándáil an tslabhra soláthair TFC a bheith infheidhme maidir leo freisin. Chun a áirithiú go gcuirfear sainiúlacht eintitis an Aontais san áireamh, tá sé tábhachtach rioscaí neamhtheicniúla a eascraíonn as slabhraí soláthair TFC maidir le heintitis an Aontais a chur san áireamh agus measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais á ndéanamh.

(149)In imthosca eisceachtúla lena dtugtar údar le hidirghabháil láithreach chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil fianaise shoiléir ann lena dtugtar cúis leordhóthanach don Choimisiún a mheas go bhfuil úsáid comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC ó sholáthróir sonrach ina bagairt shuntasach chibearshlándála ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nó sochaíocha trí Bhallstát ar a laghad, féadfaidh an Coimisiún a mholadh, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, toirmeasc a chur ar úsáid, suiteáil nó comhtháthú na gcomhpháirteanna sin ón soláthróir sin de réir chineál na n‑eintiteas dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555.

(150)Chun comhréireacht na mbeart arna gcur i bhfeidhm a áirithiú, eintitis atá bunaithe i dtríú tír lena mbaineann ábhair imní chibearshlándála arna n‑ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó arna rialú ag an tríú tír sin, ag eintiteas atá bunaithe sa tríú tír sin, nó ag náisiúnach den tríú tír sin, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar bheith díolmhaithe ón toirmeasc ar chomhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC a sholáthar d’eintitis de chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, ar comhpháirteanna nó comhpháirteanna iad ina bhfuil comhpháirteanna TFC lena n‑úsáid, lena suiteáil nó lena gcomhtháthú i bpríomhshócmhainní TFC an eintitis sin agus atá rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair phoiblí arna n‑eagrú i gcomhréir leis an reachtaíocht lena dtrasuitear Treoracha 2014/24/AE 67 agus 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 68 i ndáil le soláthar comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC ina bhfuil comhpháirteanna TFC atá le húsáid i bpríomhshócmhainní TFC sainaitheanta. Chun na críche sin, ba cheart don eintiteas a léiriú le fianaise shoiléir go gcuireann sé bearta éifeachtacha i bhfeidhm lena dtugtar aghaidh ar na rioscaí neamhtheicniúla agus lena n‑áirithítear nach mbeidh aon chur isteach míchuí féideartha ag tríú tír a bhfuil ábhair imní chibearshlándála ag baint léi.

(151)Is cnámh droma iad líonraí cumarsáide leictreonaí do raon leathan seirbhísí atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus do choinneáil ar bun agus d’oibriú feidhmeanna ríthábhachtacha sochaíocha agus eacnamaíocha – amhail fuinneamh, iompar, baincéireacht, sláinte, cosaint, chomh maith le córais rialaithe thionsclaíocha. Dá bhrí sin, is spriocanna tarraingteacha iad na líonraí an-chriticiúla sin do gach cineál cibirionsaithe agus bagairtí hibrideacha, do shuaitheadh, spiaireacht, bailiú faisnéise, agus do chalaois agus do choireacht airgeadais. Sa mheasúnú riosca ar an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise i ndáil le cibearshlándáil agus athléimneacht bhonneagair agus líonraí cumarsáide na hEorpa, sainaithníodh roinnt rioscaí agus bagairtí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo ó thaobh an Aontais de, amhail bogearraí mailíseacha díothaithe sonraí/bogearraí éirice, ionsaithe, ionsaithe ar an slabhra soláthair, ionraí ar líonraí, agus ionsaí diúltaithe seirbhíse dáilte.

(152)I bhfianaise an idirnaisc agus an idirspleáchais idir na líonraí náisiúnta cumarsáide leictreonaí éagsúla, is gá do na Ballstáit uile bearta iomchuí a dhéanamh chun slándáil a líonraí a áirithiú. Ar na cúiseanna céanna, is gá creat dlíthiúil éifeachtach a bheith i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais lena dtabharfar aghaidh freisin ar rioscaí neamhtheicniúla agus lena n‑áiritheofar slándáil na líonraí cumarsáide leictreonaí idirnasctha ar bhealach cuimsitheach.

(153)Go háirithe, tá tábhacht straitéiseach ag baint le cibearshlándáil líonraí 5G don Aontas ós rud é gurb iad na líonraí sin cnámh droma raon leathan seirbhísí atá ríthábhachtach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus go bhfuil siad ríthábhachtach freisin chun ár n‑ullmhacht cosanta a chur ar bun, lena n‑áirítear i ndáil le soghluaisteacht mhíleata. Tá líonraí 5G in ann nascacht iontaofa sárthapa a sholáthar, mar shampla le chun sonraí agus faisnéise a chomhroinnt, chun dróin a bhrath agus chun comhordú fíor-ama a dhéanamh ar láthair an chatha.

(154)Is éard atá in imscaradh 5G go príomha líonraí spleácha, nach ndéantar ach an líonra rochtana raidió a uasghrádú go teicneolaíocht 5G iontu, agus tá an chuid eile den líonra fós ag brath ar chroíghréasán 4G atá ann cheana. Tógann líonraí spleácha 5G go príomha ar bhonneagar atá i bhfeidhm cheana, rud a chiallaíonn go gcinntear slándáil líonraí 5G amach anseo, go pointe áirithe, le trealamh líonra atá i bhfeidhm cheana agus le cumraíocht an trealaimh sin. Dá bhrí sin, ba cheart do bhearta maolaitheacha líonraí 4G ar a mbraitheann imscaradh 5G a chumhdach freisin.

(155)Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin thábhachtacha slándála i líonraí 5G, rinne na Ballstáit laistigh den Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, in éineacht leis an gCoimisiún agus ENISA, measúnú riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais ar líonraí 5G, inar scrúdaíodh rioscaí teicniúla agus neamhtheicniúla araon. Sainaithníodh roinnt rioscaí sa mheasúnú sin, lena n‑áirítear cur isteach féideartha ó thríú tíortha nó ó ghníomhaithe tríú tír tríd an slabhra soláthair, agus rinneadh sócmhainní a chatagóiriú de réir a gcriticiúlachta. Ba cheart an measúnú sin a ghlacadh mar bhonn chun na príomhshócmhainní TFC le haghaidh líonraí cumarsáide 5G a shainiú.

(156)Chun na rioscaí a sainaithníodh sa mheasúnú riosca slándála comhordaithe ar líonraí 5G ar leibhéal an Aontais a mhaolú, ghlac an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise Bosca Uirlisí an Aontais le haghaidh shlándáil 5G, ina leagtar amach bearta straitéiseacha agus teicniúla. Cé go bhfuil creataí dlíthiúla ag formhór na mBallstát lena gceadaítear srianta nó eisiaimh soláthróirí ardriosca mar a mholtar i mBosca Uirlisí 5G, ní raibh cur chun feidhme na gcreataí sin aonfhoirmeach. Is é an toradh atá air sin go soláthraíonn soláthróirí ardriosca líon tábhachtach láithreán 5G ar fud an Aontais dá dtagraítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Bhosca Uirlisí 5G 69 . Fágann sé sin go bhfuil leochaileachtaí ann, lena n‑áirítear spleáchas straitéiseach agus neamhchosaint fhéideartha ar chur isteach ó thríú tíortha, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh freisin do bhonneagar 6G a thógfar amach anseo ar líonraí 5G atá ann cheana. Mar thoradh ar chur chun feidhme ilroinnte na mbeart a moladh i mBosca Uirlisí 5G, go háirithe maidir le raon feidhme na srianta ar sholáthróirí ardriosca, tá éagsúlachtaí ann idir na Ballstáit, rud a fhágann go bhfuil éagothroime iomaíochta ann lena roinntear an margadh inmheánach agus lena lagaítear slándáil fhoriomlán an líonra. Chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i dtábhacht na héagothromaíochtaí sin, agus thug sí rabhadh go mbaintear an bonn d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh in éagmais cur chuige comhordaithe. Tá rioscaí tromchúiseacha ag baint le spleáchas leanúnach ar sholáthróirí ardriosca do shlándáil an bhonneagair chriticiúil san Aontas agus d’fhéadfadh sé an iontaoibh as an margadh inmheánach a laghdú, toisc go bhféadfadh leibhéil slándála neamhréireacha tomhaltóirí agus gnólachtaí a dhíspreagadh ó bheith ag brath ar tháirgí agus ar sheirbhísí 5G ar fud an Aontais. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, bearta a bheith ann ar leibhéal an Aontais chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le slándáil líonraí 5G.

(157)Chun críche tréimhse céimnithe amach a bhunú le haghaidh phríomhshócmhainní TFC na líonraí cumarsáide leictreonaí fosaithe agus satailíte, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh agus aird chuí á tabhairt ar mhéid na rioscaí slándála a bhaineann le gach príomhshócmhainn shonrach TFC de chuid na líonraí fosaithe agus satailíte, saolré na gcomhpháirteanna ábhartha agus an tionchar eacnamaíoch a bheadh ag baint na gcomhpháirteanna sin ar na hoibreoirí lena mbaineann. Bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe sin, féadfaidh an Coimisiún breithniú a dhéanamh ar thréimhsí éagsúla céimnithe amach a bhunú do na príomhshócmhainní TFC áirithe agus dá n‑eilimintí lárnacha.

(158)Chun maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach a dhéanamh ar oibleagáidí a bhaineann le soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte, ba cheart do na húdaráis inniúla ábhartha faoin Rialachán seo dlúthchomhar a áirithiú leis na húdaráis inniúla faoin [togra le haghaidh an Ghnímh um Líonraí Digiteacha]. Arna iarraidh sin d’údarás inniúil arna ainmniú faoin Rialachán seo, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta nó d’údaráis inniúla eile maidir le speictream raidió, i gcás inarb iomchuí, na cearta dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 20 [an togra le haghaidh an Ghnímh um Líonraí Digiteacha] a tharraingt siar mura bhfuil na hoibleagáidí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh ag an soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, lena n‑áirítear mura gcuireann an soláthraí deireadh de réir a chéile le comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC ina bhfuil comhpháirteanna TFC ó sholáthróirí ardriosca in oibriú príomhshócmhainní TFC laistigh den tréimhse a shonraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(159)I bhfianaise na ndifríochtaí i struchtúir rialachais náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú nó a bhunú a bheidh freagrach as na bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo.

(160)Ba cheart do na húdaráis inniúla tacaíocht a thabhairt d’eintitis den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 chun a n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún a mheas an bhfuil soláthróirí a bhféadfadh toirmisc shonracha difear a dhéanamh dóibh bunaithe i dtríú tír lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil nó atá á rialú ag an tríú tír sin nó ag eintiteas atá bunaithe sa tríú tír sin nó ag náisiúnach den tríú tír sin. Ba cheart d’údaráis inniúla oibriú i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le húdaráis inniúla eile laistigh den Líonra a bhunaítear faoin Rialachán seo. Bunaithe ar an measúnú ón gCoimisiún, ba cheart do na húdaráis inniúla faisnéis ábhartha a bhaineann le soláthróirí ardriosca a chomhroinnt le heintitis ábhartha den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555. Ní mheastar go bhfíoróidh eintitis an bhfuil soláthróir faoi rialú eachtrach ach féadfaidh siad brath go hiomlán ar fhaisnéis a fhaightear ó údaráis inniúla. Ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú nach bhforchuirfear aon ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar na heintitis sin.

(161)Chun comhlíonadh éifeachtach a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin trínar féidir leis na húdaráis inniúla maoirseacht a dhéanamh ar eintitis den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555. I gcás ina ndéanann na húdaráis inniúla a gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a chur i gcrích i ndáil leis na heintitis sin, níor cheart dóibh dul thar a bhfuil riachtanach agus a bheith comhréireach leis na rioscaí sainaitheanta.

(162)Chun go mbeidh an forfheidhmiú éifeachtach agus comhsheasmhach ar fud an Aontais, is gá cumhachtaí forfheidhmiúcháin a thabhairt is féidir leis na húdaráis inniúla a fheidhmiú i leith shárú na n‑oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Agus na cumhachtaí forfheidhmiúcháin sin á bhfeidhmiú acu, ba cheart do na húdaráis inniúla aird chuí a thabhairt ar roinnt tosca, lena n‑áirítear cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, an damáiste ábhartha nó neamhábhartha a rinneadh, cibé acu an ndearnadh an sárú d’aon ghnó nó le faillí, gníomhaíochtaí a rinneadh chun an damáiste ábhartha nó neamhábhartha a chosc nó a mhaolú, an méid freagrachta nó aon sárú ábhartha roimhe sin, an méid comhair leis an údarás inniúil agus aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile. Ba cheart na bearta forfheidhmiúcháin, lena n‑áirítear pionóis, a bheith comhréireach agus ba cheart forchur na bpionós a bheith faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, lena n‑áirítear an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, toimhde na neamhchiontachta agus na cearta cosanta.

(163)Tá sé tábhachtach freisin foráil a dhéanamh maidir leis an gcumhacht chun íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, chun iallach a chur ar eintiteas den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I nó II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 scor de shárú ar an Rialachán seo i gcomhréir le cinneadh roimh ré ón údarás inniúil.

(164) Chun go n‑áiritheofar forfheidhmiú éifeachtach na n‑oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht a bheith ag gach údarás inniúil pionóis a ghearradh nó a iarraidh go ngearrfar na pionóis sin.

(165)Chun pionóis a fhorchur ar eintiteas den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 ar gnóthas é, ba cheart a thuiscint gur gnóthas é gnóthas i gcomhréir le hAirteagail 101 agus 102 CFAE. I gcás ina ngearrtar fíneáil ar dhuine nach gnóthas, ba cheart don údarás inniúil an leibhéal ioncaim ginearálta sa Bhallstát a chur san áireamh chomh maith le staid eacnamaíoch an duine agus méid iomchuí na pionóis á mheas. Ba cheart é a bheith faoi na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ar cé acu ba cheart nó nár cheart d’údaráis phoiblí a bheith faoi réir pionós agus ar a mhéid ba cheart dóibh a bheith faoina réir. Trí phionós a fhorchur, níor cheart difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm cumhachtaí eile de chuid na n‑údarás inniúil.

(166)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le táillí arna dtobhach ag ENISA, gníomhartha cur chun feidhme lena ndéantar foráil maidir le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas, gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos prionsabail choiteanna agus forálacha tagartha lena mbeartaítear foráil a dhéanamh maidir le heilimintí ar fud scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear nósanna imeachta maidir le samhlacha formheasa roimh ré nó samhlacha ginearálta tarmligin, gníomhartha cur chun feidhme maidir le haitheantas a thabhairt do dheimhnithe cibearshlándála tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta mar dheimhnithe atá coibhéiseach le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála, gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear plean le haghaidh athbhreithniú piaraí, gníomhartha cur chun feidhme chun na nósanna imeachta a bhunú, lena n‑áirítear maidir le comhar trasteorann, maidir le húdarú na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta, gníomhartha cur chun feidhme chun na himthosca, na formáidí agus na nósanna imeachta a bhunú maidir le fógraí a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, gníomhartha cur chun feidhme lena n‑ainmnítear tríú tír mar thír ar ábhar imní cibearshlándála í do shlabhraí soláthair TFC, gníomhartha cur chun feidhme lena sainaithnítear príomhshócmhainní TFC a úsáidtear chun táirgí a mhonarú nó chun seirbhísí a sholáthar ag eintitis den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear go bhfuil eintitis a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta agus earnálacha criticiúla eile faoi réir bearta maolaitheacha sonracha agus lena sonraítear na tréimhsí ama chun deireadh a chur de réir a chéile le comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC arna soláthar ag soláthróirí ardriosca, gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear a thuilleadh coinníollacha maidir leis an díolúine d’eintitis atá bunaithe i dtríú tír nó atá á rialú ag eintitis ó thríú tír ar ábhar imní cibearshlándála iad, chomh maith le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le táillí arna dtobhach ag an gCoimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún freisin i ndáil le liosta soláthróirí ardriosca a bhunú atá ábhartha do bhearta áirithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(167)Is gá do scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála léiriú a thabhairt ar na forbairtí teicneolaíochta is déanaí, ar bhagairtí gaolmhara nua, agus ar reachtaíocht nua de chuid an Aontais a ghlacadh lena leagtar amach léiriú ar chomhlíonadh na reachtaíochta sin agus toimhde na comhréireachta trí dheimhniú Eorpach cibearshlándála le ceanglais ábhartha chibearshlándála na reachtaíochta sin. Ar na cúiseanna sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun cur leis na cuspóirí slándála a shaothraítear le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála nó chun iad a mhodhnú. Ar an gcaoi chéanna, ar mhaithe le creat iontaofa slabhra soláthair TFC, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun í a oiriúnú d’fhorbairtí teicneolaíocha. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(168)Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar oibríochtaí ENISA go tráthrialta agus go neamhspleách. Sa mheastóireacht sin, ba cheart aird a thabhairt ar chuspóirí ENISA agus ar ábharthacht a cúraimí, go háirithe a cúraimí a bhaineann leis an gcomhar oibríochtúil ar leibhéal an Aontais. I gcás athbhreithnithe, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir ról ENISA mar phointe tagartha comhairle agus saineolais a threisiú.

(169)Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 ón gCoimisiún, leagtar síos rialacha a mhéid a bhaineann le glacadh na scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála bunaithe ar Chritéir Choiteanna (DCAE). Is é DCAE an chéad scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála agus an t‑aon scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála amháin a glacadh faoi Rialachán (AE) 2019/881. Baineann sé le deimhniú táirgí TFC, lena n‑áirítear táirgí a bhaineann leis na fearainn theicniúla ‘cártaí cliste agus gairis chomhchosúla’ agus ‘gairis chrua-earraí le boscaí slándála’, agus próifílí cosanta (mar phróisis TFC). Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go leanfar de na gníomhaíochtaí deimhniúcháin agus de ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

(170)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 70 agus thug siad tuairim chomhpháirteach [dáta].

(171)Ba cheart Rialachán (AE) 2019/881 a aisghairm.

(172)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin sin a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I 
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme

1.Leagtar síos leis an Rialachán seo:

(a)an misean, na cuspóirí, na cúraimí agus na hábhair eagraíochtúla a bhaineann le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA);

(b)creat chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a bhunú ar mhaithe le leibhéal leordhóthanach cibearshlándála a áirithiú le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas san Aontas, agus chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint maidir le scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála san Aontas; agus

(c)creat iontaofa slabhra soláthair TFC.

2.Tá feidhm ag an gcreat dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) gan dochar d’fhorálacha sonracha i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le deimhniú deonach nó éigeantach.

3.Beidh feidhm ag an gcreat dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c) maidir le heintitis phoiblí nó phríobháideacha de chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I nó II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 a sholáthraíonn a seirbhísí nó a dhéanann a ngníomhaíochtaí laistigh den Aontas.

4.Tá an Rialachán seo gan dochar do na feidhmeanna bunriachtanacha Stáit atá ag na Ballstáit, lena n‑áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú, an smacht reachta a chaomhnú agus an tslándáil náisiúnta a chosaint. Fanfaidh an tslándáil náisiúnta, go háirithe, ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘cibearshlándáil’ na gníomhaíochtaí uile is gá chun córais gréasán agus faisnéise, úsáideoirí na gcóras sin, agus daoine eile dá ndéantar difear a chosaint ar chibearbhagairtí;

(2)ciallaíonn ‘eintitis Aontais’ eintitis an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841;

(3)ciallaíonn ‘soláthraí dearbhaithe údaraithe’ eintiteas, poiblí nó príobháideach, a bhfuil cinneadh glactha ag ENISA ina leith lena n‑údaraítear don eintiteas sin dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála a dhámhachtain mar a leagtar síos i scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála;

(4)Ciallaíonn ‘dearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála’ taifead, i bhfoirm dhigiteach nó fhisiceach, lena ndearbhaítear go bhfuil a fhios ag duine aonair, go dtuigeann sé agus go bhfuil sé in ann na cúraimí a bhaineann le rólphróifíl nó le fothacar de rólphróifíl den Chreat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála a dhéanamh, tar éis measúnú a dhéanamh mar a leagtar síos i scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála;

(5)Ciallaíonn ‘scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála’ tacar cuimsitheach rialacha, ceanglas, caighdeán agus nósanna imeachta arna mbunú ag ENISA agus a bhaineann le rólphróifíl an Chreata Eorpaigh um Scileanna Cibearshlándála nó le fothacar de, agus a bhfuil feidhm acu maidir le soláthraithe dearbhaithe údaraithe agus a chuireann soláthraithe dearbhaithe údaraithe i bhfeidhm;

(6)ciallaíonn ‘córas gréasán agus faisnéise’ córas gréasán agus faisnéise mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (1), de Threoir (AE) 2022/2555;

(7)ciallaíonn ‘straitéis náisiúnta chibearshlándála’ straitéis náisiúnta chibearshlándála mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (4), de Threoir (AE) 2022/2555;

(8)ciallaíonn ‘teagmhas’ teagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (6), de Threoir (AE) 2022/2555;

(9)ciallaíonn ‘teagmhas mórscála cibearshlándála’ teagmhas mórscála cibearshlándála mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (7), de Threoir (AE) 2022/2555;

(10)ciallaíonn ‘láimhseáil teagmhais’ láimhseáil teagmhais mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (8), de Threoir (AE) 2022/2555;

(11)ciallaíonn ‘cibearbhagairt’ aon chúinse nó teagmhas a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do chórais gréasán agus faisnéise, d’úsáideoirí na gcóras sin agus do dhaoine eile, a d’fhéadfadh cur isteach orthu, nó a d’fhéadfadh tionchar díobhálach eile a bheith aige orthu;

(12)ciallaíonn ‘scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála’ tacar cuimsitheach rialacha, ceanglas teicniúil, caighdeán agus nósanna imeachta a bhunaítear ar leibhéal an Aontais agus a bhfuil feidhm acu maidir le deimhniú nó measúnú comhréireachta táirgí TFC sonracha, seirbhísí TFC sonracha, próiseas TFC sonrach, seirbhísí slándála bainistithe sonracha nó seasamh cibearshlándala eintiteas;

(13)ciallaíonn ‘scéim náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála’ tacar cuimsitheach rialacha, ceanglas teicniúil, caighdeán agus nósanna imeachta a fhorbraíonn agus a ghlacann údarás poiblí náisiúnta agus a bhfuil feidhm acu maidir le deimhniú táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC nó seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas a thagann faoi raon feidhme na scéime sonraí;

(14)ciallaíonn ‘deimhniú Eorpach cibearshlándála’ doiciméad a eisíonn comhlacht ábhartha lena ndeimhnítear go bhfuiltear tar éis meastóireacht a dhéanamh ar tháirge TFC ar leith, seirbhís TFC ar leith, próiseas TFC ar leith nó seirbhís slándála bainistithe ar leith nó seasamh cibearshlándala eintiteas maidir le comhlíonadh na gceanglas slándála sonrach a leagtar síos i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála;

(15)ciallaíonn ‘ráiteas comhréireachta ón Aontas’ doiciméad a eisíonn monaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó an t‑eintiteas a bhfuil a sheasamh cibearshlándála faoi réir deimhniúcháin, ina luaitear gur léiríodh trí fhéinmheasúnú comhréireachta gur comhlíonadh na ceanglais a chomhfhreagraíonn do leibhéal dearbhaithe ‘bunúsach’, a leagtar síos sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála;

(16)ciallaíonn ‘táirge TFC’ eilimint nó grúpa eilimintí de chóras gréasán nó faisnéise;

(17)ciallaíonn ‘seirbhís TFC’ seirbhís lena ndéantar, go hiomlán nó go príomha, traschur, stóráil, aisghabháil nó próiseáil ar fhaisnéis trí bhíthin córais gréasán agus faisnéise;

(18)ciallaíonn ‘próiseas TFC’ sraith gníomhaíochtaí a dhéantar chun táirge TFC nó seirbhís TFC a dhearadh, a fhorbairt, a sholáthar agus a choinneáil ar bun;

(19)ciallaíonn ‘seirbhís slándála bainistithe’ seirbhís a sholáthraítear do thríú páirtí arb é atá i gceist léi gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca cibearshlándála a dhéanamh, nó cúnamh a thabhairt dóibh, amhail láimhseáil teagmhas, tástáil treáite, iniúchtaí slándála agus comhairliúchán, lena n‑áirítear sainchomhairle, a bhaineann le tacaíocht theicniúil;

(20)ciallaíonn ‘creidiúnú’ creidiúnú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(21)ciallaíonn ‘comhlacht creidiúnaithe náisiúnta’ comhlacht creidiúnaithe náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(22)ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(23)ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht um measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(24)ciallaíonn ‘caighdeán’ caighdeán mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 71 ;

(25)ciallaíonn ‘sonraíocht theicniúil’ sonraíocht theicniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (CE) Uimh. 1025/2012;

(26)ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(27)ciallaíonn ‘leibhéal dearbhaithe’ bonn don mhuinín go gcomhlíonann táirge TFC, seirbhís TFC, próiseas TFC, seirbhís slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintitis ceanglais slándála de scéim Eorpach shonrach um dheimhniú cibearshlándála, agus go léirítear leis an leibhéal ag a ndearnadh meastóireacht ar tháirge TFC, seirbhís TFC, próiseas TFC, seirbhís slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintitis ach, dá réir sin, nach ndéantar leis slándáil an táirge TFC, na seirbhíse TFC, an phróisis TFC, na seirbhíse slándála bainistithe nó sheasamh cibearshlándála an eintitis lena mbaineann a thomhas;

(28)ciallaíonn ‘féinmheasúnú comhréireachta’ gníomhaíocht a dhéanann monaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó an t‑eintiteas a bhfuil a sheasamh cibearshlándála faoi réir deimhniúcháin, lena ndéantar meastóireacht ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas na ceanglais a bhaineann le scéim Eorpach shonrach um dheimhniú cibearshlándála;

(29)ciallaíonn ‘seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas’ leibhéal cibearshlándála na n‑eintiteas i ndáil leis na ceanglais slándála shonracha;

(30)ciallaíonn ‘samhail formheasa roimh ré’ samhail trína bhféadfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta deimhniú Eorpach cibearshlándála a eisiúint bunaithe ar mheasúnú arna dhéanamh ag údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála i gcomhthéacs próiseas sonrach deimhniúcháin faoi scéim ábhartha;

(31)ciallaíonn ‘samhail tarmligin ghinearálta’ samhail trína bhféadfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta deimhniú Eorpach cibearshlándála a eisiúint bunaithe ar tharmligean gníomhaíochtaí deimhniúcháin ag údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála;

(32)ciallaíonn ‘foireann freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí’ nó ‘CSIRT’ CSIRT arna ainmniú nó arna bhunú de bhun Airteagal 10 de Threoir (AE) 2022/2555.

(33)ciallaíonn ‘comhpháirteanna TFC’ táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC a fhéadfar a úsáid chun sócmhainní TFC a oibriú;

(34)ciallaíonn ‘sócmhainní TFC’ sócmhainní bogearraí nó crua-earraí sna córais gréasán agus faisnéise a úsáideann eintiteas den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555;

(35)ciallaíonn ‘príomhshócmhainní TFC’ sócmhainní TFC a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 102;

(36)ciallaíonn ‘líonra cumarsáide leictreonaí’ líonra cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) XX/XXXX [togra le haghaidh an Ghnímh um Líonraí Digiteacha];

(37)ciallaíonn ‘rialú’ an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar eintiteas dlítheanach go díreach nó go hindíreach trí eintiteas dlítheanach idirmheánach amháin nó níos mó;

(38)ciallaíonn ‘bunaíocht’ feidhmiú éifeachtach gníomhaíochta trí shocruithe cobhsaí sa tír ina bhfuil a riarachán lárnach nó a phríomháit ghnó ag an eintiteas;

(39)ciallaíonn ‘soláthróir ardriosca’ ceachtar díobh seo a leanas:

(a)eintiteas atá bunaithe i dtríú tír lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 100, nó arna rialú ag an tríú tír sin, ag eintiteas atá bunaithe sa tríú tír sin, nó ag náisiúnach den tríú tír sin;

(b)eintiteas arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 103(7) agus eintitis arna rialú ag an eintiteas sin;

(40)ciallaíonn ‘slabhra soláthair TFC’ suim de sheirbhísí TFC, de tháirgí TFC agus de phróisis TFC lena gcuimsítear gníomhaíochtaí agus gníomhaithe a bhfuil baint acu le gach céim réamhtheachtach de tháirge a bheith á chur ar fáil nó de sheirbhís a bheith á soláthar ar an margadh;

(41)ciallaíonn ‘tríú tír’ tríú tír mar a shainmhínítear in Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) 2023/2675 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 72 ;

(42)ciallaíonn ‘riosca neamhtheicniúil’ an dóchúlacht go mbeadh an soláthróir faoi réir tionchar ag tríú tír a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le caillteanas seirbhíse nó cur isteach ar an tseirbhís arna soláthar nó a d’fhéadfadh an táirge arna mhonarú ag eintiteas a chur i mbaol nó a bhféadfadh sé a bheith ina chúis le gadaíocht sonraí, lena n‑áirítear chun críoch spiaireachta nó giniúna ioncaim;

(43)ciallaíonn ‘riosca suntasach neamhtheicniúil cibearshlándála’ riosca neamhtheicniúil cibearshlándála ar féidir glacadh leis gur mór an dóchúlacht go mbeidh sé ina chúis le teagmhas a bhféadfadh tionchar diúltach tromchúiseach a bheith mar thoradh air, lena n‑áirítear caillteanas nó cur isteach suntasach ábhartha nó neamhábhartha;

(44)ciallaíonn ‘feidhmeanna croí-líonra na líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha’ eilimint lárnach ailtireachta na líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha a nascann príomhnóid líonra leis an Idirlíon agus a bhainistíonn feidhmeanna fíor-riachtanacha córais lena n‑áirítear fíordheimhniú trealaimh úsáideora, feidhmeanna idircheaptha dhleathaigh, tairseacha slándála ar imeall an líonra, feidhmeanna slándála comharthaíochta, bainistiú fánaíochta agus seisiún, iompar sonraí úsáideoirí agus plána rialaithe, bainistiú beartais rochtana, clárú agus údarú seirbhísí líonra, stóráil sonraí úsáideora deiridh agus líonra, seirbhísí líonra criticiúla lena n‑áirítear córas ainmneacha fearainn (DNS), idirnascadh le líonraí móibíleacha tríú páirtí, nochtadh feidhmeanna croí-líonra d’fheidhmchláir sheachtracha, agus roghnú agus bainistiú slisní líonra;

(45)ciallaíonn ‘fíorúlú feidhme líonra agus bainistiú agus eagrúchán líonra na líonraí cumarsáide leictreonaí móibílí’ na bogearraí agus an creat ailtireachta lena n‑áirithítear bainistiú saolré, eagrú agus uathoibriú feidhmeanna líonra fíorúlaithe, feidhmeanna líonra néaldúchasaigh agus roghnú agus bainistiú slisní líonra laistigh de líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha;

(46)ciallaíonn ‘líonra rochtana raidió (RAN) de líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha’ an líonra a nascann trealamh an úsáideora mhóibíligh leis an gcroí-líonra, lena n‑áirítear stáisiúin bhunáite (eNodeB le haghaidh 4G, gNodeB le haghaidh 5G), cinn raidió chianda agus aonaid bhunbhanda, córais aeróige ghníomhacha, agus i gcás inarb infheidhme, comhpháirteanna RAN dí-chomhiomlánaithe amhail aonaid láraithe agus aonaid dáilte, agus rialaitheoir cliste (RIC) RAN;

(47)ciallaíonn ‘feidhmeanna croí-líonra na líonraí cumarsáide leictreonaí fosaithe’ faisnéis cnáimhe droma an líonra, lena nasctar na príomhnóid agus lena láimhseáiltear raon feidhmeanna fíor-riachtanacha, lena n‑áirítear fíordheimhniú agus údarú úsáideoirí, feidhmeanna idircheaptha dhleathaigh, córas ainmneacha fearainn (DNS) agus seirbhísí seolacháin IP, bainistiú beartais rochtana, stóráil sonraí úsáideora deiridh agus líonra, malartú agus ródú IP, agus tairseacha idirlín idirnáisiúnta;

(48)ciallaíonn ‘córas bainistithe líonra na líonraí cumarsáide leictreonaí fosaithe’ na hardáin láraithe agus na comhpháirteanna bogearraí uile is gá chun an líonra a oibriú, a riar, a chothabháil agus a sholáthar agus chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann leis an líonra;

(49)ciallaíonn ‘feidhmeanna iompair agus tarchurtha na líonraí cumarsáide leictreonaí fosaithe’ na comhpháirteanna uile is gá chun trácht a aisiompar agus a chomhiomlánú ar fud an líonra, lena n‑áirítear trealamh iompair optúil, naisc mhicreathoinne agus córais cáblaí fomhuirí lena n‑áirítear an trealamh faoi uisce chomh maith le trealamh teirminéil líne fomhuirí agus saoráidí fisiceacha an stáisiúin talún;

(50)ciallaíonn ‘líonra rochtana na líonraí cumarsáide leictreonaí fosaithe’ an líonra a nascann áitreabh an úsáideora deiridh leis an gcomhiomlánú nó leis an gcroí-líonra, lena n‑áirítear foirceannadh optúil na líne agus foirceannadh optúil an líonra le haghaidh líonraí snáithín; córas críochnaithe móideim cábla comhaiseach agus móideimí cábla le haghaidh líonraí cábla comhaiseacha, agus comhpháirteanna rochtana fosaithe gan sreang i gcás ina n‑úsáidtear iad mar ionadach fosaithe ar líne.

TEIDEAL II 
GNÍOMHAIREACHT AN AONTAIS EORPAIGH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL

Caibidil I 
Misean agus Cuspóirí

Airteagal 3
Misean ENISA

1.Is é misean ENISA tacú leis na Ballstáit agus le heintitis an Aontais ardleibhéal cibearshlándála, cibear-athléimneachta agus iontaoibhe a bhaint amach laistigh den Aontas.

2.Feidhmeoidh ENISA mar phointe tagartha comhairle agus saineolais maidir leis an gcibearshlándáil le haghaidh na mBallstáit agus páirtithe leasmhara eile san Aontas.

3.Trí na cúraimí a shanntar dó faoin Rialachán seo a dhéanamh, cuirfidh ENISA le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a laghdú.

4.Déanfaidh ENISA na cúraimí a shanntar dó le gníomhartha dlí an Aontais.

5.Forbróidh ENISA a acmhainní féin, lena n‑áirítear cumais agus scileanna, idir theicniúil agus daonna, atá riachtanach d’fhonn na cúraimí a shanntar dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích.

Airteagal 4
Cuspóirí ENISA

1.Beidh ENISA ina ionad saineolais ar an gcibearshlándáil de bhua a neamhspleáchais, de bhua cháilíocht theicniúil agus eolaíoch na comhairle, an rannchuidithe agus an chúnaimh a thabharfaidh sé, de bhua na faisnéise a sholáthróidh sé, de bhua na trédhearcachta a bhaineann lena nósanna imeachta oibriúcháin, de bhua a mhodhanna oibriúcháin, agus de bhua a dhúthrachtacha i dtaobh a cúraimí a dhéanamh.

2.Tabharfaidh ENISA cúnamh do na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, d’eintitis an Aontais i gcur chun feidhme bheartais chothrománacha agus earnálacha an Aontais agus na reachtaíochta a bhaineann leis an gcibearshlándáil, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí faireachais margaidh.

3.Soláthróidh ENISA a shaineolas agus tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún chun beartais agus reachtaíocht an Aontais a bhaineann leis an gcibearshlándáil a fhorbairt.

4.Tacóidh ENISA le fothú acmhainneachta agus ullmhacht ar fud an Aontais trí chúnamh a thabhairt do na Ballstáit, d’eintitis an Aontais, tríd an tSeirbhís Chibearshlándála d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) dá dtagraítear i gCaibidil IV de Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841, agus do pháirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha chun cosaint a gcóras gréasán agus faisnéise a mhéadú, chun cibear-athléimneacht agus acmhainneachtaí freagartha a fhorbairt agus a fheabhsú.

5.Rannchuideoidh ENISA le cur chun feidhme an Acadaimh Scileanna Cibearshlándála agus le fás an lucht saothair cibearshlándála san Aontas trí thacú le hiarrachtaí inaistritheacht scileanna a fhorbairt ar fud an Aontais, lena n‑áirítear tríd an gCreat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála a choinneáil ar bun agus a ghlacadh agus trí scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt, a choinneáil ar bun agus a ghlacadh i gcomhréir le Caibidil II, Roinn 4 den Teideal seo, agus trí sholáthar oiliúna a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 6(8).

6.Cuirfidh ENISA comhar chun cinn, lena n‑áirítear comhroinnt faisnéise agus comhordú ar leibhéal an Aontais, i measc na mBallstát, eintitis an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841, agus páirtithe leasmhara ábhartha príobháideacha agus poiblí maidir le hábhair a bhaineann leis an gcibearshlándáil.

7.Rannchuideoidh ENISA le cumais chibearshlándála a mhéadú ar leibhéal an Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát maidir le cibearbhagairtí a chosc agus freagairt orthu.

8.Tacóidh ENISA le comhar oibríochtúil ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear trí rannchuidiú le feasacht staide chomhroinnte ar thimpeallacht na gcibearbhagairtí agus na gcibirtheagmhas i measc na mBallstát agus, i gcomhar le CERT-EU, i measc eintitis an Aontais.

9.Oibreoidh ENISA i ndlúthchomhar le Europol, CSIRTanna agus údaráis náisiúnta ábhartha eile chun feabhas a chur ar an ullmhacht don chibearshlándáil agus ar an bhfreagairt ar theagmhais bogearraí éirice.

10.Rannchuideoidh ENISA le creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a bhunú agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le Teideal III den Rialachán seo. Cuirfidh ENISA úsáid an deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála chun cinn d’fhonn ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint.

11.Rannchuideoidh ENISA le comhchuibhiú an mhargaidh aonair dhigitigh trí dhul i mbun obair chaighdeánaithe atá ábhartha do bheartais an Aontais a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus trí shonraíochtaí teicniúla a fhorbairt.

12.Déanfaidh ENISA ardleibhéal feasachta ar an gcibearshlándáil a chur chun cinn i measc eagraíochtaí agus gnólachtaí.

Caibidil II 
Cúraimí

Roinn 1 
Tacaíocht do chur chun feidhme bheartas agus dhlí an Aontais

Airteagal 5
Tacaíocht do chur chun feidhme bheartas agus dhlí an Aontais

1.Rannchuideoidh ENISA le beartas agus dlí an Aontais a chur chun feidhme, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)cúnamh a thabhairt do na Ballstáit beartas agus dlí an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a chur chun feidhme go comhsheasmhach, lena n‑áirítear trí threoraíocht theicniúil agus tuarascálacha a eisiúint, trí chomhairle a sholáthar agus trí dhea-chleachtais a chomhroinnt, agus trí mhalartú dea-chleachtas idir na húdaráis inniúla a éascú i ndáil leis sin;

(b)tacú le comhroinnt faisnéise laistigh d’earnálacha agus eatarthu, go háirithe maidir leis na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 agus táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/2847, trí dhea-chleachtais agus treoraíocht a sholáthar maidir leis na huirlisí agus na nósanna imeachta atá ar fáil;

(c)arna iarraidh sin don Choimisiún, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit trí thacaíocht a sholáthar, amhail treoraíocht theicniúil, lena n‑áirítear maidir le bearta bainistithe riosca cibearshlándála, uirlisí le haghaidh measúnú aibíochta cibearshlándála, agus leabhair bheartaíochta um fhreagairt ar theagmhais, atá saincheaptha do na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 nó tacaíocht do chur chun feidhme prionsabal slán trí dhearadh le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/2847, d’fhonn feabhas a chur ar na leibhéil aibíochta cibearshlándála agus comhlíonadh dhlí an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a éascú;

(d)rannchuidiú le hobair an Ghrúpa Comhair arna bhunú de bhun Airteagal 14(1) de Threoir (AE) 2022/2555 (‘an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise’), le hobair an Ghrúpa Comhair Eorpaigh maidir le Céannacht Dhigiteach arna bhunú de bhun Airteagal 46e(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, le hobair an Ghrúpa Eorpaigh um Dheimhniú Cibearshlándála (‘ECCG’) dá dtagraítear in Airteagal 90 den Rialachán seo, agus le hobair an Ghrúpa Comhair Riaracháin maidir le Faireachas Margaidh (AdCo) arna bhunú de bhun Airteagal 52(15) de Rialachán (AE) 2024/2847;

(e)cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus d’eintitis ábhartha an Aontais beartais chibearshlándála a fhorbairt agus a chur chun cinn a bhaineann le hinfhaighteacht agus sláine ghinearálta chroí poiblí an idirlín oscailte a chothú;

(f)i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/2847, comhairle agus tacaíocht theicniúil a sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin sin;

(g)cúnamh a thabhairt do na Ballstáit cúnamh frithpháirteach a thabhairt agus na próisis chomhair sin a éascú d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha de bhun [Airteagal 37a de Threoir (AE) 2022/2555];

(h)arna iarraidh sin don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí, comhairle a sholáthar maidir le cur chun feidhme gnéithe sonracha cibearshlándála de bheartas agus de dhlí an Aontais a bhaineann le cosaint sonraí agus príobháideachas.

2.Rannchuideoidh ENISA le measúnuithe riosca cibearshlándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear na measúnuithe sin a dhéantar de bhun Airteagal 22 de Threoir (AE) 2022/2555.

3.Eiseoidh ENISA treoirlínte maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras gréasán agus faisnéise a úsáidtear le haghaidh comhroinnt faisnéise, lena n‑áirítear maidir le Cibearmhoil Trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2025/38.

4.Beidh ENISA ina chomhalta den Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise de bhun Airteagal 14(3) de Threoir (AE) 2022/2555.

5.Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh ENISA saineolas, comhairle theicniúil, faisnéis nó anailís nó déanfaidh sé obair ullmhúcháin ar ábhair shonracha chibearshlándála d’fhonn bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas an Choimisiúin agus faoin bhfaireachán a dhéanfaidh sé ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais.

Airteagal 6
Fothú acmhainneachta

Tabharfaidh ENISA cúnamh dóibh seo a leanas:

(1)na Ballstáit agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar chosc, brath, anailís agus cumas freagartha i dtaca le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála, tríd an eolas agus an saineolas a sholáthar dóibh;

(2)Na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, agus beartais nochta leochaileachta á mbunú agus á gcur chun feidhme acu ar bhonn deonach;

(3)i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841, CERT-EU agus an Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil agus iad ag iarraidh tacú le heintitis an Aontais a gcibearshlándáil a neartú, feabhas a chur ar chosc, brath agus anailís ar chibearbhagairtí agus ar chibirtheagmhais chomh maith le feabhas a chur ar a gcumais freagairt ar chibearbhagairtí agus ar chibirtheagmhais den sórt sin;

(4)na Ballstáit agus CSIRTanna á bhforbairt acu, arna iarraidh sin dóibh de bhun Airteagal 10(10) de Threoir (AE) 2022/2555;

(5)Déanann na Ballstáit, agus straitéis náisiúnta chibearshlándála agus príomhtháscairí feidhmíochta á bhforbairt nó á dtabhairt cothrom le dáta acu chun measúnú a dhéanamh ar an straitéis sin, arna iarraidh sin dóibh de bhun Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2022/2555, scaipeadh na straitéisí sin a chur chun cinn agus tugann siad dá n‑aire an dul chun cinn maidir lena gcur chun feidhme ar fud an Aontais chun dea-chleachtais a chur chun cinn;

(6)Institiúidí an Aontais, arna iarraidh sin dóibh, agus straitéisí an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil á bhforbairt agus á n‑athbhreithniú acu, scaipeadh na straitéisí sin á chur chun cinn acu agus an dul chun cinn maidir lena gcur chun feidhme á rianú acu;

(7)CSIRTanna náisiúnta chun leibhéal a gcumais a mhéadú, lena n‑áirítear trí idirphlé agus malartuithe faisnéise a chur chun cinn, d’fhonn a áirithiú, i dtaca leis an úrscothacht, go bhfuil tacar coiteann de chumais íosta ag gach CSIRT agus go n‑oibríonn sé de réir na ndea-chleachtas;

(8)Na Ballstáit, eintitis de chuid an Aontais agus páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha ina n‑iarrachtaí an lucht saothair cibearshlándála a mheasúnú, a fhás agus a fheabhsú, lena n‑áirítear trí ghlacadh uirlisí ábhartha a fhorbairt, a choinneáil ar bun agus a chur chun cinn, amhail an Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála agus scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála i gcomhréir le Roinn 4 den Chaibidil seo;

(9)comhlachtaí poiblí ábhartha chomh maith le páirtithe leasmhara príobháideacha trí oiliúint spriocdhírithe a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le páirtithe leasmhara;

(10)an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise i malartú dea-chleachtas agus faisnéise, go háirithe i ndáil le cur chun feidhme Threoir (AE) 2022/2555 de bhun Airteagal 14(4), pointe (c), den Treoir sin;

(11)na húdaráis um fhaireachas margaidh arna n‑ainmniú de bhun Rialachán (AE) 2024/2847 ina ngníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin sin a áirithiú, lena n‑áirítear tacaíocht do threoraíocht agus comhairle theicniúil d’oibreoirí eacnamaíocha, tacaíocht do sheiceálacha comhlíontachta, meastóireacht ar rioscaí, gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus scuab-imscrúduithe mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/2847;

(12)comhaltaí ECCG, agus dea-chleachtais á malartú acu agus arna iarraidh sin do Bhallstáit aonair cúnamh a thabhairt d’údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála i ndáil le cur chun feidhme na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála ar an leibhéal náisiúnta;

(13)údaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara príobháideacha i ndáil le gníomhaíochtaí measúnaithe agus meastóireachta comhréireachta, lena n‑áirítear comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, chun tacú le héiceachóras láidir, iomaíoch, cuimsitheach agus comhchuibhithe um measúnú comhréireachta lena dtacaítear le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2024/2847 agus leis an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála;

(14)an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2021/887 trí fhaisnéis a chomhroinnt faoi rioscaí agus cibearbhagairtí atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear i ndáil le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide nua agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide atá ag teacht chun cinn;

(15)Na Ballstáit trí thacaíocht theicniúil a sholáthar, lena n‑áirítear chun boscaí gainimh rialála a bhunú agus a oibriú i réimse na cibearshlándála i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais.

Airteagal 7
Múscailt feasachta agus linn tallainne

Tabharfaidh ENISA cúnamh do na Ballstáit ina n‑iarrachtaí feasacht a mhúscailt faoi bheartais agus reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil agus a n‑infheictheacht a chur chun cinn trí uirlisí agus treoraíocht inghníomhaithe a fhorbairt. Tacóidh ENISA le tionscnaimh atá dírithe ar an linn tallainne cibearshlándála Eorpach a mhéadú, go háirithe trí chomórtais a chomhordú.

Airteagal 8
Eolas ar an margadh agus anailísí ar an margadh

1.Déanfaidh ENISA anailísí ar phríomhthreochtaí an mhargaidh sa mhargadh cibearshlándála ar thaobh an éilimh agus an tsoláthair araon, agus scaipfidh sé na hanailísí sin, go háirithe maidir leis na réimsí ina bhfuil scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála ann nó ina bhfuil siad beartaithe, earnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, agus catagóirí táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2024/2847, lena n‑áirítear Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán sin.

2.Déanfaidh ENISA anailísí ar threochtaí cibearshlándála teicneolaíochta, go háirithe i ndáil le gníomhaíochtaí agus eintitis a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2022/2555 agus táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/2847, agus scaipfidh sé na hanailísí sin.

3.Cuirfidh ENISA le heolas agus scaipfidh sé comhairle theicniúil agus anailísí maidir le huirlisí, creataí agus dea-chleachtais chibearshlándála úrscothacha.

Airteagal 9
An comhar idirnáisiúnta

Cuideoidh ENISA le hiarrachtaí an Aontais comhar a bhunú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus laistigh de chomharchreataí ábhartha idirnáisiúnta, chun comhar idirnáisiúnta maidir le saincheisteanna cibearshlándála a chur chun cinn, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)gníomhú, i gcás inarb iomchuí, mar bhreathnóir in eagrú cleachtaí idirnáisiúnta, agus anailís a dhéanamh agus tuairisciú don Bhord Bainistíochta ar thoradh na gcleachtaí sin;

(b)arna iarraidh sin don Choimisiún, malartú dea-chleachtas le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a éascú;

(c)saineolas a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin dó;

(d)sainchomhairle agus tacaíocht a sholáthar don Choimisiún maidir le hábhair a bhaineann le haitheantas idirnáisiúnta a thabhairt do dheimhnithe Eorpacha cibearshlándála i gcomhréir le hAirteagal 87;

(e)sainchomhairle agus tacaíocht a sholáthar don Choimisiún maidir le hábhair a bhaineann le caighdeánú idirnáisiúnta agus dul i dteagmháil le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha um chaighdeánú, i gcás inarb ábhartha, i gcomhar le ECCG arna bhunú faoi Airteagal 90.

Roinn 2

Comhar Oibríochtúil

Airteagal 10
Comhar oibríochtúil ar leibhéal an Aontais

1.Tacóidh ENISA le comhar oibríochtúil idir na Ballstáit, eintitis an Aontais trí CERT-EU, agus idir páirtithe leasmhara eile.

2.Beidh ENISA ina chomhalta de ghréasán CSIRTanna náisiúnta arna bhunú de bhun Airteagal 15(1) de Threoir (AE) 2022/2555 agus soláthróidh sé rúnaíocht do ghréasán CSIRTanna de bhun Airteagal 15(2) de Threoir (AE) 2022/2555.

3.Cuirfidh ENISA rúnaíocht ar fáil don Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU-CyCLONe) de bhun Airteagal 16(2), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2022/2555.

4.Tacóidh ENISA le comhar teicniúil agus oibríochtúil i measc na mBallstát, go háirithe trí ghréasán CSIRTanna agus trí EU-CyCLONe. Áireofar an méid seo a leanas sa tacaíocht sin:

(a)comhairle a thabhairt maidir le feabhas a chur ar chumais chun teagmhais a chosc, a bhrath, freagairt dóibh agus téarnamh uathu;

(b)arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó, comhairle agus measúnuithe a sholáthar i ndáil le teagmhas sonrach féideartha nó leanúnach nó le cibearbhagairt shonrach fhéideartha nó leanúnach, lena n‑áirítear trí shaineolas a sholáthar agus láimhseáil theicniúil teagmhas den sórt sin a éascú, agus trí thacú le comhroinnt dheonach faisnéise ábhartha agus réiteach teicniúil idir na Ballstáit;

(c)anailís a dhéanamh ar leochaileachtaí, bagairtí agus teagmhais;

(d)arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó, tacaíocht a sholáthar i ndáil le fiosrúcháin theicniúla ex post maidir le teagmhais shuntasacha de réir bhrí Airteagal 23(3) de Threoir (AE) 2022/2555;

(e)rannchuidiú le tacú le bainistiú comhordaithe teagmhas agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála ar an leibhéal oibríochtúil, go háirithe trí chúnamh a thabhairt do EU-CyCLONe tuarascálacha a ullmhú ar an leibhéal polaitiúil agus trí chomhroinnt thráthúil faisnéise idir gréasán CSIRTanna agus EU-CyCLONe a éascú;

5.Arna iarraidh sin do Bhallstát nó d’eintiteas de chuid an Aontais i gcomhar le CERT-EU, tacóidh ENISA le cumarsáid phoiblí chomhsheasmhach a bhaineann le teagmhas nó cibearbhagairt.

6.Tacóidh ENISA le comhar i measc na mBallstát agus trí CERT-EU i measc eintitis an Aontais maidir le huirlisí cumarsáide slána a chur in úsáid. Úsáidfidh ENISA, laistigh de ghréasán CSIRTanna agus de EU-CyCLONe, uirlisí cumarsáide slána arna soláthar ag eintitis dhlítheanacha atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe san Aontas agus atá á rialú ag na Ballstáit nó ag náisiúnaigh de chuid na mBallstát.

Airteagal 11
Feasacht staide chomhroinnte maidir leis an gcibearshlándáil

1.Chun feasacht staide chomhroinnte fheabhsaithe ar thimpeallacht na gcibearbhagairtí agus na gcibirtheagmhas a áirithiú i measc na mBallstát agus i measc eintitis an Aontais, déanfaidh ENISA an méid seo a leanas:

(a)stórtha d’fhaisnéis fhíoraithe iontaofa faoi chibearbhagairtí a fhorbairt i gcomhar le EU-CyCLONe, le gréasán CSIRTanna, leis an gCoimisiún, le CERT-EU, le Europol agus le heintitis ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear treochtaí maidir le teagmhais, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta;

(b)i gcomhréir le hAirteagal 12, luathfholáirimh a eisiúint maidir le teagmhas suntasach nó mórscála a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ar siúl faoi láthair, nó cibearbhagairt de chineál trasteorann féideartha, go háirithe i ndáil leis na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555;

(c)anailísí ad hoc tráthúla a sholáthar maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn i dteagmhais arna iarraidh sin do ghréasán CSIRTanna, do EU-CyCLONe, nó don Choimisiún;

(d)anailís nó faisnéis eile a sholáthar, arna iarraidh sin do na Ballstáit nó don Choimisiún, maidir le riosca nó bagairt chibearshlándála iarbhír nó bhraite;

(e)anailís agus comhairle theicniúil a sholáthar maidir le rioscaí cibearshlándála i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n‑áirítear chun tacú le faireachas margaidh agus trí thuarascáil theicniúil dhébhliantúil a tharraingt suas maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2024/2847;

(f)tuarascáil thráthrialta dhomhain ar Staid Theicniúil na Cibearshlándála san Aontas a ullmhú maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí, agus an tuarascáil a chur ar fáil don Chomhairle, EU-CyCLONe, gréasán CSIRTanna, an Coimisiún, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus Europol;

(g)faireachán a dhéanamh ar threochtaí i dteicnící, éilimh agus tionchar ionsaithe bogearraí éirice agus faisnéis faoi threochtaí den sórt sin a sholáthar don Choimisiún, do ghréasán CSIRTanna agus do EU-CyCLONe agus Europol.

2.Chun feasacht staide chomhroinnte fheabhsaithe ar thimpeallacht na gcibearbhagairtí agus na gcibirtheagmhas i measc páirtithe leasmhara, déanfaidh ENISA an méid seo a leanas:

(a)anailísí a dhéanamh ar chibearbhagairtí, ar theagmhais, ar threochtaí, ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus ar a dtionchair, lena n‑áirítear anailís thráthrialta lena dtugtar aghaidh ar na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 agus ar chatagóirí ábhartha táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2024/2847;

(b)comhairle, treoraíocht agus dea-chleachtais a eisiúint, i gcomhar leis an gCoimisiún, agus, i gcás inarb iomchuí, le gréasán CSIRTanna, maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise, go háirithe maidir le slándáil na mbonneagar a thacaíonn leis na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555;

(c)anailísí straitéiseacha fadtéarmacha ar cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a dhéanamh d’fhonn treochtaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus cuidiú i dtaobh teagmhais a bhaineann le cibearshlándáil a chosc.

3.Féadfaidh ENISA na hanailísí, an chomhairle, an treoraíocht, na dea-chleachtais agus na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil don phobal, i gcomhaontú leis na heintitis is rannchuiditheoirí dá dtagraítear i mír 2.

4.Agus na gníomhaíochtaí a liostaítear i mír 1, pointí (a) go (d) agus (f), agus mír 2 á ndéanamh aige, úsáidfidh ENISA a anailísí féin agus, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis a fhaightear agus a chúraimí á ndéanamh aige, lena n‑áirítear:

(a)faisnéis arna soláthar i bhfoinsí atá ar fáil go poiblí, lena n‑áirítear leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí i dtáirgí TFC nó i seirbhísí TFC atá ar fáil sa bhunachar sonraí leochaileachta Eorpach arna bhunú de bhun Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2022/2555;

(b)faisnéis a chomhroinneann na Ballstáit, eintitis an Aontais, CERT-EU, an earnáil phríobháideach nó comhpháirtithe neamhrialtasacha agus tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, faoi réir aon teorainn trí bhíthin marcáil infheicthe ar dháileadh breise na faisnéise sin.

5.Oibreoidh ENISA i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus Tuarascáil an Aontais ar Staid Theicniúil na Cibearshlándála dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), á hullmhú aige. Beidh an Tuarascáil bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí, ar anailís ENISA féin, agus ar thuarascálacha arna gcomhroinnt, i measc nithe eile, ag CSIRTanna na mBallstát nó ag na pointí teagmhála aonair arna mbunú le Treoir (AE) 2022/2555, ar bhonn deonach, ICE agus CERT-EU araon. I gcomhaontú leis na heintitis is rannchuiditheoirí, féadfaidh ENISA leagan comhiomlánaithe den Tuarascáil a chur ar fáil go poiblí.

Airteagal 12
Luathfholáirimh

1.Sna luathfholáirimh dá dtagraítear in Airteagal 11(1), an chéad fhomhír, pointe (b), den Rialachán seo, beidh faisnéis ábhartha a bhaineann le teagmhas suntasach nó mórscála a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ar siúl faoi láthair, nó le cibearbhagairt de chineál trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ann, i ndáil leis na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555. Féadfar a áireamh san fhaisnéis sin leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí agus cé acu a dhéanann nó nach ndéanann siad difear do tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2024/2847, teicnící agus nósanna imeachta, táscairí comhréitigh, teaicticí sáraíochta, faisnéis a bhaineann go sonrach le gníomhaithe bagartha agus moltaí maidir le bearta maolaithe.

2.Déanfar luathfholáirimh dá dtagraítear in Airteagal 11(1), an chéad fhomhír, pointe (b), a eisiúint a luaithe is féidir do CSIRT nó do CSIRTanna lena mbaineann, agus, i gcás inarb iomchuí, do ghréasán CSIRTanna agus do EU-CyCLONe.

3.Tairgfidh ENISA seirbhís luathfholáirimh d’eintitis a oibríonn in earnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555.

4.Soláthrófar an tseirbhís dá dtagraítear i mír 3 arna iarraidh sin don eintiteas agus i bhformáid mheaisín-inléite a chuirfear ar fáil go poiblí. Áireofar sa tseirbhís sin comhroinnt faisnéise maidir le táscairí cibearbhagairtí agus moltaí maidir le bearta maolaithe.

5.Bunóidh ENISA nós imeachta chun na luathfholáirimh a scaipeadh ar eintitis dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 13
Tacaíocht maidir le freagairt ar theagmhais agus athbhreithniú a dhéanamh orthu

1.Déanfaidh ENISA Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a oibriú agus a riar, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2025/38.

2.Arna iarraidh sin don Choimisiún nó do EU-CyCLONe, déanfaidh ENISA, le tacaíocht ó ghréasán CSIRTanna agus le formheas an Bhallstáit lena mbaineann, athbhreithniú agus measúnú ar theagmhais chibearshlándála shuntasacha nó ar theagmhais chibearshlándála mhórscála i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2025/38.

3.Tabharfaidh ENISA cúnamh, i gcomhar le Europol agus CSIRTanna nó le húdaráis inniúla eile de réir mar is infheidhme, d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha aonair a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 maidir le teagmhas bogearraí éirice a ullmhú, freagairt air agus téarnamh uaidh. Chun na críche sin, bunóidh ENISA deasc chabhrach agus go háirithe bainfidh sé úsáid as an bhfeasacht staide chomhroinnte fheabhsaithe ar thírdhreach na gcibearbhagairtí agus na gcibirtheagmhas de bhun Airteagal 11(1), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (g) den Rialachán seo.

Airteagal 14
Cleachtaí cibearshlándála ar leibhéal an Aontais

1.Tacóidh ENISA leis an gCoimisiún clár rollach bliantúil de chleachtaí cibearshlándála ar leibhéal an Aontais a thiomsú.

2.Déanfaidh ENISA stór ceachtanna a foghlaimíodh ó na cleachtaí dá dtagraítear i mír 1 a choinneáil ar bun agus molfaidh sé do na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, d’eintitis de chuid an Aontais conas na ceachtanna a foghlaimíodh a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil.

3.Arna iarraidh sin do EU-CyCLONe, eagróidh an Coimisiún, ENISA cleachtaí cibearshlándála ar leibhéal an Aontais, nó rannchuideoidh sé lena n‑eagrú, lena n‑áirítear ullmhacht a thástáil chun freagairt ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála ar leibhéal an Aontais.

4.Arna iarraidh sin do na Ballstáit, tacóidh ENISA leo cleachtaí náisiúnta cibearshlándála a eagrú.

5.Arna iarraidh sin do CERT-EU, rannchuideoidh ENISA le heagrú cleachtaí cibearshlándála arna n‑eagrú ag CERT-EU de bhun Airteagal 13(7) de Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841.

Airteagal 15
Uirlisí agus ardáin a sholáthar

1.Déanfaidh ENISA uirlisí teicniúla oibríochtúla, amhail ardáin a bhaineann leis an gcibearshlándáil ar leibhéal an Aontais, a bhunú, a sholáthar, a oibriú, a chothabháil agus a nuashonrú de réir mar is gá, go háirithe an t‑ardán tuairiscithe aonair arna bhunú de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/2847 [agus an pointe iontrála aonair le haghaidh tuairisciú teagmhas arna bhunú de bhun Airteagal 23a de Threoir (AE) 2022/2555] agus uirlisí tástála chun tacú le cur chun feidhme nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais.

2.I gcás inarb iomchuí chun críocha mhír 1, oibreoidh ENISA i gcomhar le gréasán CSIRTanna agus, i gcás inarb infheidhme, leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, agus malartóidh sé faisnéis leo.

Airteagal 16
Seirbhísí bainistíochta leochaileachta

Forbróidh ENISA acmhainneacht chomhchoiteann seirbhísí bainistíochta leochaileachta de chuid an Aontais agus soláthróidh sé seirbhísí bainistíochta leochaileachta do pháirtithe leasmhara tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)an bunachar sonraí leochaileachta Eorpach arna bhunú de bhun Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2022/2555 a choinneáil ar bun;

(b)seirbhísí bainistithe leochaileachta a sholáthar do pháirtithe leasmhara, ag tógáil ar an mbunachar sonraí leochaileachta Eorpach agus úsáid á baint as faisnéis ábhartha atá ar fáil do ENISA;

(c)i gcás inarb iomchuí, dul i mbun comhar struchtúrtha le heagraíochtaí a sholáthraíonn cláir, clárlanna nó bunachair sonraí atá cosúil leis an mbunachar sonraí leochaileachta Eorpach;

(d)tacú go gníomhach le CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí de bhun Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555 maidir le nochtadh comhordaithe leochaileachtaí a bhainistiú a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar eintitis i níos mó ná Ballstát amháin;

(e)modheolaíochtaí agus sásraí rialachais a fhorbairt agus a choinneáil ar bun chun leochaileachtaí a shainaithint agus a nochtadh ar bhealach comhordaithe, i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta, CSIRTanna, an tionscal agus an pobal taighde.

Roinn 3

Deimhniú agus Caighdeánú Cibearshlándála

Airteagal 17
Deimhniú cibearshlándála

1.Rannchuideoidh ENISA le forbairt agus cur chun feidhme bheartas an Aontais maidir le deimhniú cibearshlándála mar a bhunaítear le Teideal III den Rialachán seo agus cuirfidh sé chun cinn iad. Beidh ENISA i gceannas ar an méid seo a leanas:

(a)scéimeanna iarrthacha Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála (‘scéimeanna iarrthacha’) a ullmhú maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas i gcomhréir le hAirteagal 74 agus, i gcás inarb infheidhme, sonraíochtaí teicniúla a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 77;

(b)scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 a choinneáil ar bun, lena n‑áirítear d’fhonn athbhreithniú féideartha a dhéanamh ar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 76;

(c)glacadh na scéimeanna arna nglacadh a chur chun cinn agus suíomh gréasáin tiomnaithe a choinneáil ar bun ar a soláthrófar faisnéis agus ar a bpoibleofar scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta ón Aontas i gcomhréir le hAirteagal 79;

(d)fothú acmhainneachta a eagrú a bhaineann le próisis deimhniúcháin, gníomhaíochtaí meastóireachta, athbhreithniú piaraí agus measúnú piaraí, lena n‑áirítear trí thacaíocht a sholáthar do na Ballstáit arna iarraidh sin dóibh i gcomhréir le hAirteagal 6, pointe (12).

2.Tacóidh ENISA leis an gCoimisiún sna gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)rialachas ECCG de bhun Airteagal 90;

(b)Tionóil Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála a eagrú i gcomhréir le hAirteagal 72(1);

(c)a bhaineann le haitheantas idirnáisiúnta a thabhairt do dheimhnithe Eorpacha cibearshlándála i gcomhréir le hAirteagal 87;

(d)athbhreithnithe piaraí a eagrú de bhun Airteagal 89;

(e)forálacha samplacha a ullmhú a ndéanfar tagairt dóibh sna scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas i gcomhréir le hAirteagal 81(5).

Airteagal 18
Caighdeánú, sonraíochtaí teicniúla agus treoraíocht

1.Dréachtóidh ENISA sonraíochtaí teicniúla agus treoraíocht chun tacú le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais i réimse na cibearshlándála. Agus na sonraíochtaí teicniúla sin á ndréachtú aige, breithneoidh ENISA na caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta atá ann cheana chomh maith le sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile. Áiritheoidh ENISA comhsheasmhacht a shonraíochtaí teicniúla agus a threoraíochta.

2.Déanfaidh ENISA faireachán ar ghníomhaíochtaí forbartha i ndáil le caighdeánú ar leibhéal an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, glacfaidh sé páirt iontu agus beidh sé i gceannas orthu, agus, i gcomhréir le hAirteagal 9, ar an leibhéal idirnáisiúnta, d’fhonn tacú le beartais an Aontais a bhaineann leis an gcibearshlándáil.

3.Tacóidh ENISA le halgartaim chripteagrafacha a fhorbairt agus le meastóireacht a dhéanamh orthu. I gcás ina ndéanfaidh ENISA meastóireacht dhearfach ar algartam cripteagrafach, oibreoidh ENISA i gcomhar leis na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú chun tacú lena chaighdeánú, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

4.Tabharfaidh ENISA comhairle theicniúil don Choimisiún agus, i gcás inarb ábhartha, do na Ballstáit, maidir le caighdeáin iomchuí nó sonraíochtaí teicniúla chun tacú le beartais de chuid an Aontais a bhaineann leis an gcibearshlándáil, lena n‑áirítear maidir le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais i réimse na cibearshlándála, go háirithe Rialachán (AE) 2024/2847, réimsí teicniúla chun críoch Airteagal 25 de Threoir (AE) 2022/2555, agus scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 81(1), pointe (d).

5.Tabharfaidh ENISA cúnamh don Choimisiún maidir le measúnú a dhéanamh ar dhréachtchaighdeáin chomhchuibhithe chun tacú le cur chun feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais i réimse na cibearshlándála.

6.Déanfaidh ENISA glacadh caighdeán Eorpach agus idirnáisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil a chur chun cinn.

7.Cuirfidh ENISA na cúraimí dá dtagraítear i míreanna 1 go 6 i gcrích le hionracas, le neamhchlaontacht agus le rúndacht, lena n‑áirítear trína rannpháirtíocht a tharraingt siar nó a chur ar sos ó chomhlachtaí teicniúla sonracha nuair a thagann rannpháirtíocht den sórt sin salach ar chúraimí nó ar chuspóirí eile.

Roinn 4 
An tAcadamh Scileanna Cibearshlándála a chur chun feidhme

Airteagal 19
An Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála

1.Déanfaidh ENISA creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála a fhorbairt agus a chur ar fáil go poiblí. Sula ndéanfaidh sé an Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála a chur ar fáil go poiblí nó a thabhairt cothrom le dáta de bhun mhír 4, rachaidh ENISA i gcomhairle leis an gCoimisiún.

2.Saineofar sa Chreat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála próifílí gairmithe cibearshlándála agus comhcheangal cúraimí, scileanna agus eolais shonraigh le rólphróifíl ar leith. Is ar bhonn deonach a úsáidfidh eintitis phoiblí agus phríobháideacha an Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála.

3.Féadfaidh ENISA dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus an Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála á fhorbairt agus á ghlacadh.

4.Déanfaidh ENISA measúnú ar an ngá atá leis an gCreat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta agus, i gcás inarb ábhartha, é a thabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 20
Scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt, a ghlacadh agus a choinneáil ar bun

1.Déanfaidh ENISA scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt, a ghlacadh agus a choinneáil ar bun. Is ar bhonn deonach a úsáidfidh comhlachtaí poiblí náisiúnta agus eintitis phríobháideacha scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála, mura sonraítear a mhalairt leis an dlí náisiúnta.

2.Sula dtionscnófar scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála, rachaidh ENISA i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní ghlacfaidh ENISA scéim den sórt sin ach amháin tar éis tuairim dhearfach a fháil ón gCoimisiún. Agus scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála á hullmhú aige, féadfaidh ENISA dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha.

3.Áireofar an méid seo a leanas i scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála:

(a)ábhar agus raon feidhme na scéime um dhearbhú bunaithe ar rólphróifílí an Chreata Eorpaigh um Scileanna Cibearshlándála nó ar fhothacair díobh;

(b)ceanglais is infheidhme maidir le daoine aonair atá oilte chun measúnuithe a dhéanamh (‘measúnóirí’) i gcomhréir le hAirteagal 21, na scileanna, an t‑eolas agus an taithí is gá chomh maith le modhanna oiliúna;

(c)anailís ar ghlacadh sa mhargadh a bhaineann go sonrach le gach scéim um dhearbhú;

(d)na torthaí foghlama, na modhanna measúnaithe, agus na coinníollacha a úsáidfidh soláthraithe dearbhaithe údaraithe chun meastóireacht a dhéanamh ar léiriú duine aonair ar na scileanna is gá i gcomhréir le hAirteagal 21;

(e)i gcás inarb ábhartha, leibhéal inniúlachta amháin nó níos mó;

(f)rialacha maidir le taifid a bheith á gcoinneáil ag soláthraithe dearbhaithe údaraithe;

(g)inneachar agus formáid dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála, agus aird chuí á tabhairt ar Airteagal 21(5), pointe (e);

(h)uastréimhse bhailíochta dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála arna n‑eisiúint faoin scéim um dhearbhú.

4.Féadfar a áireamh i scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála an costas táscach a bhaineann le dearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála.

5.Áiritheoidh ENISA dlúthchomhar leis na Ballstáit le linn ullmhú na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála.

6.Ní dhéanfaidh an modhnú ar scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála difear don údarú arna dheonú de bhun Airteagal 22(3)(a), a leanfaidh de bheith bailí ar feadh na tréimhse dá ndeonaítear é.

Airteagal 21
Soláthraithe dearbhaithe údaraithe

1.Déanfaidh soláthraithe dearbhaithe údaraithe measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann daoine aonair ceanglais scéime um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála agus, i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais sin, eiseoidh siad dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála. Féadfaidh roinnt údaruithe a bheith ag soláthraithe dearbhaithe, agus gach ceann acu deonaithe le haghaidh scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála.

2.Soláthróidh ENISA treoraíocht do mheasúnóirí agus cuirfidh sé oiliúint éigeantach orthu i dtaca leis na ceanglais agus na modhanna measúnaithe a áirítear sa scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 20(3), pointe (b).

3.Eintitis ar mian leo a bheith ina soláthraithe dearbhaithe údaraithe nó a n‑údarú a athnuachan (‘iarratasóirí’), cuirfidh siad iarratas faoi bhráid ENISA. Comhlíonfaidh siad na ceanglais seo a leanas:

(a)beidh pearsantacht dhlítheanach acu;

(b)beidh siad in ann na cúraimí a leagtar síos sa Rialachán seo a dhéanamh i ndáil le dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála, gan beann ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an soláthraí dearbhaithe údaraithe féin an measúnú nó cé acu a dhéantar nó nach ndéantar thar a cheann agus faoina fhreagracht é;

(c)beidh na hacmhainní is gá acu chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis an scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus beidh rochtain acu ar an trealamh agus ar na saoráidí uile is gá.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), maidir le haon fhochonraitheoireacht chuig foireann sheachtrach, nó aon chomhairliúchán léi, déanfar iad a dhoiciméadú i gceart, ní bheidh aon idirghabhálaí bainteach leo agus beidh siad faoi réir comhaontú i scríbhinn ina gcumhdófar, i measc nithe eile, rúndacht agus coinbhleachtaí leasa.

4.Ní bheidh iarratasóirí ina soláthróirí ardriosca.

5.Comhlíonfaidh soláthraithe dearbhaithe údaraithe na hoibleagáidí seo a leanas:

(a)chun gach scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a chur chun feidhme:

(i)beidh na measúnóirí agus an pearsanra is gá ar fáil dóibh chun a ngníomhaíochtaí a chur i gcrích go tráthúil mar a bhunaítear sa scéim sin;

(ii)áiritheoidh siad go n‑urramóidh measúnóirí rúndacht ghairmiúil, go mbeidh siad neamhchlaonta agus go ndéanfaidh siad a gcuid oibre go neamhspleách agus leis an leibhéal is airde ionracais ghairmiúil;

(iii)beidh nósanna imeachta i scríbhinn acu chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh faoin scéim a bhfuil siad údaraithe ina leith.

(b)ní dhéanfaidh siad dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála a mheasúnú ná a eisiúint dá measúnóirí féin;

(c)áiritheoidh siad, i gcás inarb ábhartha trí choimircí iomchuí a chur i bhfeidhm, gur féidir lena measúnóirí a gcuid oibre a dhéanamh go neamhspleách, go háirithe i gcás ina mbaineann na daoine sin lena struchtúr féin nó i gcás inar fostaithe nó foghlaimeoirí de struchtúr den sórt sin iad;

(d)ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais ná ar ionracas a measúnóirí;

(e)áiritheoidh siad, arna iarraidh sin don duine aonair, go n‑eiseofar dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála mar ríomhdhearbhuithe tréithe i bhformáid is féidir a stóráil sna Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

6.Cuirfidh soláthraithe dearbhaithe údaraithe ENISA ar an eolas láithreach mura gcomhlíontar a thuilleadh aon cheann de na ceanglais a liostaítear i míreanna 3 agus 4 nó na hoibleagáidí a liostaítear i mír 5, nó má thagann aon amhras chun cinn nach gcomhlíontar na ceanglais nó na hoibleagáidí sin, lena n‑áirítear maidir le neamhspleáchas measúnóirí.

7.Féadfaidh soláthraithe dearbhaithe údaraithe táille a iarraidh ar dhaoine aonair as dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála a mheasúnú agus a eisiúint, agus an costas táscach a bhaineann le dearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála de bhun Airteagal 20(4) á chur san áireamh agus é a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe i gcomhréir le hAirteagal 23, pointe (d).

8.Ceadóidh iarratasóirí agus soláthraithe dearbhaithe údaraithe do ENISA meastóireachtaí a dhéanamh mar chuid den phróiseas iarratais nó mar chuid de choinneáil ar bun an údaraithe agus an fhaisnéis ábhartha uile a chomhroinnt chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos i míreanna 3 agus 4, nó na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 5, nó go leanfar dá gcomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 22(2).

Airteagal 22
Scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar bheith ina soláthraí dearbhaithe údaraithe agus údaruithe a choinneáil ar bun

1.Íocfaidh iarratasóirí táille le ENISA as scrúdú a dhéanamh ar a n‑iarratas. Íocfaidh soláthraithe dearbhaithe údaraithe táille le ENISA as a n‑údarú a choinneáil ar bun.

2.Déanfaidh ENISA meastóireacht i dtaobh an bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 21(3) agus (4) agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 21(5) á gcomhlíonadh nó an bhfuil siad fós á gcomhlíonadh ag iarratasóirí agus ag soláthraithe dearbhaithe údaraithe.

3.Tar éis scrúdú a dhéanamh ar iarratas in aghaidh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 21(3) agus (4), féadfaidh ENISA ceann amháin de na cinntí seo a leanas a eisiúint:

(a)stádas soláthraí dearbhaithe údaraithe a dheonú don iarratasóir nó é a athnuachan;

(b)diúltú don iarratas ar bheith ina soláthraí dearbhaithe údaraithe nó gan é a athnuachan;

(c)próiseáil an iarratais a dhúnadh mar gheall ar neamhghníomhaíocht an iarratasóra tar éis iarraidh ar fhaisnéis bhreise ó ENISA.

Féadfaidh ENISA cinntí den sórt sin a leasú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm bunaithe ar a mheastóireacht de bhun Airteagal 22(2) nó sa chás dá dtagraítear in Airteagal 21(6).

4.Eiseoidh ENISA an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 laistigh de 3 mhí ón dáta a chuirfear iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 21(3). I gcás inar iarr ENISA an fhaisnéis bhreise ar an iarratasóir, eiseoidh ENISA an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 laistigh de mhí amháin tar éis dó an fhaisnéis bhreise a fháil.

5.Mairfidh an cinneadh dá dtagraítear i mír 3, pointe (a) 3 bliana ar a mhéad agus léireofar ann an táille a bhaineann le coinneáil ar bun bliantúil an údaraithe.

6.Áiritheoidh ENISA go ndéanfar a ghníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt agus glacadh scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála mar a leagtar síos in Airteagal 20 a dheighilt go docht agus go ndéanfar iad go neamhspleách ar na gníomhaíochtaí maidir le hiarratais agus meastóireachtaí a scrúdú a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

Airteagal 23
Faisnéis phoiblí

Déanfaidh ENISA suíomh gréasáin tiomnaithe a choinneáil ar bun agus a nuashonrú go tráthrialta ar a soláthrófar faisnéis phoiblí maidir leis an méid seo a leanas:

(a)an Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála, lena n‑áirítear an creat agus an amlíne chun é a thabhairt cothrom le dáta;

(b)scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála, a ndul chun cinn agus amlínte maidir lena bhforbairt;

(c)na táillí a bhaineann le gach scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála arna glacadh de bhun Airteagal 47 den Rialachán seo;

(d)an costas táscach a bhaineann le dearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála i gcomhréir le hAirteagal 20(4);

(e)liosta na soláthraithe dearbhaithe údaraithe.

Caibidil III 
Eagrú ENISA

Airteagal 24
Struchtúr riaracháin agus bainistíochta ENISA

Is mar seo a leanas a bheidh struchtúr riaracháin agus bainistíochta ENISA:

(a)Bord Bainistíochta a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 28;

(b)Bord Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 30;

(c)Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na freagrachtaí a leagtar amach in Airteagal 32;

(d)leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na freagrachtaí a leagtar amach in Airteagal 34;

(e)Grúpa Comhairleach de chuid ENISA;

(f)Bord Achomhairc a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagail 39 go 42.

Roinn 1 
An Bord Bainistíochta

Airteagal 25
Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.Comhalta amháin a cheapfaidh gach Ballstát agus beirt chomhaltaí a cheapfaidh an Coimisiún a bheidh ar an mBord Bainistíochta. Beidh cearta vótála ag na comhaltaí uile.

2.Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Déanfaidh na comhaltaí malartacha ionadaíocht do na comhaltaí nuair a bheidh siad as láthair.

3.Ceapfaidh gach Ballstát ceann údaráis inniúil náisiúnta arna ainmniú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555 mar chomhalta den Bhord Bainistíochta. I gcás ina gcruthaítear nach bhfuil sé sin indéanta, ceapfaidh na Ballstáit ionadaí ardleibhéil ó údarás inniúil náisiúnta arna ainmniú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555 mar chomhalta den Bhord Bainistíochta.

4.Na comhaltaí a cheapfaidh an Coimisiún agus comhaltaí malartacha an Bhoird Bainistíochta, ceapfar iad i bhfianaise a gcuid eolais i réimse na cibearshlándála, agus a gcuid scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha á gcur san áireamh. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, a mhéid a bhaineann le comhaltaí malartacha, ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta agus déanfaidh siad iarrachtaí a láimhdeachas a theorannú chun leanúnachas obair an Bhoird Bainistíochta a áirithiú.

5.Beidh téarma oifige na gcomhaltaí arna gceapadh ag na Ballstáit comhionann le téarma a bhfeidhme dá dtagraítear i mír 3.

6.4 bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí malartacha agus na gcomhaltaí arna gceapadh ag an gCoimisiún. Beidh an téarma sin in-athnuaite.

Airteagal 26
Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí a mbeidh cearta vótála acu. Toghfar an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu.

2.Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch más rud é nach féidir leis an gCathaoirleach a chuid dualgas a chomhlíonadh.

3.4 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh agus féadfar é a athnuachan uair amháin. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh an téarma oifige sin in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.

Airteagal 27
Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.Tionólfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

2.Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ní bheidh ceart vótála aige.

3.Tionólfaidh an Bord Bainistíochta dhá ghnáthchruinniú ar a laghad in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna iarraidh sin do thrian de na comhaltaí ar a laghad.

4.Beidh ionadaí ón Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/887 ina bhreathnóir buan, gan cearta vótála, ag cruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

5.Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt d’aon duine a bhféadfadh a thuairim a bheith ina díol spéise freastal ar chruinniú, nó ar chuid de chruinniú, mar bhreathnóir ad hoc, gan cearta vótála agus faoi réir rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta.

6.Féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe cúnamh a thabhairt do chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta nó do na comhaltaí malartacha, faoi réir rialacha nós imeachta an Bhoird.

Airteagal 28
Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.Déanfaidh an Bord Bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)treo ginearálta oibriú ENISA a bhunú agus a áirithiú go n‑oibreoidh ENISA i gcomhréir leis na rialacha agus na prionsabail a leagtar síos sa Rialachán seo; áiritheoidh sé freisin comhsheasmhacht obair ENISA le gníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit agus a dhéantar ar leibhéal an Aontais;

(b)an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair de chuid ENISA dá dtagraítear in Airteagal 44 a ghlacadh sula gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é chun a thuairim a fháil ina leith;

(c)agus an tuairim ón gCoimisiún á cur san áireamh, doiciméad clársceidealaithe aonair ENISA a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29(2), pointe (a);

(d)maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir ilbhliantúil agus an chláir bhliantúil a áirítear sa doiciméad clársceidealaithe aonair;

(e)buiséad bliantúil ENISA a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29(2), pointe (b), agus feidhmeanna eile a dhéanamh i leith bhuiséad ENISA i gcomhréir le Caibidil IV;

(f)an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí ENISA a mheasúnú agus a ghlacadh, lena n‑áirítear na cuntais agus tuairisc ar an gcaoi ar chomhlíon ENISA a tháscairí feidhmíochta; an tuarascáil bhliantúil agus an measúnú air araon a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa faoin 1 Iúil an bhliain dár gcionn; an tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil don phobal;

(g)na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le ENISA a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50;

(h)straitéis frith-chalaoise a ghlacadh atá comhréireach leis na rioscaí calaoise, ag féachaint d’anailís ar chostais agus tairbhí na mbeart a bheidh le cur chun feidhme;

(i)a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar thorthaí agus ar mholtaí a eascraíonn as tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus as imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE);

(j)a chuid rialacha nós imeachta a ghlacadh lena n‑áirítear rialacha maidir le cinntí sealadacha i ndáil le tarmligean cúraimí sonracha de bhun Airteagal 30(7);

(k)feidhmeoidh sé, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, maidir le foireann ENISA, na cumhachtaí arna dtabhairt ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na ‘Rialacháin Foirne’) agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (na ‘Coinníollacha Fostaíochta’), a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle 73 , faoi seach, don údarás ceapacháin agus don údarás a chumhachtaítear chun conradh fostaíochta a thabhairt i gcrích (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’);

(l)rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena dtabharfar éifeacht do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne;

(m)an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, má chinneann sé feidhm an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chruthú, an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, agus i gcás inarb ábhartha, síneadh a chur lena dtéarma oifige nó iad a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 31;

(n)oifigeach cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus na gCoinníollacha Fostaíochta, a bheidh neamhspleách i gcomhlíonadh a ndualgas;

(o)gach cinneadh a dhéanamh maidir le bunú struchtúir inmheánacha ENISA agus, i gcás inar gá, maidir le modhnú na struchtúr inmheánach sin, agus riachtanais ghníomhaíochtaí ENISA á gcur san áireamh agus ag féachaint do bhainistiú buiséadach fónta;

(p)tabhairt i gcrích socruithe oibre a údarú i ndáil le hAirteagal 68;

(q)tabhairt i gcrích socruithe oibre a údarú i gcomhréir le hAirteagal 70;

(r)comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 29(2), pointe (d);

(s)rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i ndáil le comhaltaí an Bhoird Achomhairc.

2.I gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh ar bhonn Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

3.Nuair is gá sin mar gheall ar chúinsí eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh a ghlacadh chun tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar fionraí go sealadach, chomh maith le haon chumhacht de chuid an údaráis ceapacháin arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 29
Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1.Glacfaidh an Bord Bainistíochta a chinntí trí thromlach glan dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

2.Beidh gá le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)an doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 28(1)(c) a ghlacadh;

(b) an buiséad bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 28(1)(e) a ghlacadh;

(c) an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, síneadh a chur lena dtéarma oifige nó iad a chur as oifig, dá dtagraítear in Airteagail 31 agus 33;

(d)comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig, dá dtagraítear in Airteagal 36.

3.Ní ghlacfar cinntí maidir le hábhair bhuiséadacha nó acmhainní daonna, go háirithe ábhair dá dtagraítear in Airteagal 28(1), pointí (c), (e), (f), (g), (h), (i), (k), (l), (m), (n), ach amháin má chaitheann ionadaithe an Choimisiúin vóta dearfach. Chun na cinntí a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 28(1), pointe (c) maidir le doiciméad clársceidealaithe aonair ENISA, ní bheidh gá le vóta dearfach ó ionadaí an Choimisiúin ach amháin i leith na ngnéithe den chinneadh nach mbaineann le clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil ENISA.

4.Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. In éagmais comhalta ag a bhfuil ceart vótála, beidh a chomhalta malartach i dteideal a cheart vótála a fheidhmiú.

5.Glacfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta páirt sa vótáil.

6.Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa vótáil.

7.Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, leagfar síos socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na cúinsí ina bhféadfadh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

Roinn 2 
An Bord Feidhmiúcháin

Airteagal 30
An Bord Feidhmiúcháin

1.Tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta.

2.Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an méid seo a leanas:

(a)na cinntí atá le glacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú;

(b)a áirithiú, i gcomhar leis an mBord Bainistíochta, go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar thorthaí agus ar mholtaí a eascraíonn as tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe OLAF agus OIPE;

(c)gan dochar do fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a leagtar amach in Airteagal 32, cúnamh agus comhairle a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le cinntí an Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme, d’fhonn maoirseacht ar bhainistiú riaracháin agus buiséadach a threisiú.

3.Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, ionadaí amháin ón gCoimisiún ar an mBord Bainistíochta agus triúr comhaltaí eile arna gceapadh ag an mBord Bainistíochta as measc a chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu. Beidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ina Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin freisin. Beidh sé d’aidhm ag ceapacháin chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin ionadaíocht chothrom idir na hinscní ar an mBord Feidhmiúcháin a áirithiú. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

4.4 bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin. Beidh an téarma sin in-athnuaite. Tiocfaidh deireadh le tréimhse oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin nuair a thiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta.

5.Tionólfaidh an Bord Feidhmiúcháin gnáthchruinniú amháin ar a laghad gach 3 mhí. Ina theannta sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna n‑iarraidh sin dá chuid comhaltaí.

6.Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin.

7.Nuair is gá de bharr práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a dhéanamh thar ceann an Bhoird Bainistíochta, go háirithe maidir le cúrsaí bainistíochta riaracháin, lena n‑áirítear tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin agus ábhair bhuiséadacha a chur ar fionraí. Tabharfar fógra faoi aon chinneadh sealadach den sórt sin don Bhord Bainistíochta gan moill mhíchuí. Cinnfidh an Bord Bainistíochta ansin an ndéanfaidh sé an cinneadh sealadach a fhormheas nó a dhiúltú tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an cinneadh sin a dhéanamh. Ní ghlacfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí thar ceann an Bhoird Bainistíochta a éilíonn formheas ó thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu.

Roinn 3 
An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 31
Ceapachán, dífhostú agus síneadh a chur leis an téarma oifige

1.Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn fiúntais agus scileanna ó liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach.

2.Sula ndéanfar an ceapachán, iarrfar ar an iarrthóir arna roghnú ag an mBord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh os comhair choiste cuí Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna na gComhaltaí a fhreagairt.

3.Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach ag ENISA faoi Airteagal 2(a) de na Coinníollacha Fostaíochta.

4.Chun an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht do ENISA.

5.5 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. In am trátha roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dúshláin ENISA amach anseo.

6.Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 5 á chur san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, ar feadh 5 bliana ar a mhéad.

7.Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar cuireadh síneadh lena chonradh, ní fhéadfaidh sé páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile le haghaidh an phoist chéanna ag deireadh na tréimhse iomláine.

8.Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le haon rún a bheadh aige síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin i gcomhréir le mír 6. Laistigh de 3 mhí roimh aon síneadh den sórt sin, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, má iarrtar é sin air, ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste chuí de chuid Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna Chomhaltaí an choiste a fhreagairt.

9.Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin tar éis cinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal 32
Cúraimí agus freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA a bhainistiú agus beidh sé cuntasach don Bhord Bainistíochta.

2.Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i gcomhlíonadh a chúraimí agus ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh sé treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3.Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a chúraimí nuair a iarrtar sin air. Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt ar chomhlíonadh a gcúraimí.

4.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ghníomhóidh mar ionadaí dlíthiúil ENISA.

5.Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí arna sannadh do ENISA faoin Rialachán seo. Go háirithe, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na nithe seo a leanas:

(a)Riarachán laethúil ENISA a áirithiú;

(b)cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(c)comhlíonadh rialacha airgeadais ENISA a áirithiú;

(d)an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena fhormheas sula gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é chun tuairim a fháil ina leith;

(e)an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur chun feidhme agus tuairisciú don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

(f)an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí ENISA a ullmhú, lena n‑áirítear clár oibre bliantúil ENISA a chur chun feidhme, agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

(g)plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na meastóireachtaí siarghabhálacha ar ENISA dá dtagraítear in Airteagal 121, agus tuairisceoidh sé don Choimisiún gach 2 bhliain maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh;

(h)plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus ar chonclúidí imscrúduithe OLAF agus OIPE agus tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn dhá uair sa bhliain don Choimisiún agus go tráthrialta don Bhord Bainistíochta;

(i)na dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir le ENISA dá dtagraítear in Airteagal 50 a ullmhú;

(j)dréachtráiteas ENISA ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas a ullmhú agus a bhuiséad a chur chun feidhme;

(k)leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile, gan dochar don inniúlacht imscrúdaitheach atá ag OLAF agus ag OIPE trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, más rud é go mbraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus pionóis airgeadais, a bheidh éifeachtach, comhréireach, agus athchomhairleach a fhorchur;

(l)straitéis frithchalaoise, straitéis um ghnóthachain éifeachtúlachta agus sineirgí, straitéis maidir le comhar le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus straitéis maidir leis na córais bainistíochta eagraíochtúla agus rialaithe inmheánaigh a ullmhú do ENISA, agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;

(m)teagmháil a fhorbairt agus a choinneáil ar bun leis an bpobal gnó agus le heagraíochtaí tomhaltóirí chun idirphlé tráthrialta le páirtithe leasmhara ábhartha a áirithiú;

(n)tuairimí agus faisnéis a mhalartú go tráthrialta le heintitis ábhartha an Aontais maidir lena ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcibearshlándáil chun comhleanúnachas a áirithiú i gcur chun feidhme bheartas an Aontais sa réimse sin;

(o)éagsúlacht agus cothromaíocht inscne a chur chun cinn agus foireann ENISA á hearcú;

(p)scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 20(1);

(q)cinntí a ghlacadh maidir le hiarratasóirí a bheith ina soláthraithe dearbhaithe údaraithe nó a n‑údarú a athnuachan, dá dtagraítear in Airteagal 22(3);

(r)cúraimí eile arna sannadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin leis an Rialachán seo a dhéanamh.

6.I gcás ina bhfuil gá leis agus faoi réir chuspóirí agus cúraimí ENISA, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin meithleacha ad hoc de shaineolaithe a bhunú, lena n‑áirítear saineolaithe ó údaráis inniúla na mBallstát. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas roimh ré faoin méid sin. Sonrófar na nósanna imeachta a bhaineann go háirithe le comhdhéanamh na meithleacha, le ceapadh shaineolaithe na meithleacha ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le hoibríocht na meithleacha ad hoc i rialacha inmheánacha oibríochta ENISA.

7.Nuair is gá, chun cúraimí ENISA a chur i gcrích go héifeachtúil agus go héifeachtach agus ar bhonn anailís iomchuí ar chostais agus tairbhí, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh oifig áitiúil amháin nó níos mó a bhunú i mBallstát amháin nó níos mó. Sula gcinnfear oifig áitiúil a bhunú, lorgóidh an Stiúrthóir Feidhmiúchán tuairim na mBallstát lena mbaineann, lena n‑áirítear an Ballstát ina bhfuil suíomh ENISA, agus gheobhaidh sé toiliú roimh ré ón gCoimisiún agus ón mBord Bainistíochta. I gcásanna ina mbeadh easaontú le linn phróiseas an chomhairliúcháin idir an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na Ballstáit lena mbaineann, cuirfear an tsaincheist faoi bhráid na Comhairle lena plé. Coimeádfar líon comhiomlán na foirne is lú is féidir i ngach oifig áitiúil agus ní bheidh sé níos mó ná 40 % de líon iomlán fhoireann ENISA atá lonnaithe sa Bhallstát ina bhfuil suíomh ENISA suite. Ní mó ná 10 % de líon iomlán fhoireann ENISA a bheidh i ngach oifig áitiúil atá lonnaithe sa Bhallstát ina bhfuil suíomh ENISA suite.

8.Sonrófar sa chinneadh lena mbunaítear oifig áitiúil raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bheidh le déanamh san oifig áitiúil ar bhealach a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus feidhmeanna riaracháin ENISA a dhéanamh faoi dhó.

Roinn 4 
Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 33
Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.Féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh feidhm Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chruthú chun cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

2.I gcás ina gcinnfidh an Bord Bainistíochta feidhm Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chruthú, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 31 maidir leis an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin dá réir sin.

Airteagal 34
Cúraimí agus freagrachtaí an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin

Tabharfaidh an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin cúnamh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le ENISA a bhainistiú agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 32 a chur i gcrích. Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbíonn sé ar fáil, nó má bhíonn an post folamh, glacfaidh an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ionad le linn dó a bheith as láthair nó go dtí go mbeidh an post líonta.

Roinn 5 
Grúpa Comhairleach ENISA

Airteagal 35
Grúpa Comhairleach ENISA

1.Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Grúpa Comhairleach ENISA a bhunú ar bhealach trédhearcach. Beidh Grúpa Comhairleach ENISA comhdhéanta de shaineolaithe aitheanta a dhéanann ionadaíocht do pháirtithe leasmhara ábhartha, amhail an tionscal cibearshlándála, an tionscal TFC, FBManna, eintitis a oibríonn in earnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, monaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus maoir bogearraí foinse oscailte de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/2847, comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra faoin gCreat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 93 agus Rialachán (AE) 2024/2847, eintitis a oibríonn i réimse na modhanna ríomh-shainaitheantais, grúpaí tomhaltóirí, saineolaithe acadúla i réimse na cibearshlándála, eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, chomh maith le húdaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí. Beidh na saineolaithe aitheanta sin ina náisiúnaigh de na Ballstáit. Féachfaidh an Bord Bainistíochta lena áirithiú go mbeidh ann cuí-chothromaíocht inscne agus thíreolaíoch i measc na bpáirtithe leasmhara éagsúla.

2.Sonrófar i rialacha inmheánacha oibríochta ENISA na nósanna imeachta maidir le Grúpa Comhairleach ENISA agus go háirithe na nósanna imeachta maidir le comhdhéanamh an ghrúpa dá dtagraítear i mír 1, líon agus ceapadh na gcomhaltaí agus feidhmiú Ghrúpa Comhairleach ENISA, agus poibleofar na nósanna imeachta sin.

3.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, nó aon duine a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn cás ar chás, a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar Ghrúpa Comhairleach ENISA.

4.2 bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí Ghrúpa Comhairleach ENISA agus féadfar é a athnuachan aon uair amháin. Ní bheidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta ina gcomhaltaí de Ghrúpa Comhairleach ENISA. Beidh saineolaithe ón gCoimisiún agus saineolaithe ó na Ballstáit i dteideal a bheith i láthair ag cruinnithe Ghrúpa Comhairleach ENISA agus páirt a ghlacadh ina chuid oibre. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó chomhlachtaí eile nach comhaltaí de Ghrúpa Comhairleach ENISA iad freastal ar chruinnithe Ghrúpa Comhairleach ENISA agus páirt a ghlacadh ina chuid oibre.

5.Tabharfaidh Grúpa Comhairleach ENISA comhairle do ENISA maidir le feidhmiú chúraimí ENISA, cé is moite de chur i bhfeidhm fhorálacha Theidil III, IV agus V den Rialachán seo. Tabharfaidh sé, go háirithe, comhairle don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le togra a tharraingt suas le haghaidh chlár oibre bliantúil ENISA agus maidir le cumarsáid a áirithiú leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an gclár oibre bliantúil.

6.Cuirfidh Grúpa Comhairleach ENISA an Bord Bainistíochta ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí ar bhonn tráthrialta.

7.Cuirfidh ENISA an tacaíocht lóistíochta is gá ar fáil do Ghrúpa Comhairleach ENISA agus cuirfidh sé rúnaíocht ar fáil le haghaidh a chruinnithe.

Roinn 6 
An Bord Achomhairc

Airteagal 36
Cruthú agus comhdhéanamh an Bhoird Achomhairc

1.Bunóidh ENISA Bord Achomhairc le cinneadh ón mBord Bainistíochta.

2.Beidh an Bord Achomhairc comhdhéanta de Chathaoirleach agus triúr comhaltaí eile. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Achomhairc. Déanfaidh an comhalta malartach ionadaíocht don chomhalta nuair a bheidh sé as láthair.

3.Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Cathaoirleach, na comhaltaí eile agus a malartaigh ó liosta d’iarrthóirí cáilithe arna bhunú ag an gCoimisiún. Beidh liosta na n‑iarrthóirí cáilithe bailí ar feadh 4 bliana. Féadfaidh an Bord Bainistíochta síneadh a chur le bailíocht an liosta sin ar feadh tréimhsí breise 4 bliana ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.

4.I gcás ina measfaidh an Bord Achomhairc go bhfuil gá leis de bharr chineál an achomhairc, féadfaidh sé a iarraidh ar an mBord Bainistíochta beirt chomhaltaí breise agus a malartaigh a cheapadh ón liosta dá dtagraítear i mír 3.

5.Glacfaidh an Bord Achomhairc a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

Airteagal 37
Comhaltaí an Bhoird Achomhairc

1.4 bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Achomhairc agus a gcomhaltaí malartacha. Féadfaidh an Bord Bainistíochta a dtéarma oifige a athnuachan ar feadh tréimhsí breise 4 bliana ag gníomhú dóibh ar thogra ón gCoimisiún.

2.Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus ní chomhlíonfaidh siad aon dualgas eile laistigh de ENISA. Agus a gcinntí á ndéanamh acu, ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon rialtas, ó aon chomhlacht eile ná ó aon eintiteas príobháideach.

3.Ní chuirfear comhaltaí an Bhoird Achomhairc as oifig ná ní bhainfear de liosta na n‑iarrthóirí incháilithe iad le linn a dtéarma oifige, mura mbeidh cúiseanna tromchúiseacha leis sin agus mura ndéanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh chuige sin, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal 38
Eisiamh agus agóid

1.Ní ghlacfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc páirt in aon imeacht achomhairc má bhíonn leas pearsanta acu iontu, má bhí baint acu cheana leis na himeachtaí mar ionadaithe do dhuine de na páirtithe iontu, nó má bhí siad rannpháirteach i nglacadh an chinnidh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina aghaidh.

2.Más rud é, ar cheann de na cúiseanna a liostaítear i mír 1 nó ar aon chúis eile, go measann comhalta de Bhord Achomhairc nár cheart dó páirt a ghlacadh in aon imeacht achomhairc, cuirfidh sé an Bord Achomhairc ar an eolas dá réir sin.

3.Féadfaidh páirtí sna himeachtaí achomhairc agóid a dhéanamh in aghaidh aon chomhalta de Bhord Achomhairc ar aon cheann de na forais a liostaítear i mír 1, nó má tá amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta. Ní bheidh aon agóid den sórt sin inghlactha más rud é, cé go bhfuil sé ar an eolas faoi chúis le hagóid a dhéanamh, go bhfuil céim nós imeachta glactha ag an bpáirtí sna himeachtaí achomhairc. Ní fhéadfar aon agóid a bhunú ar náisiúntacht chomhaltaí an Bhoird Achomhairc.

4.Cinnfidh an Bord Achomhairc an gníomh a dhéanfar sna cásanna a shonraítear i míreanna 2 agus 3 gan an comhalta lena mbaineann a bheith rannpháirteach. Chun an cinneadh sin a dhéanamh, cuirfear malartach an chomhalta lena mbaineann in ionad an chomhalta sin ar an mBord Achomhairc.

Airteagal 39
Achomhairc in aghaidh cinntí agus neamhghnímh

1.Féadfar achomharc a thabhairt os comhair an Bhoird Achomhairc in aghaidh:

(a)cinntí arna nglacadh ag ENISA de bhun Airteagal 22(3);

(b)neamhghníomh ENISA laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme a leagtar síos in Airteagal 22(4).

2.Beidh achomharc a dhéanfar de bhun mhír 1 faoi réir athbhreithniú idirbhreitheach i gcomhréir le hAirteagal 41 sula gcuirfear faoi bhráid an Bhoird Achomhairc é lena scrúdú.

3.Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc a dhéanfar de bhun mhír 1.

Airteagal 40
Daoine a bheidh i dteideal achomharc a dhéanamh, teorainn ama agus foirm

1.Féadfaidh iarratasóirí de réir bhrí Airteagal 21(3) achomharc a dhéanamh in aghaidh

(a)cinneadh ó ENISA a dhírítear chucu, de bhun Airteagal 22(3);

(b)neamhghníomh ENISA i ndáil le hiarratas arna chur faoi bhráid ENISA acu laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme a leagtar síos in Airteagal 22(4).

2.Sa chás dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), déanfar an t‑achomharc, mar aon leis an ráiteas ar na forais atá leis, a chomhdú i scríbhinn i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 36(5) laistigh de 2 mhí tar éis fógra faoin gcinneadh a thabhairt don iarratasóir lena mbaineann, nó ina éagmais sin, ón lá a cuireadh an cinneadh in iúl don iarratasóir.

3.Sa chás dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), déanfar an t‑achomharc a chomhdú le ENISA i scríbhinn i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 36(5) laistigh de 2 mhí ón lá a rachaidh an teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 22(4) in éag.

Airteagal 41
Athbhreithniú idirbhreitheach

1.Má mheasann ENISA go bhfuil an t‑achomharc inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis, cuirfidh sé an cinneadh nó an neamhghníomh dá dtagraítear in Airteagal 40(1) ina cheart.

2.Mura gceartóidh ENISA an cinneadh laistigh d’aon mhí amháin tar éis dó an t‑achomharc a fháil, cinnfidh sé láithreach an bhfionróidh sé feidhmiú a chinnidh agus tarchuirfidh sé an t‑achomharc chuig an mBord Achomhairc.

Airteagal 42
Scrúdú ar chinntí maidir le hachomhairc

1.Cinnfidh an Bord Achomhairc laistigh de 3 mhí tar éis chomhdú an achomhairc an seasfaidh sé leis an achomharc sin nó an ndiúltóidh sé dó. Agus achomharc á scrúdú aige, gníomhóidh an Bord Achomhairc laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos ina rialacha nós imeachta. A mhinice is gá, iarrfaidh sé ar na páirtithe sna himeachtaí achomhairc barúlacha a chomhdú laistigh de theorainneacha sonraithe ama maidir leis na fógraí a eiseoidh sé féin, nó maidir le teachtaireachtaí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc. Beidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc i dteideal uiríoll ó bhéal a dhéanamh.

2.I gcás ina gcinnfidh an Bord Achomhairc go bhfuil bunús maith leis na forais achomhairc, tarchuirfidh sé an cás chuig ENISA. Déanfaidh ENISA a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh i gcomhréir le cinntí an Bhoird Achomhairc agus tabharfaidh sé ráiteas faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin. Cuirfidh ENISA na páirtithe sna himeachtaí achomhairc ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 43
Caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.Féadfar caingne chun cinntí ENISA arna nglacadh de bhun Airteagal 22(3) a neamhniú, nó caingne mar gheall ar neamhghníomh laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme de bhun Airteagal 22(4), féadfar iad a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tar éis an nós imeachta achomhairc laistigh de ENISA a leagtar síos in Airteagail 39 go 42 a bheith ídithe nó i gcás neamhghnímh laistigh den teorainn ama is infheidhme de bhun Airteagal 41(2).

2.Déanfaidh ENISA gach beart is gá chun breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

Roinn 7 
Oibríochtaí

Airteagal 44
Doiciméad clársceidealaithe aonair

1.Oibreoidh ENISA i gcomhréir le doiciméad clársceidealaithe aonair ina mbeidh a chlár oibre bliantúil agus ilbhliantúil, agus áireofar ann na gníomhaíochtaí uile atá beartaithe aige.

2.Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtdoiciméad clársceidealaithe a tharraingt suas, dá dtagraítear i mír 1, agus an phleanáil acmhainní airgeadais agus daonna i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 74 ón gCoimisiún agus treoirlínte arna leagan síos ag an gCoimisiún á gcur san áireamh.

3.Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear i mír 1, agus an tuairim ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 32(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 á cur san áireamh. Má chinneann an Bord Bainistíochta gan aon ghné de thuairim an Choimisiúin a chur san áireamh, soláthróidh sé réasúnaíocht chuimsitheach leis an gcinneadh sin. Cuirfidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn, chomh maith le haon leagan den doiciméad sin a tugadh cothrom le dáta ina dhiaidh sin.

4.Beidh an doiciméad clársceidealaithe aonair críochnaitheach tar éis ghlacadh cinntitheach bhuiséad ginearálta an Aontais agus déanfar coigeartú air, más gá sin.

5.Sa chlár oibre bliantúil beidh cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a mheastar a bheidh ann, lena n‑áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus tásc ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a leithdháilfear ar gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil i gcomhréir leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 7. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.

6.Déanfaidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil atá glactha a leasú nuair a shannfar cúram nua do ENISA. Glacfar aon leasú mór ar an gclár oibre bliantúil leis an nós imeachta céanna lenar glacadh an clár oibre bliantúil tosaigh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

7.Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n‑áirítear cuspóirí, torthaí a mheastar a bheidh ann agus táscairí feidhmíochta. Leagfar amach ann clársceidealú acmhainní freisin, lena n‑áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann.

8.Déanfar an clársceidealú acmhainní a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Déanfar an clársceidealú straitéiseach a thabhairt cothrom le dáta nuair is iomchuí, agus go háirithe i gcás inar gá chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 120.

CAIBIDIL IV 
Bunú agus struchtúr bhuiséad ENISA

Airteagal 45
Bunú bhuiséad ENISA

1.Gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus ar chaiteachas ENISA le haghaidh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin, lena n‑áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

2.Beidh an dréachtmheastachán sealadach bunaithe ar chuspóirí agus ar thorthaí ionchasacha an chláir oibre bhliantúil, agus cuirfear san áireamh ann na hacmhainní airgeadais is gá chun na cuspóirí agus na torthaí sin a bhfuil coinne leo a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus na feidhmíochta.

3.Ar bhonn an dréachtmheastacháin shealadaigh, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas ENISA le haghaidh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin, agus cuirfidh sé chuig an gCoimisiún é faoin 31 Eanáir gach bliain.

4.Cuirfidh an Coimisiún an dréachtmheastachán mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais chuig an údarás buiséadach. Cuirfear an dréachtmheastachán ar fáil do ENISA freisin.

5.Ar bhonn an dréachtmheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na meastacháin sin a mheasann sé go bhfuil gá leo sa phlean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta a dhéanfar a mhuirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh iad i gcomhréir le hAirteagail 313 agus 314 CFAE.

6.Údaróidh an t‑údarás buiséadach na leithreasuithe le haghaidh na ranníocaíochta ó bhuiséad ginearálta an Aontais le ENISA.

7.Glacfaidh an t‑údarás buiséadach plean bunaíochta ENISA.

8.Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad ENISA. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais agus déanfar coigeartú air dá réir sin, más gá sin.

9.I gcás aon tionscadal tógála ar dócha go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad ENISA, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 maidir leis.

Airteagal 46
Struchtúr bhuiséad ENISA

1.Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile ENISA gach bliain airgeadais agus léireofar i mbuiséad ENISA iad. Comhfhreagróidh an bhliain airgeadais don bhliain féilire.

2.Beidh buiséad ENISA comhardaithe ó thaobh ioncaim agus caiteachais de.

3.Gan dochar d’acmhainní eile, beidh ioncam ENISA comhdhéanta de na nithe seo a leanas:

(a)ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;

(b)ioncam a shannfar do mhíreanna sonracha caiteachais i gcomhréir leis na rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 50;

(c)cistiú ón Aontas i bhfoirm comhaontuithe ranníocaíochta nó deontais ad hoc i gcomhréir le rialacha airgeadais ENISA dá dtagraítear in Airteagal 50 agus le forálacha na n‑ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais;

(d)na táillí a thoibheofar ar na hiarratasóirí as gníomhaíochtaí a bhaineann le scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 22(1);

(e)na táillí a thoibheofar ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta as rannpháirtíocht i ndeimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus as deimhnithe Eorpacha cibearshlándála a eisiúint faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 47(2);

(f)na táillí a thoibheofar ar údaráis phoiblí nó ar chomhlachtaí príobháideacha le haghaidh uirlisí tástála dá dtagraítear in Airteagal 47(3);

(g)aon ranníocaíocht ó thríú tíortha a rannchuideoidh le hobair ENISA, dá bhforáiltear in Airteagal 70(4);

(h)aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit in airgead nó i gcomhchineál.

4.Na Ballstáit a sholáthraíonn ranníocaíochtaí deonacha, dá dtagraítear i mír 3, pointe (g), ní dhéanfaidh siad aon cheart sonrach ná aon seirbhís shonrach a éileamh mar thoradh air sin.

5.Cuirfear luach saothair foirne, costais riaracháin agus bhonneagair, agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas ENISA.

Airteagal 47
Táillí

1.Maidir le gach gníomhaíocht de chuid na scéime Eorpaí um dhearbhú dá dtagraítear in Airteagal 22(1), toibheofar na táillí seo a leanas ar iarratasóirí de réir bhrí Airteagal 21(3) nó ar sholáthraithe dearbhaithe údaraithe chun rannchuidiú le cumhdach chostais iomlána na ngníomhaíochtaí a dhéanann ENISA:

(a)údaruithe a eisiúint tar éis scrúdú a dhéanamh ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 21(3) agus (4), lena n‑áirítear meastóireachtaí a dhéanamh;

(b)an t‑údarú a choinneáil ar bun gach bliain;

(c)údaruithe a athnuachan le haghaidh soláthraithe dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála, lena n‑áirítear meastóireachtaí a dhéanamh.

2.I ndáil le deimhniú, toibheofar na táillí seo a leanas ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a choinneáil ar bun faoina n‑eisítear deimhnithe Eorpacha cibearshlándála, go háirithe:

(a)táille bhliantúil as rannpháirtíocht i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála;

(b)táille chun deimhnithe Eorpacha cibearshlándála a eisiúint faoi scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála.

Gearrfar na táillí dá dtagraítear i bpointe b) nuair a chuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta deimhnithe Eorpacha cibearshlándála faoi bhráid ENISA lena bhfoilsiú ar a shuíomh gréasáin de bhun Airteagal 79.

3.I ndáil le huirlisí tástála dá dtagraítear in Airteagal 15(1), toibheofar táille ar aon údarás poiblí nó ar aon chomhlacht príobháideach as a n‑úsáid.

4.Sloinnfear táillí agus beidh siad iníoctha in euro.

5.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann leis na táillí a bheidh le tobhach ag ENISA a chinneadh, lena sonrófar go háirithe na costais mheasta is inchurtha i leith gach ceann de na hábhair a bhfuil táillí de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 inmhuirearaithe ina leith, agus méideanna na dtáillí aonair is inmhuirearaithe, chomh maith leis na bealaí agus na coinníollacha faoinar cheart na táillí a íoc. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2). Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ENISA agus na dréachtghníomhartha cur chun feidhme sin á n‑ullmhú aige.

6.Leagfar amach roimh ré na táillí a chinnfear leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 le bheith comhréireach le costais mheasta na ngníomhaíochtaí a dhéantar nó na seirbhísí a sholáthraítear de réir mar a chinntear ar bhealach costéifeachtach agus beidh siad leordhóthanach chun na costais sin a chumhdach. Léireofar sna costais a bheidh le cumhdach caiteachas uile ENISA a shannfar don fhoireann a bheidh ag gabháil do ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3. Socrófar táillí ar leibhéal lena seachnófar easnamh nó carnadh suntasach barrachais i mbuiséad ENISA. Déanfar barrachais bhuiséadacha arna nginiúint trí tháillí a thabhairt anonn chun gníomhaíochtaí ENISA a chistiú, go háirithe gníomhaíochtaí amach anseo a bhaineann le táillí, nó chun na caillteanais arna dtabhú a fhritháireamh. Má thagann comhardú dearfach suntasach sa bhuiséad, a eascraíonn as gníomhaíochtaí a chumhdaítear le táillí, chun bheith athfhillteach, nó má thagann comhardú diúltach suntasach as soláthar na seirbhísí a chumhdaítear le táillí, leasóidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 chun athbhreithniú a dhéanamh ar an modh chun na táillí a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 118(2).

Socrófar méid na dtáillí le haghaidh na gcúraimí dá dtagraítear i mír 1 ar leibhéal lena n‑áiritheofar go rannchuideoidh an t‑ioncam ina leith go leordhóthanach chun costais na ngníomhaíochtaí a chumhdach a bhaineann le scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, le hiarratais a phróiseáil agus le húdaruithe a sholáthar agus a athnuachan agus leis an méid is gá le haghaidh gníomhaíochtaí formhaoirseachta sin ENISA.

Socrófar méid na dtáillí le haghaidh na gcúraimí dá dtagraítear i mír 2 ar leibhéal lena n‑áiritheofar go rannchuideoidh an t‑ioncam ina leith go leordhóthanach chun costais iomlána na ngníomhaíochtaí a bhaineann le coinneáil ar bun na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a leagtar amach in Airteagal 75 a chumhdach.

Socrófar méid na dtáillí le haghaidh na gcúraimí dá dtagraítear i mír 3 ar leibhéal lena n‑áiritheofar go rannchuideoidh an t‑ioncam ina leith go leordhóthanach chun costais na ngníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar uirlisí tástála a chumhdach mar a leagtar amach in Airteagal 15(1).

7.Soláthróidh ENISA tuarascáil ar na táillí a thoibhítear agus ar a dtionchar ar a bhuiséad mar chuid den nós imeachta maidir le cuntais a thíolacadh a leagtar síos in Airteagal 50.

8.Cuirfidh ENISA tacar táscairí i bhfeidhm chun an t‑ualach oibre, an éifeachtacht agus an éifeachtúlacht a thomhas i ndáil le gníomhaíochtaí a mhaoinítear trí tháillí. Déanfaidh ENISA a phleanáil foirne agus a bhainistiú acmhainní a bhaineann le táillí a oiriúnú dá réir sin chun go mbeidh sé in ann freagairt go leordhóthanach don éileamh sin agus d’aon luaineacht san ioncam ó tháillí. Roinnfidh ENISA an tuarascáil leis an gCoimisiún agus féadfaidh an Coimisiún í a úsáid chun críoch na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 120(1).

Airteagal 48
Buiséad ENISA a chur chun feidhme

1.Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as buiséad ENISA a chur chun feidhme agus gníomhóidh sé mar oifigeach údarúcháin.

2.Feidhmeoidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na cumhachtaí céanna ar ENISA agus a fheidhmíonn sé ar ranna an Choimisiúin.

3.Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach.

Airteagal 49
Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1.Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta ENISA na cuntais shealadacha le haghaidh na bliana airgeadais (bliain N) a chur chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta an bhliain airgeadais dár gcionn (bliain N + 1).

2.Soláthróidh oifigeach cuntasaíochta ENISA freisin an fhaisnéis chuntasaíochta is gá d’oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críoch comhdhlúthúcháin, sa mhodh agus san fhormáid a éilíonn an t‑oifigeach sin faoin 1 Márta de bhliain N + 1.

3.Déanfaidh ENISA an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais le haghaidh bhliain N a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

4.Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha ENISA le haghaidh bhliain N, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta ENISA cuntais chríochnaitheacha ENISA a tharraingt suas ar a fhreagracht féin. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

5.Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha ENISA le haghaidh bhliain N.

6.Faoin 1 Iúil de bhliain N + 1, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta ENISA na cuntais chríochnaitheacha le haghaidh bhliain N, in éineacht le tuairim an Bhoird Bainistíochta, a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7.Faoin 15 Samhain de bhliain N + 1, foilseofar nasc in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chuig na leathanaigh ghréasáin ar a bhfuil cuntais chríochnaitheacha ENISA.

8.Faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N + 1, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar na barúlacha arna dtabhairt ina tuarascáil bhliantúil. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an gCoimisiún freisin.

9.Aon fhaisnéis is gá chun an nós imeachta um urscaoileadh a chur i bhfeidhm go rianúil i gcás bhliain N, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í, arna iarraidh sin di, i gcomhréir le hAirteagal 267(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

10.Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid le haghaidh bhliain N.

Airteagal 50
Rialacha airgeadais

1.Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le ENISA a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/715 ach amháin i gcás ina mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach le haghaidh oibriú ENISA agus i gcás ina dtoileoidh an Coimisiún leis roimh ré.

2.Déanfaidh ENISA a bhuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme i gcomhréir lena rialacha airgeadais agus le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

Airteagal 51
Calaois a chomhrac

1.Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 75 maidir le gníomhaíochtaí ENISA.

2.Aontóidh ENISA do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) 76 laistigh de 6 mhí ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta beacht, dá dtagraítear in Airteagal 127] agus glacfaidh sé na forálacha iomchuí is infheidhme maidir lena fhoireann agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.

3.Beidh sé de chumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, iniúchtaí a dhéanamh ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a bhfuil cistí an Aontais faighte acu ó ENISA.

4.Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna chistiú ag ENISA, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 77 .

5.Gan dochar do mhíreanna 1 go 4, beidh forálacha i gcomhaontuithe oibre le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i socruithe deontais agus i gcinntí deontais de chuid ENISA lena gcumhachtófar go sainráite an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF na hiniúchóireachtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh i gcomhréir lena n‑inniúlachtaí féin.

6.I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, féadfaidh OIPE calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 78 .

Airteagal 52
Dearbhú leasanna

1.Comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus oifigigh atá ar iasacht ó na Ballstáit ar bhonn sealadach, déanfaidh gach duine acu dearbhú gealltanas agus dearbhú ina léireofar nach ann nó gur ann d’aon leas díreach nó indíreach a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach i dtaobh a neamhspleáchais. Maidir leis na dearbhuithe, beidh siad beacht agus iomlán, déanfar go bliantúil agus i scríbhinn iad agus tabharfar cothrom le dáta iad nuair is gá.

2.Comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na saineolaithe seachtracha a ghlacann páirt i meithleacha ad hoc, déanfaidh gach duine acu dearbhú beacht agus iomlán ar a dhéanaí ag tús gach cruinnithe ar dearbhú é ina léireofar aon leas a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach i dtaobh a neamhspleáchais i ndáil leis na míreanna atá ar an gclár agus staonfaidh siad ó pháirt a ghlacadh sa phlé ar na míreanna sin agus ó vótáil orthu.

3.Leagfaidh ENISA síos, ina rialacha inmheánacha oibríochta féin, na socruithe praiticiúla maidir leis na rialacha i dtaobh dearbhuithe leasa dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 53
Trédhearcacht

1.Cuirfidh ENISA a ghníomhaíochtaí i gcrích le leibhéal ard trédhearcachta agus i gcomhréir le hAirteagal 55.

2.Áiritheoidh ENISA go ndéanfar faisnéis iomchuí oibiachtúil iontaofa a bhfuil teacht uirthi go héasca a sholáthar don phobal agus d’aon pháirtí leasmhar, go háirithe maidir le torthaí a chuid oibre. Cuirfidh sé freisin na dearbhuithe leasa a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 52 ar fáil don phobal.

3.Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, údarás a thabhairt do pháirtithe leasmhara breathnú ar nósanna imeachta a bhaineann le cuid de ghníomhaíochtaí ENISA.

4.Leagfaidh ENISA síos, ina rialacha inmheánacha oibríochta féin, na socruithe praiticiúla chun na rialacha trédhearcachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur chun feidhme.

Airteagal 54
Rúndacht laistigh de ENISA

1.Gan dochar d’Airteagal 55, ní nochtfaidh ENISA do thríú páirtithe aon fhaisnéis arna próiseáil aige nó arna tabhairt dó a bhfuil iarraidh réasúnaithe déanta ina leith gur i modh rúin a chaithfí léi.

2.Comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí Ghrúpa Comhairleach ENISA, saineolaithe seachtracha atá páirteach sna meithleacha ad hoc, agus comhaltaí foirne ENISA, lena n‑áirítear oifigigh ar iasacht ó na Ballstáit ar bhonn sealadach, comhlíonfaidh siad ceanglais rúndachta Airteagal 339 CFAE, fiú amháin nuair a bheidh deireadh lena gcuid dualgas.

3.Leagfaidh ENISA síos, ina rialacha inmheánacha oibríochta féin, na socruithe praiticiúla d’fhonn na rialacha rúndachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur chun feidhme.

Airteagal 55
Rochtain ar dhoiciméid

1.Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh ENISA.

2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta socruithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme.

3.Cinntí arna nglacadh ag ENISA de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, féadfaidh siad a bheith ina n‑ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach faoi Airteagal 228 CFAE nó a bheith ina n‑ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 263 CFAE.

CAIBIDIL V 
Foireann agus Oifigigh Idirchaidrimh

Airteagal 56
Forálacha ginearálta

1.Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile chomh maith leis na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do Rialacháin Foirne na nOifigeach agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, beidh feidhm acu maidir le foireann ENISA.

2.Rachaidh foireann ENISA, oifigigh idirchaidrimh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht do ENISA faoi réir nós imeachta iomchuí maidir le himréiteach slándála.

Airteagal 57
Pribhléidí agus díolúintí

Prótacal Uimh. 7 i dtaca le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CFAE, beidh feidhm aige maidir le ENISA agus maidir lena fhoireann.

Airteagal 58
Oifigigh idirchaidrimh

1.Ainmneoidh gach Ballstát beirt oifigeach idirchaidrimh ar a laghad ó údarás inniúil náisiúnta arna ainmniú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555 mar shaineolaithe náisiúnta ar iasacht do ENISA chun oibriú ag a shuíomh nó ag a oifig áitiúil, i gcomhréir le hAirteagal 59(2). Féadfaidh an Coimisiún oifigeach idirchaidrimh a ainmniú freisin.

2.Rannchuideoidh oifigigh idirchaidrimh le cúraimí ENISA a chur i gcrích, lena n‑áirítear trí chomhar oibríochtúil agus malartú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 11 a éascú. Tacóidh oifigigh idirchaidrimh le ENISA freisin chun faisnéis faoina ghníomhaíochtaí, faoina thorthaí agus faoina mholtaí a scaipeadh ar pháirtithe leasmhara ábhartha ar fud an Aontais. Gníomhóidh siad freisin mar phointí teagmhála náisiúnta maidir le ceisteanna óna mBallstáit agus i ndáil lena mBallstáit, trí na ceisteanna sin a fhreagairt go díreach nó trí idirchaidreamh a dhéanamh lena gcórais riaracháin náisiúnta.

3.Beidh oifigigh idirchaidrimh arna n‑ainmniú ag a mBallstáit i dteideal an fhaisnéis ábhartha uile a iarraidh agus a fháil óna mBallstáit, dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus an dlí náisiúnta agus cleachtais an Bhallstáit á n‑urramú go hiomlán acu, go háirithe a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí agus rúndacht.

Airteagal 59
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1.Féadfaidh ENISA leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag ENISA, in aon réimse dá chuid oibre. Ní bheidh feidhm ag na Rialacháin Foirne ná ag na Coinníollacha Fostaíochta maidir leis na baill foirne sin.

2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos na rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta, lena n‑áirítear oifigigh idirchaidrimh, a thabhairt ar iasacht do ENISA.

CAIBIDIL VI 
FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE ENISA

Airteagal 60
Stádas dlíthiúil ENISA

1.Comhlacht de chuid an Aontais a mbeidh pearsantacht dhlítheanach aige a bheidh in ENISA.

2.I ngach Ballstát, beidh ag ENISA an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí.

3.Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht do ENISA.

Airteagal 61
Suíomh

Is in Aithin na Gréige a bheidh suíomh ENISA.

Airteagal 62
Comhaontú ceanncheathrún agus coinníollacha oibriúcháin

1.Na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a sholáthrófar do ENISA sa Bhallstát óstach agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát óstach maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, baill foirne ENISA agus baill dá dteaghlaigh, leagfar síos iad i gcomhaontú ceanncheathrún idir ENISA agus an Ballstát óstach a thabharfar i gcrích tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta.

2.Soláthróidh Ballstát óstach ENISA na dálaí is fearr is féidir chun feidhmiú cuí ENISA a áirithiú, agus inrochtaineacht an tsuímh á cur san áireamh, mar aon le saoráidí leormhaithe oideachais a bheith ann do leanaí na mball foirne agus rochtain iomchuí ar mhargadh an tsaothair, ar an tslándáil shóisialta agus ar chúram leighis do leanaí agus do chéilí na mball foirne araon.

Airteagal 63
Rialú riaracháin

Déanfaidh an tOmbudsman Eorpach maoirseacht ar oibríochtaí ENISA, i gcomhréir le forálacha Airteagal 228 CFAE.

Airteagal 64
Dliteanas ENISA

1.Beidh dliteanas conarthach ENISA faoi rialú an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2.Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag ENISA.

3.I gcás dliteanas neamhchonarthach, slánóidh ENISA aon damáiste arbh é féin nó arbh í a fhoireann ba chúis leis i bhfeidhmiú a ndualgas, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát.

4.Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as aon damáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.Beidh dliteanas pearsanta fhoireann ENISA i leith ENISA á rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

Airteagal 65
Socruithe teanga

1.Beidh feidhm ag Rialachán CEE Uimh. 1 79 ón gComhairle maidir le ENISA. Féadfaidh na Ballstáit agus na comhlachtaí eile arna gceapadh acu dul i dteagmháil le ENISA agus freagra a fháil ina rogha teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais.

2.Is é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a sholáthróidh an t‑aistriúchán agus na seirbhísí teanga eile uile a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh ENISA, seachas an ateangaireacht.

Airteagal 66
Cosaint sonraí pearsanta

1.Beidh próiseáil sonraí pearsanta ag ENISA faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.

2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2018/1725. Féadfaidh an Bord Bainistíochta na bearta breise is gá a ghlacadh chun go gcuirfidh ENISA Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 i bhfeidhm.

Airteagal 67
Rialacha slándála maidir le faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe a chosaint

I gcomhaontú leis an gCoimisiún, glacfaidh ENISA rialacha slándála lena gcuirfear i bhfeidhm na prionsabail slándála atá i rialacha slándála an Choimisiúin chun faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus FRAE a chosaint, mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 80 agus 2015/444 81 . Áireofar sna rialacha slándála sin forálacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 68
Comhar le heintitis an Aontais agus le húdaráis náisiúnta

1.Chun comhsheasmhacht a áirithiú, sineirgí a chruthú agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna leasa choitinn, oibreoidh ENISA i gcomhar maidir le hábhair a bhaineann leis an gcibearshlándáil le CERT-EU agus le heintitis ábhartha an Aontais, lena n‑áirítear Europol, an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2021/887, agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú de bhun Airteagal 68(1) de Rialachán (AE) 2016/679.

2.Féadfar an comhar dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú trí bhíthin an mhéid seo a leanas:

(a)fios gnó agus dea-chleachtais a mhalartú;

(b)comhairle a sholáthar agus treoraíocht a eisiúint ar ábhair a bhaineann leis an gcibearshlándáil;

(c)socruithe praiticiúla a leagan síos chun cúraimí sonracha a chur i bhfeidhm, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

3.Rachaidh ENISA i mbun comhar struchtúrtha le CERT-EU, go háirithe maidir le hábhair a bhaineann le fothú acmhainneachta, comhar oibríochtúil, agus anailísí straitéiseacha fadtéarmacha ar chibearbhagairtí.

4.Oibreoidh ENISA i gcomhar le húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh agus le húdaráis mhaoirseachta ábhartha arna n‑ainmniú faoi reachtaíocht an Aontais i réimse na cibearshlándála, lena n‑áirítear Rialachán (AE) 2024/2847, agus malartóidh sé faisnéis leo.

Airteagal 69
Comhar le páirtithe leasmhara

1.I gcás inar gá chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, oibreoidh ENISA i gcomhar le páirtithe leasmhara ábhartha, amhail an tionscal cibearshlándála, an tionscal TFC, FBManna, eintitis a oibríonn in earnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, monaróirí, allmhaireoirí nó dáileoirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/2847, comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra faoin gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála agus Rialachán (AE) 2024/2847, eintitis a oibríonn i réimse na modhanna ríomh-shainaitheantais, grúpaí tomhaltóirí, agus saineolaithe acadúla i réimse na cibearshlándála. Chuige sin, féadfaidh ENISA comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a bhunú.

2.Tacóidh ENISA, i gcomhairle leis an gCoimisiún, le comhar idir comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra de bhun Airteagal 93. Go háirithe, féadfaidh sé grúpa comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra a bhunú chun dea-chleachtais a chomhroinnt, rud a chruthóidh sineirgí le reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2024/2847.

Airteagal 70
Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.A mhéid is gá chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, féadfaidh ENISA oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó leo araon, i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais. Chuige sin, féadfaidh ENISA socruithe oibre a leagan síos i gcomhar le húdaráis tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, tar éis dó formheas a fháil ón gCoimisiún roimh ré. Ní chruthófar leis na socruithe oibre sin oibleagáidí dlíthiúla ar an Aontas ná ar na Ballstáit.

2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta straitéis um chaidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí a mbeidh inniúlacht ag ENISA ina leith agus a bheidh i gcomhréir leis na tosaíochtaí dá dtagraítear i mír 1. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfeidhmeoidh ENISA laistigh dá shainordú agus laistigh den chreat idirinstitiúideach atá ann cheana trí shocruithe oibre oiriúnacha a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

3.Chun tacú le comhar le tríú tíortha, go háirithe tíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas, féadfaidh ENISA a shaineolas fothaithe acmhainneachta a sholáthar, go háirithe sna réimsí seo a leanas:

(a)measúnú ar leibhéal aibíochta na gcumas cibearshlándála agus na n‑acmhainní cibearshlándála;

(b)fás agus feabhsú an lucht saothair cibearshlándála, lena n‑áirítear tríd an gCreat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála agus na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a chur chun cinn, agus trí ghníomhaíochtaí foghlama agus oiliúna a sholáthar;

(c)tacú le cleachtaí cibearshlándála a phleanáil agus a chur i gcrích.

4.Beidh ENISA oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha in obair ENISA a bhfuil comhaontuithe chuige sin tugtha i gcrích acu leis an Aontas. Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir tríú tíortha agus an tAontas, bunófar socruithe oibre, faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún, ina sonrófar go háirithe cineál, méid agus modh rannpháirtíocht na dtríú tíortha sin in obair ENISA, agus áireofar iontu forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dtabharfaidh ENISA fúthu, le ranníocaíochtaí airgeadais agus leis an bhfoireann. A mhéid a bhaineann le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe oibre sin na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta in aon chás.

5.Tuairisceoidh ENISA go tráthrialta don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na socruithe oibre dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4.

TEIDEAL III

CREAT EORPACH UM DHEIMHNIÚ CIBEARSHLÁNDÁLA

CAIBIDIL I 
Cuspóirí, Raon Feidhme agus Nósanna Imeachta

Airteagal 71
Cuspóirí agus raon feidhme an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála

1.Bunófar an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála d’fhonn margadh aonair digiteach a chruthú le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus eintiteas. Chuige sin, méadófar leis leibhéal na cibearshlándála laistigh den Aontas agus cumasófar cur chuige comhchuibhithe maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála chomh maith le deimhniú giarála chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais is infheidhme a éascú.

2.Leis an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, déanfar foráil maidir le sásra chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a bhunú agus chun an méid seo a leanas a dhearbhú:

(a)go gcomhlíonann na táirgí TFC, na seirbhísí TFC agus na próisis TFC a ndearnadh meastóireacht orthu i gcomhréir le scéimeanna den sórt sin ceanglais shonraithe slándála chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí stóráilte nó tarchurtha nó próiseáilte a chosaint nó chun na feidhmeanna nó na seirbhísí a thairgtear, nó atá inrochtana, trí na táirgí, na seirbhísí agus na próisis sin ar feadh a saolré a chosaint;

(b)go gcomhlíonann seirbhísí slándála bainistithe a ndearnadh meastóireacht orthu i gcomhréir le scéimeanna den sórt sin ceanglais shonraithe slándála chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí a bhfaightear rochtain orthu, a phróiseáiltear, a stóráiltear nó a tharchuirtear maidir le soláthar na seirbhísí sin a chosaint, agus go soláthraíonn baill foirne a bhfuil leibhéal leordhóthanach iomchuí eolais theicniúil ábhartha agus ionracais ghairmiúil ábhartha acu na seirbhísí sin go leanúnach leis an inniúlacht, an saineolas agus an taithí is gá;

(c)go gcomhlíonann seasamh cibearshlándála an eintitis a ndearnadh meastóireacht air i gcomhréir le scéimeanna den sórt sin ceanglais chibearshlándála shonraithe.

3.Is ar bhonn deonach a dhéanfar an deimhniú Eorpach cibearshlándála, mura sonraítear a mhalairt i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.

4.Déanfar deimhniú Eorpach cibearshlándála agus ráiteas comhréireachta ón Aontas arna n‑eisiúint faoin gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a aithint go huathoibríoch i ngach Ballstát.

Airteagal 72
Faisnéis phoiblí agus comhairliúchán poiblí

1.Uair amháin sa bhliain ar a laghad, eagróidh an Coimisiún, le tacaíocht ó ENISA, Tionól Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála, lena n‑iarrfar ar chomhaltaí ECCG agus ar shaineolaithe ábhartha eile ó na Ballstáit, ar shaineolaithe ábhartha ó eintitis de chuid an Aontais agus ar pháirtithe leasmhara ábhartha tosaíochtaí straitéiseacha maidir le comhchuibhiú i réimse an deimhnithe cibearshlándála a phlé.

2.Déanfaidh an Coimisiún suíomh gréasáin tiomnaithe a choinneáil ar bun agus a nuashonrú go tráthrialta ar a soláthrófar faisnéis maidir leis na gnéithe seo a leanas:

(a)Scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna n‑iarraidh le haghaidh forbartha de bhun Airteagal 73;

(b)tosaíochtaí straitéiseacha maidir le comhchuibhiú táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe, seasamh cibearshlándála eintiteas nó ceanglais slándála reachtaíocht an Aontais, lena n‑áirítear réimsí ina bhféadfaí scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a iarraidh.

3.Cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo an fhaisnéis faoina iarraidh ar ENISA scéim iarrthach dá dtagraítear in Airteagal 73 a ullmhú agus faoina chinneadh glacadh le scéim iarrthach arna tarchur ag ENISA i gcomhréir le hAirteagal 74(7), diúltú di nó scor di.

4.Agus scéim iarrthach á hullmhú ag ENISA de bhun Airteagal 74, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún, ina cháil mar chathaoirleach ar ECCG, agus ar ENISA faisnéis ábhartha maidir leis an dréachtscéim iarrthach a thíolacadh. Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, féadfaidh ENISA, i gcomhaontú leis an gCoimisiún agus gan dochar d’Airteagal 54, codanna ábhartha de dhréachtscéim iarrthach a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhealach atá iomchuí don leibhéal rúndachta is gá, agus i gcás inarb iomchuí ar bhealach srianta.

5.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ENISA plé a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le cur chun feidhme scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas.

Airteagal 73
Iarrataí ar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála

1.Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ENISA scéim iarrthach Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas.

2.I gcásanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh ECCG a mholadh don Choimisiún iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh.

3.Sonrófar san iarraidh dá dtagraítear i mír 1 an cuspóir, an raon feidhme agus na módúlachtaí a bhaineann leis na cuspóirí agus na heilimintí slándála ábhartha a leagtar amach in Airteagail 80 agus 81 a bhaint amach. Sonrófar san iarraidh freisin plean forbartha na scéime iarrthaí Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála agus na sonraíochtaí teicniúla ábhartha a ndéanfar tagairt dóibh nó a shaineofar sa scéim.

4.Agus an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 á hullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle go cuí le ENISA agus le ECCG agus cuirfidh sé tuairimí na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile agus na n‑eintiteas eile de chuid an Aontais san áireamh, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, na tuairimí sin atá ábhartha faoi reachtaíocht an Aontais ina bhfuil comhlíontacht á léiriú ag scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála agus ina bhfuil toimhde comhréireachta á soláthar aici.

Airteagal 74
Scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú agus a ghlacadh

1.Tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún de bhun Airteagal 73, mura sonraítear a mhalairt san iarraidh, ullmhóidh ENISA scéim iarrthach Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 80 agus 81.

2.Chun gach scéim iarrthach a ullmhú, bunóidh ENISA meitheal ad hoc i gcomhréir le hAirteagal 32(6) chun comhairle saineolais a sholáthar do ENISA.

3.Agus an scéim iarrthach á hullmhú aige, oibreoidh ENISA i ndlúthchomhar le ECCG. Cuirfidh ECCG cúnamh agus sainchomhairle ar fáil do ENISA i ndáil le hullmhú na scéime iarrthaí agus, i gcás inarb infheidhme, sonraíochtaí teicniúla tacaíochta.

4.Agus an scéim iarrthach á hullmhú, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, sonraíochtaí teicniúla tacaíochta, rachaidh ENISA i gcomhairle le páirtithe leasmhara go tráthúil trí phróiseas comhairliúcháin foirmiúil, oscailte, trédhearcach agus cuimsitheach. Oibreoidh ENISA i gcomhar freisin le húdaráis phoiblí ábhartha sna Ballstáit agus le heintitis ábhartha an Aontais chun a sainchomhairle a bhailiú i ndáil le hullmhú na scéime iarrthaí agus, i gcás inarb infheidhme, le sonraíochtaí teicniúla tacaíochta. Agus an scéim iarrthach á tarchur aige chuig an gCoimisiún de bhun mhír 6, soláthróidh ENISA faisnéis faoin gcaoi ar chomhlíon sé an mhír sin.

5.Sula dtarchuirfidh sé an scéim iarrthach agus, i gcás inarb infheidhme, sonraíochtaí teicniúla tacaíochta, chuig an gCoimisiún, iarrfaidh ENISA ar chomhaltaí ECCG tuairimí i scríbhinn a sholáthar maidir leis an scéim iarrthach. Cuirfear na tuairimí ar fáil tráth nach déanaí ná 30 lá ó dháta na hiarrata. Tabharfaidh ENISA lánaird ar thuairimí chomhaltaí ECCG. In éagmais na dtuairimí sin, ní chuirfear cosc ar ENISA an scéim iarrthach a tharchur chuig an gCoimisiún.

6.Déanfaidh ENISA an scéim iarrthach a tharchur chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 60 lá ó dháta na hiarrata dá dtagraítear i mír 5.

7.Agus an scéim iarrthach á fáil aige, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht i dtaobh an gcomhfhreagraíonn an scéim don iarraidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 73. Laistigh de 30 lá ón dáta a tharchuirfear an scéim iarrthach sin, déanfaidh an Coimisiún ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)an scéim iarrthach a ghlacadh;

(b)an scéim iarrthach a chur ar ais chuig ENISA lena hathbhreithniú mar aon le réasúnaíocht leis an gcur ar ais sin agus sprioc-am nach faide ná 90 lá, ar laistigh de a chuirfidh ENISA scéim iarrthach athbhreithnithe ar fáil;

(c)scor den scéim iarrthach.

8.I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún scéim iarrthach ar ais chuig ENISA lena hathbhreithniú i gcomhréir le mír 7, pointe (b), beidh feidhm ag míreanna 4, 5 agus 7 dá réir sin.

9.Cumhachtaítear an Coimisiún, ar bhonn na scéime iarrthaí inghlactha arna hullmhú ag ENISA, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéantar foráil maidir le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 80 agus 81. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

10.Féadfaidh an Coimisiún tagairt a dhéanamh do shonraíochtaí teicniúla arna bhforbairt ag ENISA sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagail 18 agus 77.

11.Féadfaidh an Coimisiún na coinníollacha a shonrú maidir le haitheantas idirnáisiúnta a thabhairt do dheimhnithe Eorpacha cibearshlándála, sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 87.

Airteagal 75
Scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a choinneáil ar bun

1.Bunófar straitéis um choinneáil ar bun le gach scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. Leagfar amach sa straitéis um choinneáil ar bun ionchais maidir le gníomhaíochtaí coinneála ar bun, go háirithe na gníomhaíochtaí sin a bhaineann leis na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear sa scéim agus leis an idirghníomhaíocht le páirtithe leasmhara ábhartha.

2.Áiritheoidh ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le tacaíocht ó ECCG agus óna fhoghrúpa ábhartha um choinneáil ar bun, go gcoinneofar scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála ar bun, lena n‑áirítear i bhfianaise athbhreithniú a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh ar scéimeanna den sórt sin. Oibreoidh ENISA i gcomhar le heintitis agus grúpaí ábhartha de chuid an Aontais agus malartóidh sé faisnéis leo maidir le gníomhaíochtaí coinneála ar bun.

3.Féadfaidh ENISA rannpháirtíocht na hearnála príobháidí a eagrú chun scéim a choinneáil ar bun i bhfoirm meitheal ad hoc i gcomhréir leis an straitéis um choinneáil ar bun dá dtagraítear i mír 1.

4.Áireofar an méid seo a leanas i ngníomhaíochtaí coinneála ar bun na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála:

(a)sonraíochtaí teicniúla agus treoirlínte a ullmhú, a thabhairt cothrom le dáta agus a fhormhuiniú chun tacú le hoibriú comhchuibhithe aonfhoirmeach na scéimeanna;

(b)caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla atá ábhartha don scéim a shainaithint;

(c)idirghníomhaíochtaí agus, i gcás inarb ábhartha, idirchaidrimh a bhunú, le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n‑áirítear eagraíochtaí Eorpacha nó idirnáisiúnta um chaighdeánú, lena n‑áirítear chun rannchuidiú teicniúil a dhéanamh nó a fháil;

(d)moltaí a eisiúint don Choimisiún maidir leis na feabhsuithe agus na nuashonruithe is gá ar na scéimeanna, lena n‑áirítear i bhfianaise athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na scéimeanna;

(e)malartú faisnéise a bhaineann le cur chun feidhme praiticiúil na scéimeanna idir na Ballstáit;

(f)rannchuidiú le sásraí athbhreithnithe piaraí agus measúnaithe piaraí agus anailísí ar thoradh na measúnuithe sin chun feabhas a chur ar oibriú na scéimeanna agus chun tacú lena n‑athbhreithniú féideartha.

5.Féadfaidh ECCG tuairim a eisiúint maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a choinneáil ar bun.

Airteagal 76
Scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a mheas, a athbhreithniú agus a tharraingt siar

1.Gach 4 bliana ar a laghad tar éis theacht i bhfeidhm scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála, déanfaidh ENISA meastóireacht ar thionchar agus ar éifeachtacht na scéime sin, i gcomhar le foghrúpa ábhartha ECCG um choinneáil ar bun, agus tríd an aiseolas a fhaightear ó pháirtithe leasmhara a chur san áireamh.Déanfaidh ENISA an mheastóireacht tríd an anailís mhargaidh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8(1).

2.Tar éis na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena ndéantar foráil maidir le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 74(9) a athbhreithniú nó a tharraingt siar.

3.Agus scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála á n‑athbhreithniú nó á dtarraingt siar aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ENISA, le ECCG agus lena fhoghrúpa ábhartha um choinneáil ar bun, agus cuirfidh sé tuairimí na bpáirtithe leasmhara ábhartha agus na n‑eintiteas eile de chuid an Aontais san áireamh.

4.Féadfaidh ECCG tuairim a eisiúint maidir le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a athbhreithniú nó a tharraingt siar. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí air sin agus an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála á hathbhreithniú nó á tarraingt siar aige.

Airteagal 77 
Sonraíochtaí teicniúla i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála

1.Féadfaidh ENISA sonraíochtaí teicniúla a fhorbairt i bhfianaise scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a bheidh ann amach anseo nó chun tacú le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a choinneáil ar bun.

2.Déanfar na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhorbairt go tráthúil, le tacaíocht ó ECCG agus óna fhoghrúpaí um choinneáil ar bun agus, i gcás inarb infheidhme, ón meitheal ad hoc chomhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 75(3). Chun na críche sin, lorgóidh ENISA rannchuidiú freisin ó ghrúpaí páirtithe leasmhara ábhartha agus an straitéis um choinneáil ar bun dá dtagraítear in Airteagal 75(1) á cur san áireamh.

3.I gcás ina ndéanfar tagairt do shonraíochtaí teicniúla i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 74(10), cuirfear ar fáil iad ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 79.

4.I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go háirithe i gcás ina bhfuil faisnéis sna sonraíochtaí teicniúla a d’fhéadfadh cur isteach ar shlándáil táirgí TFC deimhnithe, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas, ní dháilfear iad ach ar na páirtithe leasmhara sin lena mbaineann ceanglais na scéime. Ní dhéanfar tagairt do na sonraíochtaí teicniúla sin i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 74(10).

Airteagal 78 
Comhlíonadh reachtaíocht an Aontais a éascú

1.I gcás ina bhforáiltear amhlaidh i ngníomh dlí sonrach de chuid an Aontais, léireofar comhlíonadh le deimhniú arna eisiúint faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála agus tabharfar le fios leis go bhfuil toimhde comhréireachta ann leis na ceanglais chomhfhreagracha a leagtar amach sa ghníomh dlí sin.

2.Beidh gníomhaíochtaí meastóireachta faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála comhsheasmhach leis an ngníomh dlí comhfhreagrach de chuid an Aontais ina leagtar amach an léiriú ar chomhlíonadh agus toimhde na comhréireachta. I gcás nach sonraítear gníomhaíochtaí meastóireachta den sórt sin sa ghníomh dlí comhfhreagrach de chuid an Aontais, sonrófar iad sa scéim. Déanfaidh comhlacht tríú páirtí measúnú comhréireachta le haghaidh deimhnithe lena ndeonaítear toimhde na comhréireachta le ceanglais a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais.

3.In éagmais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, féadfar foráil a dhéanamh leis an dlí náisiúnta freisin go bhféadfar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a úsáid chun comhlíonadh ceanglas dlíthiúil sonrach a leagtar amach sa dlí náisiúnta a léiriú agus chun toimhde na comhréireachta leis na ceanglais sin a bhunú.

Airteagal 79
Glacadh scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, suíomh gréasáin ENISA agus foilsiú deimhnithe

1.Eagróidh ENISA gníomhaíochtaí chun glacadh scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh a chur chun cinn, lena n‑áirítear tríd an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a choinneáil ar bun.

2.Déanfaidh ENISA suíomh gréasáin tiomnaithe a choinneáil ar bun agus a nuashonrú go tráthrialta ar a soláthrófar faisnéis phoiblí maidir leis an méid seo a leanas:

(a)scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála;

(b)na táillí a bhaineann le gach scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a choinneáil ar bun;

(c)sonraíochtaí teicniúla ábhartha ENISA;

(d)deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta ón Aontas, lena n‑áirítear faisnéis maidir leis na deimhnithe agus na ráitis sin nach bhfuil bailí a thuilleadh, nó atá curtha ar fionraí, atá tarraingthe siar nó atá dulta in éag;

(e)faisnéis chibearshlándála fhorlíontach ábhartha arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 84;

(f)achoimrí ar athbhreithnithe piaraí de bhun Airteagal 89(7);

(g)sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 74(10).

3.I gcás inarb infheidhme, sonrófar ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 2 freisin na scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlandála ar cuireadh scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a n‑ionad.

CAIBIDIL II 
Inneachar na Scéimeanna Eorpacha um Dheimhniú Cibearshlándála

Airteagal 80
Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála

1.Saothrófar le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, de réir mar is infheidhme, na cuspóirí slándála seo a leanas:

(a)a áirithiú go bhfuil táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe slán trí réamhshocrú agus trí dhearadh;

(b)sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, na sonraí sin a chosaint ar stóráil, próiseáil, rochtain nó nochtadh de thaisme nó neamhúdaraithe agus úsáid á baint as modhanna teicniúla iomchuí, agus saolré iomlán na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC nó na bpróiseas TFC á cur san áireamh;

(c)sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, idir shonraí pearsanta agus sonraí eile, mar aon le horduithe, cláir agus cumraíochtaí, sláine na sonraí sin a chosaint ar aon chineál ionramhála nó modhnaithe nach n‑údaraíonn an t‑úsáideoir agus éilliú a thuairisciú, agus saolré iomlán na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC nó na bpróiseas TFC á cur san áireamh;

(d)cosaint ar rochtain neamhúdaraithe a áirithiú trí bhíthin sásraí rialaithe iomchuí, lena n‑áirítear córais bainistíochta fíordheimhniúcháin, céannachta nó rochtana ach gan bheith teoranta dóibh, agus rochtain neamhúdaraithe a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú;

(e)comhpháirteanna agus leochaileachtaí a shainaithint agus a dhoiciméadú, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí liosta ábhar bogearraí a tharraingt suas lena gcumhdófar na spleáchais ardleibhéil ar a laghad;

(f)faisnéis faoin tslándáil a sholáthar trí ghníomhaíocht inmheánach ábhartha a thaifeadadh agus faireachán a dhéanamh uirthi, lena n‑áirítear an rochtain ar shonraí, ar sheirbhísí agus ar fheidhmeanna agus modhnú sonraí, seirbhísí nó feidhmeanna, i gcás inarb infheidhme, agus sásra um rogha gan bheith páirteach ar fáil don úsáideoir;

(g)a fhíorú nach bhfuil leochaileachtaí insaothraithe aitheanta i dtáirgí TFC, i seirbhísí TFC agus i bpróisis TFC;

(h)infhaighteacht feidhmeanna fíor-riachtanacha agus bunúsacha a chosaint, lena n‑áirítear tar éis teagmhais, lena n‑áirítear trí bhearta athléimneachta agus maolaithe in aghaidh ionsaithe diúltaithe seirbhíse;

(i)íoslaghdú a dhéanamh ar an tionchar diúltach ar infhaighteacht seirbhísí a sholáthraíonn líonraí agus gairis eile i gcás teagmhas fisiciúil nó teicniúil;

(j)a áirithiú go ndéantar táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a thástáil go tráthrialta agus go ndéantar athbhreithniú ar a slándáil;

(k)a áirithiú go dtugtar aghaidh ar leochaileachtaí agus go ndéantar iad a leigheas gan mhoill, lena n‑áirítear trí nuashonruithe slándála, agus go ndéantar faisnéis faoi leochaileachtaí seasta a chomhroinnt agus a nochtadh go poiblí, mura rud é gur mó na rioscaí foilsithe ná na tairbhí slándála;

(l)a áirithiú go bhfuil beartas maidir le nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí i bhfeidhm;

(m)comhroinnt faisnéise a éascú faoi leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith i dtáirgí TFC, i seirbhísí TFC agus i bpróisis TFC;

(n)a áirithiú, i gcás ina bhfuil nuashonruithe slándála ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna slándála sainaitheanta, go scaiptear na nuashonruithe slándála sin gan mhoill;

(o)a áirithiú go soláthraítear na seirbhísí slándála bainistithe leis an inniúlacht, an saineolas agus an taithí is gá, agus áirítear leis sin a áirithiú go bhfuil leibhéal leordhóthanach iomchuí eolais theicniúil agus inniúlachta sa réimse sonrach, taithí leordhóthanach agus iomchuí, agus an leibhéal is airde ionracais ghairmiúil ag na baill foirne a gcuirtear de chúram orthu na seirbhísí sin a sholáthar;

(p)a áirithiú go bhfuil na táirgí TFC, na seirbhísí TFC agus na próisis TFC a chuirtear in úsáid agus na seirbhísí slándála bainistithe á soláthar slán trí dhearadh agus mar réamhshocrú agus, i gcás inarb infheidhme, go n‑áirítear iontu na nuashonruithe slándála is déanaí agus nach bhfuil leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí iontu;

(q)a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta inmheánacha iomchuí i bhfeidhm ag an eintiteas deimhnithe chun a áirithiú go soláthraítear seirbhísí ar leibhéal cáilíochta leordhóthanach agus iomchuí;

(r)a áirithiú go bhfuil an t‑eintiteas deimhnithe in ann teagmhais a shainaithint, cosaint a thabhairt orthu, iad a bhrath, freagairt dóibh agus téarnamh uathu;

(s)a áirithiú go bhfuil an t‑eintiteas deimhnithe in ann na rioscaí do shlándáil na gcóras gréasán agus faisnéise a bhainistiú, ar córais iad a úsáideann an t‑eintiteas le haghaidh a chuid oibríochtaí nó chun a sheirbhísí a sholáthar, agus an tionchar a bhíonn ag teagmhais ar fhaighteoirí a sheirbhísí agus ar sheirbhísí eile a chosc nó a íoslaghdú;

(t)a áirithiú go bhfuil an t‑eintiteas deimhnithe in ann a shláine oibríochtúil agus a iontaofacht oibríochtúil a fhorbairt, a dhearbhú agus athbhreithniú a dhéanamh orthu trína áirithiú, go díreach nó go hindíreach trí úsáid a bhaint as seirbhísí arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, go bhfuil raon iomlán na gcumas a bhaineann le TFC i bhfeidhm aige a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil na gcóras gréasán agus faisnéise a úsáideann an t‑eintiteas, agus a thacaíonn le soláthar leanúnach seirbhísí agus a gcáilíocht, lena n‑áirítear le linn bristeacha;

(u)a áirithiú go bhfuil an t‑eintiteas deimhnithe in ann córas bainistíochta slándála faisnéise a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun;

(v)cur in aghaidh aon imeacht a d’fhéadfadh infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí stóráilte, tarchurtha nó próiseáilte nó na seirbhísí a thairgeann an córas gréasán agus faisnéise arna úsáid ag an eintiteas, nó atá inrochtana tríd an gcóras sin, a chur i mbaol, agus soláthar leanúnach seirbhísí agus a gcáilíocht a áirithiú, lena n‑áirítear le linn bristeacha;

(w)a áirithiú go bhfuil an t‑eintiteas in ann slándáil na próiseála ar shonraí pearsanta a áirithiú.

2.Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119 chun mír 1 den Airteagal seo a leasú trí chuspóirí slándála a chur léi nó a mhodhnú chun a áirithiú go léireofar leo an fhorbairt theicneolaíoch is déanaí agus bagairtí gaolmhara nua chomh maith le reachtaíocht nua de chuid an Aontais a ghlacadh ina leagtar amach an léiriú ar chomhlíonadh agus toimhde na comhréireachta trí dheimhniú Eorpach cibearshlándála le ceanglais ábhartha chibearshlándála na reachtaíochta sin.

3.Scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála lena dtugtar aghaidh ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2024/2847, déanfar í a dhearadh i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus cuirfear san áireamh inti na caighdeáin chomhchuibhithe atá ar fáil.

Airteagal 81
Gnéithe de scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála

1.I scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)ábhar agus raon feidhme na scéime deimhniúcháin, lena n‑áirítear cineál nó catagóirí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe, nó sócmhainní, seirbhísí agus feidhmeanna an eintitis a chumhdaítear faoi raon feidhme an deimhniúcháin;

(b)tuairisc shoiléir ar chuspóir na scéime agus, i gcás inarb infheidhme, sainaithint reachtaíocht an Aontais ina leagtar amach ceanglais a léiríonn na deimhnithe Eorpacha cibearshlándála comhlíonadh ina leith agus a dtugann siad toimhde comhréireachta ina leith;

(c)an straitéis um choinneáil ar bun lena sonraítear an cur chuige i leith gníomhaíochtaí coinneála ar bun a leagtar amach in Airteagal 75;

(d)na ceanglais shonracha chibearshlándála, na critéir agus na modhanna meastóireachta atá le húsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas, agus tagairtí do na caighdeáin idirnáisiúnta, Eorpacha nó náisiúnta a chuirtear i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas nó, i gcás nach bhfuil na caighdeáin sin ar fáil nó nach iomchuí iad, tagairtí do shonraíochtaí teicniúla arna dtarraingt suas ag ENISA de bhun Airteagal 77 nó, mura bhfuil na sonraíochtaí sin ar fáil, do shonraíochtaí teicniúla eile;

(e)uastréimhse bhailíochta na ndeimhnithe Eorpacha cibearshlándála a eisítear faoin scéim.

2.Áireofar i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála ar a laghad rialacha agus coinníollacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas le ceanglais na ndeimhnithe Eorpacha cibearshlándála nó leis na ráitis chomhréireachta ón Aontas, lena n‑áirítear na sásraí chun comhlíontacht leanúnach na gceanglas cibearshlándála sonraithe a léiriú;

(b)na deimhnithe Eorpacha cibearshlándála a eisiúint, a dhearbhú, a tharraingt siar agus a athnuachan, raon feidhme an deimhnithe agus an athdheimhnithe a leathnú nó a laghdú;

(c)na hiarmhairtí ar tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, na seirbhísí slándála bainistithe nó na heintitis atá deimhnithe nó ar eisíodh ráiteas comhréireachta ón Aontas ina leith, ach nach gcomhlíonann ceanglais na scéime;

(d)an chaoi a ndéanfar leochaileachtaí cibearshlándála i dtáirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC nár braitheadh cheana a thuairisciú agus a láimhseáil;

(e)inneachar agus formáid na ndeimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus na ráiteas comhréireachta ón Aontas atá le heisiúint;

(f)tréimhse infhaighteachta an ráitis comhréireachta ón Aontas, na doiciméadachta teicniúla, agus an fhaisnéis ábhartha uile eile atá le cur ar fáil ag monaróir nó ag soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC nó seirbhísí slándála bainistithe nó ag an eintiteas a bhfuil a sheasamh cibearshlándála faoi réir deimhniúcháin;

(g)aon sásra measúnaithe piaraí a bhunaítear faoin scéim le haghaidh na n‑údarás nó na gcomhlachtaí a eisíonn deimhnithe Eorpacha cibearshlándála de bhun Airteagal 85(4), a bheidh gan dochar don athbhreithniú piaraí dá bhforáiltear in Airteagal 90;

(h)rúndacht na faisnéise agus na sonraí a fhaigheann na páirtithe uile agus iad i mbun cúraimí agus gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme na bhforálacha a leagtar amach sa Teideal seo;

(i)an fhormáid agus na nósanna imeachta atá le leanúint ag monaróirí nó ag soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próiseas TFC agus an fhaisnéis chibearshlándála fhorlíontach á soláthar agus á tabhairt cothrom le dáta acu i gcomhréir le hAirteagal 84; agus

(j)leanúnachas na ngníomhaíochtaí deimhniúcháin le linn géarchéimeanna urghnácha, nach féidir a sheachaint agus a chuireann bac ar an bhféidearthacht rialacha na scéime deimhniúcháin a chur i bhfeidhm.

3.Áireofar an méid seo a leanas freisin i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, i gcás inarb iomchuí:

(a)leibhéal dearbhaithe amháin nó níos mó agus leibhéil mheastóireachta chomhfhreagracha;

(b)próifílí cosanta chun na ceanglais slándála is infheidhme maidir le catagóir ar leith de tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe a shonrú;

(c)próifílí na mbreiseán chun ceanglais slándála bhreise a leagan amach, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, ceanglais slándála a leagtar amach i bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear dlí an Aontais;

(d)soiléiriú maidir leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, lena n‑áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus cigireacht, le haghaidh leibhéal dearbhaithe ‘ard’, nó chun comhlíontacht a léiriú agus toimhde comhréireachta a dheonú, a cheadaítear lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE);

(e)scéimeanna náisiúnta nó idirnáisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a shainaithint lena gcumhdaítear an cineál céanna nó na catagóirí céanna táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas;

(f)ceanglais shonracha nó bhreise a bhfuil comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina réir d’fhonn a ráthú go bhfuil an inniúlacht theicniúil acu chun meastóireacht a dhéanamh ar cheanglais chibearshlándála;

(g)an fhaisnéis is gá le haghaidh deimhniúcháin agus nach mór d’iarratasóir í a sholáthar nó a chur ar fáil ar shlí eile do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta;

(h)marcanna nó lipéid agus na coinníollacha faoina bhféadfar na marcanna nó na lipéid sin a úsáid;

(i)coinníollacha maidir le haitheantas idirnáisiúnta a thabhairt do dheimhnithe Eorpacha cibearshlándála i gcomhréir le hAirteagal 87.

4.Beidh ceanglais shonracha na scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála comhsheasmhach le ceanglais reachtaíocht an Aontais.

5.Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos prionsabail choiteanna agus forálacha samplacha maidir le heilimintí a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 ar fud na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála. I gcás inarb iomchuí agus ina mbeidh siad ar fáil, féadfar tagairtí do na prionsabail sin agus do na forálacha samplacha sin a áireamh i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála.

6.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2). Agus na prionsabail choiteanna agus na forálacha samplacha maidir le gnéithe na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála á bhforbairt nó á n‑athbhreithniú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ENISA agus cuirfidh sé san áireamh, de réir mar is iomchuí, tuairimí a chuirfidh ECCG, páirtithe leasmhara ábhartha agus comhlachtaí ábhartha eile in iúl.

Airteagal 82
Leibhéil dearbhaithe agus mheastóireachta na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála

1.Le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, féadfar ceann amháin nó níos mó de na leibhéil dearbhaithe seo a leanas a shonrú maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas: ‘bunúsach’, ‘substaintiúil’ nó ‘ard’. Beidh na leibhéil dearbhaithe sin i gcomhréir leis an leibhéal riosca a bhaineann le húsáid bheartaithe an táirge TFC, na seirbhíse TFC, an phróisis TFC, na seirbhíse slándála bainistithe, nó le cineál na n‑eintiteas, a bhfuil a seasamh cibearshlándála faoi réir deimhniúcháin, agus a dtimpeallacht oibríochtúil, i dtéarmaí dhóchúlacht agus thionchar an teagmhais.

2.Tagróidh deimhnithe Eorpacha cibearshlándála d’aon leibhéal dearbhaithe a shonraítear sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála faoina n‑eisítear na deimhnithe sin. Tagróidh ráitis chomhréireachta ón Aontas don leibhéal dearbhaithe ‘bunúsach’.

3.Na ceanglais slándála a chomhfhreagraíonn do gach leibhéal dearbhaithe, soláthrófar iad sa scéim Eorpach ábhartha um dheimhniú cibearshlándála, lena n‑áirítear na rialuithe slándála comhfhreagracha agus an mheastóireacht chomhfhreagrach atá le déanamh ar an táirge TFC, ar an tseirbhís TFC, ar an bpróiseas TFC, ar an tseirbhís slándála bainistithe nó ar sheasamh cibearshlándála eintiteas.

4.Tagróidh an deimhniú Eorpach cibearshlándála nó an ráiteas comhréireachta ón Aontas do shonraíochtaí, caighdeáin agus nósanna imeachta teicniúla gaolmhara, lena n‑áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh an baol atá ann go dtarlóidh teagmhais chibearshlándála a laghdú nó a chosc.

5.Le deimhniú Eorpach cibearshlándála nó ráiteas comhréireachta ón Aontas lena dtagraítear do leibhéal dearbhaithe ‘bunúsach’, tabharfar dearbhú go gcomhlíontar na ceanglais slándála chomhfhreagracha leis na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas a bhfuil an deimhniú sin nó an ráiteas comhréireachta sin ón Aontas eisithe ina leith, lena n‑áirítear rialuithe slándála, agus go ndearnadh meastóireacht orthu ar leibhéal atá beartaithe chun íoslaghdú a dhéanamh ar rioscaí bunúsacha aitheanta teagmhas agus cibirionsaithe. Áireofar ar na gníomhaíochtaí meastóireachta atá le déanamh, ar a laghad, athbhreithniú ar an doiciméadacht theicniúil. Nuair nach bhfuil athbhreithniú den sórt sin iomchuí, déanfar gníomhaíochtaí ionadaíocha lena ngabhann éifeacht choibhéiseach.

6.Le deimhniú Eorpach cibearshlándála lena dtagraítear do leibhéal dearbhaithe ‘substaintiúil’, tabharfar dearbhú go gcomhlíontar na ceanglais slándála chomhfhreagracha leis na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC, na seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas a bhfuil an deimhniú sin eisithe ina leith, lena n‑áirítear rialuithe slándála, agus go ndearnadh meastóireacht orthu ar leibhéal atá beartaithe chun íoslaghdú a dhéanamh ar rioscaí aitheanta teagmhas agus cibirionsaithe agus ar an riosca go ndéanfadh gníomhaithe a bhfuil scileanna agus acmhainní teoranta acu cibirionsaithe. Áireofar, ar a laghad, ar na gníomhaíochtaí meastóireachta atá le déanamh, athbhreithniú chun an easpa leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí a léiriú agus tástáil chun a léiriú go ndéanann na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC, na seirbhísí slándála bainistithe nó na heintitis na rialuithe slándála is gá a chur chun feidhme mar is ceart. I gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht mheastóireachta den sórt sin iomchuí, déanfar gníomhaíochtaí ionadaíocha lena ngabhann éifeacht choibhéiseach.

7.Le deimhniú Eorpach cibearshlándála lena dtagraítear do leibhéal dearbhaithe ‘ard’, tabharfar dearbhú go gcomhlíontar na ceanglais slándála chomhfhreagracha leis na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC, na seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas a bhfuil an deimhniú sin eisithe ina leith, lena n‑áirítear rialuithe slándála, agus go ndearnadh meastóireacht orthu ar leibhéal atá beartaithe chun íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca teagmhas agus ar an riosca go ndéanfadh gníomhaithe a bhfuil scileanna agus acmhainní suntasacha acu cibirionsaithe úrscothacha. Áireofar na nithe seo a leanas ar a laghad sna gníomhaíochtaí meastóireachta:

(a)athbhreithniú chun easpa leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí a léiriú;

(b)tástáil chun a léiriú go ndéanann na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC, na seirbhísí slándála bainistithe nó na heintitis bhainistithe na rialuithe slándála is gá a chur chun feidhme mar is ceart ar an leibhéal úrscothach;

(c)measúnú ar fhrithsheasmhacht na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC, na seirbhísí slándála bainistithe nó na n‑eintiteas in aghaidh ionsaitheoirí oilte, agus úsáid á baint, i gcás inarb ábhartha, as tástáil treáite.

I gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht mheastóireachta den sórt sin iomchuí, déanfar gníomhaíochtaí ionadaíocha lena ngabhann éifeacht choibhéiseach. Tabharfar faoi aon ghníomhaíocht um measúnú comhréireachta, lena n‑áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus cigireacht, le haghaidh leibhéal dearbhaithe ‘ard’ sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, mura bhforáiltear a mhalairt i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála.

8.I gcás ina ndeartar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála chun comhlíontacht a léiriú agus chun toimhde comhréireachta a dheonú le gníomh dlí sonrach de chuid an Aontais, tabharfar dearbhú le deimhniú Eorpach cibearshlándála go gcomhlíonann táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe deimhnithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas ceanglais chibearshlándála chomhfhreagracha an ghnímh dlí sin. Aon ghníomhaíocht um measúnú comhréireachta, lena n‑áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus cigireacht, chun críche toimhde comhréireachta, déanfar iad sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, mura bhforáiltear a mhalairt i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála.

9.Féadfaidh scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála leibhéil éagsúla mheastóireachta a shonrú le haghaidh leibhéal dearbhaithe ar leith. Freagróidh gach ceann de na leibhéil mheastóireachta do cheann amháin de na leibhéil dearbhaithe.

Airteagal 83
Féinmheasúnú comhréireachta

1.Le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, féadfar féinmheasúnú comhréireachta a cheadú faoi fhreagracht mhonaróir nó sholáthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC, na seirbhísí slándála bainistithe nó an eintitis a bhfuil a sheasamh cibearshlándála faoi réir deimhniúcháin, agus faoina fhreagracht sin amháin. Ní cheadófar féinmheasúnú comhréireachta ach amháin maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas a mbaineann riosca íseal leo a chomhfhreagraíonn do leibhéal dearbhaithe ‘bunúsach’.

2.Féadfaidh monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC, na seirbhísí slándála bainistithe nó an t‑eintiteas a bhfuil a sheasamh cibearshlándála faoi réir deimhniúcháin ráiteas comhréireachta ón Aontas a eisiúint ina luaitear gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. Trí ráiteas den sórt sin a eisiúint, glacann an monaróir nó an soláthraí nó an t‑eintiteas sin freagracht as comhlíontacht an táirge TFC, na seirbhíse TFC, an phróisis TFC, na seirbhíse slándála bainistithe nó an tseasaimh cibearshlándála leis na ceanglais a leagtar amach sa scéim sin.

3.Monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC, na seirbhísí slándála bainistithe nó an t‑eintiteas a bhfuil a sheasamh cibearshlándála faoi réir deimhniúcháin, déanfaidh sé an ráiteas comhréireachta ón Aontas, an doiciméadacht theicniúil, agus an fhaisnéis ábhartha uile eile a bhaineann le comhréireacht na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC, na seirbhísí slándála bainistithe nó an tseasaimh cibearshlándála leis an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a chur ar fáil don údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála arna ainmniú de bhun Airteagal 89 ar feadh na tréimhse dá bhforáiltear sa scéim sin. Cuirfear cóip den ráiteas comhréireachta ón Aontas faoi bhráid an údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus faoi bhráid ENISA gan moill mhíchuí.

Airteagal 84
Faisnéis chibearshlándála fhorlíontach maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC dheimhnithe

1.Déanfaidh monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC nó na bpróiseas TFC ar eisíodh ráiteas comhréireachta ón Aontas nó deimhniú Eorpach cibearshlándála ina leith an fhaisnéis chibearshlándála fhorlíontach seo a leanas a chur ar fáil don úsáideoir:

(a)an chríoch atá beartaithe don táirge TFC, don tseirbhís TFC nó don phróiseas TFC ábhartha, lena n‑áirítear an timpeallacht slándála arna soláthar ag an monaróir nó ag an soláthraí;

(b)treoraíocht agus moltaí chun cúnamh a thabhairt d’úsáideoirí na táirgí TFC nó na seirbhísí TFC a chumrú, a shuiteáil, a chur in úsáid, a oibriú agus a chothabháil ar bhealach slán;

(c)an cineál tacaíochta slándála teicniúla a thairgeann an monaróir nó an soláthraí agus dáta deiridh na tréimhse tacaíochta ar lena linn is féidir le húsáideoirí a bheith ag súil leis go láimhseálfar leochaileachtaí agus go bhfaighidh siad nuashonruithe slándála;

(d)má chinneann an monaróir nó an soláthraí bille ábhar bogearraí a chur ar fáil don úsáideoir, faisnéis faoin áit ar féidir rochtain a fháil air sin.

2.Déanfaidh monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC nó na bpróiseas TFC ar eisíodh ráiteas comhréireachta ón Aontas nó deimhniú Eorpach cibearshlándála ina leith an fhaisnéis chibearshlándála fhorlíontach seo a leanas a chur ar fáil go poiblí:

(a)an pointe teagmhála aonair inar féidir faisnéis faoi leochaileachtaí a thuairisciú agus a fháil, agus an áit inar féidir teacht ar bheartas an mhonaróra maidir le nochtadh comhordaithe leochaileachtaí;

(b)faisnéis faoi leochaileachtaí seasta, lena n‑áirítear tuairisc ar na leochaileachtaí, lena n‑áirítear faisnéis lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena mbaineann a shainaithint, tionchair na leochaileachtaí, a dhéine atá siad, agus faisnéis shoiléir inrochtana lena gcuidítear le húsáideoirí na leochaileachtaí a leigheas; i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ina measann monaróirí gur mó na rioscaí slándála a bhaineann le foilsiú ná na sochair slándála, féadfaidh siad moill a chur ar fhaisnéis phoiblí maidir le leochaileacht sheasta a chur ar fáil go poiblí go dtí go mbeidh an deis tugtha d’úsáideoirí an paiste ábhartha a chur i bhfeidhm.

3.Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fáil i bhfoirm leictreonach agus beidh sí ar fáil i gcónaí agus tabharfar cothrom le dáta í de réir mar is gá le linn thréimhse bhailíochta an deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála ábhartha nó an ráitis comhréireachta ón Aontas agus ar a laghad ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis dhul in éag nó tharraingt siar an deimhnithe sin.

4.Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 i gcás ina bhféadfaí slándáil an táirge TFC, na seirbhíse TFC nó an phróisis TFC ábhartha a chur i mbaol dá gcuirfí an fhaisnéis ar fáil go poiblí.

CAIBIDIL III 
Rialachas maidir leis an gCreat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála

Roinn 1 
Rialacha ginearálta agus bainistiú na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála

Airteagal 85
Deimhnithe Eorpacha cibearshlándála a eisiúint

1.Measfar go gcomhlíonann táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas atá deimhnithe faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála ceanglais scéime den sórt sin.

2.Eiseoidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 91 deimhnithe Eorpacha cibearshlándála ar bhonn na gcritéar a chuimsítear sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh de bhun Airteagal 74.

3.De mhaolú ar mhír 2, féadfar a fhoráil le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála nach mbeidh deimhnithe Eorpacha cibearshlándála a thiocfaidh as an scéim sin le heisiúint ach ag ceann amháin de na comhlachtaí poiblí seo a leanas:

(a)údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 88 atá creidiúnaithe mar chomhlacht um measúnú comhréireachta de bhun Airteagal 91(1);

(b)comhlacht poiblí atá creidiúnaithe mar chomhlacht um measúnú comhréireachta de bhun Airteagal 91(1).

4.I gcás ina mbunaítear le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh de bhun Airteagal 74 leibhéal dearbhaithe ‘ard’ nó i gcás ina sonraítear a mhalairt le scéim den sórt sin, ní eiseoidh ach údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 88 atá creidiúnaithe mar chomhlacht um measúnú comhréireachta de bhun Airteagal 91(1) an deimhniú Eorpach cibearshlándála faoin scéim sin nó, sna cásanna seo a leanas:

(a)eiseoidh comhlacht um measúnú comhréireachta é ar bhonn samhail formheasa roimh ré; nó

(b)eiseoidh comhlacht um measúnú comhréireachta é ar bhonn samhail tarmligin ghinearálta.

5.Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear nósanna imeachta maidir le samhlacha formheasa roimh ré nó samhlacha tarmligin ghinearálta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Le linn an phróisis ullmhúcháin maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ECCG. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

6.Déanfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe isteach lena ndeimhniú, nó an t‑eintiteas a dhéanann iarratas ar dheimhniú a sheasaimh cibearshlándála an fhaisnéis uile is gá chun an deimhniú a dhéanamh a chur ar fáil don údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála arna ainmniú de bhun Airteagal 89, i gcás inarb é an t‑údarás sin an comhlacht a eisíonn an deimhniú Eorpach cibearshlándála, nó don chomhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 91.

7.Cuirfidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála ENISA ar an eolas gan moill mhíchuí faoina gcinntí a dhéanann difear do stádas deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta ón Aontas i gcomhréir le hAirteagal 94.

8.Cuirfidh sealbhóir deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála an comhlacht um measúnú comhréireachta agus, i gcás inarb infheidhme, an t‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála, dá dtagraítear i mír 7, ar an eolas faoi aon leochaileacht nó neamh-chomhréireacht a bhraitear ina dhiaidh sin maidir leis an táirge TFC, an tseirbhís TFC, an próiseas TFC, an tseirbhís slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintitis deimhnithe, ar leochaileachtaí nó neamh-chomhréireachtaí iad ar dócha go mbeidh tionchar acu ar a chomhréireacht leis an deimhniú. Cuirfidh an comhlacht sin an fhaisnéis sin ar aghaidh gan moill mhíchuí chuig an údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála lena mbaineann agus déanfaidh sé measúnú ar an tionchar ar an deimhniú i gcomhréir le coinníollacha na scéime dá dtagraítear in Airteagal 81(2), pointe (d).

9.Maidir lena dtáirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe deimhnithe a shainaithnítear, ina n‑iomláine nó i gcodanna díobh, mar phríomhshócmhainní de bhun Airteagal 102, ní dhéanfaidh sealbhóirí deimhnithe Eorpacha cibearshlándála comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC ó sholáthróirí ardriosca a úsáid, a shuiteáil ná a chomhtháthú ar bhealach eile i dtáirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe deimhnithe.

10.Eiseofar deimhniú Eorpach cibearshlándála le haghaidh na tréimhse dá bhforáiltear sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála ar leith agus féadfar iad a athnuachan, ar choinníoll go leanfar de na ceanglais ábhartha a chomhlíonadh.

11.Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm forálacha a bhaineann le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála a eisiúint freisin d’fhonn Airteagal 100(4), pointe (b), a chur i bhfeidhm. Soláthróidh an comhlacht um measúnú comhréireachta agus, i gcás inarb ábhartha, an t‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála, don Choimisiún, arna iarraidh sin dó agus gan moill mhíchuí, an fhaisnéis uile a bhaineann le heisiúint na ndeimhnithe Eorpacha cibearshlándála ábhartha nó na ráiteas comhréireachta ón Aontas.

Airteagal 86
Scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus deimhnithe

1.Scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála, agus na nósanna imeachta gaolmhara maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála eintiteas a chumhdaítear le hábhar agus raon feidhme scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála, scoirfidh siad d’éifeachtaí a bheith acu ón dáta arna bhunú sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 74(9). Féadfaidh scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus na nósanna imeachta gaolmhara maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála eintiteas nach gcumhdaítear le hábhar agus raon feidhme scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála leanúint de bheith ann.

2.Ní dhéanfaidh na Ballstáit scéimeanna náisiúnta nua um dheimhniú cibearshlándála ná nósanna imeachta gaolmhara a thabhairt isteach maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála eintiteas a chumhdaítear cheana le hábhar agus raon feidhme scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála.

3.Leanfaidh deimhnithe, atá ann cheana, a eisíodh faoi scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus a chumhdaítear faoi ábhar agus raon feidhme scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála de bheith bailí go dtí a ndáta éaga.

4.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ECCG sula nglacfaidh siad scéimeanna náisiúnta nua um dheimhniú cibearshlándála maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasaimh cibearshlándála eintiteas.

5.Féadfaidh an Coimisiún a mholadh do Bhallstát scéim náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a tharraingt siar le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas, i gcás inar iarradh cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 73 scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a fhorbairt lena gcumhdaítear na táirgí, na seirbhísí, na próisis nó an seasamh cibearshlándála sin, agus plean forbartha na scéime sin á chur san áireamh.

Airteagal 87
Aitheantas idirnáisiúnta do dheimhnithe Eorpacha cibearshlándála

1.Féadfar deimhnithe tríú tír maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála eintiteas a aithint, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme nó trí chomhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír atá i gceist nó eagraíocht idirnáisiúnta, mar dheimhnithe atá coibhéiseach le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála má mheastar go bhfuil ceanglais na scéime ábhartha tríú tír nó na scéime ábhartha eagraíochta idirnáisiúnta coibhéiseach leis na ceanglais sin atá i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

2.Beidh na gníomhartha cur chun feidhme agus na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar na coinníollacha maidir le haitheantas idirnáisiúnta a thabhairt do dheimhnithe Eorpacha cibearshlándála a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 74(11).

3.Comhaontuithe maidir le haitheantas a thabhairt do dheimhnithe tríú tír nó do dheimhnithe eagraíochta idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1, ní thabharfar i gcrích iad ach amháin má aithníonn siad freisin go bhfuil deimhnithe Eorpacha cibearshlándála coibhéiseach leis na deimhnithe tríú tír.

Airteagal 88 
Údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála

1.Ainmneoidh gach Ballstát aon údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála amháin nó níos mó ar a chríoch nó, má chomhaontaítear go frithpháirteach é le Ballstát eile, údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála amháin nó níos mó sa Bhallstát eile sin le bheith freagrach as na cúraimí maoirseachta sa Bhallstát ainmniúcháin.

2.Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi chéannacht na n‑údarás náisiúnta ainmnithe um dheimhniú cibearshlándála. I gcás ina n‑ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás amháin, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas freisin faoi na cúraimí a shanntar do gach ceann de na húdaráis sin.

3.Beidh gach údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála neamhspleách ar na heintitis ar a ndéanfaidh sé maoirseacht maidir lena eagrú, cinntí cistiúcháin, struchtúr dlíthiúil agus cinnteoireacht.

4.Déanfar gníomhaíochtaí na n‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a bhaineann le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála a eisiúint faoin Rialachán seo a dheighilt go docht óna ngníomhaíochtaí maoirseachta a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 85(4), pointí (a) agus (b), agus go ndéanfar na gníomhaíochtaí sin go neamhspleách ar a chéile.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála chun a gcumhachtaí a fheidhmiú agus chun na cúraimí a shannfar dóibh a dhéanamh, ar bhealach éifeachtach éifeachtúil.

6.Beidh na cúraimí seo a leanas ar na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála:

(a)páirt a ghlacadh in ECCG de bhun Airteagal 90(2);

(b)rialacha a áirítear i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 81(2), pointe (a), a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas ceanglais na ndeimhnithe Eorpacha cibearshlándála a eisíodh ar a gcríocha faoi seach, i gcomhar le húdaráis ábhartha faireachais margaidh nó mhaoirseachta, lena n‑áirítear údaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 82 nó faoi Rialachán (AE) 2024/2847;

(c)faireachán a dhéanamh, i gcomhar leis na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh, ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí atá ar mhonaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó eintitis a bhfuil a seasamh cibearshlándála deimhnithe a leagtar amach sa Rialachán seo agus atá bunaithe ar a gcríocha faoi seach agus a dhéanann féinmheasúnú comhréireachta sa scéim Eorpach chomhfhreagrach um dheimhniú cibearshlándála, agus na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú;

(d)gan dochar d’Airteagal 91(3), cúnamh agus tacaíocht a thabhairt, ar bhonn gníomhach, do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta nó d’údaráis ábhartha eile faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta chun críocha an Rialacháin seo;

(e)oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún i gcás ina ndéantar agóid in aghaidh inniúlacht comhlachta um measúnú comhréireachta de bhun Airteagal 94;

(f)faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 85(3);

(g)i gcás inarb infheidhme, údarú a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 93, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas breise nó sonrach a leagtar amach sna scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 81(3), pointe (f), agus na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú, agus údarú atá ann cheana a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcás nach gcomhlíonann comhlachtaí um measúnú comhréireachta ceanglais an Rialacháin seo;

(h)gearáin a láimhseáil arna gcur isteach ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha i ndáil le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála arna n‑eisiúint ag na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála nó, ag deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisíonn comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 85(4) nó i ndáil le ráitis comhréireachta de chuid an Aontais a eisítear faoi Airteagal 83, ábhar an ghearáin a imscrúdú, a mhéid is iomchuí, agus an gearánaí a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn agus toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnach;

(i)tuarascáil bhliantúil maidir lena phríomhghníomhaíochtaí a sholáthar don Choimisiún, do ENISA agus do ECCG faoin 31 Márta [bliain an teacht i bhfeidhm + 12 mhí] gach bliain, agus na tuarascálacha sin a chur ar fáil don fhoireann athbhreithnithe piaraí i gcás ina bhfuil an t‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála faoi réir athbhreithniú piaraí i gcomhréir le hAirteagal 89;

(j)oibriú i gcomhar le húdaráis náisiúnta eile um dheimhniú cibearshlándála, le húdaráis um fhaireachas margaidh nó le húdaráis phoiblí eile, lena n‑áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt faoi na cásanna sin inar féidir nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo nó ceanglais na scéimeanna Eorpacha sonracha um dheimhniú cibearshlándála á gcomhlíonadh le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas;

(k)faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha i réimse an deimhnithe i ndáil leis an gcibearshlándáil.

7.Beidh na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad ag gach údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála maidir leis an méid seo a leanas:

(a)a iarraidh ar chomhlachtaí um dheimhniú comhréireachta, ar shealbhóirí deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ar eisitheoirí na ráiteas comhréireachta ón Aontas aon fhaisnéis a éilíonn sé a sholáthar chun na cúraimí a dhéanamh;

(b)imscrúduithe a dhéanamh, i bhfoirm iniúchtaí, ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, ar shealbhóirí deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ar eisitheoirí an ráitis comhréireachta ón Aontas, chun críche comhlíonadh leis na ceanglais a leagtar amach sa Teideal seo a fhíorú;

(c)bearta cuí a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann na comhlachtaí um measúnú comhréireachta, sealbhóirí deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus eisitheoirí na ráiteas comhréireachta ón Aontas an Rialachán seo nó scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála;

(d)rochtain a fháil ar aon áitreabh de chuid comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus sealbhóirí deimhnithe Eorpacha cibearshlándála chun críche imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó dlí nós imeachta náisiúnta;

(e)deimhnithe arna n‑eisiúint ag údarás náisiúnta um dheimhnithe Eorpacha cibearshlándála a eisíonn comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 85(4) i gcás nach gcomhlíonann deimhnithe den sórt sin an Rialachán seo ná scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a aistarraingt, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(f)pionóis a ghearradh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, dá bhforáiltear in Airteagal 97, agus a éileamh go scoirfear láithreach de sháruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

8.Oibreoidh údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún agus, go háirithe, trí fhaisnéis, taithí agus dea-chleachtais a mhalartú a mhéid a bhaineann leis an deimhniú cibearshlándála agus saincheisteanna teicniúla a bhaineann le cibearshlándáil na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC, próisis na seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas.

9.Faoin [teacht i bhfeidhm + 6 mhí], forbróidh ENISA teimpléad don tuarascáil dá dtagraítear i mír 6, pointe (i), den Airteagal seo, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le ECCG.

Airteagal 89
Athbhreithniú piaraí

1.Beidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála faoi réir athbhreithniú piaraí.

2.Déanfar an t‑athbhreithniú piaraí ar bhonn critéir agus nósanna imeachta meastóireachta atá fónta agus trédhearcach, go háirithe maidir le ceanglais struchtúracha, acmhainní daonna agus próisis, rúndacht agus gearáin.

3.Déanfar measúnú san athbhreithniú piaraí, ar an méid seo a leanas:

(a)i gcás inarb infheidhme, cé acu a chloítear nó nach gcloítear le deighilt dhocht, ó thaobh ról agus freagrachtaí, idir gníomhaíochtaí na n‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a bhaineann le deimhnithe a eisiúint dá dtagraítear sa Rialachán seo, agus na gníomhaíochtaí maoirseachta de réir Airteagal 88 agus an bhfeidhmíonn an dá chineál gníomhaíochtaí go neamhspleách ar a chéile;

(b)na nósanna imeachta chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh deimhnithe Eorpacha cibearshlándála de bhun Airteagal 88(7), pointe (a), le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas;

(c)na nósanna imeachta chun faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ar mhonaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó eintitis a bhfuil a seasamh cibearshlándála deimhnithe, de bhun Airteagal 88(7), pointe (b);

(d)na nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a fhaireachán, a údarú agus a mhaoirsiú.

4.Déanfaidh ar a laghad dhá údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála ó Bhallstáit eile agus an Coimisiún an t‑athbhreithniú piaraí uair amháin gach 5 bliana. Beidh ENISA rannpháirteach freisin san athbhreithniú piaraí mar bhreathnóir. Déanfaidh an fhoireann athbhreithnithe piaraí an tuarascáil chríochnaitheach agus an achoimre ar an athbhreithniú piaraí a tharraingt suas.

5.Tacóidh ENISA le heagrú an tsásra athbhreithnithe piaraí agus na n‑athbhreithnithe piaraí, lena n‑áirítear trí threoirdhoiciméid agus teimpléid ábhartha a fhorbairt, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le ECCG.

6.Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena mbunaítear plean don athbhreithniú piaraí a chur ar bun lena gcumhdófar tréimhse 5 bliana ar a laghad, lena leagtar síos na critéir i ndáil le comhdhéanamh na foirne athbhreithnithe piaraí, an mhodheolaíocht a úsáidfear san athbhreithniú piaraí, agus an sceideal, an tréimhsiúlacht agus cúraimí eile a bhaineann le hathbhreithniú piaraí. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á n‑ullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ECCG agus le ENISA. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

7.Scrúdóidh ECCG an tuarascáil chríochnaitheach, lena n‑áirítear treoirlínte nó moltaí a d’fhéadfadh a bheith ann, agus an achoimre ar an athbhreithniú piaraí, agus formhuineoidh sé an achoimre lena foilsiú ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 79(2).

Airteagal 90
An Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála

1.Bunófar an Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála (an ‘Grúpa ECCG’).

2.Beidh ECCG comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála nó ó ionadaithe ó údaráis náisiúnta ábhartha eile. Ní fhéadfaidh aon chomhalta de ECCG a bheith ina ionadaí ar níos mó ná dhá Bhallstát.

3.Beidh na cúraimí seo a leanas ar ECCG:

(a)comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún ina chuid oibre chun cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach na rialacha a leagtar amach sa Teideal seo, saincheisteanna beartais um dheimhniú cibearshlándála, agus comhordú cur chuige beartais a áirithiú;

(b)comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus é ag ullmhú iarrataí ar scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 73;

(c)cúnamh agus comhairle a thabhairt do ENISA agus oibriú i gcomhar leis i ndáil le scéim iarrthach a ullmhú de bhun Airteagal 74 agus i ndáil le sonraíochtaí teicniúla a ullmhú de bhun Airteagal 77;

(d)cúnamh agus comhairle a thabhairt do ENISA agus don Choimisiún agus oibriú i gcomhar leo i ndáil leis na gníomhaíochtaí coinneála ar bun de bhun Airteagal 75;

(e)cúnamh agus comhairle a thabhairt don Choimisiún agus oibriú i gcomhar leis maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála atá ann cheana a athbhreithniú nó a tharraingt siar de bhun Airteagal 76;

(f)a mholadh go gcuirfí iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le scéim iarrthach Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú de bhun Airteagal 73(2);

(g)tuairimí a chuirfear faoi bhráid an Choimisiún a ghlacadh maidir leis na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála atá ann cheana a choinneáil ar bun, a athbhreithniú agus a tharraingt siar;

(h)forbairtí ábhartha i réimse an deimhnithe cibearshlándála a scrúdú, lena n‑áirítear ar an leibhéal náisiúnta de bhun Airteagal 86, agus faisnéis agus dea-chleachtais maidir le scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a mhalartú;

(i)comhar a éascú idir údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála faoi na rialacha a leagtar amach sa Teideal seo trí fhothú acmhainneachta agus malartú faisnéise, go háirithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le deimhniú cibearshlándála;

(j)tacú le cur chun feidhme an tsásra athbhreithnithe piaraí de bhun Airteagal 89 agus le cur chun feidhme na sásraí measúnaithe piaraí i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 81(2), pointe (g);

(k)ailíniú scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le caighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta a éascú, lena n‑áirítear mar chuid de choinneáil ar bun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála atá ann cheana agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a thabhairt do ENISA maidir le plé a dhéanamh le heagraíochtaí Eorpacha nó idirnáisiúnta ábhartha um chaighdeánú chun aghaidh a thabhairt ar neamhdhóthanachtaí nó bearnaí sna caighdeáin aitheanta Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ar fáil.

4.Le cúnamh ó ENISA, beidh an Coimisiún ina chathaoirleach ar ECCG agus cuirfidh sé rúnaíocht ar fáil do ECCG.

5.Féadfaidh an Coimisiún foghrúpaí ECCG a bhunú chun aon cheann de na críocha seo a leanas:

(a)ceisteanna sonracha a scrúdú ar bhonn téarmaí tagartha arna mbunú ag an gCoimisiún;

(b)na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú a choinneáil ar bun agus a athbhreithniú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ar bhonn téarmaí tagartha arna mbunú ag an gCoimisiún.

6.Tuairisceoidh na foghrúpaí do ECCG.

7.Beidh an Coimisiún agus ENISA ina gcomhchathaoirligh ar na foghrúpaí, agus is é ENISA a sholáthróidh rúnaíocht na bhfoghrúpaí.

8.Glacfaidh ECCG agus a fhoghrúpaí rialacha nós imeachta trí thromlach simplí dá gcomhaltaí, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún, agus i gcomhaontú leis an gCoimisiún.

Roinn 2 
Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

Airteagal 91
Inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta

1.Déanfaidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta arna gceapadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chreidiúnú. Ní eiseofar creidiúnú den sórt sin ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.I gcás ina n‑eiseoidh údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála deimhniú Eorpach cibearshlándála de bhun an Rialacháin seo, déanfar comhlacht deimhniúcháin an údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a chreidiúnú mar chomhlacht um measúnú comhréireachta de bhun mhír 1.

3.Eiseofar an creidiúnú dá dtagraítear i mír 1 do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta le haghaidh uastréimhse 5 bliana agus féadfar é a athnuachan ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. Déanfaidh na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta gach beart is iomchuí taobh istigh d’achar ama réasúnta chun creidiúnú comhlachta um measúnú comhréireachta a shrianadh, a fhionraí nó a aisghairm a eisítear de bhun mhír 1 i gcás nach mbeidh na coinníollacha le haghaidh deimhniú comhlíonta, nó nach mbeidh siad á gcomhlíonadh a thuilleadh nó i gcás nach gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta an Rialachán seo.

4.Agus ceanglais chreidiúnaithe bhreise nó shonracha á mbunú le haghaidh scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála lena gcumhdaítear táirgí TFC, de bhun Airteagal 92, lorgófar sineirgí, i gcás inarb iomchuí, leis na ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoi Rialachán (AE) 2024/2847 agus leis na ceanglais chreidiúnaithe faoi na scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a glacadh cheana.

5.I gcás ina gcreidiúnófar comhlacht um measúnú comhréireachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/2847, féadfaidh na húdaráis ábhartha torthaí ó phróiseas creidiúnaithe roimhe seo maidir le haon cheanglas forluiteach a athúsáid mar fhianaise le linn an phróisis creidiúnaithe faoin Rialachán seo.

Airteagal 92
Comhchuibhiú breise ar inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta

1.I gcás ina leagtar amach ceanglais bhreise nó shonracha de bhun Airteagal 81(3), pointe (f), i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, údaróidh údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála arna cheapadh de bhun Airteagal 88(1) comhlachtaí um measúnú comhréireachta chun cúraimí a dhéanamh faoi scéim den sórt sin. Ní eiseofar an t‑údarú sin ach amháin i gcás inar creidiúnaíodh an comhlacht um measúnú comhréireachta agus ina gcomhlíonann sé na ceanglais bhreise nó shonracha a leagtar amach faoin scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála.

2.I gcás ina n‑iarrfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta údarú faoin Airteagal seo, cuirfidh sé an iarraidh faoi bhráid údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe nó faoi bhráid an údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a ndeachaigh an Ballstát sin ar a iontaoibh i gcomhréir le hAirteagal 88(1).

3.Féadfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta údarú a iarraidh ó údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála seachas an t‑údarás dá dtagraítear i mír 2 in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nach bhfeidhmíonn an t‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear i mír 1 údarú i ndáil leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a bhfuil údarú á lorg ina leith;

(b)i gcás nach ndearnadh athbhreithniú piaraí ar an údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagal 89 i ndáil leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a bhfuil údarú á lorg ina leith.

4.I gcás ina bhfaighidh údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála iarraidh de bhun mhír 3, cuirfidh sé é sin in iúl d’údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta iarrthach bunaithe. Sna cásanna sin, féadfaidh údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála an Bhallstáit sin páirt a ghlacadh san údarú mar bhreathnóir.

5.Féadfaidh údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a iarraidh ar údarás náisiúnta eile um dheimhniú cibearshlándála codanna den ghníomhaíocht mheasúnaithe a dhéanamh. Sa chás sin, eiseoidh an t‑údarás iarrthach an deimhniú údaraithe.

6.Beidh an t‑údarú dá dtagraítear i mír 1 bailí ar feadh tréimhse nach faide ná tréimhse bhailíochta an chreidiúnaithe, agus féadfar é a athnuachan ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar amach i mír 1 agus go ndearnadh a chreidiúnú a athnuachan freisin.

7.Déanfaidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála, laistigh de thréimhse ama réasúnta, gach beart iomchuí chun údarú comhlachta um measúnú comhréireachta arna eisiúint de bhun mhír 1 a shrianadh, a chur ar fionraí nó a chúlghairm i gcás nár comhlíonadh na coinníollacha maidir leis an údarú nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh, nó i gcás nach gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta an Rialachán seo.

8.Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nósanna imeachta a leagan síos, lena n‑áirítear maidir le comhar trasteorann, chun comhlachtaí um measúnú comhréireachta a údarú. Agus gníomhartha cur chun feidhme á n‑ullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ENISA agus le ECCG. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

Airteagal 93
Fógra a thabhairt faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta

1.I gcás gach scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála, tabharfaidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála de chuid Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na comhlachtaí um measúnú comhréireachta arna gcreidiúnú agus, i gcás inarb infheidhme, arna n‑údarú de bhun Airteagal 92.

2.Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála an fógra dá dtagraítear i mír 1 trí úsáid a bhaint as an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

3.Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na himthosca, na formáidí agus na nósanna imeachta a leagan síos le haghaidh fógraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n‑áirítear an nós imeachta agóide ag Ballstáit eile le linn an phróisis fógartha, sainaithint uathúil na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta, chomh maith leis na himthosca chun fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

Airteagal 94
Dúshláin maidir le hinniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta

1.Imscrúdóidh an Coimisiún aon chás ina bhfuil amhras air, nó ina gcuirtear in iúl dó go bhfuil amhras air faoi inniúlacht comhlachta um measúnú comhréireachta na ceanglais agus na freagrachtaí a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh, nó faoi chomhlacht um measúnú comhréireachta a bheith ag leanúint de na ceanglais agus na freagrachtaí sin a chomhlíonadh.

2.Soláthróidh an t‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, an fhaisnéis uile a bhaineann leis an mbonn leis an bhfógra nó le hinniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta lena mbaineann a choinneáil ar bun.

3.Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis íogair uile a fhaightear le linn a chuid imscrúduithe.

4.I gcás ina bhfionnann an Coimisiún nach bhfuil comhlacht um measúnú comhréireachta ag comhlíonadh na gceanglas maidir lena fhógra nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an gcomhlacht sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála dá réir sin agus iarrfaidh sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n‑áirítear an fógra a tharraingt siar más gá.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nós imeachta achomhairc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra ar fáil.

Airteagal 95
Oibleagáid faisnéise agus coinneála ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta

1.Cuirfidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta an t‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)aon deimhniú a ndiúltaítear dó, a shriantar, a chuirtear ar fionraí nó a tharraingítear siar;

(b)aon imthoisc a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 93(1) agus do choinníollacha an fhógra sin;

(c)aon iarraidh ar fhaisnéis atá faighte acu ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

(d)arna iarraidh sin, aon ghníomhaíocht measúnaithe comhréireachta a fheidhmítear laistigh de raon feidhme a fhógra agus aon ghníomhaíocht eile dá bhfeidhmítear, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

2.Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 pointe (a) a sholáthar do ENISA freisin d’fhonn comhlíonadh a cúraim faoi Airteagal 79 a éascú.

3.Soláthróidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta do na comhlachtaí eile um measúnú comhréireachta faoin Rialachán seo a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta lena gcumhdaítear na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC, na seirbhísí slándála bainistithe céanna nó na heintitis chéanna a ndeimhnítear a seasamh cibearshlándála gan moill mhíchuí faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, arna iarraidh sin, torthaí dearfacha ar mheasúnú comhréireachta.

4.Coinneoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta córas taifead ar bun, ina mbeidh na doiciméid agus an fhianaise uile a sholáthraítear nó a fhaightear i ndáil le gach meastóireacht agus deimhniú a dhéanann siad. Stórálfar an taifead ar bhealach slán inrochtana ar feadh na tréimhse is gá chun críocha deimhniúcháin agus ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis dhul in éag nó tharraingt siar an deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála ábhartha.

Roinn 3 
Forálacha eile

Airteagal 96
Cearta chun gearán a thaisceadh agus an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil

1.Beidh an ceart ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha gearán a dhéanamh le heisitheoir deimhnithe Eorpach cibearshlándála nó, nuair a bhaineann an gearán le deimhniú Eorpach cibearshlándála arna eisiúint ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 85(4), an gearán a dhéanamh leis an údarás ábhartha náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála.

2.An t‑údarás nó an comhlacht a ndearnadh an gearán leis, cuirfidh sé an gearánach ar an eolas faoi gcaoi a mbeidh na himeachtaí ag dul ar aghaidh, faoin gcinneadh a rinneadh agus faoin gceart chun leigheas éifeachtach breithiúnach, dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a fháil.

3.D’ainneoin aon leigheasanna riaracháin nó aon leigheasanna neamhbhreithiúnacha eile, beidh an ceart ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha chun leigheas breithiúnach éifeachtach maidir leis an méid seo a leanas:

(a)cinntí a dhéanann an t‑údarás nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, i ndáil le deimhniú Eorpach cibearshlándála a eisiúint, gan bheith á eisiúint nó i ndáil le haitheantas don deimhniú sin, ar deimhniú é atá i seilbh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha sin;

(b)neamhghníomh a dhéanamh i leith gearán a rinneadh leis an údarás nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1.

4.De bhun an Airteagail seo, tabharfar imeachtaí os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil an t‑údarás nó an comhlacht a n‑iarrtar an leigheas breithiúnach ina choinne suite.

Airteagal 97
Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Teideal seo agus sáruithe ar scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

TEIDEAL IV 
SLÁNDÁIL SLABHRAÍ SOLÁTHAIR TFC

CAIBIDIL I 
Creat iontaofa slabhra soláthair TFC

Airteagal 98
Raon feidhme an chreata

1.Le creat iontaofa an tslabhra soláthair TFC, déanfar foráil maidir le sásra slándála ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí neamhtheicniúla in earnálacha ardchriticiúlachta agus in earnálacha criticiúla eile dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2022/2555. Leis an sásra, sainaithneofar príomhshócmhainní TFC i slabhraí soláthair TFC criticiúla agus leagfar amach bearta maolaithe iomchuí agus comhréireacha maidir le heintitis den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555.

2.Beidh na hoibleagáidí a leagtar amach sa Teideal seo gan dochar d’oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/2847 agus i bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555.

3.Leis na forálacha a leagtar síos sa Chaibidil seo, ní chuirfear bac ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena n‑áirithítear leibhéal níos airde cibearshlándála i slabhraí soláthair TFC, ar choinníoll go bhfuil na forálacha sin comhsheasmhach lena n‑oibleagáidí faoi dhlí an Aontais.

Airteagal 99
Measúnuithe riosca slándála

1.Féadfaidh an Coimisiún nó grúpa de thrí Bhallstát ar a laghad a iarraidh ar an nGrúpa Comhair arna bhunú le hAirteagal 14 de Threoir (AE) 2022/2555 (‘an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise’) na measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 22 den Treoir sin. I gcás ina ndéanfar measúnú riosca slándála tar éis iarraidh den sórt sin a fháil, áireofar ann go háirithe sainaithint bheartaithe phríomhshócmhainní TFC an tslabhra soláthair TFC faoi seach chomh maith leis na príomhghníomhaithe bagartha, na rioscaí agus na leochaileachtaí a dhéanann difear do na sócmhainní sin. Leis na measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais, forbrófar cásanna riosca agus molfar bearta chun na rioscaí sainaitheanta a mhaolú.

2.Déanfar na measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais a thabhairt chun críche laistigh de 6 mhí ón iarraidh dá dtagraítear i mír 1. Arna iarraidh sin don Choimisiún, féadfaidh an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise teacht ar chomhaontú maidir le tréimhse níos giorra.

3.I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag an gCoimisiún lena chreidiúint go bhfuil cibearbhagairt shuntasach ann do shlándáil an Aontais i ndáil le slabhra soláthair TFC agus go bhfuil gá le gníomhaíocht chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas gan mhoill:

(a)dul i gcomhairle leis na Ballstáit maidir leis an ngá atá le ceann amháin nó níos mó de na bearta maolaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 103 a dhéanamh; agus

(b)measúnú riosca slándála a dhéanamh, agus comhairliúchán leis na Ballstáit á chur san áireamh. Áireofar sa mheasúnú riosca slándála sainaithint bheartaithe na bpríomhshócmhainní TFC chomh maith leis na príomhghníomhaithe bagartha, na rioscaí agus na leochaileachtaí a dhéanann difear do na sócmhainní sin. Leis an measúnú riosca slándála, forbrófar cásanna riosca agus molfar bearta chun na rioscaí sainaitheanta a mhaolú.

Airteagal 100
Ainmniú tríú tíortha a bhfuil ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil ag baint leo

1.Más rud é, mar thoradh ar an measúnú riosca slándála dá dtagraítear in Airteagal 99, nó bunaithe ar fhoinsí eile, amhail ráiteas poiblí thar ceann an Aontais nó thar ceann Ballstáit, go ndealraíonn sé go bhfuil riosca neamhtheicniúil tromchúiseach agus struchtúrach ag baint le tríú tír do shlabhraí soláthair TFC, fíoróidh an Coimisiún an riosca a bhaineann leis an tír sin, agus na heilimintí seo a leanas á gcur san áireamh aige:

(a)dlíthe a bheith sa tríú tír lena gceanglaítear ar eintitis faoina ndlínse faisnéis faoi leochaileachtaí bogearraí nó crua-earraí a thuairisciú d’údaráis an tríú tír sin sula mbeifear ar an eolas go ndearnadh na leochaileachtaí sin a dhúshaothrú;

(b)cleachtais atá ann cheana sa tríú tír, arna léiriú ag foinsí neamhspleácha, lena gceanglaítear ar eintitis faoi dhlínse an tríú tír faisnéis maidir le leochaileachtaí bogearraí nó crua-earraí a thuairisciú d’údaráis an tríú tír sin sula mbeifear ar an eolas go ndearnadh na leochaileachtaí sin a dhúshaothrú;

(c)easpa leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha, agus sásraí rialaithe neamhspleácha agus daonlathacha, lenar féidir na hábhair imní slándála a sainaithníodh a cheartú, lena n‑áirítear faoi na cleachtais atá ann cheana dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)faisnéis a bhfuil bunús léi maidir le teagmhas amháin nó níos mó de ghníomhaithe bagartha atá á rialú ag an tír sin agus a oibríonn lasmuigh de chríoch na tíre sin a dhéanann cibirghníomhaíochtaí mailíseacha nó cibirfheachtais mhailíseacha, agus easpa cumais nó toilteanais an tríú tír oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún nó leis na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a eascraíonn as oibriú na ngníomhaithe bagartha sin;

(e)faisnéis ábhartha a eascraíonn as measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais nó as tuarascálacha ó na Ballstáit nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta.

2.I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis an fhíoraithe dá dtagraítear i mír 1, go mbaineann rioscaí neamhtheicniúla tromchúiseacha agus struchtúracha do shlabhraí soláthair TFC le tríú tír, féadfaidh sé, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an tríú tír sin a ainmniú mar thír lena mbaineann ábhar imní maidir leis an gcibearshlándáil do shlabhraí soláthair TFC. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

3.Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tráthrialta ar na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le mír 2.

4.Ní bheidh soláthróirí ardriosca i dteideal an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)páirt a ghlacadh i bhforbairt, measúnú, comhairliúchán nó cinntí a bhaineann le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 1025/2012 agus sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2024/2847 i réimse na cibearshlándála;

(b)iarratas a dhéanamh ar aon deimhniú Eorpach cibearshlándála de bhun Theideal III nó a bheith ina shealbhóir ar aon deimhniú den sórt sin;

(c)tiocfaidh sé chun bheith ina chomhlacht creidiúnaithe um measúnú comhréireachta de bhun Theideal III;

(d)iarratas a dhéanamh chun bheith ina soláthraí dearbhaithe údaraithe maidir le haon dearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála de bhun Theideal II, Roinn 4;

(e)páirt a ghlacadh i nósanna imeachta soláthair phoiblí, arna n‑eagrú i gcomhréir leis an reachtaíocht lena dtrasuitear Treoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE i ndáil le soláthar comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC atá le húsáid i bpríomhshócmhainní TFC mar a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 102;

(f)páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht faoi chláir chistiúcháin agus ionstraimí an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach i gcomhréir le hAirteagal 136 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus le rialacha earnáilsonracha an Aontais agus in aon ghníomhaíocht chistiúcháin de chuid an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte i ndáil le soláthar comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC atá le húsáid i bpríomhshócmhainní TFC mar a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 102.

Déanfaidh na húdaráis atá i gceannas ar na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) na measúnuithe is gá chun críoch na míre seo. Féadfaidh na húdaráis brath freisin chun na críche sin ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 104.

5.I gcásanna ina bhfuil deimhniú Eorpach cibearshlándála faighte cheana féin ag soláthróir ardriosca de bhun Theideal III, déanfaidh an t‑údarás inniúil é a tharraingt siar gan moill mhíchuí.

Airteagal 101
Sásra ginearálta um shlándáil an tslabhra soláthair TFC

I gcás ina ndearna an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise measúnú riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 99(1) den Rialachán seo, nó tar éis an nós imeachta a thabhairt chun críche i gcás cibearbhagairt shuntasach de bhun Airteagal 99(3) do shlabhra soláthair TFC, féadfaidh an Coimisiún bearta a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagail 102 agus 103(1) agus (2).

Airteagal 102
Príomhshócmhainní TFC a shainaithint

1.I gcás ina léirítear sa mheasúnú riosca a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 99(1) nó (3) rioscaí suntasacha cibearshlándála i ndáil le slabhra soláthair TFC, cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainaithnítear príomhshócmhainní TFC a úsáidtear chun táirgí a mhonarú nó chun seirbhísí a sholáthar ag eintitis den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2) den Rialachán seo.

2.Agus na príomhshócmhainní TFC dá dtagraítear i mír 1 á sainaithint aige, cuirfidh an Coimisiún na heilimintí seo a leanas san áireamh:

(a)cé acu atá nó nach bhfuil feidhmeanna fíor-riachtanacha agus íogaire ag na sócmhainní sin maidir le feidhmiú táirgí arna monarú nó seirbhísí arna soláthar ag an eintiteas den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555;

(b)an bhféadfadh suaití tromchúiseacha ar shlabhraí soláthair TFC ar fud an mhargaidh inmheánaigh a bheith mar thoradh ar theagmhais, lena n‑áirítear teagmhais arb iad leochaileachtaí dúshaothraithe a bhaineann leis na sócmhainní sin is cúis leo nó an bhféadfadh gadaíocht sonraí a bheith mar thoradh orthu;

(c)an bhfuil spleáchas ar líon teoranta soláthróirí na sócmhainní sin;

(d)torthaí na measúnuithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 99.

Airteagal 103
Bearta maolaithe sa slabhra soláthair TFC

1.Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear, i gcás inar gá chun ardleibhéal cibearshlándála, cibear-athléimneachta agus iontaoibhe a áirithiú laistigh den Aontas, go mbeidh toirmeasc ar an gcineál sonrach eintiteas dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC, lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC ó sholáthróirí ardriosca mar a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 104, a úsáid, a shuiteáil nó a chomhtháthú i bhfoirm ar bith i bpríomhshócmhainní TFC a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 102. Déanfar foráil sna gníomhartha cur chun feidhme sin maidir le hidirthréimhsí iomchuí, ar lena linn a fhoilseoidh an Coimisiún liosta na soláthróirí ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 104, chomh maith le tréimhsí ama breise chun deireadh a chur de réir a chéile leis na comhpháirteanna agus comhpháirteanna ábhartha TFC a bhfuil comhpháirteanna TFC san áireamh iontu. Féadfar a shonrú sa ghníomh cur chun feidhme sin freisin an chomhpháirt nó na comhpháirteanna TFC sin ina bhfuil comhpháirteanna TFC.

2.Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear, i gcás inar gá chun ardleibhéal cibearshlándála, cibear-athléimneachta agus iontaoibhe a áirithiú laistigh den Aontas, go mbeidh an cineál sonrach eintiteas dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 faoi réir ceann amháin nó níos mó de na bearta maolaitheacha seo a leanas i ndáil lena slabhra soláthair TFC agus go háirithe príomhshócmhainní TFC arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 102, chun rioscaí a shainaithnítear sna measúnuithe riosca slándála arna ndéanamh de bhun Airteagal 99 a mhaolú:

(a)cur i bhfeidhm ceanglas trédhearcachta maidir le faisnéis a sholáthar don údarás inniúil faoi na soláthróirí sa slabhra soláthair TFC le haghaidh príomhshócmhainní TFC arna n‑ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 102;

(b)toirmeasc a bhaineann le haistrithe sonraí chuig tríú tíortha agus cianphróiseáil sonraí ó thríú tír;

(c)bearta teicniúla atá le hiniúchadh ag tríú páirtí, lena n‑áirítear:

(i) próiseáil ar ghaireas a úsáid;

(ii) deighilt shonrach na gcóras gréasán;

(iii) aon rochtain chianda nó fhisiciúil ar phríomhshócmhainní TFC a dhíchumasú;

(iv) gnéithe neamhriachtanacha a dhíchumasú;

(v) faireachán ar an ngréasán oibríochtúil;

(vi) crua-earraí agus bogearraí a thástáil.

(d)srianta a bhaineann le rialú oibríochtúil, lena n‑áirítear feidhmeanna eagraíochtúla a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhísí bainistithe;

(e)srianta a bhaineann le caidreamh conarthach an eintitis lena sholáthróirí;

(f)ceanglas go ndéanfadh pearsanra atá grinnfhiosraithe ag na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha an tseirbhís a oibriú, a bhainistiú, a choinneáil ar bun nó go dtacódh siad léi;

(g)soláthar comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC a áirítear i gcomhpháirteanna TFC a éagsúlú.

3.Agus bearta dá dtagraítear i mír 2 á dtabhairt isteach aige, féadfaidh an Coimisiún ceanglais theicniúla agus mhodheolaíochta a leagan síos le haghaidh na mbeart.

4.Sula nglacfaidh sé na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar rioscaí agus spleáchais a d’fhéadfadh a bheith ann agus go háirithe ar an méid seo a leanas:

(a)i gcás inarb infheidhme, an leibhéal riosca a bhaineann le húsáid, suiteáil nó comhtháthú, i bhfoirm ar bith, comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC ó sholáthróirí ardriosca i bpríomhshócmhainní TFC;

(b)na tionchair eacnamaíocha agus shochaíocha a d’fhéadfadh a bheith ag an oibleagáid ar eintitis den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555;

(c)infhaighteacht soláthróirí malartacha ar sholáthróirí ardriosca;

(d)suaitheadh féideartha gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sochaíocha trasteorann de bharr teagmhas a dhéanann difear do shlabhra soláthair TFC eintitis.

5.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2) agus déanfar iad a athbhreithniú gach 36 mhí ar a laghad.

6.In imthosca eisceachtúla, a thugann údar cuí le hidirghabháil chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag an gCoimisiún a mheas go bhfuil úsáid, suiteáil nó comhtháthú comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC ó eintiteas sonrach atá bunaithe i dtríú tír nó atá á rialú ag tríú tír nó ag eintitis ó thríú tír, nó náisiúnach tríú tír, ina riosca suntasach neamhtheicniúil cibearshlándála do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nó sochaíocha trí Bhallstát ar a laghad, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit gan mhoill maidir leis an ngá atá le bearta a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.

7.Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a shuí go mbeidh toirmeasc ar an gcineál sonrach eintiteas dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC ó eintiteas dá dtagraítear i mír 6 a úsáid, a shuiteáil nó a chomhtháthú. Chuige sin, rachaidh sé i gcomhairle leis na heintitis de na cineálacha dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 a bhféadfadh baint a bheith ag an toirmeasc leo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2). I gcás inarb ábhartha, áireofar iontu tréimhsí iomchuí chun deireadh a chur de réir a chéile leis na comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC sin ina bhfuil comhpháirteanna TFC. Féadfar a shonrú sa ghníomh cur chun feidhme sin freisin an chomhpháirt nó na comhpháirteanna TFC sin ina bhfuil comhpháirteanna TFC atá faoi réir an toirmisc. Bainfidh an toirmeasc sin freisin le comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC ó na heintitis uile atá faoi rialú an eintitis shonraigh dá dtagraítear i mír 6.

8.Féadfar a shonrú freisin sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna (1), (2) agus (7) nach bhfuil na bearta maolaithe infheidhme ach amháin maidir le cineálacha eintiteas dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 de mhéid sonrach.

9.Beidh feidhm ag Airteagal 100(4) maidir leis an eintiteas sonrach atá bunaithe i dtríú tír nó atá á rialú ag tríú tír nó ag eintiteas ó thríú tír, nó ag náisiúnach de thríú tír dá dtagraítear i mír 7. 

10.Na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le míreanna (1), (2) agus (7) is infheidhme maidir leis an gcineál eintiteas dá dtagraítear in Iarscríbhinn I pointe 10 a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir leis an Institiúid Eorpach, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí.

Airteagal 104
Soláthróirí ardriosca a shainaithint

1.Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bunóidh an Coimisiún liostaí de sholáthróirí ardriosca atá ábhartha do na toirmisc a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 103(1), le hAirteagal 103(7) nó leis an toirmeasc dá dtagraítear in Airteagal 111(1).

2.Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún mapáil ar na soláthróirí a sholáthraíonn comhpháirteanna agus comhpháirteanna TFC ina bhfuil comhpháirteanna TFC atá ábhartha don toirmeasc dá dtagraítear i mír 1.

Ar an mbonn sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú tosaigh chun a shainaithint cé acu de na soláthróirí mapáilte a d’fhéadfadh a bheith bunaithe i dtríú tír arna hainmniú i gcomhréir le hAirteagal 100 nó arna rialú ag an tríú tír sin, ag eintiteas atá bunaithe sa tríú tír sin nó ag náisiúnach den tríú tír sin. Déanfaidh an Coimisiún mapáil tosaigh freisin ar sholáthróirí a d’fhéadfadh a bheith faoi rialú an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 103(6).

3.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an áit bhunaíochta chomh maith le struchtúr úinéireachta agus rialaithe na soláthróirí a sainaithníodh ar dtús i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 2.

4.Chun críoch an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, beidh an Coimisiún i dteideal an fhaisnéis is gá a iarraidh ar na soláthróirí. I gcás nach soláthraíonn an soláthróir an fhaisnéis is gá laistigh den sprioc-am atá leagtha síos, féadfaidh an Coimisiún teacht ar an gconclúid go bhfuil an soláthróir bunaithe i dtríú tír arna hainmniú i gcomhréir le hAirteagal 100 nó go bhfuil sé á rialú ag an tríú tír sin, ag eintitis ón tríú tír sin nó ag náisiúnaigh den tríú tír sin. I gcás ina bhfuil measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún chun críoch Airteagal 103(7) agus nach soláthraíonn an soláthróir an fhaisnéis is gá laistigh den sprioc-am atá leagtha síos, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go bhfuil an soláthróir faoi rialú eintitis atá ainmnithe i gcomhréir leis an Airteagal sin. Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 112 faisnéis ábhartha a chomhroinnt leis an gCoimisiún freisin arna iarraidh sin dó.

5.Roinnfidh an Coimisiún réamhthorthaí maidir leis an mbunú, rialú agus measúnú úinéireachta leis an soláthróir lena mbaineann. Tabharfaidh an Coimisiún deis don soláthróir éisteacht a fháil maidir leis na réamhthorthaí sin.

6.Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar údarás inniúil an measúnú tosaigh ar bhunú, úinéireacht agus rialú soláthróra a dhéanamh, i gcás ina bhfuil údar cuí leis i bhfianaise shaintréithe oibriú an tsoláthróra sin. Féadfaidh údarás inniúil tairiscint a dhéanamh chun measúnú tosaigh den sórt sin a dhéanamh. Fíoróidh an Coimisiún na torthaí tosaigh sin d’fhonn a chinneadh ar cheart an soláthróir a áireamh ar liosta na soláthróirí ardriosca.

7.Déanfaidh an Coimisiún liosta na soláthróirí ardriosca a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta d’fhonn soláthróirí ardriosca a bhaint nó a chur leis. Féadfaidh soláthróirí ardriosca a áirítear ar an liosta a iarraidh ar an gCoimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar a struchtúr bunaíochta, rialaithe agus úinéireachta ar sholáthar fianaise go ndearnadh athruithe ábhartha.

8.I gcás ina bhfaighidh údarás inniúil amach, lena n‑áirítear ar bhonn faisnéise arna soláthar ag eintiteas den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, go bhféadfadh sé gur ghá soláthróir a áireamh ar liosta soláthróirí ardriosca, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas gan moill mhíchuí.

Airteagal 105
Díolúine d’eintitis atá bunaithe i dtríú tír nó atá á rialú ag eintitis ó thríú tír lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil

1.Eintiteas atá bunaithe i dtríú tír nó atá á rialú ag eintitis ó thríú tír lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil arna n‑ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 100, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhíolmhú:

(a)a bheith faoi réir an toirmisc arna fhorchur ar eintitis den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 chun a chomhpháirteanna TFC nó a chomhpháirteanna TFC, lena n‑áirítear a chomhpháirteanna TFC i bpríomhshócmhainní TFC na n‑eintiteas sin, a úsáid, a shuiteáil nó a chomhtháthú i bhfoirm ar bith de mhaolú ar Airteagal 111 nó ar ghníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 103(1);

(b)a bheith faoi réir an toirmisc ar rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair phoiblí, arna n‑eagrú i gcomhréir leis an reachtaíocht lena dtrasuitear Treoir 2014/24/AE agus Treoir 2014/25/AE i ndáil le soláthar comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC atá le húsáid i bpríomhshócmhainní TFC mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 102 de mhaolú ar Airteagal 100(4).

2.Déanfar an méid seo a leanas leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1:

(a)leas an eintitis arna bhunú i dtríú tír, nó arna rialú ag eintitis ó thríú tír, lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil arna n‑ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 100 a shonrú agus an díolúine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á deonú dó; agus

(b)a léiriú le fianaise shoiléir go gcuirfear bearta maolaitheacha éifeachtacha i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí neamhtheicniúla agus chun a áirithiú nach bhféadfadh an tríú tír arna hainmniú de bhun Airteagal 100 cur isteach míchuí a dhéanamh i ndáil le soláthar comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC le haghaidh úsáid, suiteáil nó comhtháthú príomhshócmhainní TFC eintitis den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555.

3.Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 pointe (b) a shonrú a thuilleadh, agus chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear san Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

4.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 trí phróiseas cothrom trédhearcach, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)na himthosca agus na heilimintí breise dá dtagraítear in Airteagal 100(1) agus (2) i ndáil leis an tír ainmnithe lena mbaineann ábhair imní chibearshlándála do shlabhraí soláthair TFC ina bhfuil an t‑eintiteas bunaithe nó óna bhfuil sé á rialú;

(b)éifeachtacht na mbeart maolaitheach dá dtagraítear i mír 2 pointe (b);

(c)cé acu a dhéanfadh nó nach ndéanfadh an díolúine don eintiteas atá bunaithe i dtríú tír nó atá á rialú ag eintitis ó thríú tír lena mbaineann ábhair imní chibearshlándála do shlabhraí soláthair TFC dochar do leas an Aontais.

5.I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis an mheasúnaithe i mír 3, go bhfuil bonn cirt le díolúine a dheonú, déanfaidh sé amhlaidh trí bhíthin cinnidh, agus tabharfaidh sé fógra ina leith don iarratasóir laistigh de 9 mí ón iarraidh a fháil.

6.Agus cinneadh dá dtagraítear i mír 4 á ghlacadh aige, féadfaidh an Coimisiún an díolúine a theorannú do thréimhse shonrach ama agus féadfaidh sé an díolúine a chur faoi réir coinníollacha don eintiteas, lena n‑áirítear:

(a)amlíne chun na bearta maolaitheacha dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), a chur chun feidhme;

(b)iniúchtaí tríú páirtí ar bhonn tráthrialta chun cur chun feidhme éifeachtach beart maolaitheach a áirithiú;

(c)oibleagáidí tuairiscithe maidir le comhlíonadh.

7.I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis an mheasúnaithe i mír 3, nach bhfuil údar maith le díolúine a dheonú, déanfaidh sé amhlaidh trí bhíthin cinnidh, agus tabharfaidh sé fógra faoi do na hiarratasóirí laistigh de 9 mí ón iarraidh a fháil.

8.Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, an cinneadh dá dtagraítear i mír 4 a tharraingt siar nó a mhodhnú i gceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a)go bhfuil athrú ábhartha tagtha ar na fíorais ar a raibh an cinneadh bunaithe;

(b)go ngníomhaíonn an t‑eintiteas a d’iarr an díolúine ar neamhréir lena ghealltanais;

(c)bhí an díolúine bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a chuir an t‑eintiteas a rinne an iarraidh ar fáil.

Airteagal 106
Cearta cosanta

Áiritheoidh an Coimisiún, sula nglacfaidh sé gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 103(7) nó sula nglacfaidh sé cinneadh lena ndiúltaítear díolúine a dheonú de bhun Airteagal 105(7) ar bhonn eilimintí nár thíolaic an t‑iarratasóir nó sula dtarraingeoidh sé siar cinneadh de bhun Airteagal 105(8), go dtabharfar an deis don eintiteas lena mbaineann éisteacht a fháil, agus an gá, i gcásanna áirithe, le nós imeachta práinne á chur san áireamh.

Airteagal 107
Clár

Déanfaidh an Coimisiún clár dá chinntí a choinneáil ar bun, a mbeidh rochtain ag an bpobal air agus dá dtagraítear in Airteagal 105(5). Luafar sa chlár ainmneacha na n‑eintiteas a bhí faoi réir na gcinntí sin. Tabharfaidh an Coimisiún an clár cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta.

Airteagal 108
Rúndacht

Ní úsáidfear faisnéis a gheobhaidh an Coimisiún de bhun Airteagail 105 agus 106 ach amháin chun na críche ar chuici a fuarthas í.

Airteagal 109
Táillí

1.Toibheoidh an Coimisiún táillí ar iarrataí a chuirtear isteach i gcomhréir le hAirteagal 105(1).

2.Sloinnfear táillí agus beidh siad iníoctha in euro.

3.Beidh na táillí i gcomhréir leis na costais a bhaineann le próiseáil na n‑iarrataí dá dtagraítear in Airteagal 105(1), leis an measúnú ar na critéir agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 105(2), agus le bunú, coinneáil ar bun agus oibriú an chláir dá dtagraítear in Airteagal 107. Déanfar caiteachas uile an Choimisiúin a chuirtear i leith na mball foirne atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin a áireamh sna costais sin.

4.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na táillí, lena sonrófar méid na dtáillí agus an tslí a n‑íocfar iad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

CAIBIDIL II 
Slabhraí soláthair TFC i líonraí cumarsáide leictreonaí

Airteagal 110
Príomhshócmhainní TFC le haghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte

1.Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a bheidh na príomhshócmhainní TFC le haghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte.

2.Comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC arna soláthar ag soláthróirí ardriosca, cuirfear deireadh leo de réir a chéile ó phríomhshócmhainní TFC na líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte.

3.Ní bheidh an tréimhse ama chun deireadh a chur de réir a chéile leis na comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC arna soláthar ag soláthróirí ardriosca i ndáil le líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha níos faide ná 36 mhí ó fhoilsiú liosta na soláthróirí ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 104 atá ábhartha do na líonraí cumarsáide leictreonaí móibílí.

4.Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 118(2) chun na tréimhsí ama a shonrú chun deireadh a chur de réir a chéile leis na comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC arna soláthar ag soláthróirí ardriosca maidir le líonraí cumarsáide leictreonaí fosaithe agus satailíte.

5.Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119 chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun í a oiriúnú d’fhorbairtí teicneolaíocha trí na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 103(4) a chur san áireamh.

Airteagal 111
Toirmisc ar líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte

1.Ní dhéanfaidh soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC ó sholáthróirí ardriosca a úsáid, a shuiteáil ná a chomhtháthú, i bhfoirm ar bith, in oibriú príomhshócmhainní TFC dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.

2.I gcásanna nach ionann an t‑údarás inniúil arna ainmniú faoin Rialachán seo i mBallstát agus an t‑údarás inniúil de bhun Rialachán (AE) XX/XXXX [togra le haghaidh an Ghnímh um Líonraí Digiteacha], cuirfidh an t‑údarás inniúil arna ainmniú faoin Rialachán seo an t‑údarás inniúil de bhun Rialachán (AE) XX/XXXX [togra le haghaidh an Ghnímh um Líonraí Digiteacha] ar an eolas gan mhoill faoi na bearta arna bhforchur ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte i gcomhréir le hAirteagal 114. Áiritheoidh na húdaráis go mbeidh dlúthchomhar ann chun maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach a dhéanamh ar na bearta sin.

CAIBIDIL III 
Údaráis inniúla, maoirseacht agus forfheidhmiú, dlínse, cearta cosanta

Airteagal 112
Údaráis inniúla

1.Ainmneoidh gach Ballstát na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2022/2555 mar údaráis atá freagrach as na bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 114 a dhéanamh.

2.Beidh na húdaráis inniúla neamhchlaonta go hiomlán ó thaobh struchtúir agus feidhme de agus saor ó aon tionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach; go háirithe, ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumhachtaí iomchuí, acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha agus saineolas ábhartha ag a n‑údaráis inniúla chun na bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 114 a dhéanamh go héifeachtach.

4.Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún, gan moill mhíchuí, faoi ainmneacha na n‑údarás inniúil arna n‑ainmniú i gcomhréir le mír 1, faoi chúraimí na n‑údarás sin faoi seach agus faoi aon athruithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin. Poibleoidh gach Ballstát freisin ainmneacha na n‑údarás inniúil arna n‑ainmniú i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 113
Líonra le haghaidh seirbhísí comhair agus tacaíochta an Choimisiúin

D’fhonn maoirseacht éifeachtach a dhéanamh, bunóidh an Coimisiún líonra le haghaidh comhar idir údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 112 agus an Coimisiún chun fónamh mar ardán le haghaidh comhair agus malartú faisnéise, go háirithe chun críche an mheasúnaithe ar bhunú, ar rialú agus ar úinéireacht dá dtagraítear in Airteagal 104. Soláthróidh an Coimisiún an tacaíocht riaracháin don líonra.

Airteagal 114
Bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin

1.Tá na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 112 i dteideal na bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanamh ar eintitis den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na bearta thuasluaite éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus imthosca gach cáis aonair á gcur san áireamh. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha arna n‑achtú chuige sin agus faoi na leasuithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

2.Agus a gcúraimí maoirseachta á bhfeidhmiú acu i ndáil le heintitis dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, tá údaráis inniúla i dteideal na heintitis sin a chur faoi réir an mhéid seo a leanas:

(a)iarrataí ar liosta mionsonraithe agus cothrom le dáta dá soláthróirí agus dá soláthróirí seirbhíse ábhartha;

(b)iarrataí ar rochtain a fháil ar shonraí, ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis is gá chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú;

(c)cigireachtaí ar an láthair agus maoirseacht lasmuigh den láthair, lena n‑áirítear seiceálacha randamacha arna ndéanamh ag gairmithe oilte;

(d)iarrataí maidir le comhdhéanamh táirgí crua-earraí nó bogearraí a shuiteáiltear nó a chomhtháthaítear in aon fhoirm sa líonra nó sa chóras, lena n‑áirítear comhpháirteanna agus spleáchais aistreacha, i bhformáid a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín.

3.Agus a gcumhachtaí forfheidhmiúcháin á bhfeidhmiú acu i ndáil le heintitis den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, tá údaráis inniúla i dteideal an mhéid seo a leanas:

(a)rabhaidh a eisiúint faoi sháruithe ar an Rialachán seo ag na heintitis lena mbaineann, ina leagfar amach na fíorais ábhartha agus na breithnithe dlíthiúla;

(b)cinntí a ghlacadh lena gceanglaítear ar na heintitis lena mbaineann an sárú ar an Rialachán seo nó na heasnaimh a sainaithníodh i gcur chun feidhme na mbeart maolaitheach a leigheas;

(c)a ordú do na heintitis lena mbaineann scor de ghníomhaíochtaí a sháraíonn an Rialachán seo agus staonadh ó ghníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh an athuair; agus

(d)baineann pionóis a fhorchur, i gcomhréir leis na rialacha, leis an méid a leagtar síos in Airteagal 115 nó a iarraidh go bhforchuirfidh na comhlachtaí, na cúirteanna nó na binsí ábhartha pionóis den sórt sin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

4.Agus aon cheann de na bearta forfheidhmiúcháin dá dtagraítear sa mhír roimhe seo á dhéanamh acu, cuirfidh na húdaráis inniúla imthosca gach cáis aonair san áireamh agus tabharfaidh siad aird chuí ar na tosca seo a leanas:

(a)tromchúis an tsáraithe agus tábhacht na bhforálacha arna sárú;

(b)fad an tsáraithe;

(c)láimhdeachas ábharthacht an eintitis lena mbaineann;

(d)aon sárú ábhartha a rinne an t‑eintiteas lena mbaineann roimhe sin;

(e)i gcás inarb infheidhme, aon damáiste ábhartha nó neamhábhartha mar thoradh ar an sárú, lena n‑áirítear aon chaillteanas airgeadais nó eacnamaíoch, éifeachtaí ar eintitis eile agus an líon úsáideoirí a ndéantar difear dóibh;

(f)aon intinn nó faillí ar thaobh an eintitis lena mbaineann;

(g)aon bhearta arna ndéanamh ag an eintiteas chun an damáiste ábhartha nó neamhábhartha a chosc nó a mhaolú;

(h)an leibhéal comhair le húdaráis inniúla na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), beidh an méid seo a leanas ina shárú tromchúiseach:

(i)athsháruithe;

(j)mainneachtain fógra a thabhairt faoi theagmhais shuntasacha nó iad a leigheas;

(k)mainneachtain easnaimh a leigheas tar éis treoracha ceangailteacha ó údaráis inniúla.

5.Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do na heintitis lena mbaineann faoina réamhthorthaí sula ndéanfaidh siad bearta forfheidhmiúcháin. Tabharfar tréimhse réasúnach ama do na heintitis lena mbaineann chun barúlacha maidir leis na réamhthorthaí a chur isteach. Leagfaidh na húdaráis inniúla réasúnaíocht mhionsonraithe amach le haghaidh a mbeart forfheidhmiúcháin.

6.Urramóidh na húdaráis inniúla prionsabail na rúndachta agus na rúndachta gairmiúla agus tráchtála.

7.Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún chun críocha maoirseachta agus forfheidhmithe faoin Teideal seo i gcomhréir le hAirteagal 116.

Airteagal 115
Pionóis

1.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

2.Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

3.Forchuirfear pionóis sa bhreis ar aon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 114(3), pointí (a), (b) agus (c).

4.Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh pionós a ghearradh agus mhéid na fíneála i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí, ar a laghad, ar na tosca dá dtagraítear in Airteagal 114(4), an chéad fhomhír.

5.Beidh sáruithe ar Airteagal 103(2), pointe (a), i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, faoi réir pionós nach mó ná 1 % de láimhdeachas bliantúil domhanda iomlán an ghnóthais ar leis an t‑eintiteas sa bhliain airgeadais roimhe sin.

6.Beidh sáruithe ar Airteagal 103(2), pointí (b) go (g), i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, faoi réir pionós nach mó ná 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda an ghnóthais ar leis an t‑eintiteas sa bhliain airgeadais roimhe sin.

7.Beidh sáruithe ar Airteagal 103(1) agus ar Airteagal 111, i gcomhréir le mír 3, den Airteagal seo faoi réir pionós nach mó ná 7 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda an ghnóthais ar leis an t‑eintiteas sa bhliain airgeadais roimhe sin.

Airteagal 116
Cúnamh frithpháirteach

1.I gcás ina soláthraíonn eintiteas den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I nó II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 seirbhísí i níos mó ná Ballstát amháin, nó ina soláthraíonn sé seirbhísí i mBallstát amháin nó níos mó agus ina bhfuil a phríomhshócmhainní TFC lonnaithe i mBallstát amháin eile nó níos mó, oibreoidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún agus tabharfaidh siad cúnamh dá chéile agus don Choimisiún d’fhonn cur i bhfeidhm éifeachtach agus éifeachtúil an Rialacháin a áirithiú. Chuige sin, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas ar a laghad:

(a)déanfaidh na húdaráis inniúla a chuireann bearta maoirseachta nó forfheidhmiúcháin i bhfeidhm i mBallstát, na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile lena mbaineann a chur ar an eolas faoi na bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin arna ndéanamh agus rachaidh siad i gcomhairle leis na húdaráis sin maidir leo;

(b)féadfaidh údarás inniúil i mBallstát a iarraidh ar údarás inniúil eile i mBallstát eile bearta maoirseachta nó forfheidhmiúcháin a dhéanamh;

(c)déanfaidh údarás inniúil i mBallstát, ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó údarás inniúil eile i mBallstát eile, cúnamh frithpháirteach a sholáthar don údarás inniúil eile sin, ar bhonn díchill, ionas gur féidir na bearta maoirseachta nó forfheidhmiúcháin a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus comhsheasmhach.

2.Leis an gcúnamh frithpháirteach dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), féadfar iarrataí ar fhaisnéis agus bearta maoirseachta a chumhdach, lena n‑áirítear iarrataí chun cigireachtaí ar an láthair nó maoirseacht lasmuigh den láthair nó iniúchtaí slándála spriocdhírithe a dhéanamh. Ní dhiúltóidh údarás inniúil a ndírítear iarraidh ar chúnamh chuige an iarraidh sin ach amháin má shuitear nach bhfuil an inniúlacht aige an cúnamh a iarradh a sholáthar, nach bhfuil an cúnamh a iarradh comhréireach le cúraimí maoirseachta an údaráis inniúil, nó go mbaineann an iarraidh le faisnéis a bheadh contrártha do shlándáil náisiúnta, slándáil phoiblí nó cosaint an Bhallstáit sin dá nochtfaí í nó gurb é atá i gceist léi gníomhaíochtaí a bheadh contrártha do shlándáil náisiúnta, slándáil phoiblí nó cosaint an Bhallstáit sin dá ndéanfaí iad. Sula ndiúltóidh sé d’iarraidh den sórt sin, rachaidh an t‑údarás inniúil i gcomhairle leis na húdaráis inniúla eile lena mbaineann agus, arna iarraidh sin do cheann de na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún.

3.I gcás inarb iomchuí agus de thoil a chéile, féadfaidh na húdaráis inniúla ó Bhallstáit éagsúla gníomhaíochtaí maoirseachta comhpháirteacha a dhéanamh.

4.I bhfianaise na hoibleagáide prionsabail na rúndachta agus na rúndachta gairmiúla agus tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 114(6) a chomhlíonadh, ní úsáidfear aon fhaisnéis a mhalartaítear i gcomhthéacs iarraidh ar chúnamh agus a chuirtear ar fáil de bhun an Airteagail seo ach amháin i ndáil leis an ábhar dár iarradh í.

Airteagal 117
Dlínse agus críochachas

1.Eintitis de chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, measfar go dtagann siad faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, a measfar go dtagann siad faoi dhlínse an Bhallstáit ina soláthraíonn siad a gcuid seirbhísí;

(b)soláthraithe seirbhísí DNS, clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil, soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta, soláthraithe seirbhísí lárionaid sonraí, soláthraithe líonraí seachadta inneachair, soláthraithe seirbhísí bainistithe, soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe, chomh maith le soláthraithe margaí ar líne, soláthraithe inneall cuardaigh ar líne nó soláthraithe ardán seirbhísí líonraithe shóisialta, a measfar go dtagann siad faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a bpríomhbhunaíocht san Aontas faoi mhír 2;

(c)eintitis riaracháin phoiblí, a measfar go dtagann faoi dhlínse an Bhallstáit lena mbaineann siad;

(d)aeriompróirí, a measfar go dtagann siad faoi dhlínse an Bhallstáit ar dheonaigh a údarás ceadúnúcháin inniúil an ceadúnas oibríochta don eintiteas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 83 , nó, i gcás nár deonaíodh an ceadúnas oibríochta nó a choibhéis i gcomhréir leis an Rialachán sin, measfar go dtagann siad faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a bpríomhbhunaíocht san Aontas faoi mhír 2.

2.Chun críocha an Rialacháin seo, eintiteas dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), measfar go bhfuil a phríomhbhunaíocht san Aontas sa Bhallstát ina ndéantar na cinntí a bhaineann leis na bearta bainistíochta riosca cibearshlándála den chuid is mó. Mura féidir Ballstát den sórt sin a chinneadh nó mura ndéantar cinntí den sórt sin san Aontas, measfar an phríomhbhunaíocht a bheith sa Bhallstát ina ndéantar an chuid is mó de na hoibríochtaí cibearshlándála. Mura féidir Ballstát den sórt sin a chinneadh, measfar go bhfuil an phríomhbhunaíocht sa Bhallstát ina bhfuil an bhunaíocht ag an eintiteas lena mbaineann leis an líon is airde fostaithe san Aontas.

3.Mura bhfuil eintiteas de chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 bunaithe san Aontas, ach má thairgeann sé seirbhísí laistigh den Aontas, ainmneoidh sé ionadaí san Aontas. Bunófar an t‑ionadaí i gceann de na Ballstáit sin ina dtairgtear na seirbhísí. Measfar go dtagann eintiteas den sórt sin faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil an t‑ionadaí bunaithe. I gcás inar eintiteas dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), é an t‑eintiteas sin, measfar go dtagann sé faoi dhlínse an Bhallstáit ina soláthraíonn sé a sheirbhísí. In éagmais ionadaí san Aontas a ainmnítear faoin mír seo, féadfaidh aon Bhallstát ina soláthraíonn an t‑eintiteas seirbhísí caingne dlí a thabhairt in aghaidh an eintitis maidir le sárú ar an Rialachán seo.

4.Ní dochar ainmniú ionadaí ag eintiteas dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), do chaingne dlí, a d’fhéadfaí a thionscnamh in aghaidh an eintitis féin.

5.Na Ballstáit a fuair iarraidh ar chúnamh frithpháirteach i ndáil le heintiteas dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), féadfaidh siad, faoi theorainneacha na hiarrata sin, bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin iomchuí a dhéanamh i ndáil leis an eintiteas lena mbaineann i gcás ina soláthraíonn an t‑eintiteas seirbhísí nó a bhfuil córas gréasán agus faisnéise ar a gcríoch.

TEIDEAL VI 
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 118
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh dhá fhoirmíocht ag an gcoiste sin. I ndáil le Teidil II agus III, tabharfaidh coiste sa chéad fhoirmíocht cúnamh don Choimisiún, ach i ndáil le Teideal IV, tabharfaidh coiste sa dara foirmíocht cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 119
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80(2) agus Airteagal 110(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 80(2) agus Airteagal 110(5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. 

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 80(2) agus Airteagal 110(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. 

Airteagal 120
Meastóireacht agus athbhreithniú

1.Faoin [LL MM BBBB], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, coimisiúnóidh an Coimisiún meastóireacht a dhéanfar i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin.

2.Áireofar sa mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)Feidhmíocht ENISA maidir lena chuspóirí, a shainordú, a mhisean, a chúraimí, a rialachas agus a shuíomh;

(b)éifeachtacht, éifeachtúlacht agus breisluach AE na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála mar a leagtar síos i dTeideal II, Caibidil II, Roinn 4 den Rialachán seo;

(c)tionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhorálacha Theideal III den Rialachán seo maidir leis na cuspóirí a bhaineann le leibhéal leordhóthanach cibearshlándála a áirithiú do tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus eintitis san Aontas agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú;

(d)tionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhorálacha Theideal IV den Rialachán seo maidir le cuspóirí chreat iontaofa an tslabhra soláthair TFC.

3.Sa mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), tabharfar aghaidh, go háirithe, ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú ENISA a mhodhnú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag aon mhodhnú den sórt sin.

4.Tráth a dhéanfar gach dara meastóireacht, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na torthaí a bhain ENISA amach ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú, dá misean, dá rialachas agus dá cúraimí, lena n‑áirítear measúnú i dtaobh an bhfuil bonn cirt fós le leanúint ar aghaidh le ENISA maidir leis na cuspóirí, an sainordú, an misean, an rialachas agus na cúraimí sin.

5.Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta maidir le torthaí na meastóireachta. Cuirfear fionnachtana na meastóireachta sin ar fáil don phobal.

Airteagal 121
Aisghairm agus leanúint de ghníomhaíochtaí

1.Aisghairtear Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le héifeacht ón LLMMBBBB.

2.Déanfar tagairtí do Rialachán (AE) 2019/881, do ENISA agus do scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna mbunú leis an Rialachán sin a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.Leanfaidh ENISA atá faoi rialú ag an Rialachán d’oibríochtaí agus gníomhaíochtaí ENISA a dhéanamh mar a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 2019/881 a mhéid a bhaineann le gach úinéireacht, comhaontú, oibleagáid dhlíthiúil, conradh fostaíochta, ceangaltas airgeadais agus dliteanas. Leanfaidh cinntí uile an Bhoird Bainistíochta agus an Bhoird Feidhmiúcháin arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2019/881 de bheith bailí, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an Rialachán seo.

4.Fanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna cheapadh de bhun Airteagal 15(1), pointe (n) de Rialachán (AE) 2019/881, in oifig agus déanfaidh sé cúraimí agus na freagreachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán seo, ar feadh a bheidh fágtha de théarma oifige an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Ní athrófar coinníollacha eile a gconartha.

5.Na scéimeanna iarrthacha ar iarradh iad a ullmhú de bhun Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/881, measfar gur iarradh iad de bhun fhorálacha comhfhreagracha an Rialacháin seo. Dá réir sin, beidh feidhm ag forálacha Theideal III den Rialachán seo maidir leis na scéimeanna iarrthacha sin.

6.Fanfaidh comhaltaí den Bhord Bainistíochta, arna gceapadh ag an gCoimisiún, agus na comhaltaí malartacha arna gceapadh de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/881, in oifig agus déanfaidh siad cúramaí an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán seo ar feadh a bheidh fágtha dá dtéarma oifige. Na comhaltaí den Bhord Bainistíochta arna gceapadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/881, fanfaidh siad in oifig agus feidhmeoidh siad feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán seo ar choinníoll go bhfuil na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 24(3) den Rialachán seo acu.

Airteagal 122
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [...] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann3

1.3.Cuspóir(í)3

1.3.1.Cuspóir(í) ginearálta3

1.3.2.Cuspóir(í) sonracha3

1.3.3.An toradh (na torthaí) agus an tionchar a mheastar a bheidh ann3

1.3.4.Táscairí feidhmíochta3

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:4

1.5.Forais an togra/tionscnaimh4

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.4

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile5

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh5

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige6

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme6

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA8

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe8

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe8

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe8

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú8

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)8

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc9

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH10

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar10

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe12

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí12

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar12

3.2.1.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha17

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí22

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí24

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar24

3.2.3.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha24

3.2.3.3.Iomlán na leithreasuithe24

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach25

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar25

3.2.4.2.Nithe arna maoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha26

3.2.4.3.Iomlán na n‑acmhainní daonna a bheidh riachtanach26

3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha28

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha28

3.2.7.Rannchuidiú ó thríú páirtithe28

3.3.An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam29

4.Gnéithe digiteacha29

4.1.Ceanglais a bhfuil ábharthacht dhigiteach ag baint leo30

4.2.Sonraí30

4.3.Réitigh dhigiteacha31

4.4.Measúnú idir-inoibritheachta31

4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach32

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, agus slándáil an tslabhra soláthair TFC agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2019/881 (an Dara Gníomh um Chibearshlándáil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

Teideal gearr: An Dara Gníomh um Chibearshlándáil

Agus

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2555 a mhéid a bhaineann le bearta simpliúcháin agus ailíniú leis an [Togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil]

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Réimse beartais: 09 – Líonraí cumarsáide, inneachar agus teicneolaíocht

Gníomhaíocht: 09.02 an margadh aonair digiteach

1.3.Cuspóir(í)

1.3.1.Cuspóir(í) ginearálta

Is iad seo a leanas príomhchuspóirí na hidirghabhála:

(1)    Cumais chibearshlándála agus athléimneacht a fheabhsú

Rannchuidiú le rialachas cibearshlándála an Aontais a neartú agus cuidiú lena áirithiú go mbeidh institiúidí, údaráis agus páirtithe leasmhara ábhartha eile níos ullmhaithe chun bagairtí cibearshlándála a chosc, a bhrath agus freagairt dóibh ar bhealach comhordaithe éifeachtach.

(2)     Ilroinnt ar fud an mhargaidh inmheánaigh a chosc tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

Tacú le forbairt, cur chun feidhme agus glacadh ionstraimí coiteanna cibearshlándála de chuid an Aontais, amhail scéimeanna um dheimhniú agus creataí comhchuibhithe a sholáthar lena gcothaítear iontaoibh agus idir-inoibritheacht ar fud na mBallstát.

Freagraíonn na cuspóirí ginearálta sin do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i sainiú faidhbe an Mheasúnaithe Tionchair ar an tionscnamh beartaithe. Léiríonn siad an aidhm beartais uileghabhálach maidir le rialachas cibearshlándála san Aontas a neartú agus tacú le margadh aonair digiteach atá slán, athléimneach agus iomaíoch a fhorbairt.

1.3.2.Cuspóirí sonracha

Chun aghaidh a thabhairt ar an mí-ailíniú idir creat beartais cibearshlándála an Aontais agus riachtanais na bpáirtithe leasmhara:

Cuspóir Sonrach Uimh. 1: An acmhainneacht a chruthú chun beartais chibearshlándála an Aontais agus comhar oibríochtúil leanúnach a chur chun feidhme go héifeachtach lena gcumasófar comhar níos struchtúrtha idir na Ballstáit.

Cuspóir Sonrach Uimh. 2: Na modhanna agus na sásraí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun tacú go héifeachtach le riachtanais na mBallstát, an tionscail agus páirtithe leasmhara eile agus chun aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach.

Chun aghaidh a thabhairt ar ghlacadh agus éifeachtacht theoranta an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála:

Cuspóir Sonrach Uimh. 3: Na réamhriachtanais a chruthú chun scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a sholáthar níos tapúla, arna spreagadh ag riachtanais an mhargaidh, trí raon feidhme an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála a leathnú, nósanna imeachta éifeachtacha agus solúbtha maidir le coinneáil ar bun a áirithiú agus trédhearcacht a mhéadú.

Chun aghaidh a thabhairt ar an timpeallacht chomhlíontachta ilroinnte agus ar chastacht na gcreataí cothrománacha agus earnála:

Cuspóir Sonrach Uimh. 4: Sásraí agus coinníollacha a chruthú chun comhlíonadh ceanglas cibearshlándála a éascú, agus ar an gcaoi sin a gcur chun feidhme a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos éifeachtaí.

Chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí cibearshlándála sa slabhra soláthair: 

Cuspóir Sonrach Uimh. 5: Riosca a mhaolú maidir le slabhraí soláthair TFC criticiúla ó eintitis atá bunaithe i dtíortha nó atá á rialú ag eintitis ó thíortha lena mbaineann ábhair imní chibearshlándála (soláthróirí ardriosca) agus spleáchais chriticiúla a laghdú trí chreat comhleanúnach éifeachtach a fhorbairt ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí slándála sa slabhra soláthair TFC.

1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is iad seo a leanas na torthaí a mheastar a bheidh ann:

(1)    Athchóiriú feidhmiúil ENISA

(2)    Athchóiriú ar an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála – síneadh a chur leis an raon feidhme, nós imeachta nua agus rialachas athbhreithnithe

(3)    Comhlíonadh chreat reachtach ábhartha an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a shimpliú a thuilleadh

(4)    Creat cuimsitheach cothrománach chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí cibearshlándála sna slabhraí soláthair TFC

Tionchar foriomlán:

Beidh tionchar ollmhór ag an togra ar an gcibearshlándáil san Aontas toisc go dtéann sé i ngleic le roinnt réimsí amhail an t‑atreisiú is gá a dhéanamh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil, go neartaíonn sé an tacaíocht do chur chun feidhme dhlí an Aontais, go dtugann sé isteach athchóirithe chun an creat Eorpach um dheimhniú a chur chun feidhme go rianúil, go dtacaíonn sé le tuiscint chomhpháirteach an Aontais ar na cibearbhagairtí agus go dtugann sé aghaidh ar rioscaí cibearshlándála a mhaolú de réir na réaltachta geopholaitiúla. Le cur chun feidhme na bhforálacha atá beartaithe, áiritheofar ardleibhéil éifeachtúlachta agus comhleanúnachais agus seachnófar ualach rialála iomarcach. Tá an pacáiste ceaptha le bheith athléimneach in aghaidh dúshláin cur chun feidhme agus chun tacú le comhleanúnachas beartais fadtéarmach ar fud an éiceachórais dhigitigh agus cibearshlándála. Feabhsaítear soiléireacht leis, baintear neamhéifeachtúlachtaí agus déantar nósanna imeachta a ailíniú ar fud creataí dlíthiúla, agus rannchuidítear le hardleibhéal cibearshlándála a bhaint amach ar fud an Aontais an tráth céanna. Mar cheann de phríomhchuspóirí tosaíochta an Choimisiúin Eorpaigh, beidh tairbhí suntasacha eacnamaíocha ag baint leis na hiarrachtaí simpliúcháin atá beartaithe do ghnólachtaí, lena n‑áirítear FBManna, ar fiú níos mó ná EUR 14,63 billiún iad agus d’údaráis phoiblí ar fiú EUR 7,5 milliún iad.

I measc na dtorthaí sonracha tá:

-    feasacht mhéadaithe agus comhordú oibríochtúil feabhsaithe, rud a d’fhéadfadh coigilteas suntasach costas a ghiniúint a bhaineann le teagmhais a bhrath agus freagairt orthu níos tapúla do ghnólachtaí, d’údaráis phoiblí agus do shaoránaigh;

-    soiléireacht a sholáthar maidir le raon feidhme agus sainchúram ENISA, agus an tosaíocht is gá dá príomhchúraimí á háirithiú an tráth céanna;

-    a áirithiú go bhfaighidh na páirtithe leasmhara tacaíocht leordhóthanach do chur chun feidhme beartais, do ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus do chomhordú foriomlán;

-    Tacú le feasacht staide chomhroinnte an Aontais

-    comhar feabhsaithe le EU-CyCLONe, le gréasán CSIRTanna, leis an gCoimisiún, le Europol agus le CERT-EU agus le heintitis ábhartha de chuid an Aontais agus é d’aidhm leis stórtha faisnéise fíoraithe iontaofa maidir le cibearbhagairtí a fhorbairt;

-    tacú leis na hiarrachtaí chun ionsaithe bogearraí éirice a mhaolú;

-    comhordú feabhsaithe leis an earnáil phríobháideach maidir le hábhair a bhaineann leis an gcibearshlándáil;

-    faisnéis thráthúil a scaipeadh trí luathfholáirimh maidir le teagmhas suntasach nó mórscála, nó maidir le cibearbhagairt de chineál trasteorann, i ndáil leis na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555;

-    sineirgí éifeachtacha a chothú le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais;

-    praghas na ndeimhnithe scileanna a ísliú, lena n‑áirítear tríd an tairiscint ar an margadh a mhéadú trí na scéimeanna um dhearbhú Eorpach scileanna a thabhairt isteach;

-    tacú leis an mbearna scileanna san Eoraip a dhúnadh trí dhearbhuithe aonair maidir le scileanna cibearshlándála agus tacú leis na Ballstáit agus leis an tionscal a lucht saothair a neartú;

-    aghaidh a thabhairt ar an easpa soiléireachta i gcreat an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála agus ar an tionchar teoranta atá aige, a raon feidhme a leathnú agus a shamhail rialachais a fheabhsú;

-    clú na scéimeanna a glacadh a mhéadú trí struchtúr coinneála ar bun a bhunú agus trí phróiseas forbartha tráthúil trédhearcach a thabhairt isteach;

-    sásra táillí a thabhairt isteach i ndáil leis na costais a tharlaíonn chun na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt agus a choinneáil ar bun agus chun iarratais a phróiseáil agus údaruithe a dheonú do sholáthraithe, agus chun scéimeanna a choinneáil ar bun, arna nglacadh faoin gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, rud a rannchuideoidh le cobhsaíocht airgeadais na Gníomhaireachta agus a chruthóidh coigilteas faoi bhuiséad an Aontais;

-    scéimeanna Eorpacha um dheimhniú a ailíniú leis an gcreat reachtach atá ann cheana agus, dá bhrí sin, freastal níos fearr a dhéanamh ar iarrachtaí cur chun feidhme agus tacú le riachtanais chomhlíontachta gnólachtaí;

-    glacadh scéimeanna atá blocáilte faoi láthair a chumasú;

-    iomaíochas cuideachtaí Eorpacha a chothú trí ailíniú idir caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha a chur chun cinn;

-    ilroinnt i mbearta agus ceanglais chibearshlándála a theorannú;

-    foráil a dhéanamh maidir le soiléireacht dhlíthiúil agus an t‑ualach riaracháin a laghdú go suntasach, gan éiginnteacht dhlíthiúil shuntasach a chruthú i measc páirtithe leasmhara atá i mbun oiriúnú do na creataí dlíthiúla a glacadh le déanaí;

-    comhlíontacht a éascú d’eintitis an Dara Treoir NIS, rud a rannchuideodh freisin le ráta comhlíontachta níos fearr ar an iomlán agus le bearta cibearshlándála níos fiúntaí a chur i bhfeidhm, agus an próiseas maoirseachta ar thaobh na n‑údarás á dhéanamh níos éifeachtúla an tráth céanna;

Eile

-    Bheadh go leor tionchair dhearfacha ag FBManna ón tionscnamh i bhfianaise iomaíochas feabhsaithe laistigh de mhargadh cibearshlándála an Aontais, chomh maith le costais agus ualach riaracháin laghdaithe:

1.    Ról dearfach ar FBManna a bhainfeadh tairbhe as cibear-athléimneacht mhéadaithe mar gheall ar ról feabhsaithe ENISA agus treoraíocht theicniúil, arna soláthar ag an nGníomhaireacht.

2.    Beidh FBManna, mar sholáthraí údaraithe chun dearbhuithe a eisiúint faoin scéim Eorpach um dhearbhú Eorpach scileanna, níos feiceálaí, beidh clú orthu agus gheobhaidh siad custaiméirí. Ina theannta sin, tacóidh na dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála le FBManna chun iarrthóirí a bhfuil an tacar scileanna ceart acu a shainaithint.

3.    Is féidir le scéimeanna deimhniúcháin Eorpacha dea-fheidhmiúla rogha na dteicneolaíochtaí iontaofa TFC a éascú do FBManna agus rannchuidiú lena gcibear-athléimneacht fhoriomlán a fheabhsú.

4.    Mar sholáthraithe DNS, bainfidh FBManna tairbhe as bearta a bhaineann le cur chun feidhme an Dara Treoir NIS mar gheall ar na heisiaimh ó raon feidhme sholáthraithe DNS.

5    Bhainfeadh FBManna tairbhe as na soiléirithe ar an raon feidhme lena ndéanfaí cur i bhfeidhm na n‑oibleagáidí a theorannú d’eintitis áirithe i roinnt earnálacha a liostaítear sa Dara Treoir NIS.

6. I gcás bearta slándála sa slabhra soláthair TFC, bhainfeadh FBManna i gcoitinne tairbhe as úsáid teicneolaíochtaí iontaofa. Mar sholáthróirí atá gníomhach sna hearnálacha atá faoi réir srianta, bheadh tionchar níos mó acu i gcomparáid le cuideachtaí níos mó trí ionadú agus costas idirbheart. Mar sin féin, bainfidh FBManna, mar sholáthróirí iontaofa, tairbhe as deiseanna nua margaidh.

-    Meastar nach mbeidh tionchar suntasach ag aon cheann de na cuspóirí seo ar an gcomhshaol.

-    Maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh, is féidir coinne a bheith le gnóthachain éifeachtúlachta trí chomhar agus comhordú breise i dtaca leis na gníomhaíochtaí idir institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais. Tá coinne le coigilteas san fhadtéarma trí shásraí táillí a thabhairt isteach.

1.3.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Cuspóir: An acmhainneacht a chruthú chun beartais chibearshlándála an Aontais agus comhar oibríochtúil tráthrialta/leanúnach a chur chun feidhme go héifeachtach lena gcumasófar comhar níos struchtúrtha idir na Ballstáit.

– An líon rannchuidithe ábhartha ó ENISA maidir le beartais agus tionscnaimh reachtacha an Aontais agus beartais agus tionscnaimh reachtacha náisiúnta a chur chun feidhme

– Aiseolas dearfach ó pháirtithe leasmhara maidir leis na rannchuidithe ábhartha ó ENISA

– Méadú 25 % i gcomparáid le bonnlíne 2023 mar a tuairiscíodh i dTuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí ENISA (maidir leis an líon rannchuidithe ábhartha) agus de réir shuirbhé bliantúil ENISA ar shástacht (le haghaidh an aiseolais dhearfaigh)

– Staitisticí úsáide Bhunachar Sonraí Leochaileachta an Aontais Eorpaigh

– Méadú 25 % ar an líon úsáideoirí i gcomparáid le 2025

Infhaighteacht, slándáil agus feidhmiú Ardán an Ghnímh um Chibear-Athléimneacht

– Laghdú 25 % ar aga neamhfhónaimh an ardáin agus ar an líon teagmhas i gcomparáid le 2025 Staidreamh maidir le haga neamhfhónaimh agus teagmhais ar an ardán

Cuspóir: Na modhanna agus na sásraí a fhorbairt agus a chur in úsáid chun tacú go héifeachtach le riachtanais na mBallstát, an tionscail agus páirtithe leasmhara eile agus chun aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach.

– An líon páirtithe leasmhara a fhaigheann tacaíocht ó ENISA agus cáilíocht na tacaíochta a chuirtear ar fáil.

– An líon beart a cuireadh i bhfeidhm chun tacú le páirtithe leasmhara.

– Tháinig méadú 10 % ar an líon páirtithe leasmhara a fuair tacaíocht agus tháinig méadú 10 % ar leibhéal sástachta na bpáirtithe leasmhara a fuair tacaíocht i gcomparáid le 2025

Cuspóir: Na réamhriachtanais a chruthú chun scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a sholáthar níos tapúla arna spreagadh ag riachtanais an mhargaidh trí raon feidhme an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála a leathnú, nósanna imeachta éifeachtacha agus solúbtha maidir le coinneáil ar bun a áirithiú agus trédhearcacht a fheabhsú.

– An líon scéimeanna a glacadh

– Tháinig laghdú 50 % ar an am chun scéim a fhorbairt i gcomparáid le 2025

– An líon deimhnithe bailí a eisítear go bliantúil

– Méadú 25 % thar bhonnlíne 2025

– Aiseolas dearfach ó pháirtithe leasmhara maidir lena rannpháirtíocht i bhforbairt scéimeanna agus trédhearcacht an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála

– Méadú 25 % ar an mbonnlíne i suirbhé bliantúil sástachta ENISA i gcomparáid le 2027

Cuspóir: Sásraí agus coinníollacha a bhunú chun cuidiú i dtaobh comhlíonadh na gceanglas cibearshlándála a éascú agus ar an gcaoi sin a gcur chun feidhme a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos éifeachtaí.

– Céatadán de chostais FBManna as comhlíonadh rialacha an Dara Treoir NIS agus cibearshlándála, mar chion de na costais chomhlíontachta uile

– > 70 % FBManna a thuairiscíonn laghdú ar chostais chomhlíontachta le haghaidh na cibearshlándála i gcomparáid le 2025

– An líon ionsaithe bogearraí éirice agus méid na ndamáistí in EUR

– An líon ionsaithe bogearraí éirice a laghdú > 1 % i gcomparáid le 2027

– Céatadán na dteagmhas trasteorann ar bhain údaráis na mBallstát úsáid as sásraí um chúnamh frithpháirteach lena linn nó ina ndiaidh

– Cion na gcásanna inar úsáideadh cúnamh frithpháirteach a mhéadú faoi >20 pointe céatadáin i gcomparáid le 2025

Cuspóir: Spleáchais chriticiúla a laghdú trí chreat comhleanúnach éifeachtach a fhorbairt ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair TFC.

– An líon beart a glacadh 

– Méadú 25 % ar an líon beart a glacadh agus ar na príomhshócmhainní a sainaithníodh i gcomparáid leis an dáta glactha + 6 mhí

– Laghdú 25 % ar spleáchais ar sholáthróirí ardriosca i bpríomhshócmhainní TFC i gcomparáid le 2025

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua (Teideal IV Slabhra Soláthair, Teideal V Simpliú)

 beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart 84  

 síneadh a chur le beart atá ann cheana (Teideal II Sainordú ENISA agus Teideal III Deimhniú)

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.5.Foras an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

I mí Iúil 2024, ina Threoirlínte Polaitiúla 85 , d’iarr Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, go ndéanfaí reachtaíocht an Aontais a shimpliú, a chomhdhlúthú agus a chódú chun deireadh a chur le haon fhorluí agus contrárthachtaí agus ardchaighdeáin á gcoinneáil an tráth céanna. Luaitear go háirithe sa Litir Mhisin chuig an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Virkkunen 86 feabhas a chur ar phróiseas glactha na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála agus ar an ngá atá lenár dtionscail, ár saoránaigh agus ár riaracháin phoiblí a chosaint ar bhagairtí inmheánacha agus seachtracha. Thairis sin, iarrtar i dtuarascáil Niinistö 2024 87 go laghdófaí an riosca a bhaineann le spleáchais neamh-inmhianaithe ar an slabhra soláthair i dteicneolaíochtaí criticiúla. Sna gnéithe lárnacha de na tuarascálacha a choimisiúnaigh Uachtarán an Aontais, Draghi 88 agus Letta 89 , léiríodh gur gá don mhargadh aonair leanúint de bheith iomaíoch trí shimpliú agus na leibhéil is airde slándála agus neamhspleáchais straitéisigh a áirithiú. Agus an méid sin á dhéanamh aige, is bunchloch é an t‑athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil in obair an Choimisiúin maidir leis an tslándáil agus i gcur i bhfeidhm athbhreithniú uaillmhianach ar éiceachóras rialála cibearshlándála na hEorpa. Leis an togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil, tugtar isteach sásraí chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí cibearshlándála sa slabhra soláthair agus sásraí chun an timpeallacht chomhlíontachta ilroinnte agus castacht na gcreataí cothrománacha agus earnála a laghdú. Meastar go mbeidh ENISA ina mheán freisin chun simpliú níos fearr a dhéanamh ar oibleagáidí tuairiscithe trí Phointe Iontrála Aonair a chomhtháthú.

Ina theannta sin, i bhfianaise líon na bhforálacha earnála a tugadh isteach tar éis 2019 maidir leis an nGníomh um Chibearshlándáil a ghlacadh, chomh maith le timpeallacht bhagartha na cibearshlándála atá ag athrú go tapa, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar shainordú ENISA, chun sraith cúraimí níos dírithe agus níos athnuaite a leagan síos, d’fhonn tacú go héifeachtach agus go héifeachtúil le hiarrachtaí na mBallstát, institiúidí an Aontais agus páirtithe leasmhara eile cibearspás slán a áirithiú san Aontas Eorpach. Tríd an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a threisiú, áirithítear leis an togra go mbeidh córas deimhniúcháin barainneach, nua-aimseartha agus inoiriúnaithe ag an Aontas a fhreastalóidh ar ghníomhaíochtaí an tslabhra soláthair agus ar chur chun feidhme tapa an Ghnímh um Chibear-Athléimneacht. Mar fhocal scoir, leagtar amach raon feidhme molta an tsainordaithe, lena neartaítear na réimsí sin inar léirigh an Ghníomhaireacht breisluach soiléir agus lena gcuirtear isteach na réimsí nua sin ina bhfuil gá le tacaíocht i bhfianaise na dtosaíochtaí agus na n‑ionstraimí beartais nua agus chun an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a threisiú.

Dá bhrí sin, tá an t‑athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil ceaptha a bheith ina mhórathrú ar sheasamh cibearshlándála an Aontais agus ar shlándáil, ullmhacht agus athléimneacht fhoriomlán an Aontais Eorpaigh.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.

Glacadh an Gníomh um Chibearshlándáil in 2019 le bunús dlí Airteagal 114 CFAE, lena gcumhachtaítear reachtóir an Aontais bearta a ghlacadh lena gcomhchuibhítear dlíthe agus rialacháin náisiúnta a bhfuil bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh mar chuspóir acu.   

Is é is aidhm don togra athbhreithnithe maidir leis an nGníomh um Chibearshlándáil an reachtaíocht chibearshlándála a chuíchóiriú ar leibhéal an Aontais, lena bhforlíontar agus lena n‑athbhreithnítear an Gníomh um Chibearshlándáil atá i bhfeidhm faoi láthair, atá i bhfeidhm ó 2019 (CSA1).Coinnítear san athbhreithniú a tionscnaíodh na cuspóirí faoin nGníomh um Chibearshlándáil 1 sainordú buan a thabhairt do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil, atá tiomnaithe do thacaíocht a thabhairt don ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, agus chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh maidir le scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a sheachaint. Ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin, a ndearnadh anailís chuí orthu cheana laistigh den togra le haghaidh Gníomh um Chibearshlándáil in 2017, a ghnóthú go leordhóthanach, ach is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh amháin i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.  

Leis an togra le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an nGníomh um Chibearshlándáil, dírítear go soiléir ar chúraimí a chuíchóiriú, a chur in ord tosaíochta agus a chódú ar fud na reachtaíochta a bhaineann leis an gcibearshlándáil, ní fhéadfaí é a bhaint amach ach ar leibhéal an Aontais agus níl tionscnamh den sórt sin ann faoi láthair. Leis an togra nua, neartaítear slándáil an tslabhra soláthair agus earnáil na cibearshlándála laistigh den Aontas a thuilleadh agus feabhsaítear ullmhacht agus athléimneacht na mBallstát agus an tionscail. Le spleáchais ar eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha nó atá á rialú ag eintitis ó thríú tíortha lena mbaineann ábhair imní chibearshlándála (soláthróirí ardriosca), déantar difear d’eintitis ar fud an Aontais, agus is minic a scaiptear teagmhais shuntasacha chibearshlándála sa slabhra soláthair thar theorainneacha náisiúnta. Ní dócha go mbeidh sé éifeachtúil aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist ar an leibhéal náisiúnta amháin. 

Tá na cúraimí nua-shannta do ENISA ríthábhachtach chun ardleibhéil chibearshlándála a bhaint amach ar fud an Aontais. D’ainneoin go bhfuil an Ghníomhaireacht ag obair i gcomhar le comhlachtaí slándála eile de chuid an Aontais, amhail Europol, chomh maith leis an Lárionad Inniúlachta um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála, atá freagrach as cur chun feidhme a chistiú, tá misean agus cúraimí na Gníomhaireachta uathúil agus faoi láthair níl aon chomhlacht eile a bhfuil an cineál sin freagrachtaí air. I gcibear-éiceachóras an Aontais, tá na heintitis uile lena mbaineann ag obair i sineirgí dochta agus laistigh de shainorduithe soiléire. Dá bhrí sin, ní threisítear le togra an Dara Gníomh um Chibearshlándáil ach na codanna sin ina bhfuil breisluach soiléir, lena n‑áirithítear nach bhfuil aon débhríocht ann i dtéarmaí dúbailt cúraimí, maidir le substaint, ach freisin i gcistiú le comhlachtaí eile laistigh den chibear-éiceachóras.

Tuilleadh sonraí

Leathnaíodh sainordú ENISA trí reachtaíocht ina dhiaidh sin, gan athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar a phríomhfhreagrachtaí agus ar a acmhainní. Chruthaigh sé sin forluí, neamhéifeachtúlachtaí agus tosaíocht neamhleor do phríomhchúraimí tacaíochta do na Ballstáit.

Tá a scéimeanna náisiúnta féin um dheimhniú cibearshlándála curtha chun feidhme ag roinnt Ballstát, scéimeanna atá an-éagsúil ó thaobh raon feidhme agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta de. Cruthaíonn sé sin ilroinnt an mhargaidh agus ualaí dúblacha d’oibreoirí agus do FBManna, agus iad ag iarraidh a bheith deimhnithe uair amháin agus ag feidhmiú ar fud an Aontais. Bunaíodh an Creat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála sa Ghníomh um Chibearshlándáil chun aghaidh a thabhairt ar ilroinnt an mhargaidh, ach bhí an cur chun feidhme mall agus neamhréireach.

Ar an gcaoi chéanna, leagtar amach i roinnt gníomhartha dlí cothrománacha agus earnála bearta cibearshlándála a bhfuil críocha agus cuspóirí éagsúla acu, as a n‑eascraíonn difríochtaí freisin i seiceáil comhlíontachta agus i gcur chuige maoirseachta arna leagan síos ag na Ballstáit. Mar thoradh air sin, bíonn ualach breise comhlíontachta ar eintitis, go háirithe FBManna nó gnólachtaí atá ag feidhmiú i roinnt Ballstát, rud a imríonn tionchar diúltach ar a n‑iomaíochas.

Mar thoradh ar chineálacha éagsúla cur chuige maidir le slándáil an tslabhra soláthair TFC agus bearta éagsúla arna ndéanamh ag na Ballstáit, tá ilroinnt sa mhargadh, agus ceanglais chomhlíontachta éagsúla ar eintitis. Go háirithe, i bhfianaise chineál trasteorann na slabhraí soláthair TFC, bhainfeadh ilroinnt na gceanglas comhlíontachta laistigh den mhargadh inmheánach an bonn den deimhneacht dhlíthiúil d’eintitis. Tá an baol ann go gcruthóidh creataí náisiúnta éagsúla chun srian a chur ar sholáthróirí ardriosca bacainní ar ghluaiseacht earraí agus seirbhísí thar theorainneacha laistigh den mhargadh inmheánach. Ar deireadh, ós rud é go bhféadfadh eintitis chriticiúla agus bonneagar criticiúil a bheith i gceist le slabhraí soláthair TFC, gan beann ar an áit a bhfuil na soláthróirí sin bunaithe, cruthaíonn ilroinnt agus bearnaí i mbearta cibearshlándála rioscaí slándála breise do na heintitis sin.

Thairis sin, áirítear sna tograí le haghaidh chláir an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) foráil chothrománach lena sainordaítear soláthróirí ardriosca a shainaithnítear faoi dhlí an Aontais a eisiamh, chun sláine bhuiséad an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú nach dtiocfaidh caiteachas an Aontais salach ar leas slándála bunriachtanach an Aontais. Is é a bheadh i gcreat shlabhra soláthair an Ghnímh um Chibearshlándáil an sásra lenar féidir an tsainaithint sin a dhéanamh i réimse na slabhraí soláthair TFC agus, dá bhrí sin, ní féidir é a dhéanamh ach ar leibhéal an Aontais.

Mar réamhshocrú, is de chineál trasteorann iad cibirionsaithe, go háirithe i bhfianaise éifeachtaí iarmharta a d’fhéadfadh eascairt as pointe iontrála aonair a ndearnadh difear dó ar dtús. Bíonn tionchar ag na bagairtí agus na rioscaí don chibearshlándáil ar an Aontas Eorpach ar fad agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh léiriú comhchoiteann feasachta staide feabhas suntasach a chur ar leibhéil chibearshlándála na n‑eintiteas laistigh den Aontas Eorpach. Leis na tograí laistigh de shainordú athbhreithnithe ENISA, tugtar aghaidh ar an tsaincheist sin agus é mar chuspóir cibear-athléimneacht an Aontais a mhéadú go suntasach.

Mar fhocal scoir, tá idirghabháil an Aontais ríthábhachtach toisc go mbaineann bagairtí cibearshlándála agus dúshláin ghaolmhara le níos mó ná Ballstáit aonair. Is léir nach leor réitigh náisiúnta ilroinnte chun iontaoibh agus comhordú ar fud an mhargaidh a bhaint amach. Tá gá le creat dlíthiúil athbhreithnithe de chuid an Aontais chun bacainní a bhaint, chun cur chun feidhme comhsheasmhach a áirithiú, agus chun tacú leis na Ballstáit i dtimpeallacht rialála agus bagartha atá ag éirí níos casta. 

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Bunaíodh ENISA in 2004 agus sainordú téarma shocraithe aici. In 2019, tháinig an Gníomh um Chibearshlándáil i bhfeidhm, gníomh lenar tugadh sainordú buan do ENISA agus é mar chuspóir aige a bheith ina lárionad cibeareolais san Eoraip. Sa lá atá inniu ann, is branda aitheanta agus comhpháirtí iontaofa é ENISA i measc gheallshealbhóirí an Aontais. Tógadh inniúlachtaí na Gníomhaireachta de réir a chéile le linn 25 bliana, rud a léiríonn an cibear-éiceachóras atá ag teacht chun cinn.

De réir Airteagal 67 den Ghníomh um Chibearshlándáil, gach 5 bliana déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht ENISA agus a cleachtas oibre, ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le modhnuithe agus ar na himpleachtaí airgeadais a bhaineann le modhnuithe den sórt sin. Déanfar measúnú sa mheastóireacht freisin ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht na bhforálacha i ndáil leis an gcreat Eorpach um dheimhniú.

De réir na bhforálacha, rinne an Coimisiún meastóireacht ar an nGníomhaireacht agus ar an gCreat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála, lenar áiríodh comhairliúchán poiblí agus staidéar neamhspleách. I gcomhréir leis na cleachtais maidir le rialáil níos fearr, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí freisin a bhaineann go sonrach leis an athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil, chomh maith le glao ar fhianaise chun sonraí a bhailiú ó na grúpaí páirtithe leasmhara. Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht gur chomhlíon ENISA a shainordú trí bheagnach gach aschur a bhí beartaithe a sholáthar. Tá cuspóirí na Gníomhaireachta fós ábhartha sa lá atá inniu ann agus aithnítear go háirithe aschur ó pháirtithe leasmhara le linn tréimhsí dúshlánacha amhail paindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. D’ainneoin an aiseolais dhearfaigh a fuarthas go ginearálta ó pháirtithe leasmhara maidir le haschuir ENISA, léiríodh freisin go bhféadfaí feabhas suntasach a dhéanamh chun ionchais na bpáirtithe leasmhara a chomhlíonadh go comhsheasmhach.

Léiríodh leis na ceachtanna a foghlaimíodh, chun an leibhéal éifeachtúlachta a ardú, go mbeadh gá ag ENISA le fócas níos straitéisí, tosaíocht a thabhairt do chúraimí agus a chumas a neartú maidir le léargais thráthúla a sholáthar ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn agus ar uirlisí straitéiseacha chun aghaidh a thabhairt orthu. Thairis sin, mar a léirigh roinnt páirtithe leasmhara, d’fhéadfadh ENISA modhanna níos struchtúrtha agus níos trédhearcaí a bhunú chun dul i dteagmháil le heintitis phríobháideacha, agus béim á leagan ar thacaíocht a thabhairt do FBManna. Sna comhairliúcháin sheachtracha uile, leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé cistiú, soláthar foirne agus acmhainn oibríochtúil ENISA a mhéadú chun go mbeidh sé in ann freastal ar éilimh thírdhreach cibearshlándála an Aontais atá ag dul i méid. Ina thuarascáil mheastóireachta, tar éis an staidéir, rinne seirbhísí an Choimisiúin measúnú ar an ngá soiléir atá le reachtaíocht a sheasfaidh an aimsir agus ar féidir léi oiriúnú do thimpeallacht chasta na gcibearbhagairtí atá ag athrú go tapa, agus faoi seach chun an Ghníomhaireacht a threisiú leis na hacmhainní is gá chun an tacaíocht i dtreo na leibhéal is airde cibearshlándála san Eoraip a áirithiú. Ar bhonn na sonraí a bailíodh agus na taithí a fuarthas ó chur chun feidhme an Ghnímh um Chibearshlándáil, thángthas ar an gconclúid gur cheart comhordú le comhlachtaí eile a chuíchóiriú, chomh maith le díriú ar thacaíocht ó ENISA do chur chun feidhme dhlí an Aontais agus ar thacaíocht don Choimisiún, arna iarraidh sin, chun reachtaíocht a bhaineann leis an gcibearshlándáil a dhréachtú. Tá an togra ag féachaint ar shineirgí le tosaíochtaí geopholaitiúla an Choimisiúin chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí amhail na spleáchais mhéadaitheacha ó eintitis atá bunaithe i dtíortha a bhfuil ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil ag baint leo (soláthróirí ardriosca) san Eoraip agus atá á rialú ag na tíortha sin. Mar lárionad saineolais, is stór fíor-riachtanach faisnéise é ENISA faoi láthair atá ríthábhachtach chun comhthuiscint a fhorbairt maidir leis na bagairtí agus na rioscaí d’eintitis an Aontais. Dá bhrí sin, tá an creat atá beartaithe ag tógáil ar an taithí a fuarthas ón nGníomh um Chibearshlándáil 1 agus tá comhordú na sreafaí faisnéise á shlógadh aige d’fhonn léargas iomlánaíoch ar fheasacht staide a thiomsú.

Léirítear sa mheastóireacht ar an gCreat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála roinnt moltaí straitéiseacha. D’ainneoin ról ríthábhachtach ENISA maidir le comhar agus comhtháthú oibríochtúil a chothú i measc na mBallstát agus páirtithe leasmhara eile, is léir go bhfuil srianta ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht an Chreata Eorpaigh um Dheimhniú Cibearshlándála go príomha mar gheall ar chastachtaí na bpróiseas chun scéimeanna a ghlacadh. Leis na saincheisteanna sin, cuireadh i dtábhacht an gá atá le hathbhreithniú suntasach a dhéanamh ar struchtúir rialachais chun soiléireacht agus cuntasacht oibríochtúil a fheabhsú ar gach leibhéal, rud a bhfuil aghaidh á tabhairt air sa togra le haghaidh athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil. Is léir ón taithí a fuarthas ar fheidhmiú an Chreata Eorpaigh um Dheimhniú Cibearshlándála atá ann faoi láthair gur gá an creat deimhniúcháin a nuachóiriú agus a shoiléiriú agus nós imeachta um choinneáil ar bun a thabhairt isteach le haghaidh scéimeanna deimhniúcháin chun é a chur ar a gcumas dóibh freastal ar riachtanais an mhargaidh agus ar thimpeallacht na bagartha. Ar deireadh, ní raibh coinne ag an gcreat bunaidh le rioscaí neamhtheicniúla, ar féidir iad a shainaithint mar fhoinse mhoillithe chur chun feidhme an Chreata Eorpaigh um Dheimhniú Cibearshlándála maidir le 5G agus scéimeanna néalríomhaireachta.

Tá an chastacht i gcibear-éiceachóras an Aontais ag dul i méid de réir na gcibearbhagairtí atá ag teacht chun cinn. Sna haighneachtaí i scríbhinn ó pháirtithe leasmhara, bhí comhdhearcadh láidir ann maidir leis an ngá atá leis an ualach riaracháin a laghdú, go háirithe do FBManna agus d’iarr sé go mbeadh nósanna imeachta simplithe um chomhlíonadh ann. Cé go ndéanfar an phríomhiarracht simpliúcháin a dhíriú tríd an tionscnamh Omnibus Digiteach, léirítear sa togra riachtanais na bpáirtithe leasmhara trí athruithe a thabhairt isteach ar an Dara Treoir NIS chun an próiseas cur chun feidhme a éascú

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Leis an Dara Gníomh um Chibearshlándáil, tugtar isteach na hathbhreithnithe is gá chun uirlisí agus sásraí a thabhairt don Aontas chun freagairt do thírdhreach agus do chuspóirí beartais na cibearshlándála. Leis an rialachán atá beartaithe, neartófar ENISA a thuilleadh leis na cumais is gá chun tacú leis na Ballstáit dlí an Aontais a chur chun feidhme agus cibir-rioscaí a chomhrac. Agus na tuarascálacha Draghi agus Letta thuasluaite á gcur san áireamh, cuirtear an t‑iomaíochas, an tslándáil agus an uathriail straitéiseach i gcroílár an togra le haghaidh Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2028-2034.

Mar thoradh air sin, leis na tograí laistigh de phacáiste cothrománach CAI 2028-2034, go háirithe an Ciste Eorpach um Iomaíochas agus na tograí maidir le Fís Eorpach, tugtar isteach critéir incháilitheachta nua bunaithe ar an bprionsabal go n‑eisiatar ‘soláthróirí ardriosca’ ó chistí an Aontais a fháil. Tá an Dara Gníomh um Chibearshlándáil ailínithe go hiomlán leis an bprionsabal sin, agus thairis sin, is uirlis é chun cur chun feidhme na gceanglas nua maidir le ‘soláthróir ardriosca’ a chumasú toisc go dtugann sé creat nós imeachta chun tíortha a bhfuil ábhair imní cibearshlándála ag baint leo ar leibhéal an Aontais a ainmniú. I ndáil leis sin, is togra straitéiseach é an Dara Gníomh um Chibearshlándáil, i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin maidir le ceannasacht theicneolaíoch a bhaint amach agus borradh a chur faoin iomaíochas laistigh den Eoraip.

Rachfar i ngleic leis an ilroinnt atá ann cheana a shárú trí chomhchuibhiú breise a dhéanamh ar mhargadh deimhniúcháin an Aontais, rud a fhágfaidh go mbeidh an próiseas deimhniúcháin Eorpach níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe.

Le tograí CAI le haghaidh 2028-2034, tugtar tús áite don iarracht simpliúcháin ar fud an chreata ina iomláine. Déantar na ceannteidil bhuiséadacha a chomhbhrú go 4 in ionad 7, agus laghdaíodh an líon clár cistiúcháin cothrománach go mór ó 52 go 16, rud a chuireann solúbthacht agus inoiriúnaitheacht ar fáil do na riachtanais atá ann faoi láthair. Sa mheasúnú tionchair le haghaidh an athbhreithnithe ar an nGníomh um Chibearshlándáil, leagadh béim go díreach ar na cuspóirí sin: an gá atá leis na ceanglais chibearshlándála a shimpliú ar fud creataí reachtacha iomadúla, cúraimí ENISA a chódú agus a dhíriú ar na réimsí is mó a bhfuil tionchar acu chun athléimneacht fheabhsaithe chibear-éiceachóras an Aontais a bhaint amach. Tar éis na dtorthaí sin, cuireann na forálacha atá beartaithe borradh faoin iomaíochas trí shimpliú; ardleibhéil slándála a áirithiú trí chomhordú agus anailís fheabhsaithe ar rioscaí agus leochaileachtaí; tacú le leibhéil níos airde comhchuibhithe tríd an ilroinnt a shárú, rud a bhaineann leis an líon scéimeanna náisiúnta. Thairis sin, tá ENISA ceaptha a bheith ina phríomhfheithicil a spreagfaidh iarrachtaí simpliúcháin dhigitigh toisc go gcomhtháthóidh sé an Pointe Iontrála Aonair le haghaidh fógraí, mar a leagtar amach sa tionscnamh Omnibus Digiteach 90 .

Cuid fhíor-riachtanach de phacáiste CAI 28-34 is ea an togra le haghaidh Ciste nua um Iomaíochas (CEI), lena dtugtar níos mó ná 16 chlár cistiúcháin amhail an Clár don Eoraip Dhigiteach, Health4EU, an Ciste Eorpach Cosanta, etc. faoi aon díon amháin. Leanfaidh Fís Eorpach de bheith ina clár neamhspleách a bheidh idirnasctha go dlúth le CEI. Leis an gcreat nua clársceidealaithe sin, tá gá le comhordú agus cistiú láidir a chomhfhreagraíonn do na tosaíochtaí atá ann faoi láthair. Ar an gcaoi sin, is iad na forálacha atá beartaithe sa Dara Gníomh um Chibearshlándáil an bunús chun an comhordú idir ENISA agus an Lárionad Inniúlachta a dhoimhniú, atá freagrach as cur chun feidhme clár na gcodanna sin den Chlár don Eoraip Dhigiteach agus den chlár Fís Eorpach a bhaineann leis an gcibearshlándáil. Áirithítear leis na forálacha atá beartaithe comhleanúnachas agus béim ar na sineirgí idir ENISA agus an Lárionad Inniúlachta. Glacadh an cur chuige céanna i leith an chomhair le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile, amhail Europol.

Gné eile den ailíniú idir togra an Dara Gníomh um Chibearshlándáil agus CAI 28-34 is ea prionsabal na solúbthachta. Leis an athbhreithniú, molann an Coimisiún sásra ‘táille’, lena dtabharfar bealach sofhreagrúil do ENISA a ghníomhaíochtaí a mhaoiniú go páirteach, a bhaineann go sonrach le forbairt agus coinneáil ar bun na scéimeanna um dhearbhú scileanna cibearshlándála, agus le húdaruithe a phróiseáil agus a dheonú do sholáthraithe, agus le scéimeanna um dheimhniú Eorpach cibearshlándála a choinneáil ar bun. Leis an athrú sin, beidh an tsolúbthacht agus an inscálaitheacht ag an nGníomhaireacht chun freagairt do riachtanais na bpáirtithe leasmhara agus beidh caiteachas inbhuanaithe aici trína seirbhísí a athmhaoiniú.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Ó rinneadh an t‑athbhreithniú deireanach ar shainordú ENISA in 2019, tá an treocht ag dul i dtreo fás easpónantúil ar an rannchuidiú a bhfuil coinne leis ón nGníomhaireacht chun tacú le cur chun feidhme dhlí an Aontais. Mar thoradh air sin, rinneadh iarrataí ar threisiú bliantúil buiséid agus foirne os cionn na leibhéal a bhí beartaithe ar dtús. Leis an athbhreithniú atá beartaithe, tugtar isteach cúraimí tábhachtacha nua, agus tugtar isteach cúraimí sainordaithe ENISA freisin, cúraimí a forchuireadh le gníomhartha reachtacha eile tar éis ghlacadh an Ghnímh um Chibearshlándáil 1, rud a cuireadh le cumais ENISA, rud a éilíonn treisithe breise airgeadais agus daonna. Bunaithe ar an aidhm buntáiste iomaíoch a bhaint as an tslándáil dhigiteach san Eoraip, iarrtar sa togra go mbeidh fíorthionchar laistigh den chibear-éiceachóras. Ní fhéadfaí é sin a dhéanamh ach amháin le hinfheistíocht shuntasach a chomhfhreagraíonn don éifeacht inmhianaithe agus, thar aon ní eile, do riachtanais na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara eile. Áirítear ar na cúraimí nua an gá atá le pearsanra teicniúil agus speisialaithe, chomh maith le hinfheistíochtaí airgeadais (i.e. le haghaidh uirlisí agus ardán), nach bhféadfaí a áirithiú ach amháin trí leithdháileadh airgeadais breise ó bhuiséad an Aontais.

Leis an gcuspóir maidir le solúbthacht fheabhsaithe agus an tráth céanna le buiséad inbhuanaithe fadtéarmach na Gníomhaireachta, moltar san athbhreithniú sásra táillí lena maoineofar go páirteach na seirbhísí a sholáthraítear chun an creat um dheimhniú cibearshlándála a choinneáil ar bun agus i ndáil le scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt agus a choinneáil ar bun agus údaruithe a phróiseáil agus a dheonú do sholáthraithe.

Déantar na meastacháin uile le haghaidh acmhainní breise san athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil ó thaobh bhuiséad bonnlíne ENISA in 2025 (costais oibríochtúla agus FTEnna). Tá anailís chuimsitheach déanta ag an gCoimisiún maidir leis na féidearthachtaí ath-imlonnaithe laistigh den Ghníomhaireacht chun freastal ar na cúraimí nua atá beartaithe sa sainordú athbhreithnithe. Ós rud é go bhfuil an Ghníomhaireacht ag obair ar a hacmhainneachtaí uasta gan aon rogha chun cúraimí a laghdú agus ós rud é go ndearna an Bord Bainistíochta gníomhaíocht um laghdú tosaíochta cheana féin in 2023, is léir gur thángthas ar an gconclúid nach féidir freastal ar aon chúram nua faoin struchtúr atá ann faoi láthair, gan an buiséad agus na hacmhainní daonna araon a threisiú. Ina theannta sin, cumhdaítear go leor de na cúraimí reatha le comhaontuithe ranníocaíochta idir ENISA agus an Coimisiún. Dá bhrí sin, is é is aidhm don togra na cúraimí sin a chur le sainordú ENISA agus buiséad cobhsaí a fháil le haghaidh na mblianta atá le teacht.

Gan dochar don chaibidlíocht maidir leis an gcéad CAI eile, cúiteofar na leithreasuithe a leithdháilfear ar an nGníomhaireacht ó 2028 ar aghaidh trí ath-leithdháileadh ó chláir faoi CAI 2028-2034. Má tá gá le laghdú cúiteach, d’fhéadfadh sé gur ghá athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní a leithdháiltear ar an nGníomhaireacht agus ar a sruthanna cistiúcháin agus ar a bhfoinsí cistiúcháin. Is éard atá i gceist freisin leis na bearta a chuirtear i bhfeidhm sa chreat atá beartaithe don Dara Gníomh um Chibearshlándáil dul i mbun cúraimí breise d’Ard-Stiúrthóireacht chomhpháirtíochta ENISA (an Ard-Stiúrthóireacht um Líonraí Cumarsáide, Ábhar Digiteach agus Teicneolaíochta, AS CNECT). Ba cheart a thabhairt faoi deara go háirithe go gcuirfear creat an tslabhra soláthair TFC chun feidhme go hiomlán ar leibhéal an Choimisiúin, lena n‑áirítear anailís mhargaidh a ghabhann leis na measúnuithe riosca agus ullmhú gníomhartha cur chun feidhme. Thairis sin, beidh gá le sraith bhreise gníomhartha cur chun feidhme arna ndréachtú agus arna nglacadh ag an gCoimisiún, i ndáil le módúlachtaí na sásraí táillí. Beidh gá le maoirseacht agus cúnamh breise ar leibhéal an Choimisiúin chun an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a fhorfheidhmiú, chun samhailfhorálacha a fhorbairt, chun scéimeanna cibearshlándála a choinneáil ar bun, chun comhaontuithe um aitheantas frithpháirteach a dhéanamh le tríú tíortha agus chun formhaoirseacht a dhéanamh ar ENISA.

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige

tréimhse theoranta

–    i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

–    tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

– ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

–    trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

– tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad

– eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)

– an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta

– comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais

– comhlachtaí dlí poiblí

– comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh

– comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha

– comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha

–comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach gníomhaíochta, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.

Nótaí


2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Leanfaidh an faireachán agus an tuairisciú na prionsabail a leagtar amach sa Rialachán maidir leis an nGníomh um Chibearshlándáil atá ann faoi láthair 91 , sa Rialachán Airgeadais 92 agus i gcomhréir leis an gCur Chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe 93 .

De réir Airteagal 40 den Rialachán Airgeadais, ní mór do ENISA Doiciméad Clársceidealaithe Aonair a sheoladh gach bliain chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ina mbeidh cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla agus clársceidealú acmhainní. Ina theannta sin, leis an togra ón gCoimisiún maidir le sainordú ENISA a leasú, tugtar isteach an ceanglas ar an gCoimisiún, mar chomhalta den Bhord Bainistíochta, vóta dearfach a chaitheamh do Bhord Bainistíochta ENISA chun doiciméad clársceidealaithe aonair a ghlacadh, maidir le hábhair a bhaineann le hacmhainní daonna agus leis an mbuiséad. Eiseoidh an Coimisiún tuairim freisin maidir leis an dréacht-doiciméad clársceidealaithe aonair sula dtarlóidh an nós imeachta vótála ar an mBord Bainistíochta, ar cheart é a chur chun feidhme sula nglacfar doiciméad clársceidealaithe aonair 94 .

Ní mór do ENISA Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta. Go sonrach, áirítear faisnéis leis an tuarascáil sin ar a mhéid a bhaintear amach na cuspóirí agus na torthaí a leagtar amach sa Doiciméad Clársceidealaithe Aonair. Ní mór an tuarascáil sin a sheoladh chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle freisin. Ba cheart do Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA meastóireacht ex post ar ghníomhaíochtaí ENISA a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta gach 2 bhliain. Ba cheart don Ghníomhaireacht plean gníomhaíochta leantach a ullmhú i dtaobh chonclúidí na meastóireachtaí siarghabhálacha agus ba cheart di tuairisciú don Choimisiún faoi dhó sa bhliain maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh. Ba cheart don Bhord Bainistíochta a bheith freagrach as faireachán a dhéanamh ar obair leantach leordhóthanach ar chonclúidí den sórt sin.

Féadfaidh cásanna drochriaracháin a líomhnaítear i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a bheith faoi réir fiosrúchán ag an Ombudsman Eorpach i gcomhréir le forálacha Airteagal 228 den Chonradh.

Is iad ENISA, an Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála, an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, Gréasán CSIRTanna agus údaráis na mBallstát na foinsí sonraí a bheadh ann den chuid is mó le haghaidh faireachán pleanáilte. Chomh maith leis na sonraí a thagann as na tuarascálacha (lena n‑áirítear na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí) ó ENISA, ón nGrúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála, ón nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise agus ó Ghréasán CSIRTanna agus ó uirlisí bailithe sonraí sonracha an Choimisiúin, úsáidfear iad nuair is gá (mar shampla suirbhéanna ar údaráis náisiúnta, Eorabharaiméadar, staidéir thiomnaithe agus tuarascálacha ó na cleachtaí uile-Eorpacha).

Leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an Dara Gníomh um Chibearshlándáil, leantar den chleachtas athbhreithnithe agus den mheastóireacht sheanbhunaithe ar an nGníomhaireacht. Mar a leagtar amach in Airteagal 119 den togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil, ní mór don Choimisiún meastóireacht ar ENISA a choimisiúnú faoin [LL MM BBB] agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin. Déanfar measúnú sa mheastóireacht sin, go háirithe, ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú ENISA a mhodhnú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag aon mhodhnú den sórt sin. Tráth a dhéanfar gach dara meastóireacht, déanfar measúnú ar na torthaí a bhain ENISA amach ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú, dá misean, dá rialachas agus dá cúraimí, lena n‑áirítear measúnú ina bpléifear an bhfuil bonn cirt fós leis ó thaobh na gcuspóirí, an tsainordaithe, an mhisin, an rialachais agus na gcúraimí sin go leanfaí ar aghaidh le ENISA.

Déanfar measúnú sa mheastóireacht freisin ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhorálacha Theideal III den Rialachán maidir le cuspóirí an Chreata Eorpaigh um Dheimhniú Cibearshlándála lena n‑áiritheofar leibhéal leordhóthanach cibearshlándála do tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus eintitis san Aontas agus lena bhfeabhsófar feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Déanfar measúnú sa mheastóireacht freisin ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhorálacha Theideal IV den Rialachán maidir le cuspóirí chreat slándála an tslabhra soláthair TFC.

Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle maidir leis na torthaí uile agus don Bhord Bainistíochta maidir le torthaí na meastóireachta le haghaidh Theideal II den Rialachán. Cuirfear fionnachtana na meastóireachta sin ar fáil don phobal. 

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Ós rud é go mbeidh tionchar ag an togra ar ranníocaíocht bhliantúil an Aontais le ENISA, cuirfear buiséad an Aontais chun feidhme trí bhainistíocht indíreach.

De bhun phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, cuirfear buiséad ENISA chun feidhme i gcomhréir le rialú inmheánach éifeachtach éifeachtúil. Dá bhrí sin, tá sé de cheangal ar ENISA straitéis rialaithe iomchuí a chur chun feidhme arna comhordú i measc na ngníomhaithe iomchuí a bhfuil baint acu leis an slabhra rialaithe.

Maidir le rialuithe ex post, tá ENISA, ina cáil mar ghníomhaireacht dhíláraithe, faoi réir na nithe seo a leanas go háirithe:

-    iniúchadh inmheánach arna dhéanamh ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach de chuid an Choimisiúin

-    tuarascálacha bliantúla ón gCúirt Iniúchóirí, ina dtugtar ráiteas dearbhaithe maidir le hiontaofacht na gcuntas bliantúil agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart is bun leo

-    urscaoileadh bliantúil a dheonaíonn Parlaimint na hEorpa

-    imscrúduithe féideartha arna ndéanamh ag OLAF chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear úsáid cheart as na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhaireachtaí.

-    Ina cáil mar AS comhpháirtíochta le ENISA, cuirfidh AS CNECT a Straitéis Rialaithe maidir le gníomhaireachtaí díláraithe chun feidhme chun tuairisciú iontaofa a áirithiú faoi chuimsiú a Tuarascála Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí. Cé go bhfuil gníomhaireachtaí díláraithe iomlán freagrach as a mbuiséad a chur chun feidhme, tá AS CNECT freagrach as ranníocaíochtaí bliantúla a íoc go tráthrialta arna mbunú ag an Údarás Buiséadach.

-    Ar deireadh, cuireann an tOmbudsman Eorpach sraith bhreise rialaithe agus cuntasachta ar fáil ag ENISA.

Bunaithe ar an meastóireacht ar an nGníomhaireacht agus ar an Measúnú Tionchair a rinneadh agus an togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Dara Gníomh um Chibearshlándáil á chur i láthair, cinneadh go bhfuil sé ríthábhachtach acmhainní airgeadais leordhóthanacha a áirithiú chun go gcomhlíonfaidh ENISA na cúraimí a chuirtear uirthi leis an sainordú nua. Gné nua thábhachtach do shainordú athbhreithnithe na Gníomhaireachta is ea sásra táillí a thabhairt isteach atá beartaithe chun na costais a mhaoiniú chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a choinneáil ar bun, arna nglacadh faoin gCreat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála. Leis an gCreat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála athbhreithnithe, cuirfear an nós imeachta um choinneáil ar bun ar bhonn foirmiúil. Beidh ENISA i gceannas ar an ngníomhaíocht coinneála ar bun agus maoineofar i bpáirt í le táillí chun freastal ar a cineál inscálaithe (is gá níos mó pearsanra chun níos mó scéimeanna a choinneáil ar bun). Beidh sé de chumas ag an nGníomhaireacht freisin uirlisí tástála a sholáthar chun tacú le cur chun feidhme nósanna imeachta um measúnú comhréireachta faoin gCreat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála agus faoi chibear-reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais araon. Socrófar na rialacha mionsonraithe maidir leis na táillí i ngníomh cur chun feidhme, arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Ina theannta sin, tá sé beartaithe leis an athbhreithniú scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt agus a choinneáil ar bun agus cinntí a eisiúint maidir le soláthraithe a údarú chun dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála a sholáthar.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Is é is aidhm don togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil arna leasú ann féin rioscaí sainaitheanta a mhaolú laistigh de shainordú ENISA agus de chreat an Chreata Eorpaigh um Dheimhniú Cibearshlándála, lena n‑áirítear creat slándála an tslabhra soláthair TFC agus forálacha simplithe. Go sonrach, is gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh í ENISA atá ann cheana agus san athbhreithniú, déantar an sainordú a leagan amach a thuilleadh, rud a neartaíonn na réimsí sin inar léirigh an Ghníomhaireacht breisluach soiléir agus a chuireann leis na réimsí nua sin ina bhfuil gá le tacaíocht i bhfianaise na dtosaíochtaí agus na n‑ionstraimí beartais nua, amhail simpliú trí Phointe Iontrála Aonair a chomhtháthú le haghaidh tuairiscithe; tacaíocht le haghaidh léiriú ar fheasacht staide agus comhar oibríochtúil coiteann Eorpach, Creat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála treisithe agus cuíchóirithe.

Riosca sainaitheanta eile, agus a dtugtar aghaidh air sa togra, is ea an líon comhaontuithe ranníocaíochta atá tugtha i gcrích ag an gCoimisiún agus ag an nGníomhaireacht le blianta beaga anuas. Mar gheall ar an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair agus timpeallacht bagartha na cibearshlándála atá ag athrú go tapa, tá comhaontuithe ranníocaíochta tugtha i gcrích ag an gCoimisiún leis an nGníomhaireacht le haghaidh níos mó ná EUR 75 mhilliún san iomlán ó bhí 2019 ann. Ós rud é go bhfuil na cúraimí a chuirtear ar ENISA sna comhaontuithe sin de chineál buan anois, tá riosca ag baint le sreabhadh éagobhsaí an bhuiséid trí chomhaontuithe ranníocaíochta maidir le torthaí ghníomhaíochtaí ENISA a sholáthar go fadtéarmach.

Dá bhrí sin, tá an togra seo, i measc nithe eile, ag treisiú acmhainneacht acmhainní na Gníomhaireachta, ag athshainiú a cúraimí agus gnóthachain éifeachtúlachta mar thoradh air. Go háirithe, leis an bhféidearthacht táillí a bhailiú, tacófar go fadtéarmach le ciorcad airgeadais inbhuanaithe de chuid na Gníomhaireachta trí athmhaoiniú a dhéanamh ar na costais a bhaineann le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú a choinneáil ar bun, arna nglacadh faoin gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, le huirlisí a thástáil agus le scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt, a choinneáil ar bun agus a chur chun feidhme. San fhadtéarma, meastar go mbainfear coigilteas amach do bhuiséad an Aontais trí EUR 18,5 milliún in aghaidh na bliana a bhaint amach. Beidh an Coimisiún ar thús cadhnaíochta maidir le módúlachtaí na dtáillí agus a gcomhdhéanamh trí ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

Ní fíor-riosca é an méadú ar chúraimí oibríochtúla don Ghníomhaireacht. Chomhlánódh na cúraimí sin gníomhaíocht na mBallstát agus thacódh siad leo, arna iarraidh sin. Beidh siad teoranta freisin do sheirbhísí réamhshainithe, trí analógach an Ghnímh um Chibearshlándáil (AE) 2019/881 95 . Tabharfaidh na heilimintí/cúraimí nua sa togra an breisluach do pháirtithe leasmhara na hEorpa a bhainfeadh tairbhe as ENISA a bheith ina mol faisnéise, a chuirfeadh le comhroinnt faisnéise agus a chuirfeadh fógra foláirimh ar fáil dá gcomhdhamhnaí.

Thairis sin, tá samhail bheartaithe na Gníomhaireachta ailínithe le Cur Chuige Coiteann an Choimisiúin i leith gníomhaireachtaí díláraithe, lena n‑áirithítear go bhfuil rialú leordhóthanach ann chun foráil a dhéanamh go n‑oibreoidh ENISA i dtreo a chuspóirí. Is cosúil go bhfuil rioscaí oibríochtúla agus airgeadais na n‑athruithe atá beartaithe teoranta, ós rud é go bhfuil na forálacha ceaptha chun na rioscaí atá ann faoi láthair a mhaolú. Mar sin féin, d’fhéadfaí coinne a bheith le gnéithe diúltacha áirithe san fhadtéarma, i ndáil leis an méid seo a leanas:

– brú ar acmhainní oibríochtúla mar gheall ar riachtanais oibríochtúla atá ag dul i méid ó na Ballstáit agus ar chibir-rioscaí agus cibearbhagairtí atá ag síorathrú i réimse na cibearshlándála.

– buiséad méadaithe go tapa agus ionchais ann go gcuirfear chun feidhme go tapa é.

– easpa leibhéal leordhóthanach acmhainní airgeadais agus daonna chun freastal ar riachtanais oibríochtúla.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár) 

Is é thart ar EUR 5,25 milliún an costas a thabhaíonn AS CNECT chun faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar eintitis ar cuireadh cúram orthu, lena n‑áirítear ENISA, mar a thuairiscítear sa Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí le haghaidh 2024 96 . Áirítear leis an méid sin go príomha costais phearsanra agus is ionann é agus 0,50 % de na híocaíochtaí oibríochtúla a rinneadh leis na heintitis sin le linn 2024. Tháinig méadú beag ar ráta foriomlán an chostais rialaithe go 0,50 % in 2024 ó 0,46 % in 2023, ach tá sé fós réasúnta cobhsaí i gcomparáid leis na blianta roimhe sin.

Go sonrach, an méid a bhaineann le ENISA, is ionann na costais rialaithe in 2024 agus EUR 0,32 milliún nó costas rialaithe 0,70 % in 2024, i gcomparáid le 0,69 % in 2023, agus 1,22 % in 2022. Léirítear san anailís go mbaineann costais rialaithe níos airde den chuid is mó le comhaontuithe ranníocaíochta a ullmhú agus faireachán a dhéanamh orthu idir an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht (costas acmhainní daonna go príomha), a bhfuil coinne leis go laghdófar go mór é sa sainordú nua agus mar thoradh air sin meastar go mbeidh leibhéil níos airde éifeachtúlachtaí ann. I dtéarmaí na gcostas foriomlán le haghaidh AS CNECT i gcomparáid leis na heintitis eile ar cuireadh cúram orthu, tá ENISA sa lár, i gcomparáid le 11 eintiteas eile.

Beartaítear leis an togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil méadú a dhéanamh ar phearsanra AS CNECT le 50 FTE, as a sannfar 1 FTE breise go sonrach le haghaidh na gcúraimí i ndáil le AS CNECT a bheith ina AS chomhpháirtíochta sa Ghníomhaireacht. Beidh an duine sin ag tacú le hullmhú na tuairime ón gCoimisiún maidir le doiciméad clársceidealaithe aonair ENISA agus déanfaidh sé faireachán ar a chur chun feidhme; ag tacú leis an maoirseacht ar ullmhú bhuiséad na Gníomhaireachta agus ag déanamh faireacháin ar a chur chun feidhme. Tabharfaidh an duine sin cúnamh don Ghníomhaireacht a gníomhaíochtaí a fhorbairt i gcomhréir le beartais an Aontais, lena n‑áirítear trí pháirt a ghlacadh i gcruinnithe ábhartha. Tá údar leis an ngníomhaíocht mar gheall ar na cúraimí faireacháin méadaithe atá ar AS CNECT, lena mbeartaítear, i measc nithe eile, vóta dearfach an Choimisiúin a chaitheamh ar shaincheisteanna a bhaineann leis an mbuiséad agus le hacmhainní daonna. Ba cheart a thabhairt faoi deara go mbeidh cur chun feidhme na bhforálacha i ndáil le hainmniú tíortha lena mbaineann rioscaí straitéiseacha cibearshlándála le haghaidh príomhshócmhainní sonracha soláthróirí ardriosca go hiomlán faoi stiúir an Choimisiúin. Is é 25 FTE an pearsanra measta is gá le haghaidh na measúnuithe riosca i ndáil leis an méid thuas. Tá bonn cirt leis an ngníomhaíocht mar gheall ar mhéid na hoibre a éilítear chun an creat beartais a chur chun feidhme, go sonrach an tacaíocht do mheasúnuithe riosca comhordaithe an Aontais; anailís eacnamaíoch le haghaidh gach táirge/seirbhís TFC; gníomhartha cur chun feidhme faoi seach a ullmhú agus an creat a chur chun feidhme; measúnuithe úinéireachta agus rialaithe a dhéanamh. Meastar go mbeidh tionchar sonrach ag an líon measúnuithe úinéireachta agus rialaithe a dhéanfaidh an Coimisiún ar chostas na rialuithe ar an gCoimisiún chun creat an tslabhra soláthair a chur chun feidhme. Rannchuideoidh torthaí an chúraim sin go mór, áfach, le coigilteas le haghaidh na mBallstát agus maoirseacht á déanamh acu ar chur chun feidhme na mbeart agus na n‑oibleagáidí maolaitheacha a fhorchuirtear ar eintitis an Dara Treoir NIS leis an gcreat. Beidh na Ballstáit in ann torthaí na measúnuithe úinéireachta agus rialaithe a ghiaráil go díreach, seachas gach ceann ina aonar chun acmhainní a chaitheamh ar na riachtanais mheasúnaithe chéanna. Meastar gurb é 19 FTE atá i gceist le treisiú an Chreata Eorpaigh um Dheimhniú Cibearshlándála, caighdeánú agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí gaolmhara, cur chun feidhme an Dara Treoir NIS (lena n‑áirítear riachtanais cur chun feidhme faoi seach, gníomhartha cur chun feidhme táillí agus tacú le coinneáil ar bun na scéimeanna deimhniúcháin agus na scéimeanna um dhearbhú scileanna), agus tá gá le 5 FTE bhreise le haghaidh na mbeartas maidir le comhar oibríochtúil agus feasacht staide. Tuairisc iomlán ar na cúraimí i roinn 3.2.4.

Ina thuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí 2023 97 , tháinig ENISA ar chonclúid dhearfach maidir leis an measúnú ar a gcórais rialaithe inmheánaigh agus sholáthair sé dearbhú dearbhaithe glan. Ina tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaireachtaí an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2023, d’eisigh CIE tuairim iniúchóireachta ghlan maidir leis na cuntais agus tuairim cháilithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑íocaíochtaí is bun leis na cuntais (dá dtagraítear freisin in 2.2.2). Thug Ard-Stiúrthóireacht CNECT an tuarascáil dá haire, ach tháinig sí ar an gconclúid nach bhfuil tionchar aici ar éifeachtacht mhaoirseacht CNECT. Tuairiscíonn ENISA go tráthrialta freisin ar na bearta a dhéantar chun atarlú na dtorthaí a chosc agus mar atá faoi láthair, níl aon chomhartha ann go n‑éireoidh an ráta earráide níos measa/go mbeidh sé os cionn 2 % sna blianta amach romhainn.

Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 80 (2) de rialacha Airgeadais ENISA 98 go bhféadfaidh an ghníomhaireacht cumas iniúchóireachta inmheánaí a roinnt le comhlachtaí eile de chuid an Aontais atá ag feidhmiú sa réimse beartais céanna mura bhfuil an cumas iniúchóireachta inmheánaí atá ag comhlacht aonair de chuid an Aontais costéifeachtach.

Mar fhocal scoir, i bhfianaise mhéid méadaithe na Gníomhaireachta atá beartaithe a bheith níos mó ná 100 %, i gcomparáid leis an bhfeabhsú réasúnta íseal ar na costais rialaithe, léirítear san anailís cóimheas sásúil costéifeachtachta. Ag féachaint do na sonraí uile atá ar fáil, níl aon léiriú ann go bhféadfadh an earráid a bhfuil coinne léi a bheith os cionn 2 %.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Cuirfidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil na caighdeáin is airde is infheidhme i bhfeidhm maidir le calaois agus neamhrialtachtaí a chosc.

Déanann foireann na gníomhaireachta seiceáil ar íocaíochtaí le haghaidh aon seirbhís nó staidéar a iarrtar sula ndéantar íocaíocht, agus aon oibleagáid chonarthach, prionsabal eacnamaíoch agus dea-chleachtas airgeadais nó bainistíochta á gcur san áireamh. Áireofar forálacha frith‑chalaoise (maoirseacht, ceanglais tuairisciúcháin, etc.) sna comhaontuithe agus sna conarthaí uile a thugtar i gcrích idir an ghníomhaireacht agus faighteoirí aon íocaíochtaí.

Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leo.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN 99

ó thíortha de chuid CSTE 100

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 101

Ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

[XX.YY.YY.YY]

LN

TÁ

NÍL

NÍL

TÁ/NÍL

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

–    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

–    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Gníomhaireacht: ENISA

Bliain 2028

Bliain 2029

Bliain 2030

Bliain 2031

Bliain 2032

Bliain 2033

Bliain 2034

IOMLÁN CAI 2028–2034

Líne bhuiséid: <….> /Ranníocaíocht bhreise ó bhuiséad an Aontais leis an ngníomhaireacht

€20,900

€20,594

€25,338

€26,801

€26,801

€26,301

€26,301

173,006

Déanfar na leithreasuithe / an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais leis an ngníomhaireacht a chúiteamh trí imchlúdach an chláir seo a leanas <…….> / na líne buiséid seo a leanas a laghdú: <…….> / sa bhliain/sna blianta : <…….> .

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028–2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

€20,900

€20,594

€25,338

€26,801

€26,801

€26,301

€26,301

173,006

Íocaíochtaí

(5)

€20,900

€20,594

€25,338

€26,801

€26,801

€26,301

€26,301

173,006

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

1,365

`1,365

1,470

1,785

2,100

2,415

2,625

13,125

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 2

Gealltanais

=4+6

€22,265

€21,959

€26,808

€28,586

€28,901

€28,716

€28 926

186,161

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Íocaíochtaí

=5+6

€22,265

€20,890

€24,851

€26,254

€26,254

€25,754

€25,754

186,161

AS: CNECT

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028–2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

 Acmhainní daonna

3,693

3,693

4,574

5,277

5,980

6,683

7,475

37,375

 Caiteachas riaracháin eile

0

0

0

0

0

0

0

0

IOMLÁN AS CNECT

Leithreasuithe

3,693

3,693

4,574

5,277

5,980

6,683

7,475

 

37,375

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)

2,328

2,328

3,104

3,492

3,880

4,268

 

4,850

24,25

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028–2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4

Gealltanais

24,594

24,257

29,912

32,078

32,781

32,984

33,776

21,038

den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Íocaíochtaí

24,594

24,257

29,912

32,078

32,781

32,984

33,776

21,038

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (níl sé seo le líonadh isteach i gcás gníomhaireachtaí díláraithe)

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain  
2028

Bliain  
2029

Bliain  
2030

Bliain  
2031

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a léiriú (féach Roinn 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 102

Meánchostas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 103 …

– Aschur

– Aschur

– Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

– Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁIN

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

–    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

–    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

(breise)

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN 2028 – 2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

CEANNTEIDEAL 4

Acmhainní daonna

2,328

2,328

3,104

3,492

3,880

4,268

4,840

24,25

Caiteachas riaracháin eile

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 4

2,328

2,328

3,104

3,492

3,880

4,268

4,840

24,25

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4

Acmhainní daonna

1,365

1,365

1,470

1,785

2,100

2,415

2,625

13,125

Caiteachas eile de chineál riaracháin

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4

1,365

1,365

1,470

1,785

2,100

2,415

2,625

13,125

IOMLÁN

3,693

3,693

4,574

5,277

5,980

6,683

7,475

37,375

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach (breise)

–    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

–    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéisigh lánaimseartha (FTEnna) 104

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

12

12

16

18

20

22

25

20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)

0

0

0

0

0

0

0

 (Taighde indíreach)

0

0

0

0

0

0

0

(Taighde díreach)

0

0

0

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh)

0

0

0

0

0

0

0

• Foireann sheachtrach (in aonaid de FTEnna)

20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

0

0

0

0

0

0

0

20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)

0

0

0

0

0

0

0

Riarachán Líne thacaíochta

– sa Cheanncheathrú

0

0

0

0

0

0

0

[XX.01.YY.YY]

– i dToscaireachtaí an Aontais

0

0

0

0

0

0

0

 (AC, END – Taighde indíreach)

0

0

0

0

0

0

0

(AC, END – Taighde díreach)

0

0

0

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) – Ceannteideal 4

0

0

0

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) – Lasmuigh de Cheannteideal 4

13

13

14

17

20

23

25

IOMLÁN

25

25

30

35

40

45

50

An fhoireann is gá chun an togra a chur chun feidhme (in aonaid de FTEnna):

Le cumhdach ag baill foirne atá ann faoi láthair atá ar fáil i seirbhísí an Choimisiúin

Foireann bhreise eisceachtúil

Le maoiniú faoi Cheannteideal 7 nó Taighde

Le maoiniú ó líne BA

Le maoiniú ó tháillí

Poist sa phlean bunaíochta

25

Foireann sheachtrach (CA, SNEnna, INT)

25

Is tionchar táscach é an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas agus ar sholáthar foirne le haghaidh 2028 agus ina dhiaidh sin agus ní dhéantar réamhbhreithiúnas leis ar an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile. Tá foinse maoiniúcháin agus raon feidhme ghealltanas airgeadais an Aontais sa tréimhse tar éis 2027 fós faoi réir thoradh na caibidlíochta idirinstitiúidí maidir le CAI 2028-2034 agus an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil agus an tsásra stiúrtha.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag an Ard-Stiúrthóireacht laistigh den Choimisiún

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Comhordú ENISA (1):

Ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiúin ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Tuairim ón gCoimisiún maidir le doiciméad clársceidealaithe aonair ENISA a tharraingt suas agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Maoirseacht a dhéanamh ar ullmhú bhuiséad na Gníomhaireachta agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Cúnamh a thabhairt don Ghníomhaireacht a gníomhaíochtaí a fhorbairt i gcomhréir le beartais an Aontais, lena n‑áirítear trí pháirt a ghlacadh i gcruinnithe ábhartha.

Scéimeanna um dhearbhú scileanna / Acadamh Scileanna (2):

Beidh gá le pearsanra breise san Ard-Stiúrthóireacht um Líonraí Cumarsáide, Ábhar Digiteach agus Teicneolaíocht chun gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú lena mbunófar táillí a ghearrfaidh ENISA ar iarratasóirí le bheith ina soláthraithe údaraithe. Beidh 12 ghníomh cur chun feidhme ann ar a laghad, ceann amháin in aghaidh gach próifíl den Chreat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála.

Slabhra soláthair (25)

Tacú le measúnuithe riosca comhordaithe an Aontais a ullmhú.

Anailís eacnamaíoch a dhéanamh le haghaidh gach táirge TFC, seirbhís a bhreithnítear.

Na gníomhartha cur chun feidhme faoi seach a dhréachtú maidir le príomhshócmhainní a shainaithint, bearta maolaithe atá beartaithe agus tíortha a ainmniú lena mbaineann rioscaí straitéiseacha cibearshlándála le haghaidh príomhshócmhainní sonracha, soláthróirí ardriosca a shainaithint, iarrataí ar dhíolúine a fhíorú agus cinntí an Choimisiúin a ullmhú.

Tacú le cur chun feidhme agus maoirseacht na mbeart arna nglacadh.

An Creat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála, caighdeánú agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí gaolmhara, cur chun feidhme an Dara Treoir NIS (17):

Forfheidhmiú an Ghnímh um Chibearshlándáil, go háirithe rialachas Bord Comhairleach um Athrú (dúshlán na bhfreagrachtaí)

Rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara (agus an Tionóil)

Aitheantas frithpháirteach le tríú tíortha

Forbairt ar ghníomh cur chun feidhme caighdeánaithe (iarrataí mionsonraithe faoi réir comhairliúchán agus forbairt ar fhorálacha samhla)

Scéim a choinneáil ar bun, athbhreithniú dlíthiúil, nós imeachta coiste

Comhordú leis an nGrúpa Comhair um Líonraí agus Córais Faisnéise agus scéim eintitis a choinneáil ar bun

Gníomhartha cur chun feidhme faoin Dara Treoir NIS

Ailíniú na mBord Comhairleach um Athrú leis an nGníomh um Chibearshlándáil, toimhde comhréireachta + caighdeánú¨

Comhordú idir faireachas margaidh agus ÚNDC

Ailíniú teicniúil idir an Gníomh um Chibear-Athléimneacht agus scéimeanna deimhniúcháin

Comhordú oibríochtúil agus feasacht staide (5):

Saineolas earnála agus gníomhaithe bagartha chun cur le feasacht staide ar leibhéal an Aontais maidir le bagairtí ar bhonneagar criticiúil lena n‑áirítear trí theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn

Comhordú le ENISA agus le heintitis agus líonraí eile de chuid an Aontais chun ullmhú do chibirtheagmhais shuntasacha agus mhórscála

Pearsanra seachtrach

Mar atá thuas

Tuairisc ar na cúraimí breise a bheidh le déanamh ag ENISA:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhainistiú (bainisteoirí tíre agus tacaíocht don chur chun feidhme, agus cumhdaítear costais oibríochtúla iarbhír an Chúltaca mar a fhoráiltear faoin nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht) (10)

Bainistíocht an Ghnímh um Chibear-Athléimneacht ar an Ardán Tuairiscithe Aonair (oibríocht) (9)

Seirbhísí leochaileachta atá nasctha leis an Ardán Tuairiscithe Aonair (4)

An tArdán Tuairiscithe Aonair a leathnú chun Pointe Iontrála Aonair a chumhdach (Forbairt agus oibriú) (8)

Treoraíocht theicniúil, saineolas ar shlándáil táirgí agus anailís mhargaidh a fhorbairt chun tacú le cur chun feidhme an Ghnímh um Chibear-Athléimneacht (7)

Caighdeánú chun tacú le cur chun feidhme an Ghnímh um Chibear-Athléimneacht / Deimhniú / an Dara Treoir NIS (4)

Tacú le gníomhaíochtaí faireachais margaidh an Ghnímh um Chibear-Athléimneacht (4)

Tacú le tástáil chomhréireachta agus meastóireachtaí slándála ar tháirgí (4)

Tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le cúnamh frithpháirteach (3)

Seirbhísí bainistíochta leochaileachta a sholáthar, an chlárlann Eorpach um leochaileachtaí a choinneáil ar bun agus feidhmeanna comhairleacha agus saibhrithe a sholáthar (nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí) (15)

Comhar oibríochtúil agus Feasacht staide – ardáin mhaolaitheacha agus tacaíochta amhail CNW/CyCLONe; tacú leis na cúraimí i ndáil le fógraí foláirimh; tacú leis an gcomhordú feabhsaithe le heintitis ábhartha eile chun stórtha faisnéise fíoraithe iontaofa maidir le cibearbhagairtí a fhorbairt (Airteagal 11(1a) an Dara Gníomh um Chibearshlándáil) (5)

Tacaíocht d’athléimneacht earnálacha criticiúla (lena n‑áirítear cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta um chibearshlándáil cúraim sláinte) (4)

Forbairt na Scéime um Dhearbhú Scileanna (2)

Coinneáil ar bun agus Formhaoirseacht na Scéime um Dhearbhú Scileanna (6)

Riarachán (Cuntasóir le haghaidh na dtáillí/AD/TF) (8)

Scéimeanna deimhniúcháin a choinneáil ar bun (11)

Cúraimí cothrománacha – rannpháirtíocht mhéadaithe na bpáirtithe leasmhara, sonraíochtaí teicniúla a dhréachtú agus rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe chun tacú le scéimeanna (1)

Pearsanra seachtrach

Mar atá thuas

Beirt SNI éigeantacha in aghaidh an Bhallstáit chun tacú le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus chun fónamh mar Oifigigh Idirchaidrimh Náisiúnta, agus béim á leagan ar chomhar oibríochtúil, ar nochtadh comhordaithe leochaileachtaí. (13)

Tá sé beartaithe go mbeidh na 27 SNI eile saor ó chostas agus, dá bhrí sin, níl aon impleacht bhuiséadach acu.

Costais oibriúcháin bhreise in aghaidh na bliana le haghaidh ENISA 2028 2034:

Costas

Buiséad

Amlíne

Míniú

Suíomh gréasáin Scileanna Cibearshlándála

EUR 750 000

50 % in 2029

50 % in 2030

Chun trédhearcacht na nósanna imeachta a áirithiú, ceanglaítear leis an togra ar ENISA suíomh gréasáin a choinneáil ar bun le próifílí an chreata Eorpaigh um scileanna cibearshlándála, scéimeanna u dhearbhú, faisnéis faoi tháillí le haghaidh gach scéime, táillí molta le haghaidh gach dearbhaithe agus liosta na soláthraithe dearbhaithe údaraithe.

Nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí

EUR 1 mhilliún

Ó 2028 ar aghaidh

Braitheann slándáil na dtáirgí agus na seirbhísí a úsáidtear inár mbonneagar criticiúil go mór ar fhaisnéis a chomhroinnt in am trátha maidir le leochaileachtaí a aimsítear agus conas is féidir iad sin a mhaolú.

Faisnéis faoi Bhagairt na Cibearshlándála

EUR 3 mhilliún

Ó 2028 ar aghaidh

Chun léargas ar fheasacht staide a fhorbairt arna dhéanamh i gcomhar le ENISA agus leis an gCoimisiún.

Pointe Iontrála Aonair

EUR 8 mhilliún

EUR 6 mhilliún in 2028

EUR 500K in 2029

EUR 500K in 2030

EUR 500K in 2031

EUR 500K in 2032

Chun bheith in ann an Togra ón gCoimisiún maidir leis an Omnibus Digiteach a bhaint amach chun comhlíonadh na n‑oibleagáidí tuairiscithe maidir le teagmhais chibearshlándála agus sáruithe sonraí a shimpliú trí phointe iontrála aonair a fhorbairt agus a choinneáil ar bun.

Coinneáil ar bun an Ghnímh um Chibear-Athléimneacht maidir leis an Ardán Tuairiscithe Aonair agus eile

EUR 3 mhilliún

Ó 2028 ar aghaidh

Is é an tArdán Tuairiscithe Aonair a thug na comhreachtóirí isteach an córas TF is mó a forbraíodh riamh i stair ENISA agus is príomhcholún den Ghníomh um Chibear-Athléimneacht é. Tá an bhunaíocht á maoiniú faoi láthair trí chomhaontú ranníocaíochta, ach beidh FTEnna (féach thuas) chomh maith le costais oibriúcháin ag teastáil chun í a bhainistiú ó lá go lá.

Tá ról lárnach ag ENISA chun a áirithiú go n‑éireoidh le creat slándála táirgí an Aontais, an Gníomh um Chibear-Athléimneacht.

Cumarsáid shlán agus aibíocht chibearshlándála ENISA

EUR 2 milliún +

Infheistíocht EUR 1,1 milliún in 2028 (ardáin CyCLONe/CSIRTanna + sec comms)

Coinneáil ar bun EUR 1 mhilliún in aghaidh na bliana ó 2029 ar aghaidh

EUR 1,5 milliún de chibearaibíocht

Cibearshlándáil na Gníomhaireachta agus uirlisí cumarsáide a áirithiú.

Coinneáil ar bun Deimhnithe Cibearshlándála

EUR 1 400 000 milliún

2028 600K

2029 1 000 000

2030 1 200 000

2031 1 400 00

2032 1 400 000

2033 1 400 000

2034 1 400 000

Cumhdaithe ag táillí (go hiomlán ó 2032 ar aghaidh)

Scéimeanna um dhearbhú cibearshlándála

EUR 212 920

Ó 2030 ar aghaidh, ag 50 % arna chumhdach le buiséad an Aontais

Cumhdaithe go hiomlán le táillí ó 2033 ar aghaidh

3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha

Éigeantach: na hinfheistíochtaí atá i gceist leis an togra/tionscnamh seo arb infheistíochtaí iad a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha, ba cheart meastachán chomh maith agus is féidir ina dtaobh a chur sa tábla thíos.

Go heisceachtúil, ba cheart na leithreasuithe faoi Cheannteideal 4 a chur sa líne atá ainmnithe chuige sin, i gcásanna inar gá sin chun an togra/tionscnamh a chur chun feidhme.

Is mar ‘Chaiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla’ is ceart na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1-3 a chur in iúl. Is é rud dá dtagraíonn an caiteachas sin an buiséad oibríochtúil atá le húsáid i gcomhair athúsáid/ ceannach/ forbairt ardán/uirlisí TF atá nasctha go díreach le cur chun feidhme an tionscnaimh, agus i gcomhair na n‑infheistíochtaí a bhaineann leis na hardáin/uirlisí sin (e.g. ceadúnais, staidéir, stóráil sonraí etc). An fhaisnéis a sholáthraítear sa tábla seo, ba cheart í a bheith comhsheasmhach leis na mionsonraí a chuirtear i láthair faoi Roinn 4 ‘Gnéithe digiteacha’.

IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028 – 2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

CEANNTEIDEAL 4

Caiteachas TF (corparáideach) 

0

0

0

0

0

0

0

0

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 4

0

0

0

0

0

0

0

0

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4

Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla

0

0

0

0

0

0

0

0

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4

0

0

0

0

0

0

0

0

 

IOMLÁN

0

0

0

0

0

0

0

0

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

–    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)

Gan dochar don chaibidlíocht maidir leis an gcéad CAI eile, déanfar na leithreasuithe a leithdháilfear ar an ngníomhaireacht ó 2028 ar aghaidh a chúiteamh trí ath-imlonnuithe ó chláir faoi CAI 2028-2034. Má tá gá le laghdú cúiteach, d’fhéadfadh sé gur ghá athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní a leithdháiltear ar an ngníomhaireacht agus ar a sruthanna cistiúcháin agus ar a bhfoinsí cistiúcháin.

–    is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid

–    is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

–    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

–    déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain  
2028

Bliain  
2029

Bliain  
2030

Bliain  
2031

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe

3.2.8Na hacmhainní daonna a mheastar atá riachtanach agus na leithreasuithe a mheastar is gá a úsáid i ngníomhaireacht dhíláraithe

Ceanglais bhreise foirne (aonaid choibhéiseacha lánaimseartha)

Gníomhaireacht: ENISA

Bliain 2028

Bliain 2029

Bliain 2030

Bliain 2031

Bliain 2032

Bliain 2033

Bliain 2034

Gníomhairí sealadacha

(Gráid AD)

5

11

17

19

19

19

19

Gníomhairí sealadacha

(Gráid AST)

4

7

11

12

12

12

12

Gníomhairí sealadacha (AD+AST) fo-iomlán

9

18

28

31

31

31

31

Baill foirne ar conradh

22

44

66

74

74

74

74

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

4

8

11

13

13

13

13

Baill foirne ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht – fo-iomlán

26

52

77

87

87

87

87

LÍON IOMLÁN na mball foirne

35

70

105

118

118

118

118

Leithreasuithe a chumhdaítear leis an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Gníomhaireacht: ENISA

Bliain 2028

Bliain 2029

Bliain 2030

Bliain 2031

Bliain 2032

Bliain 2033

Bliain 2034

IOMLÁN 2028 – 2034

Teideal 1: Caiteachas foirne

4,488

8,466

12,507

13,648

10,584

10,012

9,537

87,766

Teideal 2: Caiteachas bonneagair agus oibriúcháin

Teideal 3: Caiteachas oibríochtúil

16,413

11,588

11,528

11,788

11,613

11,613

11,113

85,240

IOMLÁN na leithreasuithe a chumhdaítear le buiséad an Aontais

20,901

20,054

24,035

25,437

22,197

21,625

21,151

155,4

Leithreasuithe a chumhdaítear le táillí, más infheidhme, in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Gníomhaireacht: ENISA

Bliain 2028

Bliain 2029

Bliain 2030

Bliain 2031

Bliain 2032

Bliain 2033

Bliain 2034

IOMLÁN 2028 – 2034

Teideal 1: Caiteachas foirne

0,510

1,043

1,539

4,604

5,176

5,650

18,522

Teideal 2: Caiteachas bonneagair agus oibriúcháin

0,000

Teideal 3: Caiteachas oibríochtúil

 

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe a chumhdaítear le táillí

0,000

0,510

1,043

1,539

4,604

5,176

5,650

18,522

Forbhreathnú/achoimre ar na hacmhainní daonna agus na leithreasuithe (in EUR milliún) atá riachtanach i gcomhair an togra/tionscnaimh i ngníomhaireacht dhíláraithe

Gníomhaireacht: ENISA

Bliain 2028

Bliain 2029

Bliain 2030

Bliain 2031

Bliain 2032

Bliain 2033

Bliain 2034

IOMLÁN 2028 – 2034

Gníomhairí sealadacha (AD+AST)

9

18

28

31

31

31

31

31

Baill foirne ar conradh

22

44

66

74

74

74

74

74

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

4

8

11

13

13

13

13

13

Líon iomlán na mball foirne

35

70

105

118

118

118

118

118

Leithreasuithe a chumhdaítear le buiséad an Aontais

20,901

20,054

24,035

25,437

22,197

21,625

21,151

155,4

Leithreasuithe a chumhdaítear le táillí

(más infheidhme)

0,000

0,510

1,043

1,539

4,604

5,176

5,650

18,522

Leithreasuithe cómhaoinithe

(más infheidhme)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN leithreasuithe

20,901

20,564

25,078

26,976

26,801

26,801

26,801

173,922

 
3.3.    An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam 

–    Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

–    Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

–    ar acmhainní dílse

–    ar ioncam eile

–    má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 105

Bliain 2028

Bliain 2029

Bliain 2030

Bliain 2031

Bliain 2032

Bliain 2033

Bliain 2034

Airteagal ………….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

Baineann na sásraí táillí le trí réimse gníomhaíochta ENISA:

-    Táillí i ndáil le soláthraithe a údarú faoi na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála.

Socrófar na táillí i ndáil leis an ngníomhaíocht sin i ngníomh cur chun feidhme, tar éis ghlacadh an Ghnímh athbhreithnithe um Chibearshlándáil. Mar sin féin, chun bheith in ann an infheistíocht is gá agus na costais a mheas, rinneadh ríomhanna trí úsáid a bhaint as samhail a bhí ann cheana i mBallstát den Aontas 106 . Áirítear sa tsamhail íocaíocht aonuaire agus táille bhliantúil.

Costais sheasta: EUR 8 540

Táille bhliantúil: EUR 800

Is é is aidhm do na táillí na costais a bhaineann leis an ngníomhaíocht shonrach sin a athmhaoiniú. Meastar na costais ag leibhéal EUR 1 064 600 thar thréimhse 5 bliana. Baineann costais shonracha na ngníomhaíochtaí a áirítear sa líon sin le forbairt agus coinneáil ar bun scéimeanna, lena n‑áirítear speansais comhaltaí de mheitheal ad hoc a thacódh le ENISA na scéimeanna a fhorbairt (aisíocaíocht speansas agus íocaíocht rapóirtéirí), misin chun iniúchadh a dhéanamh ar sholáthraithe ar an láthair, agus oiliúint a chur ar mheasúnóirí chun cur i bhfeidhm aonchineálach na scéimeanna a áirithiú:

A) EUR 800 000 a chosnódh an mheitheal ad hoc

B) EUR 129 600 a bheadh i gceist le hoiliúint a chur ar bheirt mheasúnóirí in aghaidh an Bhallstáit

C) EUR 135 000 a bheadh i gceist le hiniúchadh a dhéanamh ar eintiteas amháin in aghaidh an Bhallstáit

(A + B + C)/ 5 = Costais EUR 212 920 in aghaidh na bliana

Beartaíodh leis an togra idirthréimhse agus infheistíocht tosaigh sna chéad 3 bliana. Le linn na hidirthréimhse, cumhdóidh buiséad an Aontais na costais, agus i mbliain 4 agus i mbliain 5 beidh cumhdach 50 % againn, bliain 6 agus bliain 7 – cur i bhfeidhm iomlán na dtáillí.

Bliain    Táillí

2028    0

2029    0

2030    0

2031    106 460 (ioncam)

2032    106 460 (ioncam)

2033    212 920 (ioncam)

2034    212 920 (ioncam)

-    Táillí i ndáil leis na costais a chumhdach a bhaineann le scéim um dheimhniú cibearshlándála a choinneáil ar bun, arna nglacadh laistigh den Chreat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála (ECCF).

Socrófar na táillí i ndáil leis an ngníomhaíocht sin i ngníomh cur chun feidhme, tar éis ghlacadh an Ghnímh athbhreithnithe um Chibearshlándáil. Tá na meastacháin maidir leis na costais a bhaineann le scéim a choinneáil ar bun bunaithe ar anailís mhargaidh, a áirítear sa Mheasúnú Tionchair ar an togra le haghaidh athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil. Ríomhtar costais iomlána na gníomhaíochta ar feadh tréimhse 5 bliana ag EUR 5 600 000 le haghaidh costais oibriúcháin agus EUR 7 100 000 le haghaidh FTEnna.

Tá costas bliantúil na ngníomhaíochtaí coinneála ar bun á ríomh bunaithe ar an taithí reatha mar EUR 200 000 in aghaidh na bliana de choinneáil ar bun scéime 107 agus 2 FTE atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí den sórt sin (agus costas bliantúil EUR 125 887 ann in aghaidh FTE), agus an bhliain atá beartaithe do ghlacadh scéimeanna den sórt sin á cur san áireamh. Is iad na hionchais atá ann an t‑ioncam ó na táillí sin a ardú de réir gach scéim nua a ghlactar agus maidir le scéimeanna den sórt sin a ghlactar de réir a chéile. Go dtí seo, glacadh scéim amháin (DCAE) faoin gCreat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála agus tá coinne leis na chéad ioncaim ó choinneáil ar bun na scéime sin in 2029. Tá coinne leis go gcumhdófar costais faoi 2032.

Ríomhadh an t‑ioncam measta agus toimhdí sonracha á ndéanamh le haghaidh gach scéim fhéideartha maidir leis na gnéithe seo a leanas an glacadh ionchasach (an líon deimhnithe atá le heisiúint), fad bailíochta gach deimhnithe agus an líon comhlachtaí gníomhacha um measúnú comhréireachta. Táthar coinne leis go n‑eascróidh ioncam suntasach as glacadh scéime um sheasamh cibearshlándála amach anseo.

Bliain    Ioncam (céatadán na gcostas arna gcumhdach/arna n‑íoc le buiséad an Aontais)

2028    0

2029    250 000 (11 %/ – EUR 1 350 000) – scéim amháin (DCAE)

2030    783 000 (29 %/ – EUR 2 000 000) – trí scéim (DCAE, an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, Seirbhís Satailíte Shoghluaiste)

2031    783 000 (25 %/ – EUR 1 930 000) – trí scéim (DCAE, an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, Seirbhís Satailíte Shoghluaiste)

2032    3 850 000 (122 %/ – EUR 2 400 000) – cúig scéim (DCAE, an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, Seirbhís Satailíte Shoghluaiste, an Scéim Deimhniúcháin do Néalseirbhísí an Aontais Eorpaigh, 5G)

2033    4 000 000 (126 %/ + EUR 685 000) – sé scéim (DCAE, an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, Seirbhís Satailíte Shoghluaiste, an Scéim Deimhniúcháin do Néalseirbhísí an Aontais Eorpaigh, 5G, Seasamh Cibearshlándála)

2034    4 500 000 (141 %/ + EUR 825 000) – seacht scéim 

Táillí i ndáil le huirlisí tástála chun tacú le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta

Socrófar na táillí i ndáil leis an ngníomhaíocht sin i ngníomh cur chun feidhme, tar éis ghlacadh an Ghnímh athbhreithnithe um Chibearshlándáil. Mar sin féin, chun costais mheasta agus ioncaim ionchasacha a léiriú, rinneadh ríomhanna bunaithe ar mheastacháin arna soláthar ag ENISA agus a áirítear sa Mheasúnú Tionchair ar an togra le haghaidh athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil. Meastar gurb iad seo a leanas na costais a bhaineann le tacaíocht do ghníomhaíochtaí tástála agus meastóireachta:

FTEnna: 4 cinn in aghaidh na bliana

Costais oibriúcháin: 800 K in aghaidh na bliana

Costais iomlána: 6 500 000 M (5 bliana); in aghaidh na bliana: EUR 1 300 000

Tá coinne leis, i gcás ENISA, go dtarlódh an chéad bhliain d’infheistíochtaí aonuaire agus go mbeadh costais chothabhála ann ina dhiaidh sin. Chumhdófaí na costais sin de réir a chéile le hioncam a bhailítear ó tháillí. 

Bliain    Ioncam

2028    0

2029    260 000

2030    260 000

2031    650 000

2032    650 000

2033    975 000

2034    975 000



4. Gnéithe digiteacha

4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha

Tuairisc ardleibhéil ar na ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha, agus ar na catagóirí gaolmhara (sonraí, digitiú agus uathoibriú próiseas, réitigh dhigiteacha agus/nó seirbhísí poiblí digiteacha)

Tagairt don cheanglas 

Tuairisc ar an gceanglas 

Gníomhaithe a ndéanann an ceanglas difear dóibh nó a bhfuil baint aige leo 

Próisis Ardleibhéil 

Catagóirí 

Airteagal 5(1)(a)

Tacaíocht do chur chun feidhme dhlí an Aontais

(a)    cúnamh a thabhairt do na Ballstáit beartas agus dlí an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a chur chun feidhme go comhsheasmhach, lena n‑áirítear trí threoraíocht theicniúil agus tuarascálacha a eisiúint, trí chomhairle a sholáthar agus trí dhea-chleachtais a chomhroinnt, agus trí mhalartú dea-chleachtas idir na húdaráis inniúla a éascú i ndáil leis sin;

– ENISA

– na Ballstáit 

– sonraí a phróiseáil chun treoraíocht theicniúil agus tuarascálacha a eisiúint, comhairle a sholáthar, agus dea-chleachtais a chomhroinnt agus trí mhalartú dea-chleachtas idir údaráis inniúla a éascú

– malartú dea-chleachtas a éascú 

Próiseáil sonraí 

Sreabhadh sonraí

Airteagal 5(1)(b)

Tacaíocht do chur chun feidhme dhlí an Aontais

(b)    tacú le comhroinnt faisnéise laistigh d’earnálacha agus eatarthu, go háirithe maidir leis na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, agus táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/2847, trí dhea-chleachtais agus treoraíocht a sholáthar maidir leis na huirlisí agus na nósanna imeachta atá ar fáil

– ENISA

– earnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555

– páirtithe leasmhara a bhfuil tionchar ag Rialachán (AE) 2024/2847 orthu

dea-chleachtais agus treoraíocht a sholáthar maidir leis na huirlisí agus na nósanna imeachta atá ar fáil maidir le comhroinnt faisnéise 

Próiseáil sonraí 

Sreabhadh sonraí

Airteagal 5(1)(c)

Tacaíocht do chur chun feidhme dhlí an Aontais

(c)    arna iarraidh sin don Choimisiún, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit trí thacaíocht a sholáthar, amhail treoraíocht theicniúil, lena n‑áirítear maidir le bearta bainistithe riosca cibearshlándála, uirlisí le haghaidh measúnú aibíochta cibearshlándála, agus beartleabhair um fhreagairt cibirtheagmhas, atá saincheaptha do na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, d’fhonn feabhas a chur ar a leibhéal aibíochta cibearshlándála agus ar chomhlíonadh dhlí an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a éascú;

– An Coimisiún Eorpach  

– ENISA

– earnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555

Treoraíocht theicniúil a sholáthar 

Próiseáil sonraí 

Sreabhadh sonraí

Airteagal 5(1)(e)

(e) cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus d’eintitis ábhartha an Aontais beartais chibearshlándála a fhorbairt agus a chur chun cinn a bhaineann le hinfhaighteacht agus sláine ghinearálta chroí poiblí an idirlín oscailte a chothú;

 

ENISA

Na Ballstáit

Eintitis de chuid an Aontais 

Cúnamh a thabhairt beartais chibearshlándála a fhorbairt agus a chur chun cinn 

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 5(1)(f)

Tacaíocht do chur chun feidhme dhlí an Aontais

(f)    i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/2847, comhairle theicniúil agus tacaíocht a sholáthar maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin sin

– ENISA

– Páirtithe leasmhara a bhfuil tionchar ag Rialachán (AE) 2024/2847 orthu

Chun comhairle agus tacaíocht theicniúil a sholáthar, is gá faisnéis a phróiseáil agus a chomhroinnt maidir le ceanglais rialála, dúshláin cur chun feidhme, agus treoraíocht maidir le comhlíonadh.

Próiseáil sonraí 

Sreabhadh sonraí

Airteagal 5(1)(h)

(h) arna iarraidh sin don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí, comhairle a thabhairt maidir le cur chun feidhme gnéithe sonracha cibearshlándála de bheartas agus dlí an Aontais a bhaineann le cosaint sonraí agus príobháideachas.

ENISA

BECS

 

Comhairle a thabhairt arna iarraidh sin

Próiseáil sonraí 

Sreabhadh sonraí

Airteagal 5(2)

Rannchuidiú le measúnuithe riosca cibearshlándála ar leibhéal an Aontais

 

Rannchuideoidh ENISA le measúnuithe riosca cibearshlándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear na measúnuithe sin a dhéantar de bhun Airteagal 22 de Threoir (AE) 2022/2555.

 

ENISA

Na Ballstáit 

An Pobal i gCoitinne 

Rannchuidiú le measúnuithe riosca comhordaithe, lena n‑éilítear próiseáil sonraí agus sreabhadh sonraí

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí 

Airteagal 5(3)

Eiseoidh ENISA treoirlínte

Eiseoidh ENISA treoirlínte maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras gréasán agus faisnéise a úsáidtear chun faisnéis a chomhroinnt, lena n‑áirítear maidir le Cibearmhoil Trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2025/38.

ENISA

Na Ballstáit

Eiseoidh ENISA treoirlínte

Próiseáil sonraí 

Sreabhadh sonraí

Airteagal 5(5)

Tacaíocht don Choimisiún

Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh ENISA saineolas, comhairle theicniúil, faisnéis nó anailís nó déanfaidh sé obair ullmhúcháin ar ábhair shonracha chibearshlándála d’fhonn bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas an Choimisiúin agus faoin bhfaireachán a dhéanfaidh sé ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais.

An Coimisiún Eorpach

ENISA

Faisnéis a ullmhú agus a sheoladh chuig an gCoimisiún

Próiseáil sonraí 

Sreabhadh sonraí

Airteagal 6

Fothú acmhainneachta

Tabharfaidh ENISA cúnamh trí eolas agus saineolas, dea-chleachtais, etc. a sholáthar.

ENISA

Na Ballstáit

Eintitis de chuid an Aontais

Páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha

Údaráis faireachais margaidh

Comhaltaí ECCG

An Lárionad Inniúlachta

Eolas agus saineolas a sholáthar 

Próiseáil sonraí 

Sreabhadh sonraí

Airteagal 7

Múscailt feasachta agus linn tallainne

Tabharfaidh ENISA cúnamh do na Ballstáit ina n‑iarrachtaí feasacht a mhúscailt faoi bheartais agus reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil agus a n‑infheictheacht a chur chun cinn trí uirlisí agus treoraíocht inghníomhaithe a fhorbairt. Tacóidh ENISA le tionscnaimh atá dírithe ar linn tallainne cibearshlándála Eorpach a mhéadú, go háirithe trí chomórtais a chomhordú.

ENISA

Na Ballstáit

Uirlisí agus treoraíocht inghníomhaithe a fhorbairt

Próiseáil sonraí

Airteagal 8(1) Eolas ar an margadh agus anailís ar an margadh

Déanfaidh ENISA anailísí ar phríomhthreochtaí an mhargaidh sa mhargadh cibearshlándála ar thaobh an éilimh agus an tsoláthair araon, agus scaipfidh sé na hanailísí sin, go háirithe sna réimsí ina bhfuil scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála ann nó ina bhfuil siad beartaithe, sna hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 agus sna catagóirí táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2024/2847, lena n‑áirítear Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán sin.

ENISA

Earnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555

Catagóirí táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2024/2847

Anailís a dhéanamh agus a scaipeadh

Próiseáil sonraí 

Sreabhadh sonraí

Airteagal 8(2) Eolas ar an margadh agus anailísí

Déanfaidh ENISA anailísí ar threochtaí cibearshlándála teicneolaíochta, go háirithe i ndáil le gníomhaíochtaí agus eintitis a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2022/2555 agus táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/2847, agus scaipfidh sé na hanailísí sin.

ENISA

An pobal i gcoitinne, páirtithe leasmhara de réir bhrí Threoir (AE) 2022/2555 agus Rialachán (AE) 2024/2847

Anailís a dhéanamh agus a scaipeadh

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 8(3) Eolas ar an margadh agus tacaíocht d’éiceachórais

Cuirfidh ENISA le heolas agus scaipfidh sé comhairle theicniúil agus anailísí maidir le huirlisí, creataí agus dea-chleachtais chibearshlándála úrscothacha.

ENISA

An pobal i gcoitinne

Comhairle theicniúil agus anailísí teicniúla a scaipeadh in uirlisí cibearshlándála úrscothacha, i gcaighdeáin chreata agus i ndea-chleachtais.

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 9

An comhar idirnáisiúnta

 

Rannchuideoidh ENISA trí anailís agus tuairisciú a dhéanamh don Bhord Bainistíochta maidir le toradh na gcleachtaí idirnáisiúnta, trí mhalartú dea-chleachtas a éascú, trí shaineolas agus comhairle a sholáthar don Choimisiún.

Lucht féachana idirnáisiúnta 

ENISA

Bord Bainistíochta ENISA

An Coimisiún Eorpach

Anailísiú agus tuairisciú; comhairle a thabhairt etc.

 

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

 

Airteagal 10(2) agus (3)

Comhar oibríochtúil

2.    Beidh ENISA ina comhalta de ghréasán CSIRTanna náisiúnta arna bhunú de bhun Airteagal 15(1) de Threoir (AE) 2022/2555 agus soláthróidh sé rúnaíocht do ghréasán CSIRTanna de bhun Airteagal 15(2) de Threoir (AE) 2022/2555.

3.    Cuirfidh ENISA rúnaíocht ar fáil don Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU-CyCLONe) de bhun Airteagal 16(2), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2022/2555.

ENISA 

CSIRTanna (Airteagal 15(1) de Threoir (AE) 2022/2555) 

EU-CyCLONe (Airteagal 16(2) de Threoir (AE) 2022/2555) 

Malartú faisnéise a éascú, dualgais rúnaíochta líonraí a ghlacadh

Sreabhadh sonraí

Réiteach digiteach

Seirbhís phoiblí dhigiteach 

 

Airteagal 11(1)(b)

Feasacht ar dhálaí 

 

Airteagal 12

Luathfholáirimh 

luathfholáirimh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 12

 

An Coimisiún Eorpach

ENISA

Europol

EU-CyCLONe

Gréasán CSIRTanna 

CERT-EU

Eintitis a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555

Luathfholáirimh a eisiúint

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí 

Seirbhís phoiblí dhigiteach

Airteagal 10(4)(b)

Comhar oibríochtúil

(b)    arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó, comhairle agus measúnuithe a sholáthar i ndáil le teagmhas sonrach féideartha nó leanúnach nó le cibearbhagairt shonrach fhéideartha nó leanúnach, lena n‑áirítear trí shaineolas a sholáthar agus láimhseáil theicniúil teagmhas den sórt sin a éascú, agus trí thacú le comhroinnt dheonach faisnéise ábhartha agus réiteach teicniúil idir na Ballstáit; 

ENISA

Na Ballstáit

Comhairle agus measúnuithe a sholáthar i ndáil le teagmhas nó cibearbhagairt shonrach a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ar siúl faoi láthair;

Láimhseáil theicniúil teagmhas den sórt sin a éascú;

Tacú le comhroinnt dheonach faisnéise ábhartha agus réiteach teicniúil idir na Ballstáit

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Seirbhísí poiblí digiteacha

Airteagal 10(4)(c)

Comhar oibríochtúil

(c)    anailís a dhéanamh ar leochaileachtaí, bagairtí agus teagmhais;

ENISA

Na Ballstáit

Bailiú sonraí ó fhoinsí poiblí agus malartú sonraí leis na Ballstáit 

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 10(4)(d)

Comhar oibríochtúil

(d) arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó, tacaíocht a sholáthar i ndáil le fiosrúcháin theicniúla ex post maidir le teagmhais shuntasacha de réir bhrí Threoir (AE) 2022/2555;

ENISA

Na Ballstáit

Anailís agus tacaíocht mar fhreagairt ar fhiosrúcháin theicniúla maidir le teagmhais

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 10(4)(e)

Comhar oibríochtúil

(e)    rannchuidiú le tacú le bainistiú comhordaithe teagmhas agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála ar an leibhéal oibríochtúil, go háirithe trí chúnamh a thabhairt do EU-CyCLONe tuarascálacha a ullmhú ar an leibhéal polaitiúil trí chomhroinnt thráthúil faisnéise idir gréasán CSIRTanna, agus EU-CyCLONe a éascú; 

ENISA

EU-CyCLONe

Gréasán CSIRTanna 

Anailís a dhéanamh ar shonraí chun tacú le tuarascálacha a ullmhú; comhroinnt thráthúil faisnéise idir líonraí a éascú

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí 

Seirbhís phoiblí dhigiteach 

Airteagal 10(5) 

Comhar oibríochtúil

Arna iarraidh sin do Bhallstát nó d’eintiteas de chuid an Aontais i gcomhar le CERT-EU, tacóidh ENISA le cumarsáid phoiblí chomhsheasmhach a bhaineann le teagmhas nó cibearbhagairt.

ENISA

Na Ballstáit

Iarraidh a fháil agus cumarsáid a dhéanamh, más gá

Sreabhadh sonraí

Airteagal 10(6)

Comhar oibríochtúil

Tacóidh ENISA le comhar i measc na mBallstát agus, trí CERT-EU, i measc eintitis an Aontais, maidir le huirlisí cumarsáide slána a chur in úsáid. Úsáidfidh ENISA laistigh de ghreasán CSIRTanna agus EU-CyCLONe uirlisí cumarsáide slána arna soláthar ag eintitis dhlítheanacha nach bhfuil bunaithe i dtríú tíortha ná á rialú ag tríú tíortha ná ag náisiúnaigh tríú tíortha.    

ENISA

An Coimisiún Eorpach

Na Ballstáit

Eintitis de chuid an Aontais

Gréasán CSIRTanna

EU-CyCLONe

Tacú le huirlisí cumarsáide slána a chur in úsáid agus uirlisí den sórt sin a úsáid laistigh de ghréasán CSIRTanna agus de EU-CyCLONe. 

Réiteach digiteach 

Seirbhís phoiblí dhigiteach 

Airteagal 11(1)(a)

Feasacht staide chomhroinnte maidir leis an gcibearshlándáil 

(a)    forbairt a dhéanamh, i gcomhar le EU-CyCLONe, le gréasán CSIRTanna, leis an gCoimisiún, le CERT-EU, le Europol agus le stórtha eintiteas ábhartha eile de chuid an Aontais, ar fhaisnéis fhíoraithe iontaofa faoi chibearbhagairtí, lena n‑áirítear treochtaí maidir le teagmhais, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta;

An Coimisiún Eorpach

ENISA

EU-CyCLONe

Gréasán CSIRTanna

Europol

Eintitis de chuid an Aontais

CERT-EU

Stórtha a fhorbairt 

Sreabhadh digiteach

Réiteach digiteach 

Seirbhís phoiblí dhigiteach

Airteagal 11(1)(c) go (g) 

Feasacht staide chomhroinnte maidir leis an gcibearshlándáil

Anailísí ad hoc tráthúla a sholáthar (roinnt acu arna iarraidh sin);anailís agus comhairle theicniúil a sholáthar; tuarascáil ar an staid theicniúil a ullmhú i gcomhar le heintitis eile; faireachán a dhéanamh ar threochtaí agus iad a chomhroinnt

ENISA

Na Ballstáit

An Coimisiún Eorpach

Eintitis de chuid an Aontais

EU-CyCLONe

Gréasán CSIRTanna

Anailís sonraí, faisnéis a chomhroinnt agus tuarascálacha a sholáthar (roinnt acu arna iarraidh sin)

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí 

Airteagal 11(2)(a)

Feasacht staide chomhroinnte maidir leis an gcibearshlándáil

Déanfaidh ENISA anailísí ar chibearbhagairtí, ar theagmhais, ar threochtaí, ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus ar a dtionchair, lena n‑áirítear anailís thráthrialta lena dtugtar aghaidh ar earnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 agus ar chatagóirí táirgí ábhartha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2024/2847;

ENISA

An pobal i gcoitinne

Anailís a dhéanamh ar shonraí chun faisnéis a sholáthar a mbeidh tionchar aici ar an gcibearshlándáil;tuarascáil thráthrialta

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 11(2)(b)

Feasacht staide chomhroinnte maidir leis an gcibearshlándáil

Eiseoidh ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún, agus, i gcás inarb iomchuí, gréasán CSIRTanna, comhairle, treoraíocht agus dea-chleachtais maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise, go háirithe maidir le slándáil na mbonneagar a thacaíonn leis na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555;

 

An Coimisiún Eorpach

CERT-EU

Gréasán CSIRTanna

An pobal i gcoitinne

Comhairle, treoraíocht agus dea-chleachtas a eisiúint

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 11(2)(c)

Feasacht staide chomhroinnte maidir leis an gcibearshlándáil

Déanfaidh ENISA anailísí straitéiseacha fadtéarmacha ar chibearbhagairtí agus ar chibirtheagmhais chun treochtaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus chun cuidiú le teagmhais a chosc.

ENISA 

An pobal i gcoitinne

Anailís ar shonraí agus bagairtí atá ag teacht chun cinn a shainaithint 

Próiseáil sonraí

 

Airteagal 11(3)

Feasacht staide chomhroinnte maidir leis an gcibearshlándáil

Féadfaidh ENISA na hanailísí, an chomhairle, an treoraíocht, na dea-chleachtais agus na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil don phobal, i gcomhaontú leis na heintitis is rannchuiditheoirí dá dtagraítear i mír 2.

ENISA

An pobal i gcoitinne

Faisnéis a chur ar fáil don phobal

Sreabhadh sonraí

Seirbhís phoiblí dhigiteach 

Airteagal 13(2)

Tacaíocht i bhFreagairt ar Theagmhais 

2.    Arna iarraidh sin don Choimisiún nó do EU-CyCLONe, déanfaidh ENISA, le tacaíocht ó ghréasán CSIRTanna agus le formheas ón mBallstát lena mbaineann, teagmhais chibearshlándála shuntasacha nó teagmhais chibearshlándála mhórscála a athbhreithniú agus a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2025/38.

An Coimisiún Eorpach

ENISA

EU-CyCLONe

Gréasán CSIRTanna

Na Ballstáit

Athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhais chibearshlándála shuntasacha

Próiseáil sonraí 

Airteagal 14(2)

Cleachtaí cibearshlándála ar leibhéal an Aontais

2.    Coinneoidh ENISA stór ceachtanna a foghlaimíodh ó na cleachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus molfaidh sé do na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, d’eintitis de chuid an Aontais conas is féidir na ceachtanna a foghlaimíodh a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil.

ENISA

Na Ballstáit

Eintitis de chuid an Aontais

Stór a choinneáil

Próiseáil sonraí 

Réiteach digiteach

Seirbhís phoiblí dhigiteach 

Airteagal 14

Cleachtaí cibearshlándála ar leibhéal an Aontais  

Tar éis iarrataí a fháil ó EU-CyCLONe, ón gCoimisiún, ó na Ballstáit, nó ó CERT-EU, eagróidh ENISA cleachtaí cibearshlándála nó rannchuideoidh sé lena n‑eagrú.

Tacóidh ENISA leis an gCoimisiún clár rollach bliantúil de chleachtaí cibearshlándála ar leibhéal an Aontais a thiomsú.

ENISA

An Coimisiún

Na Ballstáit

Eintitis de chuid an Aontais 

CERT-EU

Iarratais a fháil chun cleachtaí a eagrú nó chun tacú lena n‑eagrú 

Sreabhadh sonraí

Próiseáil sonraí

Airteagal 15

Soláthar maidir le huirlisí agus ardáin 

 

1.    Déanfaidh ENISA uirlisí teicniúla oibríochtúla, amhail ardáin a bhaineann leis an gcibearshlándáil ar leibhéal an Aontais, go háirithe an t‑ardán tuairiscithe aonair arna bhunú de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/2847 [agus an pointe iontrála aonair le haghaidh tuairisciú teagmhas arna bhunú de bhun Airteagal 23a de Threoir (AE) 2022/2555], nó uirlisí tástála chun tacú le cur chun feidhme nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais, a bhunú, a sholáthar, a oibriú, a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá.

2.    I gcás inarb iomchuí chun críocha mhír 1, oibreoidh ENISA i gcomhar le gréasán CSIRTanna agus, i gcás inarb infheidhme, leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, agus malartóidh sé faisnéis leo.

ENISA

Gréasán CSIRTanna

An pobal i gcoitinne

Údaráis faireachais margaidh

 

Déanfaidh ENISA uirlisí teicniúla oibríochtúla, amhail ardáin, a bhunú, a sholáthar, a oibriú, a chothabháil agus a nuashonrú de réir mar is gá.

Réiteach digiteach

Seirbhís phoiblí dhigiteach

Sreabhadh sonraí

Airteagal 16(2)

Seirbhísí bainistíochta leochaileachta 

(a)    an bunachar sonraí leochaileachta Eorpach arna bhunú de bhun Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2022/2555 a choinneáil ar bun;

(b)    seirbhísí bainistithe leochaileachta a sholáthar do pháirtithe leasmhara, ag tógáil ar an mbunachar sonraí leochaileachta Eorpach agus úsáid á baint as faisnéis ábhartha atá ar fáil do ENISA;

(c)    i gcás inarb iomchuí, dul i mbun comhar struchtúrtha le heagraíochtaí a sholáthraíonn cláir, clárlanna nó bunachair sonraí atá cosúil leis an mbunachar sonraí leochaileachta Eorpach;

(d)    tacú go gníomhach le CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí de bhun Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555 maidir le nochtadh comhordaithe leochaileachtaí a bhainistiú a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar eintitis i níos mó ná Ballstát amháin;

(e) modheolaíochtaí agus sásraí rialachais a fhorbairt agus a choinneáil ar bun chun leochaileachtaí a shainaithint agus a nochtadh ar bhealach comhordaithe, i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta, CSIRTanna, an tionscal agus an pobal taighde

ENISA

CSIRTanna náisiúnta

Gréasán CSIRTanna

Údaráis inniúla náisiúnta

Tionscal

Pobal taighde

An pobal i gcoitinne

Gníomhaithe idirnáisiúnta a chuireann cláir, clárlanna nó bunachair sonraí ar fáil

Seirbhísí bainistíochta leochaileachta a sholáthar;dul i mbun comhar struchtúrtha i gcás inarb iomchuí; comhar le páirtithe leasmhara 

Réiteach digiteach 

Seirbhís phoiblí dhigiteach 

Sreabhadh sonraí

 

Airteagal 17

Deimhniú cibearshlándála

 

Airteagal 18

Caighdeánú, sonraíochtaí teicniúla agus treoraíocht

Airteagal 17(1)

(a) scéimeanna iarrthacha Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála (‘scéimeanna iarrthacha’) a ullmhú le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas, agus sonraíochtaí teicniúla gaolmhara i gcomhréir le hAirteagal 74;

(b) scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 a choinneáil ar bun, lena n‑áirítear d’fhonn athbhreithniú féideartha a dhéanamh ar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 76;

(c) glacadh na scéimeanna arna nglacadh a chur chun cinn agus suíomh gréasáin tiomnaithe a choinneáil ar bun ar a soláthrófar faisnéis agus ar a bpoibleofar scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta ón Aontas i gcomhréir le hAirteagal 79;

Airteagal 17(2)

(e) forálacha samplacha a ullmhú a ndéanfar tagairt dóibh sna scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála (‘scéimeanna iarrthacha’) le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála eintiteas i gcomhréir le hAirteagal 81(5).

 

Airteagal 18

1.Dréachtóidh ENISA sonraíochtaí teicniúla agus treoraíocht chun tacú le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais i réimse na cibearshlándála.

2.Déanfaidh ENISA faireachán ar ghníomhaíochtaí maidir le forbairt caighdeánúcháin ar leibhéal an Aontais agus, i gcomhréir le hAirteagal 9, ar an leibhéal idirnáisiúnta, glacfaidh sé páirt iontu agus beidh sé i gceannas orthu.

3.Tacóidh ENISA le halgartaim chripteagrafacha a fhorbairt agus le meastóireacht a dhéanamh orthu. I gcás ina ndéanfar meastóireacht dhearfach ar algartam cripteagrafach, oibreoidh ENISA i gcomhar leis na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú chun tacú lena chaighdeánú, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

4. Soláthróidh ENISA saineolas teicniúil don Choimisiún agus do ECCG maidir le caighdeáin iomchuí nó sonraíochtaí teicniúla chun tacú le beartais an Aontais a bhaineann leis an gcibearshlándáil, go háirithe Rialachán (AE) 2024/2847, lena n‑áirítear le haghaidh reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais i réimse na cibearshlándála agus na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála de bhun phointe (d) d’Airteagal 81(1), pointe (d). 

5.Tabharfaidh ENISA cúnamh don Choimisiún maidir le measúnú a dhéanamh ar dhréachtchaighdeáin chomhchuibhithe chun tacú le cur chun feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais i réimse na cibearshlándála.

ENISA

An pobal i gcoitinne

Anailís a dhéanamh ar shonraí agus sreafaí sonraí a mhalartú leis an gCoimisiún agus le páirtithe leasmhara eile;scéim deimhniúcháin d’iarrthóirí a ullmhú; suíomh gréasáin ENISA a choinneáil ar bun

Próiseáil sonraí

Sreafaí sonraí

Seirbhís phoiblí dhigiteach

Airteagal 19 – An Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála

 

 

 

 

 

 

 

Déanfaidh ENISA creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála a fhorbairt agus a chur ar fáil go poiblí. Sula ndéanfaidh sé an Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála a chur ar fáil go poiblí nó a thabhairt cothrom le dáta de bhun mhír 4, rachaidh ENISA i gcomhairle leis an gCoimisiún.

Is ar bhonn deonach a úsáidfidh eintitis phoiblí agus phríobháideacha an Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála.

Féadfaidh ENISA dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus an Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála á fhorbairt agus á ghlacadh.

ENISA

an Coimisiún

An pobal i gcoitinne

Na Ballstáit 

Eintitis de chuid an Aontais

Páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha

 

An Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála a choinneáil ar bun; comhairliúchán le páirtithe leasmhara; glacadh an Chreata Eorpaigh um Scileanna Cibearshlándála  

Próiseáil sonraí 

Sreabhadh sonraí

Réiteach digiteach

 

Airteagail 20-23 – Scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála

Déanfaidh ENISA scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt, a ghlacadh agus a choinneáil ar bun. Is ar bhonn deonach a úsáidfidh comhlachtaí poiblí náisiúnta agus eintitis phríobháideacha scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála, mura sonraítear a mhalairt leis an dlí náisiúnta.

Sula dtionscnófar scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála, rachaidh ENISA i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní ghlacfaidh ENISA scéim den sórt sin ach amháin tar éis tuairim dhearfach a fháil ón gCoimisiún. Agus scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála á hullmhú aige, féadfaidh ENISA dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha.

Áiritheoidh ENISA dlúthchomhar leis na Ballstáit le linn ullmhú na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála.

Déanfaidh soláthraithe dearbhaithe údaraithe measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann daoine aonair ceanglais scéime um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála agus, i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais sin, eiseoidh siad dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála.

Soláthróidh ENISA treoraíocht do mheasúnóirí agus cuirfidh sé oiliúint éigeantach orthu i dtaca leis na ceanglais agus na modhanna measúnaithe a áirítear sa scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 20(3), pointe (b).

Eintitis ar mian leo a bheith ina soláthraithe dearbhaithe údaraithe nó a n‑údarú a athnuachan (‘iarratasóirí’), cuirfidh siad iarratas faoi bhráid ENISA.

Áiritheoidh soláthraithe dearbhaithe údaraithe, arna iarraidh sin don duine aonair, go n‑eiseofar dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála mar ríomhdhearbhuithe tréithe i bhformáid is féidir a stóráil sna Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

Ceadóidh iarratasóirí agus soláthraithe dearbhaithe údaraithe do ENISA meastóireachtaí a dhéanamh mar chuid den phróiseas iarratais tosaigh nó mar chuid de choinneáil ar bun nó athnuachan an údaraithe agus an fhaisnéis ábhartha uile a chomhroinnt chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos i míreanna 3 agus 4 agus na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 5 nó go leanfar dá gcomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 22(2).

Cuirfidh soláthraithe dearbhaithe údaraithe ENISA ar an eolas láithreach mura gcomhlíontar aon cheann de na ceanglais a liostaítear i mír 3 a thuilleadh nó má thagann aon amhras chun cinn nach gcomhlíontar na ceanglais sin, lena n‑áirítear maidir le neamhspleáchas measúnóirí.

Íocfaidh iarratasóirí táille le ENISA as measúnú a dhéanamh ar a n‑iarratas. Íocfaidh soláthraithe dearbhaithe údaraithe táille le ENISA as a n‑údarú a choinneáil ar bun.

 Déanfaidh ENISA meastóireacht i dtaobh an bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 21(3) agus (4) agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 21(5) á gcomhlíonadh nó an bhfuil siad fós á gcomhlíonadh ag iarratasóirí agus ag soláthraithe dearbhaithe údaraithe.

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar iarratas de réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal

21(3) agus (4), féadfaidh ENISA cinneadh a eisiúint. Féadfaidh ENISA cinntí den sórt sin a leasú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm.

Déanfaidh ENISA suíomh gréasáin tiomnaithe a choinneáil ar bun agus a nuashonrú go tráthrialta ar a soláthrófar faisnéis phoiblí maidir leis an méid seo a leanas:

(a)an Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála, lena n‑áirítear an creat agus an amlíne chun é a thabhairt cothrom le dáta;

(b)scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála, a ndul chun cinn agus amlínte maidir lena bhforbairt;

(c)na táillí a bhaineann le gach scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála arna glacadh de bhun Airteagal 47 den Rialachán seo;

(d)an costas táscach a bhaineann le dearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála i gcomhréir le hAirteagal 20(4);

(e)liosta na soláthraithe dearbhaithe údaraithe.

ENISA

an Coimisiún 

An pobal i gcoitinne

Na Ballstáit 

Eintitis de chuid an Aontais

Páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha (a rannchuidíonn le scéim um dhearbhú a fhorbairt;iarratasóirí agus soláthraithe dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála, lena n‑áirítear measúnóirí) 

 

Scéimeanna a fhorbairt agus a choinneáil ar bun; comhairliúcháin le páirtithe leasmhara; iarratais a phróiseáil; cinntí a eisiúint; suíomh gréasáin a choinneáil ar bun 

Próiseáil sonraí 

Sreabhadh sonraí

Réiteach digiteach

Seirbhís phoiblí dhigiteach

Airteagal 25 

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

Comhaltaí a cheapadh ar Bhord Bainistíochta ENISA.

ENISA

An Coimisiún Eorpach

Na Ballstáit

Comhaltaí a cheapadh

Sreabhadh sonraí

Próiseáil sonraí

Airteagal 28(1) 

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

 

Airteagal 30

An Bord Feidhmiúcháin

b.an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair de chuid ENISA dá dtagraítear in Airteagal 44 a ghlacadh sula dtíolacfar chuig an gCoimisiún é chun a thuairim a fháil ina leith;

(f) an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí ENISA a mheasúnú agus a ghlacadh, lena n‑áirítear na cuntais agus tuairisc ar an gcaoi ar chomhlíon ENISA a tháscairí feidhmíochta, an tuarascáil bhliantúil agus an measúnú uirthi araon a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa faoin 1 Iúil an bhliain dár gcionn; an tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil don phobal;

(i) obair leantach leordhóthanach a áirithiú maidir le torthaí agus moltaí a eascraíonn as tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus as imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE);

ENISA

An Coimisiún Eorpach 

Parlaimint na hEorpa

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Chúirt Iniúchóirí

Na Ballstáit 

An pobal i gcoitinne

An Doiciméad Clársceidealaithe Aonair a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun tuairim a fháil;

An tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí ENISA a mheasúnú agus a ghlacadh, lena n‑áirítear na cuntais agus tuairisc ar an gcaoi ar chomhlíon ENISA a tháscairí feidhmíochta, an tuarascáil bhliantúil agus an measúnú araon a thíolacadh; 

Obair leantach a dhéanamh ar na torthaí 

Sreabhadh sonraí

Próiseáil sonraí

 

Airteagal 31(8)

Ceapachán, dífhostú agus síneadh a chur leis an téarma oifige

 

Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le haon rún a bheadh aige síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin i gcomhréir le mír 6. Laistigh de 3 mhí roimh aon síneadh den sórt sin, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, má iarrtar é sin air, ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste chuí de chuid Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna Chomhaltaí an choiste a fhreagairt.

ENISA 

Bord Bainistíochta ENISA 

Parlaimint na hEorpa 

Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas

Sreabhadh sonraí

Airteagal 32(3)

Cúraimí agus freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

 

 

Airteagal 32(5)

3.Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a chúraimí nuair a iarrtar sin air. Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt ar chomhlíonadh a gcúraimí.

Straitéisí dréachtphleananna buiséid agus doiciméid straitéiseacha a ullmhú.

Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA

Parlaimint na hEorpa 

Tuairisciú ar an bhfeidhmíocht 

Sreabhadh sonraí

Próiseáil sonraí

Airteagal 35(5), (6)

Grúpa Comhairleach ENISA 

5. Cuirfidh Grúpa Comhairleach ENISA comhairle ar ENISA maidir le feidhmiú cúraimí ENISA, seachas maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Theideal III, Teideal IV agus Teideal V den Rialachán seo. Tabharfaidh sé, go háirithe, comhairle don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le togra a tharraingt suas le haghaidh chlár oibre bliantúil ENISA agus maidir le cumarsáid a áirithiú leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an gclár oibre bliantúil.

6.    Cuirfidh Grúpa Comhairleach ENISA an Bord Bainistíochta ar an eolas go tráthrialta maidir lena chuid gníomhaíochtaí.

ENISA

Comhaltaí Ghrúpa Comhairleach ENISA 

Bord Bainistíochta ENISA 

Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA

Comhairle a thabhairt agus eolas a thabhairt maidir lena chuid gníomhaíochtaí 

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 36-43 

An Bord Achomhairc 

Bunóidh ENISA Bord Achomhairc le cinneadh ón mBord Bainistíochta.

Beidh an Bord Achomhairc comhdhéanta de Chathaoirleach agus triúr comhaltaí eile. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Achomhairc. Déanfaidh an comhalta malartach ionadaíocht don chomhalta nuair a bheidh sé as láthair.

Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Cathaoirleach, na comhaltaí eile agus a malartaigh ó liosta d’iarrthóirí cáilithe arna bhunú ag an gCoimisiún. Beidh liosta na n‑iarrthóirí cáilithe bailí ar feadh 4 bliana. Féadfaidh an Bord Bainistíochta síneadh a chur le bailíocht an liosta sin ar feadh tréimhsí breise 4 bliana ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.

I gcás ina measann an Bord Achomhairc go bhfuil gá leis de bharr chineál an achomhairc, féadfaidh sé a iarraidh ar an mBord Bainistíochta beirt chomhaltaí bhreise agus a gcomhaltaí malartacha siúd a roghnú as an liosta dá dtagraítear i mír 3.

Glacfaidh an Bord Achomhairc a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

Más rud é, ar cheann de na cúiseanna a liostaítear i mír 1 nó ar aon chúis eile, go measann comhalta de Bhord Achomhairc nár cheart dó páirt a ghlacadh in aon imeacht achomhairc, cuirfidh sé an Bord Achomhairc ar an eolas dá réir sin. 

Cinnfidh an Bord Achomhairc an gníomh a dhéanfar sna cásanna a liostaítear i míreanna 2 agus 3 agus ní bheidh an comhalta lena mbaineann rannpháirteach sa chinneadh sin. Chun an cinneadh sin a dhéanamh, cuirfear malartach an chomhalta lena mbaineann in ionad an chomhalta sin ar an mBord Achomhairc. Beidh achomharc a dhéanfar de bhun mhír 1 faoi réir athbhreithniú idirbhreitheach i gcomhréir le hAirteagal 41 sula gcuirfear faoi bhráid an Bhoird Achomhairc é lena scrúdú.

Féadfaidh iarratasóirí de réir bhrí Airteagal 21(3) achomharc a dhéanamh in aghaidh: cinneadh ó ENISA atá dírithe orthu, de bhun Airteagal 22(3), neamhghníomh ENISA i ndáil le hiarratas a chuir siad faoi bhráid ENISA laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme a leagtar síos in Airteagal 22(4).

Sa chás dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), déanfar an t‑achomharc, mar aon leis an ráiteas ar na forais atá leis, a chomhdú i scríbhinn i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 36(5) laistigh de 2 mhí tar éis fógra faoin gcinneadh a thabhairt don iarratasóir lena mbaineann, nó ina éagmais sin, ón lá a cuireadh an cinneadh in iúl don iarratasóir.

Sa chás dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), déanfar an t‑achomharc a chomhdú le ENISA i scríbhinn i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 36(5) laistigh de 2 mhí ón lá a rachaidh an teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 22(4) in éag.

Má mheasann ENISA go bhfuil an t‑achomharc inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis, cuirfidh sé an cinneadh nó an neamhghníomh dá dtagraítear in Airteagal 40(1) ina cheart. 

Mura gceartaíonn ENISA an cinneadh laistigh d’aon mhí amháin tar éis dó an t‑achomharc a fháil, cinnfidh sé láithreach an bhfionróidh sé feidhmiú a chinnidh agus tarchuirfidh sé an t‑achomharc chuig an mBord Achomhairc. 

Cinnfidh an Bord Achomhairc laistigh de 3 mhí tar éis chomhdú an achomhairc cé acu an seasfaidh sé leis an achomharc sin nó an ndiúltóidh sé dó. Agus achomharc á scrúdú aige, gníomhóidh an Bord Achomhairc laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos ina rialacha nós imeachta. A mhinice is gá, iarrfaidh sé ar na páirtithe sna himeachtaí achomhairc barúlacha a chomhdú laistigh de theorainneacha sonraithe ama maidir leis na fógraí a eiseoidh sé féin, nó maidir le teachtaireachtaí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc. Beidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc i dteideal uiríoll ó bhéal a dhéanamh.

I gcás ina gcinnfidh an Bord Achomhairc go bhfuil bunús maith leis na forais achomhairc, tarchuirfidh sé an cás chuig ENISA. Déanfaidh ENISA a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh i gcomhréir le cinntí an Bhoird Achomhairc agus tabharfaidh sé ráiteas faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin. Cuirfidh ENISA na páirtithe sna himeachtaí achomhairc ar an eolas dá réir sin.

Féadfar caingne chun cinntí ENISA a rinneadh de bhun Airteagal 22(3) a neamhniú, nó caingne maidir le neamhghníomh laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme de bhun Airteagal 22(4), féadfar iad a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tar éis an nós imeachta achomhairc laistigh de ENISA a leagtar síos in Airteagal 39 go hAirteagal 42 a bheith ídithe nó i gcás neamhghníomh laistigh den teorainn ama is infheidhme de bhun Airteagal 41(2).

Déanfaidh ENISA gach beart is gá chun breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

ENISA

Bord Bainistíochta ENISA 

an Coimisiún

An Bord Achomhairc de réir bhrí Airteagal 36 de thogra an Dara Gníomh um Chibearshlándáil

Iarratasóirí (eintitis dhlítheanacha ar mian leo a bheith ina soláthraithe dearbhaithe údaraithe, chun a n‑údarú a choinneáil ar bun nó a athnuachan)

Cinntí a eisiúint bunaithe ar achomhairc 

Na hachomhairc a phróiseáil

Rialacha nósanna imeachta a ullmhú agus a fhoilsiú

Sreafaí faisnéise

Próiseáil sonraí 

Sreabhadh sonraí 

Seirbhís phoiblí dhigiteach 

Airteagal 44

Doiciméad Clársceidealaithe Aonair

2.Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtdoiciméad clársceidealaithe a tharraingt suas, dá dtagraítear i mír 1, agus an phleanáil acmhainní airgeadais agus daonna i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/715 ón gCoimisiún agus treoirlínte arna leagan síos ag an gCoimisiún á gcur san áireamh.

3. Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear i mír 1, agus an tuairim ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 32(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 á cur san áireamh. Má chinneann an Bord Bainistíochta gan aon ghné de thuairim an Choimisiúin a chur san áireamh, soláthróidh sé réasúnaíocht chuimsitheach leis an gcinneadh sin. Cuirfidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn, chomh maith le haon leagan den doiciméad sin a tugadh cothrom le dáta ina dhiaidh sin.

 

Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA

Bord Bainistíochta ENISA

An Coimisiún Eorpach

Parlaimint na hEorpa

An Chomhairle

Doiciméad clársceidealaithe aonair a dhréachtú, a ghlacadh agus a chur ar aghaidh gach bliain

Sreabhadh sonraí

Airteagal 45

Bunú bhuiséad ENISA

4.    Cuirfidh an Coimisiún an dréachtmheastachán, mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais, chuig an údarás buiséadach. Cuirfear an dréachtmheastachán ar fáil do ENISA freisin.

ENISA

An Coimisiún Eorpach

Faisnéis a chomhroinnt

Sreabhadh sonraí

Airteagal 47

Táillí 

Maidir le gníomhaíochtaí na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a leagtar síos in Airteagal 22(1), toibheofar na táillí seo a leanas ar iarratasóirí de réir bhrí Airteagal 21(3) nó ar sholáthraithe dearbhaithe údaraithe chun rannchuidiú le cumhdach chostais iomlána na ngníomhaíochtaí a dhéanann ENISA a chumhdach:

a.údaruithe a eisiúint tar éis scrúdú a dhéanamh ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 21(3) agus (4), lena n‑áirítear meastóireachtaí a dhéanamh;

b.an t‑údarú a choinneáil ar bun gach bliain;

c.údaruithe a athnuachan le haghaidh soláthraithe dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála, lena n‑áirítear meastóireachtaí a dhéanamh.

I ndáil le deimhniú, toibheofar na táillí seo a leanas ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a choinneáil ar bun faoina n‑eisítear deimhnithe Eorpacha cibearshlándála, go háirithe:

táille bhliantúil as rannpháirtíocht i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála;

táille chun deimhnithe Eorpacha cibearshlándála a eisiúint faoi scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála.

Gearrfar na táillí dá dtagraítear i bpointe b) nuair a chuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta deimhnithe Eorpacha cibearshlándála faoi bhráid ENISA lena bhfoilsiú ar a shuíomh gréasáin de bhun Airteagal 79.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le táillí arna dtobhach ag ENISA 

Áireoidh ENISA tuarascáil ar na táillí a thoibhítear agus ar a dtionchar ar bhuiséad na Gníomhaireachta mar chuid den nós imeachta chun cuntais a thíolacadh.

an Coimisiún

ENISA

Soláthraithe dearbhaithe

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

Faisnéis maidir le próiseáil;táillí a íoc;tuairisciú ar tháillí

Próiseáil sonraí 

Sreabhadh sonraí

 

Airteagal 48

Airteagal 49

Impleachtaí buiséadacha

 

Airteagal 48

3.    Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach gach bliain.

Airteagal 49

1.    Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta ENISA na cuntais shealadacha le haghaidh na bliana airgeadais (bliain N) chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta an bhliain airgeadais dár gcionn (bliain N + 1).

2.    Soláthróidh oifigeach cuntasaíochta ENISA freisin an fhaisnéis chuntasaíochta is gá d’oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin sa mhodh agus san fhormáid is gá don oifigeach sin faoin 1 Márta de bhliain N + 1.

3.    Cuirfidh ENISA an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais do bhliain N chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

4.    Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha ENISA do bhliain N, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta na gníomhaireachta cuntais chríochnaitheacha ENISA a tharraingt suas.

5. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha ENISA do bhliain N.

Tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta suas cuntais chríochnaitheacha ENISA a mbeidh sé nó sí freagrach astu. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil. 

ENISA

Bord Bainistíochta ENISA

An Coimisiún Eorpach

An Chomhairle

Parlaimint na hEorpa

Faisnéis maidir le buiséad ENISA a phróiseáil agus a chomhroinnt.

Próiseáil sonraí 

Sreabhadh sonraí

 

Airteagal 52

Dearbhú leasanna

 

Déanfaidh na páirtithe dearbhú gealltanas agus dearbhú ina léireofar nach ann nó gur ann d’aon leas díreach nó indíreach a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas.

Bainistíocht ENISA (Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin); 

An Bord Bainistíochta, 

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

Sonraí maidir le dearbhú leasanna a phróiseáil agus a chomhroinnt 

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 58

Oifigigh idirchaidrimh 

1.Ainmneoidh gach Ballstát beirt Oifigeach Idirchaidrimh ar a laghad [ón údarás náisiúnta cibearshlándála] mar shaineolaí náisiúnta ar iasacht do ENISA agus chun oibriú ag a shuíomh nó ag a oifig áitiúil, i gcomhréir le hAirteagal 59(2). Féadfaidh an Coimisiún Oifigeach Idirchaidrimh a ainmniú freisin.

2.Beidh Oifigigh Idirchaidrimh arna n‑ainmniú ag a mBallstát i dteideal an fhaisnéis ábhartha uile a iarraidh agus a fháil óna mBallstáit, dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus dlí nó cleachtas náisiúnta a mBallstát á urramú go hiomlán acu, go háirithe a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí agus na rialacha maidir le rúndacht.

ENISA

Na Ballstáit 

Oifigigh idirchaidrimh a ainmniú agus faisnéis a chomhroinnt 

Próiseáil sonraí 

Sreabhadh sonraí

 Airteagal 67

Faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil

 

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh ENISA rialacha slándála féin lena gcuirfear i bhfeidhm na prionsabail slándála atá i rialacha slándála an Choimisiúin chun agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus FRAE a chosaint, mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 agus (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún. Áireofar sna rialacha slándála sin forálacha le haghaidh faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil. 

ENISA

An Bord Bainistíochta 

an Coimisiún 

Faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 68, 69, 70

Comhar le heintitis an Aontais agus le húdaráis náisiúnta

Comhar le páirtithe leasmhara

Comhar le tríú tíortha 

Oibreoidh ENISA i gcomhar le heintitis ábhartha an Aontais, le húdaráis um fhaireachas margaidh agus le húdaráis mhaoirseachta, agus malartóidh sé faisnéis leo faoi ábhair a bhaineann leis an gcibearshlándáil; páirtithe leasmhara ábhartha; údaráis inniúla ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta   

ENISA

Europol 

An Lárionad Inniúlachta

an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

An pobal i gcoitinne

An Chomhairle

Faisnéis a chomhroinnt

Sreabhadh sonraí

Airteagal 72 maidir le Faisnéis phoiblí agus comhairliúchán poiblí i ndáil leis na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála

2.    Déanfaidh an Coimisiún suíomh gréasáin tiomnaithe a choinneáil ar bun agus a nuashonrú go tráthrialta ar a soláthrófar faisnéis maidir leis na gnéithe seo a leanas:

(a)    Scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála atá á n‑iarraidh le haghaidh forbartha;

(b)    tosaíochtaí straitéiseacha chun táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó ceanglais slándála reachtaíocht an Aontais a chomhchuibhiú, lena n‑áirítear réimsí féideartha a bhféadfaí scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a iarraidh ina leith.

3.    Cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo an fhaisnéis faoina iarraidh ar ENISA scéim iarrthach dá dtagraítear in Airteagal 73 a ullmhú agus faoina chinneadh glacadh le scéim iarrthach arna tarchur ag ENISA i gcomhréir le hAirteagal 74(7), diúltú di nó scor di.

An Coimisiún Eorpach 

An pobal i gcoitinne

ENISA

 

An Suíomh Gréasáin Faisnéise a choinneáil ar bun

Leis sin, tugtar sainordú don Choimisiún faisnéis a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin atá ar fáil go poiblí agus gníomhaíochtaí gaolmhara bainistithe sonraí a chur ar fáil ar bhonn leanúnach.

An tSeirbhís Phoiblí Dhigiteach 

Réiteach digiteach 

Airteagal 72 maidir le Faisnéis phoiblí agus comhairliúchán poiblí i ndáil leis na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála

 

Agus scéim iarrthach á hullmhú ag ENISA de bhun Airteagal 74, féadfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle iarraidh ar an gCoimisiún, ina cháil mar chathaoirleach ar ECCG, agus ar ENISA faisnéis ábhartha faoi dhréachtscéim iarrthach a chur i láthair. Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, féadfaidh ENISA, i gcomhaontú leis an gCoimisiún agus gan dochar d’Airteagal 54, codanna ábhartha de dhréachtscéim iarrthach a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhealach atá iomchuí don leibhéal rúndachta is gá, agus i gcás inarb iomchuí ar bhealach srianta.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ENISA plé a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le cur chun feidhme scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas.

ENISA

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Parlaimint na hEorpa

Faisnéis a iarraidh agus a sheoladh maidir le dréachtscéim iarrthach arna hullmhú ag ENISA

Sreafaí sonraí

Airteagal 73

Iarraidh ar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála 

Airteagal 74

Scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú agus a ghlacadh

(cumhdaithe in Airteagal 17) 

Airteagal 73

1. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ENISA scéim iarrthach Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas.

I gcásanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh ECCG a mholadh don Choimisiún iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh.

4. Agus an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 á hullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle go cuí le ENISA agus le ECCG agus cuirfidh sé san áireamh freisin tuairimí na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile agus eintitis eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, iad siúd atá ábhartha faoi reachtaíocht an Aontais ina bhfuil toimhde comhréireachta á soláthar ag scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála.

Airteagal 74

3. Agus an scéim iarrthach á hullmhú, oibreoidh ENISA i ndlúthchomhar le ECCG. Cuirfidh ECCG cúnamh agus sainchomhairle ar fáil do ENISA i ndáil le hullmhú na scéime iarrthaí agus, i gcás inarb infheidhme, sonraíocht theicniúil tacaíochta.

Iarrfaidh ENISA ar chomhaltaí ECCG tuairim i scríbhinn a thabhairt maidir leis an scéim iarrthach. 

4. Rachaidh ENISA i gcomhairle le páirtithe leasmhara go tráthúil trí bhíthin próiseas comhairliúcháin foirmiúil, oscailte, trédhearcach agus cuimsitheach. 

Oibreoidh ENISA i gcomhar freisin le húdaráis phoiblí ábhartha sna Ballstáit agus le heintitis ábhartha an Aontais chun a sainchomhairle a bhailiú i ndáil le hullmhú na scéime iarrthaí agus, i gcás inarb infheidhme, sonraíocht theicniúil tacaíochta.

6. Déanfaidh ENISA an scéim iarrthach a tharchur chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 60 lá ó dháta na hiarrata dá dtagraítear i mír 5.

7. Agus an scéim iarrthach á fáil aige, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht i dtaobh an gcomhfhreagraíonn an scéim don iarraidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 73. 

8.    I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún scéim iarrthach ar ais chuig ENISA lena hathbhreithniú i gcomhréir le mír 7, pointe (b), beidh feidhm ag míreanna 4, 5 agus 7 den Airteagal seo dá réir sin.

 

An Coimisiún Eorpach 

ENISA

ECCG

Páirtithe leasmhara saineolacha

Scéim iarratais agus deimhniúcháin a ullmhú agus comhairliúchán gaolmhar le páirtithe leasmhara

Próiseáil sonraí 

Sreafaí sonraí

An tSeirbhís Phoiblí Dhigiteach 

(cumhdaithe in Airteagal 17)

Airteagal 75

Scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a choinneáil ar bun

2. Áiritheoidh ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le tacaíocht ó ECCG agus óna fhoghrúpa ábhartha um choinneáil ar bun, go gcoinneofar scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála ar bun, lena n‑áirítear i bhfianaise athbhreithniú a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh ar scéimeanna den sórt sin. Oibreoidh ENISA i gcomhar le heintitis agus grúpaí ábhartha de chuid an Aontais agus malartóidh sé faisnéis leo maidir le gníomhaíochtaí coinneála ar bun. 

5. Féadfaidh ECCG tuairim a eisiúint maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a choinneáil ar bun.

An Coimisiún Eorpach 

ENISA

ECCG

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

 

Áiritheoidh ENISA coinneáil ar bun. Áirítear leis sin cruinnithe tréimhsiúla hibrideacha nó ar líne, faisnéis a bhailiú, anailís a dhéanamh uirthi agus í a chomhroinnt (i ndáil le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála)

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 76

Scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a mheas, a athbhreithniú agus a tharraingt siar 

1. Gach 4 bliana ar a laghad tar éis theacht i bhfeidhm scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála, déanfaidh ENISA meastóireacht ar thionchar agus ar éifeachtacht na scéime sin, i gcomhar le foghrúpa ábhartha ECCG um choinneáil ar bun, agus tríd an aiseolas a fhaightear ó pháirtithe leasmhara a chur san áireamh. Déanfaidh ENISA an mheastóireacht tríd an anailís mhargaidh is gá a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8(1).

3. Agus scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála á n‑athbhreithniú nó á dtarraingt siar aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ENISA, le ECCG agus lena fhoghrúpa ábhartha um choinneáil ar bun, chomh maith le tuairimí na bpáirtithe leasmhara ábhartha agus eintitis eile de chuid an Aontais a chur san áireamh. 

4. Féadfaidh ECCG tuairim a eisiúint maidir le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a athbhreithniú nó a tharraingt siar. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí air sin agus an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála á hathbhreithniú nó á tarraingt siar aige. 

 

An Coimisiún Eorpach 

ENISA

ECCG

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar scéimeanna agus é i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 77 

Sonraíochtaí teicniúla i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála

3.    I gcás ina ndéanfar tagairt do shonraíochtaí teicniúla i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 74(10), cuirfear ar fáil iad ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 79.

4. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go háirithe i gcás ina bhfuil faisnéis sna sonraíochtaí teicniúla a d’fhéadfadh cur isteach ar shlándáil táirgí TFC deimhnithe, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas, ní dháilfear iad ach ar na páirtithe leasmhara sin lena mbaineann ceanglais na scéime. Ní dhéanfar tagairt do scéim den sórt sin i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 74(10).

ENISA

Na Ballstáit

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

 

Faisnéis a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin um dheimhniú cibearshlándála ENISA

Sreabhadh sonraí

An tSeirbhís Phoiblí Dhigiteach

 

Airteagal 79 

Suíomh gréasáin faoi scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála

1. Eagróidh ENISA gníomhaíochtaí chun glacadh scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh a chur chun cinn, lena n‑áirítear tríd an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a choinneáil ar bun.

2. Déanfaidh ENISA suíomh gréasáin tiomnaithe a choinneáil ar bun agus a nuashonrú go tráthrialta ar a soláthrófar faisnéis phoiblí maidir leis an méid seo a leanas:

(a)    Scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála;

(b)    na táillí a bhaineann le gach scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a choinneáil ar bun;

(c) sonraíochtaí teicniúla ábhartha ENISA;

(d)    Deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta ón Aontas, lena n‑áirítear faisnéis maidir leis na deimhnithe agus na ráitis sin nach bhfuil bailí a thuilleadh, nó a chuirtear ar fionraí, a tharraingítear siar nó a théann in éag;

(e)    faisnéis chibearshlándála fhorlíontach ábhartha arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 84(2);

(f)    achoimrí ar athbhreithnithe piaraí de bhun Airteagal 89(7);

(g)    sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 74(10).

3. I gcás inarb infheidhme, sonrófar ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 2 freisin na scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála náisiúnta ar cuireadh scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a n‑ionad.

ENISA

Na Ballstáit

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

Leis an Suíomh Gréasáin Faisnéise a choinneáil ar bun, tugtar sainordú do ENISA bunachair sonraí chuimsitheacha d’fhaisnéis deimhniúcháin a bhailiú, a phróiseáil agus a choinneáil ar bun, rud a éilíonn gníomhaíochtaí leanúnacha bainistithe sonraí.

An tSeirbhís Phoiblí Dhigiteach

Réiteach digiteach

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

 

Airteagal 81

Gnéithe den scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála

5.Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos prionsabail choiteanna agus forálacha samplacha maidir le heilimintí a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 ar fud na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála. I gcás inarb iomchuí agus ina mbeidh siad ar fáil, féadfar tagairtí do na prionsabail sin agus do na forálacha samplacha sin a áireamh i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála.

‑Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2). Agus na prionsabail choiteanna agus na forálacha samplacha maidir le gnéithe na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála á bhforbairt nó á nathbhreithniú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ENISA agus cuirfidh sé san áireamh, de réir mar is iomchuí, tuairimí a chuirfidh ECCG, páirtithe leasmhara ábhartha agus comhlachtaí ábhartha eile in iúl.

ENISA

An pobal i gcoitinne

Údaráis na mBallstát 

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara ábhartha a dteastaíonn sreafaí sonraí agus próiseáil sonraí uathu

Sreabhadh sonraí

Próiseáil sonraí

Airteagal 83

Féinmheasúnú comhréireachta

‑3. Monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC, na seirbhísí slándála bainistithe nó an teintiteas a bhfuil a sheasamh cibearshlándála faoi réir deimhniúcháin, déanfaidh sé an ráiteas comhréireachta ón Aontas, an doiciméadacht theicniúil, agus an fhaisnéis ábhartha uile eile a bhaineann le comhréireacht na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC, na seirbhísí slándála bainistithe nó an tseasaimh cibearshlándála leis an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a chur ar fáil don údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála arna ainmniú de bhun Airteagal 89 ar feadh na tréimhse dá bhforáiltear sa scéim sin. Cuirfear cóip den ráiteas comhréireachta ón Aontas faoi bhráid an údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus faoi bhráid ENISA gan moill mhíchuí.

ENISA

An pobal i gcoitinne

Údaráis na mBallstát 

An fhaisnéis atá ar fáil; comhroinnt sonraí 

Is gá do ENISA agus d’údaráis na mBallstát próiseáil a dhéanamh ar shonraí comhroinnte

Sreabhadh sonraí

Próiseáil sonraí

Airteagal 84

Faisnéis chibearshlándála fhorlíontach maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC dheimhnithe

1. Déanfaidh monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC nó na bpróiseas TFC ar eisíodh ráiteas comhréireachta ón Aontas nó deimhniú Eorpach cibearshlándála ina leith an fhaisnéis fhorlíontach seo a leanas a chur ar fáil go poiblí. 

Monaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próiseas TFC

An pobal i gcoitinne

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

Faisnéis a chur ar fáil go poiblí i bhfoirm leictreonach.  

Sreabhadh sonraí

Airteagal 85

Deimhnithe Eorpacha Cibearshlándála a eisiúint

2. Eiseoidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 91 deimhnithe Eorpacha cibearshlándála ar bhonn na gcritéar a chuimsítear sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh de bhun Airteagal 74.

6.An duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe isteach le haghaidh deimhniúcháin nó an t‑eintiteas a dhéanann iarratas ar a sheasamh cibearshlándála a dheimhniú, cuirfidh sé an fhaisnéis uile is gá chun an deimhniú a dhéanamh ar fáil don údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála arna ainmniú de bhun Airteagal 89, i gcás inarb é an t‑údarás sin an comhlacht a eisíonn an deimhniú Eorpach cibearshlándála, nó don chomhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 91.

7. Cuirfidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála ENISA ar an eolas gan moill mhíchuí faoina gcinntí a dhéanann difear do stádas deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta ón Aontas i gcomhréir le hAirteagal 94.

8.Cuirfidh sealbhóir deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála an comhlacht um measúnú comhréireachta agus, i gcás inarb infheidhme, an t‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála, dá dtagraítear i mír 7, ar an eolas faoi aon leochaileacht nó neamh-chomhréireacht a bhraitear ina dhiaidh sin maidir leis an táirge TFC, an tseirbhís TFC, an próiseas TFC, an tseirbhís slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintitis deimhnithe, ar leochaileachtaí nó neamh-chomhréireachtaí iad ar dócha go mbeidh tionchar acu ar a chomhréireacht leis an deimhniú. Cuirfidh an comhlacht sin an fhaisnéis sin ar aghaidh gan moill mhíchuí chuig an údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála lena mbaineann agus déanfaidh sé measúnú ar an tionchar ar an deimhniú i gcomhréir le coinníollacha na scéime dá dtagraítear in Airteagal 81, pointe (f).

ENISA

An pobal i gcoitinne

Údaráis na mBallstát

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

Faisnéis atá ábhartha do phróisis deimhniúcháin a chomhroinnt

Sreabhadh sonraí

Próiseáil sonraí

Airteagal 86

Scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála

4.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus ECCG ar an eolas sula nglacfaidh siad scéimeanna náisiúnta nua um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas.

ENISA

Na Ballstáit

An Coimisiún Eorpach

Faisnéis a roinnt

Sreabhadh sonraí

Airteagal 88

Údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála 

2. Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi chéannacht na n‑údarás náisiúnta ainmnithe um dheimhniú cibearshlándála. I gcás ina n‑ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás amháin, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas freisin faoi na cúraimí a shanntar do gach ceann de na húdaráis sin.

6. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála an méid seo a leanas:

(c) faireachán a dhéanamh, i gcomhar leis na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh, ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí atá ar mhonaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó eintitis a bhfuil a seasamh cibearshlándála deimhnithe a leagtar amach sa Rialachán seo agus atá bunaithe ar a gcríocha faoi seach agus a dhéanann féinmheasúnú comhréireachta agus sa chibearshlándáil Eorpach chomhfhreagrach, agus na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú

scéim deimhniúcháin;

(d)    gan dochar d’Airteagal 91(3), cúnamh agus tacaíocht a thabhairt, ar bhonn gníomhach, do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta nó d’údaráis ábhartha eile faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta chun críocha an Rialacháin seo;

(e)    oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach i gcás ina ndéantar agóid in aghaidh inniúlacht comhlachta um measúnú comhréireachta de bhun Airteagal 94; 

(f)    faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 85(3);

(g)    i gcás inarb infheidhme, údarú a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 93, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sonrach nó breise a leagtar amach i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 81(3), pointe (f), agus na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú, agus údarú atá ann cheana a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcás nach gcomhlíonann comhlachtaí um measúnú comhréireachta ceanglais an Rialacháin seo;

(h)    gearáin a láimhseáil arna gcur isteach ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha i ndáil le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála arna n‑eisiúint ag na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála nó, ag deimhnithe Eorpacha cibearshlándála a eisíonn comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le [hAirteagal 85(4)] nó i ndáil le ráitis chomhréireachta de chuid an Aontais a eisítear faoi Airteagal 83, ábhar an ghearáin a imscrúdú, a mhéid is iomchuí, agus an gearánaí a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn agus toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnach;

(i)    tuarascáil bhliantúil maidir lena phríomhghníomhaíochtaí a sholáthar don Choimisiún, do ENISA agus do ECCG faoin 31 Márta [bliain theacht i bhfeidhm + 12 mhí] gach bliain, agus na tuarascálacha sin a chur ar fáil don fhoireann athbhreithnithe piaraí i gcás ina bhfuil an t‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála faoi réir athbhreithniú piaraí i gcomhréir le hAirteagal 89;

(j)    oibriú i gcomhar le húdaráis náisiúnta eile um dheimhniú cibearshlándála, le húdaráis um fhaireachas margaidh nó le húdaráis phoiblí eile, lena n‑áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt faoi na cásanna sin inar féidir nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo nó ceanglais na scéimeanna Eorpacha sonracha um dheimhniú cibearshlándála á gcomhlíonadh le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas;

(k)    faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha i réimse an deimhnithe i ndáil leis an gcibearshlándáil. 

 

8. Oibreoidh údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún agus, go háirithe, trí fhaisnéis, taithí agus dea-chleachtais a mhalartú a mhéid a bhaineann leis an deimhniú cibearshlándála agus saincheisteanna teicniúla a bhaineann le cibearshlándáil na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC, próisis na seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas.

9.    Faoin [teacht i bhfeidhm + 6 mhí], forbróidh ENISA teimpléad don tuarascáil dá dtagraítear i mír 6 pointe (i) den Airteagal seo, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le ECCG.

ENISA

Údaráis na mBallstát

An Coimisiún Eorpach

An pobal i gcoitinne

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi na ÚNDCanna ainmnithe

Déanfaidh údaráis na mBallstát cúraimí éagsúla faireacháin, maoirseachta agus comhair a mbeidh sreafaí sonraí agus próiseáil dátaí ag teastáil ina leith

Sreabhadh sonraí

Próiseáil sonraí

Airteagal 89

Athbhreithniú piaraí

5. Tacóidh ENISA le heagrú an tsásra athbhreithnithe piaraí agus na n‑athbhreithnithe piaraí, lena n‑áirítear trí threoirdhoiciméid agus teimpléid ábhartha a fhorbairt, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le ECCG.

7. Scrúdóidh ECCG an tuarascáil deiridh lena n‑áirítear treoirlínte nó moltaí a d’fhéadfadh a bheith ann, achoimre an athbhreithnithe piaraí, agus formhuineoidh sé an achoimre lena foilsiú ar an ábhar dá dtagraítear in Airteagal 79(2).

AE

ENISA

ECCG

Sonraí a chur ar fáil ar líne

Sreabhadh sonraí

Próiseáil sonraí

 

Airteagal 90

An Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála (ECCG)

3. Beidh na cúraimí seo a leanas ar ECCG:

[tagairt d’airteagail eile]

(h)    forbairtí ábhartha i réimse an deimhnithe cibearshlándála a scrúdú, lena n‑áirítear ar an leibhéal náisiúnta de bhun Airteagal 86, agus faisnéis agus dea-chleachtais maidir le scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a mhalartú;

(i)comhar a éascú idir údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála faoi na rialacha a leagtar amach sa Teideal seo trí fhothú acmhainneachta agus malartú faisnéise, go háirithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le deimhniú cibearshlándála;

[tagairt d’airteagail eile]

(k)    ailíniú scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le caighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta a éascú, lena n‑áirítear mar chuid de choinneáil ar bun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála atá cheana ann agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a thabhairt do ENISA maidir le plé a dhéanamh le heagraíochtaí Eorpacha nó idirnáisiúnta ábhartha um chaighdeánú chun aghaidh a thabhairt ar neamhdhóthanachtaí nó bearnaí sna caighdeáin aitheanta Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ar fáil.

Na Ballstáit

ENISA

An Coimisiún Eorpach 

Anailís, comhroinnt faisnéise agus comhar idir údaráis na mBallstát agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i ndáil le deimhniú Eorpach cibearshlándála

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 92

Comhchuibhiú breise ar inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta

4. I gcás ina bhfaighidh údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála iarraidh de bhun mhír 3, cuirfidh sé é sin in iúl d’údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta iarrthach bunaithe. Sna cásanna sin, féadfaidh údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála an Bhallstáit sin páirt a ghlacadh san údarú mar bhreathnóir.

Údaráis na mBallstát

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

Comhroinnt agus coinneáil faisnéise

Sreabhadh sonraí

Próiseáil sonraí

Airteagal 93

Fógraí a thabhairt faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta

1.I gcás gach scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, tabharfaidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála de chuid Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na comhlachtaí um measúnú comhréireachta arna gcreidiúnú agus, i gcás inarb infheidhme, arna n‑údarú de bhun Airteagal 92.

2.Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála an fógra dá dtagraítear i mír 1 trí úsáid a bhaint as an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

ENISA

Na Ballstáit

An Coimisiún Eorpach

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

Fógraí a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe agus údaraithe

Sreafaí sonraí

Próiseáil sonraí

Airteagal 94

Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta

1.1. Imscrúdóidh an Coimisiún aon chás ina bhfuil amhras air, nó ina gcuirtear in iúl dó go bhfuil amhras air faoi inniúlacht comhlachta um measúnú comhréireachta na ceanglais agus na freagrachtaí a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh, nó faoi chomhlacht um measúnú comhréireachta a bheith ag leanúint de na ceanglais agus na freagrachtaí sin a chomhlíonadh.

2.Soláthróidh an t‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, an fhaisnéis uile a bhaineann leis an mbonn leis an bhfógra nó le hinniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta lena mbaineann a choinneáil ar bun.

3.Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis íogair uile a fhaightear le linn a chuid imscrúduithe. 

4. I gcás ina bhfionnann an Coimisiún nach bhfuil comhlacht um measúnú comhréireachta ag comhlíonadh na gceanglas maidir lena fhógra nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an gcomhlacht sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála dá réir sin agus iarrfaidh sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n‑áirítear an fógra a tharraingt siar más gá.

An Coimisiún

Na Ballstáit

ENISA

Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta

Sreabhadh sonraí

Próiseas sonraí

Seirbhís phoiblí dhigiteach 

Airteagal 95

Oibleagáid faisnéise agus coinneála ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta

1. Cuirfidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta an t‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)    aon deimhniú a ndiúltaítear dó, a shriantar, a fhionraítear nó a tharraingítear siar;

(b)    aon imthosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 93(1) agus do choinníollacha an fhógra sin;

(c)    aon iarraidh ar fhaisnéis atá faighte acu ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

(d)    arna iarraidh sin, aon ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a fheidhmítear laistigh de raon feidhme a fhógra agus aon ghníomhaíocht eile dá bhfeidhmítear, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

2. Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 pointe (a) a sholáthar do ENISA freisin d’fhonn comhlíonadh a chúraim faoi Airteagal 79 a éascú.

3. Soláthróidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta do na comhlachtaí eile um measúnú comhréireachta faoin Rialachán seo a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta lena gcumhdaítear na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC, na seirbhísí slándála bainistithe céanna nó na heintitis chéanna a ndeimhnítear a seasamh cibearshlándála gan moill mhíchuí faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, arna iarraidh sin, torthaí dearfacha ar mheasúnú comhréireachta.

4. Coinneoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta córas taifead ar bun, ina mbeidh na doiciméid agus an fhianaise uile a sholáthraítear nó a fhaightear i ndáil le gach meastóireacht agus deimhniú a dhéanann siad. Stórálfar an taifead ar bhealach slán inrochtana ar feadh na tréimhse is gá chun críocha deimhniúcháin agus ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis dhul in éag nó tharraingt siar an deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála ábhartha.

Údaráis na mBallstát

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

Malartú faisnéise ó na comhlachtaí um measúnú comhréireachta

Sreabhadh sonraí

Próiseáil sonraí

Airteagal 96

Cearta chun gearán a thaisceadh agus an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil 

2.An t‑údarás nó an comhlacht a ndearnadh an gearán leis, cuirfidh sé an gearánach ar an eolas faoi gcaoi a mbeidh na himeachtaí ag dul ar aghaidh, faoin gcinneadh a rinneadh agus faoin gceart chun leigheas éifeachtach breithiúnach, dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a fháil.

4. De bhun an Airteagail seo, tabharfar imeachtaí os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil an t‑údarás nó an comhlacht a n‑iarrtar an leigheas breithiúnach ina choinne suite.

Údaráis na mBallstát

An Coimisiún Eorpach

An pobal i gcoitinne

Sealbhóirí deimhnithe

Sreabhadh faisnéise idir údaráis agus an pobal i gcoitinne maidir le gearáin 

Imeachtaí os comhair chúirteanna an Bhallstáit

Sreabhadh sonraí

Airteagal 97

Pionóis 

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Údaráis na mBallstát

An Coimisiún Eorpach

Sreabhadh faisnéise a bhaineann le fógra ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún maidir le pionóis.

Sreabhadh sonraí

Airteagal 99

Measúnuithe riosca slándála

Féadfaidh an Coimisiún nó trí Bhallstát ar a laghad a iarraidh ar an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise measúnuithe riosca comhordaithe a dhéanamh laistigh de 6 mhí. Féadfaidh an Coimisiún sprioc-amanna níos giorra a iarraidh. Forbróidh na measúnuithe riosca cásanna riosca agus toimhdeoidh siad anailís sonraí.

Na measúnuithe riosca slándála comhordaithe a ullmhú

I gcásanna a thugann údar le hidirghabháil láithreach, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit gan mhoill agus déanfaidh sé measúnú riosca.

Cinntí maidir le measúnuithe riosca a dhéanamh (próiseáil/anailís sonraí).

An Coimisiún Eorpach

Ballstáit den Aontas Eorpach

An Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise

ENISA

Faisnéis a iarraidh agus a fháil; anailís sonraí chun críocha measúnuithe riosca comhordaithe

Dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus measúnú riosca a dhéanamh

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 100 (1) agus (2) Ainmniú tríú tíortha a bhfuil ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil ag baint leo

1. Más rud é, mar thoradh ar an measúnú riosca slándála dá dtagraítear in Airteagal 99, nó bunaithe ar fhoinsí eile, amhail ráiteas poiblí thar ceann an Aontais nó thar ceann Ballstáit, go ndealraíonn sé go bhfuil rioscaí tromchúiseacha struchtúracha neamhtheicniúla ag baint le tríú tír do shlabhraí soláthair TFC, fíoróidh an Coimisiún an bhagairt a bhaineann leis an tír sin, agus sraith eilimintí á gcur san áireamh, as a dtiocfaidh próiseáil/anailís sonraí.

2. Nuair a chinnfidh an Coimisiún, tar éis an fhíoraithe dá dtagraítear i mír 1, go gcruthaíonn tríú tír rioscaí tromchúiseacha struchtúracha neamhtheicniúla do shlabhraí soláthair TFC, féadfaidh sé a chinneadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, an tríú tír sin a ainmniú mar thír lena mbaineann ábhair imní chibearshlándála do shlabhraí soláthair TFC, as a dtiocfaidh anailísiú ar phróiseáil sonraí agus sreafaí sonraí.

Ballstáit den Aontas Eorpach

An Coimisiún Eorpach

Faisnéis a fháil, anailís a dhéanamh ar fhaisnéis, faisnéis a mhalartú.

Sreafaí sonraí

Próiseáil sonraí

Airteagal 101

Sásra ginearálta don slabhra soláthair TFC

Airteagal 102

Príomhshócmhainní TFC a shainaithint agus

Airteagal 103

Bearta maolaithe sna slabhraí soláthair TFC

1. I gcás ina ndearna an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise measúnú riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 99(1) agus (2) den Rialachán seo, nó tar éis an nós imeachta a thabhairt chun críche i gcás cibearbhagairt shuntasach de bhun Airteagal 99(3), féadfaidh an Coimisiún bearta a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagail 102 agus 103.

Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena saineofar príomhshócmhainní TFC agus bearta maolaithe, lena n‑áirítear srianta agus toirmisc ar shlabhraí soláthair TFC (a shonraítear i roinn 4.5 thíos). Agus é ag ullmhú don phróiseas sin, cuirfidh an Coimisiún roinnt gnéithe san áireamh, ar gnéithe iad a spreagann próiseáil/anailís sonraí agus, i gcásanna áirithe, sreabhadh sonraí:

Airteagal 102 (a)-(f)

Airteagal 103 (4) (a)-(d)

Airteagal 103(6)

An Coimisiún Eorpach

An Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise

Páirtithe leasmhara ábhartha

Anailís ar shonraí/ar phróiseáil sonraí; comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ábhartha

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 104

Soláthróirí ardriosca a shainaithint

Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bunóidh an Coimisiún liostaí de sholáthróirí ardriosca is ábhartha do na toirmisc a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 103(1) nó don toirmeasc dá dtagraítear in Airteagal 111(1).

Déanfaidh an Coimisiún na soláthróirí a sholáthraíonn comhpháirteanna agus comhpháirteanna TFC ina bhfuil comhpháirteanna TFC a mhapáil agus déanfaidh sé measúnú tosaigh, ar soláthróirí iad a d’fhéadfadh a bheith bunaithe i dtríú tíortha arna n‑ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 100 nó a d’fhéadfadh a bheith á rialú ó na tríú tíortha sin. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an áit bhunaíochta chomh maith leis an struchtúr úinéireachta agus rialaithe.

Beidh an Coimisiún i dteideal an fhaisnéis is gá a iarraidh ar na soláthróirí agus roinnfidh sé réamhthorthaí maidir leis an measúnú ar bhunú, úinéireacht agus rialú leis an soláthróir lena mbaineann agus tabharfaidh sé deis dóibh éisteacht a fháil.

Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar údarás inniúil an measúnú tosaigh ar bhunú, úinéireacht agus rialú soláthróra a dhéanamh, i gcás ina bhfuil údar cuí leis i bhfianaise shaintréithe oibriú an tsoláthróra sin. Féadfaidh údarás inniúil tairiscint a dhéanamh chun measúnú tosaigh den sórt sin a dhéanamh. Fíoróidh an Coimisiún na torthaí tosaigh sin d’fhonn a chinneadh ar cheart an soláthróir a áireamh ar liosta na soláthróirí ardriosca.

Déanfaidh an Coimisiún liostaí na soláthróirí ardriosca a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta d’fhonn soláthróirí ardriosca a bhaint nó a chur leis. Féadfaidh soláthróirí ardriosca a áirítear ar an liosta a iarraidh ar an gCoimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar a struchtúr bunaíochta, rialaithe agus úinéireachta ar sholáthar fianaise go ndearnadh athruithe ábhartha.

An Coimisiún Eorpach

Údaráis inniúla

Soláthróirí

Anailís ar shonraí/ar phróiseáil sonraí; comhairliúchán le húdaráis inniúla, comhairliúchán le soláthróirí

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 105

Díolúine d’eintitis atá bunaithe i dtríú tír nó atá á rialú ag eintitis ó thríú tír lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil

Airteagal 108

Rúndacht

(1) Eintiteas atá bunaithe i dtríú tír ainmnithe nó atá á rialú ó thríú tír ainmnithe lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún.

(3) Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chinneadh agus glacfaidh sé cinneadh ina gcuirfear san áireamh roinnt gnéithe a mbeidh anailís sonraí mar thoradh orthu. (Airteagal 105 (3 agus 4))

Ní úsáidfear faisnéis a gheobhaidh an Coimisiún ach amháin chun na críche dá bhfuarthas í.

An Coimisiún Eorpach

Eintitis atá bunaithe i dtríú tír ainmnithe lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil nó atá á rialú ag eintitis ó thríú tír ainmnithe

Iarraidh á fáil ag an gCoimisiún; anailís a dhéanamh ar shonraí.

Sreabhadh sonraí

Próiseáil sonraí

Airteagal 107

Clár

Déanfaidh an Coimisiún clár dá chinntí a choinneáil ar bun, a mbeidh rochtain ag an bpobal air agus dá dtagraítear in Airteagal 105. Luafar sa chlár ainmneacha na n‑eintiteas a bhí faoi réir na gcinntí.

An Coimisiún Eorpach

Eintitis atá bunaithe i dtríú tír ainmnithe nó atá á rialú ó thríú tír ainmnithe lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil

Clár a bhfuil rochtain ag an bpobal air á choinneáil ar bun ag an gCoimisiún.

Réiteach digiteach

Airteagal 111

Toirmisc ar líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus saillte

Cuirfidh an t‑údarás inniúil arna ainmniú faoin Rialachán seo an t‑údarás inniúil de bhun Rialachán (AE) XX/XXXX [togra le haghaidh an Ghnímh um Líonraí Digiteacha] ar an eolas gan mhoill faoi na bearta arna bhforchur ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte.

Údarás inniúil de réir bhrí Airteagal 9 nó Airteagal 20 de Rialachán (AE) XX/XXXX [togra le haghaidh an Ghnímh um Líonraí Digiteacha]

Soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte

Sreabhadh faisnéise ó údarás inniúil chuig eintitis i ndáil le húdaruithe.

Sreabhadh sonraí

Airteagal 112, (1), (4)

Údaráis inniúla

(1) Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as na cúraimí maoirseachta agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 114.

(4) Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún gan moill mhíchuí faoi ainmneacha na n‑údarás inniúil arna n‑ainmniú i gcomhréir le mír 1, faoi chúraimí na n‑údarás sin faoi seach agus faoi aon athruithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin. Poibleoidh gach Ballstát freisin ainmneacha na n‑údarás inniúil arna n‑ainmniú i gcomhréir le mír 1.

 

Ballstáit den Aontas Eorpach

An Coimisiún Eorpach

An pobal i gcoitinne

Na Ballstáit a ainmníonn údaráis inniúla agus a thugann fógra don Choimisiún.

Sreabhadh sonraí

Airteagal 113

Líonra le haghaidh seirbhísí comhair agus tacaíochta an Choimisiúin

1. Bunóidh an Coimisiún líonra le haghaidh comhar idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún chun fónamh mar ardán le haghaidh comhair agus malartú faisnéise. Soláthróidh an Coimisiún an tacaíocht riaracháin don líonra.

2. Chun tacú leis na Ballstáit ina gcúraimí maoirseachta, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil soláthróirí a bhféadfadh toirmisc shonracha difear a dhéanamh dóibh bunaithe i dtríú tíortha nó an bhfuil siad á rialú ó thríú tíortha ar ábhar imní cibearshlándála iad, arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 100. Chun na críche sin, roinnfidh an t‑údarás inniúil faisnéis ábhartha leis an gCoimisiún.

3. Chun críoch an mheasúnaithe, beidh an Coimisiún i dteideal an fhaisnéis is gá a iarraidh ar na soláthróirí a bhféadfadh toirmisc shonracha arna mbunú i dtríú tíortha arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 100 nó arna rialú uathu difear a dhéanamh dóibh.

4. Nuair a bheidh measúnú curtha i gcrích, roinnfidh an Coimisiún na torthaí leis na húdaráis inniúla laistigh den líonra a bhunaítear de bhun mhír 1. Cuirfidh na húdaráis inniúla na heintitis lena mbaineann den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 ar an eolas in am trátha faoi na torthaí.

5. I gcás ina bhfaighidh údarás inniúil amach faoi sholáthróir a bhféadfadh toirmisc shonracha difear a dhéanamh dó, go bhfuil sé bunaithe i dtríú tíortha nó go bhfuil sé á rialú ó thríú tíortha ar ábhar imní cibearshlándála iad, agus nach ndearnadh measúnú air, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas gan moill mhíchuí.

An Coimisiún

Údaráis inniúla

Eintitis den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555

Measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar sholáthróirí agus comhroinnt le húdaráis inniúla a chomhroinneann le heintitis den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555

An Coimisiún ag iarraidh faisnéise ó sholáthróirí

Údaráis inniúla a chuireann an Coimisiún ar an eolas

Próiseáil sonraí

Sreafaí sonraí

Airteagal 114

Bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin

Ceanglais ar na Ballstáit lena n‑áiritheofar sreabhadh faisnéise leis na heintitis dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555.

Sula nglacfaidh siad bearta, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do na heintitis lena mbaineann faoina réamhthorthaí.

Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún.

Ballstáit den Aontas Eorpach

An Coimisiún Eorpach

Eintitis i gcomhthéacs Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555

Ceanglais lena n‑áirithítear sreabhadh faisnéise;

Sreabhadh sonraí

Próiseáil sonraí

Airteagal 115

Pionóis

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

An Coimisiún Eorpach

Ballstáit den Aontas Eorpach

Na Ballstáit a thugann fógra don Choimisiún

Sreabhadh sonraí

Airteagal 116

Cúnamh frithpháirteach

I gcás ina soláthraíonn eintiteas dá dtagraítear in Iarscríbhinní I nó II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 seirbhísí i níos mó ná Ballstát amháin nó i gcás ina soláthraíonn sé seirbhísí i mBallstát amháin nó níos mó agus ina bhfuil a phríomhshócmhainní lonnaithe i mBallstát amháin eile nó níos mó, oibreoidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann i gcomhar le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh dá chéile de réir mar is gá.

Leis an gcúnamh frithpháirteach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), féadfar iarrataí ar fhaisnéis agus bearta maoirseachta a chumhdach, lena n‑áirítear iarrataí chun cigireachtaí ar an láthair nó maoirseacht lasmuigh den láthair nó iniúchtaí slándála spriocdhírithe a dhéanamh. Ní dhiúltóidh údarás inniúil a ndírítear iarraidh ar chúnamh chuige an iarraidh sin ach amháin má shuitear nach bhfuil an inniúlacht aige an cúnamh a iarradh a sholáthar, nach bhfuil an cúnamh a iarradh comhréireach le cúraimí maoirseachta an údaráis inniúil, nó go mbaineann an iarraidh le faisnéis a bheadh contrártha do shlándáil náisiúnta, slándáil phoiblí nó cosaint an Bhallstáit sin dá nochtfaí í nó gurb é atá i gceist léi gníomhaíochtaí a bheadh contrártha do shlándáil náisiúnta, slándáil phoiblí nó cosaint an Bhallstáit sin dá ndéanfaí iad. Sula ndiúltóidh sé d’iarraidh den sórt sin, rachaidh an t‑údarás inniúil i gcomhairle leis na húdaráis inniúla eile lena mbaineann agus, arna iarraidh sin do cheann de na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún.

I gcás inarb iomchuí agus de thoil a chéile, féadfaidh na húdaráis inniúla ó Bhallstáit éagsúla gníomhaíochtaí maoirseachta comhpháirteacha a dhéanamh.

Ballstáit den Aontas Eorpach

Cúnamh frithpháirteach i ngníomhaíochtaí maoirseachta.

Sreabhadh sonraí

Próiseáil sonraí

Airteagal 1, pointe 8, Treoir

Ionsaithe bogearraí éirice a thuairisciú

(Airteagal 27.13 an Dara Treoir NIS)  

in Airteagal 23, cuirtear isteach na míreanna 12 agus 13 seo a leanas: 

‘13. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás teagmhas suntasach arb é ionsaí bogearraí éirice is cúis leis, go gcuirfidh na heintitis lena mbaineann an méid seo a leanas in iúl, arna iarraidh sin do CSIRT nó, i gcás inarb infheidhme, an t‑údarás inniúil trí chainéal cumarsáide arna sholáthar ag CSIRT nó, i gcás inarb infheidhme, an t‑údarás inniúil:

an bhfuair an t‑eintiteas éileamh fuascailte agus, i gcás inarb infheidhme, cé uaidh a bhfuarthas é;

ar íocadh airgead fuascailte agus má íocadh, cé mhéad agus cén modh íocaíochta a bhí i gceist agus cén faighteoir nó faighteoir deiridh a bhí ann, lena n‑áirítear an chripteashócmhainn agus an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, i gcás inarb infheidhme.’

Ballstáit den Aontas Eorpach

Eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha

Tuairisciú

Sreabhadh sonraí

Airteagal 1, pointe 10, Treoir 

Liosta na n‑eintiteas agus na gclárlann

(Airteagal 27.1 an Dara Treoir NIS)  

Déanfaidh ENISA clárlann d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, chomh maith le heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn, a chruthú agus a choinneáil ar bun, ar bhonn na faisnéise a fhaightear ó na pointí teagmhála aonair i gcomhréir le mír 2.  

ENISA

Ballstáit an Aontais (eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha faoin Dara Treoir NIS, eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn)

Déanfaidh ENISA clárlann a chruthú agus a choinneáil ar bun

Réiteach Digiteach

Seirbhís phoiblí dhigiteach

 

Airteagal 1, pointe 11, Treoir 

Liosta na n‑eintiteas agus na gclárlann

(Airteagal 27.4(an Dara Treoir NIS)

‘4. Ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(4) a fháil, déanfaidh pointe teagmhála aonair an Bhallstáit lena mbaineann, gan moill mhíchuí, í a chur ar aghaidh chuig ENISA.’ 

ENISA

Ballstáit den Aontas Eorpach

Na Ballstáit a roinneann faisnéis le ENISA

Sreabhadh sonraí

Airteagal 1, pointe 12, Treoir

Cúnamh frithpháirteach 

(Airteagal 37a an Dara Treoir NIS (1), (2), (3)) 

1. Tabharfaidh ENISA cúnamh do na Ballstáit agus cúnamh frithpháirteach á thabhairt acu de réir bhrí Airteagal 37 agus cuideoidh sé leis na próisis chomhair sin a éascú d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha (...).

2. Déanfaidh ENISA anailís chuimsitheach (...), i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an nGrúpa Comhair, agus forbróidh sé modheolaíocht. Tabharfar an tuarascáil cothrom le dáta gach bliain.

(3.) Molfaidh ENISA, i gcás inarb iomchuí; treoirlínte a fhorbairt; cúnamh a thabhairt (...)  

ENISA

Ballstáit den Aontas Eorpach

Eintitis thábhachtacha agus fhíor-riachtanacha de réir bhrí an Dara Treoir NIS

An Coimisiún Eorpach

Tabharfaidh ENISA cúnamh do na Ballstáit agus éascóidh sé an próiseas comhair. Anailís, treoirlínte, modheolaíocht, tuarascálacha a dhéanamh.

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

Airteagal 1, pointe 12, Treoir

Cúnamh frithpháirteach 

(Airteagal 37a an Dara Treoir NIS (4)) 

4. Chun críche mhír (4) pointe (e) den Airteagal seo, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, i gcás ina mbeidh fáil orthu, an méid seo a leanas a sholáthar do ENISA (….).

5. I gcás ina bhfaighidh Ballstát cúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 37(1), an chéad fhomhír, pointe (c), cuirfidh an pointe teagmhála aonair ENISA ar an eolas gur tharla cúnamh frithpháirteach. 

ENISA

Ballstáit den Aontas Eorpach

 

Malartú faisnéise

Sreabhadh sonraí

Airteagal 119

An tarmligean a fheidhmiú

3.    A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

An Coimisiún Eorpach

Parlaimint na hEorpa 

An Chomhairle 

Faisnéis a seoladh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle 

Sreabhadh sonraí

Airteagal 120

Meastóireacht agus athbhreithniú 

1.    Faoin [LL MM BBBB], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, coimisiúnóidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmíocht ENISA maidir lena cuspóirí, lena sainordú, lena misean, lena cúraimí, lena rialachas agus lena suíomh i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin.

5.    Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta maidir le torthaí na meastóireachta. Cuirfear fionnachtana na meastóireachta sin ar fáil don phobal.

ENISA

An Coimisiún

An pobal i gcoitinne

Sonraí a bhailiú agus a anailísiú; faisnéis a chur ar fáil go poiblí

Próiseáil sonraí

Sreabhadh sonraí

4.2.Sonraí

Tuairisc ardleibhéil ar na sonraí sa raon feidhme agus aon chaighdeán gaolmhar/sonraíocht ghaolmhar 

Cineál sonraí 

 

Tagairt/tagairtí do na ceanglais 

 

                 Caighdeán agus/nó sonraíocht  

                 (más infheidhme) 

Sonraí a bhaineann le hanailís/tuarascálacha atá ábhartha maidir le hathléimneacht agus sochaí na cibearshlándála  

Airteagal 5(1)(a), (b), (c), (e), (f), (h) 

Airteagal 5(2), (3) agus (4) 

Airteagal 6 

Airteagal 7 

Airteagal 8 

Airteagal 9 

Airteagal 10 

Airteagal 11(2)(b), (c) 

Airteagal 12(4) 

Airteagal 15 

Airteagal 1, pointe 7, Treoir 

Agus na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 11, mír 1, pointí (a) go (e), agus mír 2, á ndéanamh aige, úsáidfidh ENISA a anailísí féin agus, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis a gheofar agus a chúraimí á ndéanamh aige, lena n‑áirítear: 

(a) faisnéis arna soláthar i bhfoinsí atá ar fáil go poiblí, lena n‑áirítear leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí i dtáirgí TFC nó i seirbhísí TFC atá ar fáil sa bhunachar sonraí Eorpach maidir le leochaileachtaí arna bhunú de bhun Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2022/2555;

(b) faisnéis arna comhroinnt ag na Ballstáit, eintitis de chuid an Aontais, CERT-EU, an earnáil phríobháideach nó comhpháirtithe neamhrialtasacha agus tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, faoi réir aon teorainneacha trí bhíthin marcáil infheicthe ar dháileadh breise na faisnéise sin.

Eiseoidh ENISA treoirlínte maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras faisnéise gréasáin a úsáidtear chun faisnéis a chomhroinnt, lena n‑áirítear maidir le Cibearmhoil Trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2025/38.

Sonraí atá ábhartha don chomhar oibríochtúil agus don fheasacht staide  

Airteagal 10(4)(a) – (g) 

Airteagal 10(6) 

Airteagal 11(1)(a) – (g) 

Airteagal 11(2)(a), (b), (c) 

Airteagal 11(3) 

Airteagal 11(4) 

Airteagal 13(2) 

Airteagal 15 

Airteagal 16(2)(e) 

Caighdeáin maidir le rúndacht agus faisnéis íogair a láimhseáil 

Agus na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 11, mír 1, pointí (a) go (e), agus mír 2, á ndéanamh aige, úsáidfidh ENISA a anailísí féin agus, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis a gheofar agus a chúraimí á ndéanamh aige, lena n‑áirítear: 

(a) faisnéis arna soláthar i bhfoinsí atá ar fáil go poiblí, lena n‑áirítear leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí i dtáirgí TFC nó i seirbhísí TFC atá ar fáil sa bhunachar sonraí Eorpach maidir le leochaileachtaí arna bhunú de bhun Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2022/2555;

(b) faisnéis arna comhroinnt ag na Ballstáit, eintitis de chuid an Aontais, CERT-EU, an earnáil phríobháideach nó comhpháirtithe neamhrialtasacha agus tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, faoi réir aon teorainneacha trí bhíthin marcáil infheicthe ar dháileadh breise na faisnéise sin.

Sonraí atá ábhartha do na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála agus d’údarú soláthraithe 

Sonraí atá ábhartha maidir le spriocanna, cuspóir agus inneachar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála 

Airteagal 17 

Airteagal 18 

Airteagal 19-23 

Airteagail 72, 73, 74, 75, 76, 77, 79, 81, 83, 84

Áireofar an méid seo a leanas i scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála (...):rialacha a bhaineann le taifid a bheith á gcoinneáil ag soláthraithe dearbhaithe údaraithe

Áiritheoidh soláthraithe údaraithe, arna iarraidh sin don duine aonair, go n‑eiseofar dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála mar ríomhdhearbhuithe tréithe i bhformáid is féidir a stóráil sna Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

.

 Ba cheart don Choimisiún agus do ENISA forálacha ábhartha reachtaíocht an Aontais a leanúint agus scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála á bunú acu maidir leis an méid a bhaineann le sonraí. 

Sonraí a bhaineann le rialachas an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála 

Airteagail 85, 86, 88, 89, 90, 92, 93, 94, 95, 96, 97

Ba cheart do ENISA, do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus d’údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála rúndacht sonraí a áirithiú agus forálacha scéime ábhartha ina dtagraítear do chaighdeáin idirnáisiúnta ina sonraítear na ceanglais a leanúint.

Sonraí atá ábhartha d’fheidhmeanna inmheánacha ENISA (buiséad, An Doiciméad Clársceidealaithe Aonair, straitéisí inmheánacha) 

Airteagal 25 

Airteagal 28(1) 

Airteagal 30 

Airteagal 31(8) 

Airteagal 32(3), (5) 

Airteagal 35(5), (6) 

Airteagal 36-43 

Airteagal 44 

Airteagal 45 

Airteagal 47(10) 

Airteagal 48-49 

Airteagal 52, Airteagal 58 

Teimpléid agus treoirlínte maidir le rialáil airgeadais; treoirlínte inmheánacha  

Sonraí pearsanta 

Airteagal 22 

Teideal II, Caibidil III, Roinn 6 An Bord Achomhairc 

Airteagal 66 

Airteagal 80 (1) (c), (x) 

Airteagal 81(2)

Airteagal 88 (6) (h) 

Airteagal 95 

Airteagal 96

Rialachán (AE) 2018/1725 

Rialachán (AE) 2016/679 

Sonraí, arna mbailiú agus arna n‑anailísiú i gcomhthéacs measúnuithe riosca comhordaithe a dhéanamh, cásanna riosca a fhorbairt agus príomhshócmhainní TFC a shainaithint

Airteagal 98

Airteagal 99

Airteagal 102

Airteagal 103

Airteagal 105

Gan dochar d’Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/2847 agus d’Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555

Sonraí maidir le tríú tíortha/ eintitis de chuid tríú tíortha

Airteagal 100(1), (3), (4)

Airteagal 104

Airteagal 105

Airteagal 107

Airteagal 113

Ní bhaineann le hábhar

Sonraí a bhaineann leis na húdaráis náisiúnta

Airteagal 112

Airteagal 114

Airteagal 116

Ní bhaineann le hábhar

Sonraí atá ábhartha maidir leis na measúnuithe riosca 

Airteagal 5(2) 

Caighdeáin maidir le rúndacht agus faisnéis íogair a láimhseáil 

Cúnamh frithpháirteach idir na Ballstáit 

Rialachán 5(1)(g) agus Airteagal 1, pointe 12 de Threoir  

/ 

Ailíniú leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí

Míniú ar an gcaoi a bhfuil an ceanglas/na ceanglais ailínithe leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí

Tá na ceanglais laistigh de thogra an Dara Gníomh um Chibearshlándáil ailínithe gan aon tionchar sonrach a mhéid a bhaineann leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí.

Ailíniú le prionsabal na haonuaire     

Mínigh an chaoi a mbreithníodh prionsabal na haonuaire agus an chaoi a ndearnadh iniúchadh ar an bhféidearthacht sonraí atá ann cheana a athúsáid 

‑Ceann de chuspóirí an togra is ea iarrachtaí simplithe an Choimisiúin a uasmhéadú agus an tualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar pháirtithe leasmhara a laghdú. Le blianta beaga anuas, tá ENISA anois ina mhol faisnéise, ina bhfuil faisnéis ó fhoinsí éagsúla. Sa chiall sin, baineann go leor de na cúraimí atá ar ENISA le faisnéis a athúsáid agus a athchúrsáil chun críoch anailísí éagsúla. Mar shampla: chun críoch áirithe, athúsáid a bhaint as faisnéis ar tugadh fógra fúithi de bhun Airteagail 23 agus 30 de Threoir (AE) 2022/2555; ar tugadh fógra ina leith, a comhroinneadh nó a ndearnadh anailís orthu de bhun Airteagal 14(1)-(3), Airteagal 15 agus Airteagal 17(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2024/2847. Tá forálacha an chreata don slabhra soláthair ag glacadh leis go dtacófar lena chur chun feidhme leis na sonraí a fhaightear trí Airteagal 22 de Threoir (AE) 2022/2555, ina léirítear athúsáid faisnéise agus comhordú.

Mínigh an chaoi a bhfuil sonraí nuachruthaithe inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte, agus an chaoi a gcomhlíonann siad caighdeáin ardcháilíochta  

Léirítear go sainráite sa togra reachtach cathain ba cheart sonraí a chur ar fáil go poiblí. Tá breithniú á dhéanamh sa togra ar chineál na bhforálacha lena mbaineann gnéithe slándála agus rúndachta go docht agus, dá bhrí sin, ní le haghaidh tomhaltas poiblí a bheidh na sonraí uile a chruthófar faoin athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil. Maidir leis na forálacha is gá, áirithíodh ailíniú leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití. Tá sé de chúram ar ENISA seirbhís luathfholáirimh a thairiscint i bhformáid mheaisín-inléite.

Sreafaí sonraí

Tuairisc ardleibhéil ar na sonraí sa raon feidhme agus aon chaighdeán gaolmhar/sonraíocht ghaolmhar

Cineál sonraí 

 

Mínigh an sreabhadh sonraí 

 

 

Tagairtí  

ENISA a sholáthraíonn tuarascálacha agus anailís, treoraíocht theicniúil agus dea-chleachtais.   

Is sreabhadh sonraí é sin atá dírithe ar pháirtithe leasmhara ENISA, lena dtacaítear le cur chun feidhme bheartas agus dhlí an Aontais. Sna sreafaí sonraí sin, bailíonn ENISA faisnéis, an chuid is mó den am trí fhoinsí poiblí, déanann sé anailís agus comhroinneann sé na torthaí lena pháirtithe leasmhara. Tá cúraimí áirithe á gcur chun feidhme ag ENISA freisin arna iarraidh sin don Choimisiún. 

Airteagal 5(1)(a), (b), (c), (e), (f), (h)  

Airteagal 5(2); Airteagal 5(3); Airteagal 5(5)

Airteagal 6 

Airteagal 7

Airteagal 8 

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11(2) 

Airteagal 11(4) 

Airteagal 14

Sreafaí sonraí idir an Coimisiún, ENISA, na Ballstáit agus gníomhaithe ábhartha eile laistigh d’éiceachóras cibearshlándála an Aontais, de réir bhrí an chomhair oibríochtúil. 

Bunaítear an cineál sin sreafaí sonraí chun críocha an chomhair oibríochtúil agus na feasachta staide. Tá an malartú faisnéise sa dá threo, isteach agus amach. Déantar sonraí oibríochtúla a mhalartú. 

Airteagal 10(4)(a)-(g) 

Airteagal 11(1)(b)-(g) 

Airteagal 11(2)(a), (b)

Airteagal 11(3) 

Airteagal 15

Airteagal 16(2)(e)

Sreafaí sonraí a bunaíodh chun tacú leis an gCreat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála agus leis na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála agus lena gcur chun feidhme 

Tacaíonn na sreafaí sonraí sin le malartuithe isteach agus amach le haghaidh na nithe seo a leanas:

– coinneáil ar bun agus glacadh an Chreata Eorpaigh um Scileanna Cibearshlándála, le sreafaí idir ENISA agus comhaltaí a mheithle ad hoc agus idir ENISA agus an Coimisiún;

– scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt agus a choinneáil ar bun le sreafaí idir ENISA agus comhaltaí a mheithle ad hoc agus idir ENISA, an Coimisiún agus na Ballstáit;

– scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a chur chun feidhme le sreafaí sonraí idir iarratasóirí agus ENISA;

– sreafaí sonraí idir an Bord Achomhairc, ENISA, an Coimisiún agus iarratasóirí.

Airteagal 19 go 23 

Airteagal 36 go 43

 

Sonraí atá ábhartha maidir le spriocanna, cuspóir agus inneachar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála 

Tá an cineál sin sreafaí sonraí ábhartha maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a phleanáil, a iarraidh, a fhorbairt, a ghlacadh agus a choinneáil ar bun (lena n‑áirítear athbhreithniú féideartha). Baineann sé go háirithe le rannpháirtíocht agus sainchomhairle na bpáirtithe leasmhara, ENISA, údaráis na mBallstát trí ECCG ag céimeanna éagsúla den nós imeachta. Thairis sin, baineann sreafaí sonraí breise le faisnéis ábhartha a sholáthar don phobal i gcoitinne trí shuíomhanna gréasáin tiomnaithe de chuid an Choimisiúin agus ENISA. Ar deireadh, beartaítear leis an gcreat go mbeidh faisnéis fhorlíontach chibearshlándála ar fáil go poiblí ag monaróirí nó ag soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC ar eisíodh ráiteas comhréireachta ón Aontas nó deimhniú Eorpach cibearshlándála ina leith as a stuaim féin.

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagail 72, 73, 74, 75, 76, 77, 79, 81, 83, 84

Sonraí a bhaineann le rialachas an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála 

Tacaíonn na sreafaí sonraí sin le malartuithe isteach agus amach le haghaidh na nithe seo a leanas:

– scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a chomhordú agus a bhainistiú

– creidiúnú agus údarú comhlachtaí um measúnú comhréireachta chomh maith le fógra a thabhairt ina leith ina dhiaidh sin trí nósanna imeachta ábhartha ardáin agus nósanna imeachta gaolmhara

– nósanna imeachta maidir le ceart cúitimh amhail an ceart gearán a thaisceadh, leigheas breithiúnach nó nósanna imeachta achomhairc agus athraithe

Airteagail 85, 86, 88, 89, 90, 92, 93, 94, 95, 96

Sreafaí sonraí i ndáil le gníomhaíochtaí riaracháin na Gníomhaireachta 

Sreafaí idir ENISA, an Bord Bainistíochta, na Ballstáit, an Coimisiún. Baineann an fhaisnéis le gníomhaíochtaí riaracháin na Gníomhaireachta, sa dá threo. Tá faisnéis á seoladh chuig Parlaimint na hEorpa freisin i gcásanna áirithe (cuirtear sreabhadh sonraí ina leith sin i láthair thíos)

Airteagal 25 

Airteagal 28(1) 

Airteagal 30 

Airteagal 31(8) 

Airteagal 32(3), (5) 

Airteagal 35(5), (6) 

Airteagal 36-43 

Airteagal 44

Airteagal 45

Sonraí a seoladh chuig Parlaimint na hEorpa 

Sreafaí chuig Parlaimint na hEorpa maidir le gníomhaíochtaí ENISA agus comhlíonadh cúraimí; bainistiú buiséid agus airgeadais, comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, éisteacht an iarrthóra ar stiúrthóir feidhmiúcháin; ábhair a bhaineann le deimhniú Eorpach cibearshlándála 

Airteagal 28(1)(f), Airteagal 31(8), Airteagal 32(3), Airteagal 44(3), Airteagal 49(6), Airteagal 49(9), Airteagal 70(5), Airteagal 72(4) agus (5), Airteagal 119(3) An tarmligean a fheidhmiú, Airteagal 120 Meastóireacht agus athbhreithniú

Sonraí a seoladh chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh 

Sreafaí chuig Parlaimint na hEorpa maidir le gníomhaíochtaí ENISA agus comhlíonadh cúraimí; bainistiú buiséid agus airgeadais, comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, éisteacht an iarrthóra ar stiúrthóir feidhmiúcháin;scéimeanna iarrthacha atá á bhforbairt de bhun an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála.

Airteagal 28(1)(f), Airteagal 31(8), Airteagal 32(3), Airteagal 32(7),

Airteagal 49(6), Airteagal 49(9), Airteagal 70(5), Airteagal 72(4), (5), Airteagal 119(3) An tarmligean a fheidhmiú, Airteagal 120 Meastóireacht agus athbhreithniú

Sreafaí sonraí i ndáil le gearán a dhéanamh  

Gearáin ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a láimhseáil a bhaineann le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála arna n‑eisiúint ag údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála nó i ndáil le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála arna n‑eisiúint ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 84(4) nó a bhaineann le ráitis chomhréireachta ón Aontas

Beidh sé de cheart ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha gearán a thaisceadh le heisitheoir deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála nó, i gcás ina mbaineann an gearán le deimhniú Eorpach cibearshlándála arna eisiúint ag comhlacht um measúnú comhréireachta

Airteagal 55(3); Airteagal 88(7)(f); Airteagal 96

Sreafaí sonraí maidir le hionsaithe bogearraí éirice  

Faisnéis áirithe a thuairisciú i gcás ionsaithe bogearraí éirice 

Airteagal 1, pointe 8, Treoir

   

Cineál sonraí

Tagairtí do na ceanglais

Gníomhaithe a sholáthraíonn na sonraí

Gníomhaithe a fhaigheann na sonraí

Truicear don mhalartú sonraí

Minicíocht (más infheidhme)

Sreafaí sonraí idir an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhthéacs measúnuithe riosca slándála comhordaithe a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 99

Measúnuithe riosca slándála

An Coimisiún agus na Ballstáit

Na Ballstáit (an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise)

Airteagal 99

Measúnuithe riosca slándála

Ní bhaineann le hábhar

Sreafaí sonraí idir an Coimisiún agus an Chomhairle i ndáil le hainmniú tríú tíortha a bhfuil imní cibearshlándála ag baint leo

Airteagal 100

Ainmniú tríú tíortha a bhfuil ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil ag baint leo

An Coimisiún

An Chomhairle

Airteagal 100

Fíorú an Choimisiúin ar an mbagairt ó thríú tír

Sreafaí sonraí idir an Coimisiún agus na Ballstáit i ndáil le bearta maolaithe i gcás imthosca eisceachtúla

Airteagal 103 (6)

Bearta maolaithe sna slabhraí soláthair TFC

An Coimisiún

Na Ballstáit

Cúinsí eisceachtúla

Ní bhaineann le hábhar

Sreafaí sonraí idir an Coimisiún agus soláthróirí agus an Coimisiún agus údaráis inniúla maidir le measúnú ar bhunú agus úinéireacht agus rialú soláthróirí

104 (4), (5), (6)

Soláthróirí ardriosca a shainaithint 

Soláthróirí

An Coimisiún

Údaráis Inniúla

Údaráis Inniúla

Soláthróirí

An Coimisiún

Gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 103(1) agus i ndáil le toirmeasc in Airteagal 111(1)

Ní bhaineann le hábhar

Sreabhadh sonraí idir an Coimisiún agus na Ballstáit i ndáil le cumhachtaí maoirseachta i ndáil le cur chun feidhme an chreata iontaofa um shlándáil an tslabhra soláthair TFC

Airteagal 112, (1), (4)

Údaráis inniúla

Airteagal 114

Bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin

Na Ballstáit

An Coimisiún

Airteagal 112, (1), (4)

Údaráis inniúla

Airteagal 114

Bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin (eiseoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, liosta eintiteas atá cleamhnaithe le soláthróirí ardriosca.)

Ní bhaineann le hábhar

Sreabhadh sonraí idir an Coimisiún agus tríú páirtithe le haghaidh díolúintí

Airteagal 105

Díolúine d’eintitis atá bunaithe i dtríú tír nó atá á rialú ó thríú tír lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil

Tríú páirtithe (Eintitis atá bunaithe i dtríú tír nó atá á rialú ag eintitis ó thríú tír lena mbaineann ábhair imní chibearshlándála (de réir bhrí Airteagal 100) (agus iarraidh ar dhíolúine á cur isteach)

An Coimisiún Eorpach (agus cinntí á n‑eisiúint aige)

An Coimisiún (nuair a fhaigheann sé an iarraidh ar dhíolúine)

Tríú páirtithe (eintitis atá bunaithe i dtríú tír nó atá á rialú ag eintitis ó thríú tír lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil (de réir bhrí Airteagal 100) (agus an cinneadh ón gCoimisiún á fháil acu)

Cinneadh faoi Airteagal 100 Ainmniú tríú tíortha a bhfuil ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil ag baint leo

Ní bhaineann le hábhar

Sreabhadh sonraí idir na Ballstáit agus tríú páirtithe i ndáil le toirmisc i líonraí cumarsáide leictreonaí

Airteagal 111

Toirmisc ar líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte

Na Ballstáit (Údaráis inniúla)

Tríú páirtithe (Soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte)

Cuirfidh an t‑údarás inniúil arna ainmniú faoin Rialachán seo an t‑údarás inniúil de bhun Rialachán (AE) XX/XXXX [togra le haghaidh an Ghnímh um Líonraí Digiteacha] ar an eolas gan mhoill faoi na bearta a fhorchuirtear ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte

Ní bhaineann le hábhar

Sreabhadh sonraí idir an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhthéacs an líonra le haghaidh seirbhísí comhair agus tacaíochta

Airteagal 113

Líonra le haghaidh seirbhísí comhair agus tacaíochta an Choimisiúin

An Coimisiún

Na Ballstáit (Údaráis inniúla)

An Coimisiún

Na Ballstáit (Údaráis inniúla)

Ainmniú tríú tíortha a bhfuil ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil ag baint leo

Sreabhadh sonraí idir na Ballstáit agus tríú páirtithe i ndáil le bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin

Airteagal 114

Bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin

Tríú páirtithe (Eintitis den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555)

Na Ballstáit (Údaráis inniúla)

Cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear i dTeideal IV

Sreabhadh sonraí idir na Ballstáit le haghaidh cúnamh frithpháirteach

Airteagal 116

Cúnamh frithpháirteach

Na Ballstáit

Na Ballstáit

I gcás eintiteas dá dtagraítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn II de Threoir (AE) 2022/2555 ina bhfuil seirbhísí á soláthar aige i níos mó ná Ballstát amháin, nó ina bhfuil seirbhísí á soláthar aige i mBallstát amháin nó níos mó agus ina bhfuil a phríomhshócmhainní TFC lonnaithe i mBallstát amháin eile nó níos mó, rachaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann i gcomhar le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh dá chéile mar is gá.

Ní bhaineann le hábhar

4.3.Réitigh dhigiteacha

Tuairisc ardleibhéil ar réitigh dhigiteacha 

Míniú, i gcás gach réitigh dhigitigh, ar an gcaoi a gcomhlíonann an réiteach digiteach na beartais dhigiteacha agus na hachtacháin reachtacha is infheidhme 

Réiteach digiteach

Tagairtí do na ceanglais

Na príomhfheidhmiúlachtaí sainordaithe

An comhlacht atá freagrach

Conas a dhéantar freastal ar an inrochtaineacht?

Conas a chuirtear an ath-inúsáidteacht san áireamh?

Úsáid teicneolaíochtaí IS (más infheidhme)

Is é ENISA rúnaíocht ghréasán CSIRTanna agus EU-CyCLONe agus déanann sé uirlisí cumarsáide slána arna soláthar ag eintitis dhlítheanacha nach bhfuil bunaithe i dtríú tíortha nó á rialú ag tríú tíortha nó ag náisiúnaigh tríú tíortha a imscaradh laistigh de ghréasán CSIRTanna agus EU-CyCLONe.    

Airteagal 10(2), (3), (5)

Faisnéis nach faisnéis phoiblí í

ENISA

Faisnéis nach faisnéis phoiblí í

Faisnéis nach faisnéis phoiblí í

 

 Faisnéis nach faisnéis phoiblí í

 

Forbairt a dhéanamh, i gcomhar le EU-CyCLONe, le gréasán CSIRTanna, leis an gCoimisiún, le Europol agus le CERT-EU agus le heintiteas ábhartha de chuid an Aontais, ar stórtha d’fhaisnéis fhíoraithe iontaofa faoi chibearbhagairtí, lena n‑áirítear treochtaí maidir le teagmhais, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta.

 

 

 

Airteagal 11(1)(a)

 

faisnéis fhíoraithe iontaofa faoi chibearbhagairtí, lena n‑áirítear treochtaí maidir le teagmhais, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta

ENISA

EU-CyCLONe, gréasán CSIRTanna, an Coimisiún, Europol agus CERT-EU agus eintitis ábhartha de chuid an Aontais  

 

 

Ní bhaineann le hábhar

 

 

Ní bhaineann le hábhar

 

 

Ní bhaineann le hábhar

 

Coinneoidh ENISA stór ceachtanna foghlamtha. 

 

 

 

Airteagal 14(2)

Coinneoidh ENISA stór ceachtanna a foghlaimíodh ó chleachtaí agus molfaidh sé do na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, d’eintitis de chuid an Aontais conas is féidir na ceachtanna a foghlaimíodh a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil.  

 

ENISA

 

Ní bhaineann le hábhar

 

Ní bhaineann le hábhar

 

Ní bhaineann le hábhar

Déanfaidh ENISA uirlisí teicniúla oibríochtúla, amhail ardáin a bhaineann leis an gcibearshlándáil ar leibhéal an Aontais, go háirithe an t‑ardán tuairiscithe aonair arna bhunú de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/2847 [agus an pointe iontrála aonair le haghaidh tuairisciú teagmhas arna bhunú de bhun Airteagal 23a de Threoir (AE) 2022/2555], nó uirlisí tástála chun tacú le cur chun feidhme nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais, a bhunú, a sholáthar, a oibriú, a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá. 

 

 

 

Airteagal 15 

 

Ardán Tuairiscithe Aonair

 

Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/2847

 

[pointe iontrála aonair 

 

Airteagal 23a de Threoir (AE) 2022/2555]

ENISA

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

An bunachar sonraí leochaileachta Eorpach arna bhunú de bhun Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2022/2555 a choinneáil ar bun agus seirbhísí bainistithe leochaileachta a sholáthar 

 

 

Airteagal 16(2)

Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2022/2555

 

An bunachar sonraí a choinneáil ar bun agus seirbhísí bainistíochta leochaileachta a sholáthar

ENISA

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

 

Déanfaidh ENISA suíomh gréasáin tiomnaithe a choinneáil ar bun agus a nuashonrú go tráthrialta ar a soláthrófar faisnéis phoiblí

 

 

 

 

Airteagal 19-23

 

Suíomh gréasáin tiomnaithe a choinneáil ar bun agus a nuashonrú go tráthrialta ar a soláthrófar faisnéis phoiblí maidir leis an gCreat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála, lena n‑áirítear an creat agus an amlíne chun é a thabhairt cothrom le dáta; scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála, a ndul chun cinn agus amlínte maidir lena bhforbairt; na táillí a bhaineann le gach scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála; an costas táscach a bhaineann le dearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála; liosta na soláthraithe dearbhaithe údaraithe.

 

 

ENISA

 

Ní bhaineann le hábhar 

 

Ní bhaineann le hábhar

 

Ní bhaineann le hábhar

Déanfaidh an Coimisiún suíomh gréasáin poiblí tiomnaithe a choinneáil ar bun agus a nuashonrú go tráthrialta

Airteagal 72

 

An fhaisnéis seo a leanas:

(a)    Scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna n‑iarraidh le haghaidh forbartha;

(b)    tosaíochtaí straitéiseacha chun táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó ceanglais slándála reachtaíocht an Aontais a chomhchuibhiú, lena n‑áirítear réimsí féideartha a bhféadfaí scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a iarraidh ina leith. 

An Coimisiún Eorpach

Treoirlínte a chomhlíonadh 

 

Treoirlínte a chomhlíonadh

Ní bhaineann le hábhar

Déanfaidh ENISA suíomh gréasáin tiomnaithe um dheimhniú cibearshlándála a choinneáil ar bun  

 

Airteagal 79

Faisnéis a sholáthar maidir leis an méid seo a leanas:

(a) scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála;

(b) na táillí a bhaineann le gach scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a choinneáil ar bun;

(c) sonraíochtaí teicniúla ábhartha ENISA;

‑(d) deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta ón Aontas, lena náirítear faisnéis maidir leis na deimhnithe agus na ráitis sin nach bhfuil bailí a thuilleadh, nó a chuirtear ar fionraí, a tharraingítear siar nó a théann in éag;

(e) faisnéis chibearshlándála fhorlíontach ábhartha arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 84(2);

(f)achoimrí ar athbhreithnithe piaraí de bhun Airteagal 89(7);

(g)sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 74(10).

ENISA

Treoirlínte a chomhlíonadh

 

Treoirlínte a chomhlíonadh

 

Ní bhaineann le hábhar

Clár (de dhíolúintí le haghaidh eintitis atá bunaithe i dtríú tír nó atá á rialú ag eintitis ó thríú tír lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil)

Airteagal 107

Clár

Déanfaidh an Coimisiún clár dá chinntí a choinneáil ar bun, a mbeidh rochtain ag an bpobal air agus dá dtagraítear in Airteagal 105(4). Luafar sa chlár ainmneacha na n‑eintiteas a bhí faoi réir na gcinntí. Déanfaidh an Coimisiún é a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

An Coimisiún

‘Déanfaidh an Coimisiún clár a choinneáil ar bun a mbeidh rochtain ag an bpobal air’

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ardán (le haghaidh comhair agus malartú faisnéise idir an Coimisiún agus údaráis inniúla)

Airteagal 113

Bunóidh an Coimisiún líonra le haghaidh comhar idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún chun fónamh mar ardán le haghaidh comhair agus malartú faisnéise. Soláthróidh an Coimisiún an tacaíocht riaracháin don líonra.

An Coimisiún

Níl sé poiblí, d’údaráis inniúla amháin

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Déanfaidh ENISA clárlann d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, chomh maith le heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn, a chruthú agus a choinneáil ar bun.

Airteagal 1, pointe 11, Treoir

Clárlann na n‑eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach chomh maith le heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn

ENISA

Ní bhaineann le hábhar

Ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó na pointí teagmhála aonair i gcomhréir le mír 2. (Airteagal 27 an Dara Treoir NIS)

Ní bhaineann le hábhar

Réitigh dhigiteacha a áirítear sa tábla thuas 

Beartas digiteach agus/nó earnálach (i gcás inarb infheidhme) 

Míniú ar an gcaoi a bhfuil sé ailínithe 

An Gníomh um an Intleacht Shaorga 

Ní bhaineann le hábhar

Creat Cibearshlándála an Aontais 

Ní bhaineann le hábhar

eIDAS 

Ní bhaineann le hábhar

Tairseach Aonair Dhigiteach agus IMI 

Ní bhaineann le hábhar

Eile 

Ní bhaineann le hábhar

Tuairisc ardleibhéil ar na seirbhísí poiblí digiteacha a ndéanann na ceanglais difear dóibh

Seirbhís phoiblí dhigiteach nó catagóir de sheirbhísí poiblí digiteacha 

Tuairisc 

Tagairtí do na ceanglais 

Réiteach/Réitigh um Eoraip Idir-Inoibritheach  

(NÍ BHAINEANN LE hÁBHAR) 

Réitigh idir-inoibritheachta eile 

ENISA mar rúnaíocht líonraí agus uirlisí cumarsáide slána a chur in úsáid

Soláthróidh ENISA rúnaíocht ghréasán CSIRTanna de bhun Airteagal 15(2) de Threoir (AE) 2022/2555.Soláthróidh ENISA rúnaíocht EU-CyCLONe de bhun Airteagal 16(2) de Threoir (AE) 2022/2555 [agus an pointe iontrála aonair um thuairisciú teagmhas arna bhunú de bhun Airteagal 23a de Threoir (AE) 2022/2555], agus uirlisí tástála chun tacú le cur chun feidhme nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais. 

Déanfaidh ENISA uirlisí cumarsáide slána a imscaradh laistigh de ghréasán CSIRTanna agus de EU-CyCLONe arna soláthar ag eintitis dhlítheanacha nach bhfuil bunaithe i dtríú tíortha ná á rialú ag tríú tíortha nó ag náisiúnaigh tríú tíortha.    

Airteagal 11

//

Ní bhaineann le hábhar

Luathfholáirimh 

Luathfholáirimh a eisiúint

Airteagal 11

Airteagal 12

 

 

Tacaíocht i ndáil le teagmhas nó cibearbhagairt shonrach a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ar siúl faoi láthair

Arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó, comhairle agus measúnuithe a sholáthar i ndáil le teagmhas sonrach féideartha nó leanúnach nó le cibearbhagairt shonrach fhéideartha nó leanúnach, lena n‑áirítear trí shaineolas a sholáthar agus láimhseáil theicniúil teagmhas den sórt sin a éascú, agus trí thacú le comhroinnt dheonach faisnéise ábhartha agus réiteach teicniúil idir na Ballstáit;

Airteagal 10

 

 

Tacú le bainistiú comhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála ar an leibhéal oibríochtúil

Rannchuidiú le tacú le bainistiú comhordaithe teagmhas agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála ar an leibhéal oibríochtúil, go háirithe trí chúnamh a thabhairt do EU-CyCLONe tuarascálacha a ullmhú ar an leibhéal polaitiúil trí chomhroinnt thráthúil faisnéise idir gréasán CSIRTanna agus EU-CyCLONe a éascú.

Airteagal 10

 

 

Stórtha faisnéise fíoraithe iontaofa maidir le cibearbhagairtí

Forbairt a dhéanamh, i gcomhar le EU-CyCLONe, le gréasán CSIRTanna, leis an gCoimisiún, le Europol agus le CERT-EU agus le stórtha eintiteas ábhartha de chuid an Aontais, ar fhaisnéis fhíoraithe iontaofa faoi chibearbhagairtí, lena n‑áirítear treochtaí maidir le teagmhais, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta.

Airteagal 11

 

 

Stór ceachtanna foghlamtha

Coinneoidh ENISA stór ceachtanna a foghlaimíodh ó na cleachtaí sin agus molfaidh sé do na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, d’eintitis de chuid an Aontais conas is féidir na ceachtanna a foghlaimíodh a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil.

Airteagal 14

 

 

Déanfaidh ENISA uirlisí teicniúla oibríochtúla, amhail ardáin, a bhunú, a sholáthar, a oibriú, a chothabháil agus a nuashonrú de réir mar is gá.

Déanfaidh ENISA uirlisí teicniúla oibríochtúla, amhail ardáin a bhaineann leis an gcibearshlándáil ar leibhéal an Aontais, a bhunú, a sholáthar, a oibriú, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá, go háirithe an t‑ardán tuairiscithe aonair arna bhunú de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/2847 [agus an pointe iontrála aonair le haghaidh tuairisciú teagmhas arna bhunú de bhun Airteagal 23a de Threoir (AE) 2022/2555] agus uirlisí tástála chun tacú le cur chun feidhme nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais. 

Airteagal 15

 

 

An Bunachar Sonraí Leochaileachta Eorpach arna bhunú de bhun Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2022/2555 a choinneáil ar bun

An bunachar sonraí leochaileachta Eorpach arna bhunú de bhun Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2022/2555 a choinneáil ar bun.

Seirbhísí bainistithe leochaileachta a sholáthar do pháirtithe leasmhara, ag tógáil ar an mbunachar sonraí leochaileachta Eorpach agus úsáid á baint as faisnéis ábhartha atá ar fáil do ENISA.

Dul i mbun comhar struchtúrtha le heagraíochtaí a sholáthraíonn cláir, clárlanna nó bunachair sonraí atá cosúil leis an mbunachar sonraí leochaileachta Eorpach.

Tacú go gníomhach leis na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí de bhun Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555 maidir le nochtadh comhordaithe leochaileachtaí a bhainistiú a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar eintitis i níos mó ná Ballstát amháin.

Modheolaíochtaí agus sásraí rialachais a fhorbairt agus a choinneáil ar bun chun leochaileachtaí a shainaithint agus a nochtadh ar bhealach comhordaithe, i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta, CSIRTanna, an tionscal agus an pobal taighde.

 

Airteagal 16

 

 

Scéimeanna iarrthacha Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála ‘scéimeanna iarrthacha’ a ullmhú

Scéimeanna iarrthacha Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála (‘scéimeanna iarrthacha’) a ullmhú le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála na n‑eintiteas, agus sonraíochtaí teicniúla gaolmhara i gcomhréir le hAirteagal 74.

Scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 a choinneáil ar bun, lena n‑áirítear d’fhonn athbhreithniú féideartha a dhéanamh ar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 76.

Airteagal 17

 

 

Déanfaidh ENISA scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt agus a choinneáil ar bun

 

 

Déanfaidh ENISA scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. 

Eiseoidh ENISA cinneadh réasúnaithe lena ndeonófar údarú don iarratasóir dearbhuithe aonair Eorpacha a eisiúint chun na scéimeanna agus an t‑údarú a sholáthar agus a choinneáil ar bun, gan an t‑údarú a dheonú, nó lena ndúnfar próiseáil an iarratais mar gheall ar easpa faisnéise arna soláthar ag an iarratasóir, nó mar gheall ar neamhghníomhaíocht an iarratasóra tar éis iarraidh ar fhaisnéis bhreise. 

 

 

Airteagal 20-22

 

 

Déanfaidh ENISA suíomh gréasáin tiomnaithe a choinneáil ar bun agus a nuashonrú go tráthrialta.

Déanfaidh ENISA suíomh gréasáin tiomnaithe a choinneáil ar bun agus a nuashonrú go tráthrialta ar a soláthrófar faisnéis phoiblí maidir leis an méid seo a leanas:

(a)    an Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála, lena n‑áirítear an creat agus an amlíne chun é a thabhairt cothrom le dáta;

(b)    na scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála, a ndul chun cinn agus amlínte maidir lena bhforbairt;

(c)    na táillí a bhaineann le gach scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála arna glacadh de bhun Airteagal 47 den Rialachán seo;

(d)    an costas táscach a bhaineann le dearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála i gcomhréir le hAirteagal 20(4);

(e)    liosta na soláthraithe dearbhaithe údaraithe.

Airteagal 23

 

 

Déanfaidh an Coimisiún suíomh gréasáin poiblí tiomnaithe a choinneáil ar bun agus a nuashonrú go tráthrialta

Déanfaidh an Coimisiún suíomh gréasáin tiomnaithe a choinneáil ar bun agus a nuashonrú go tráthrialta ar a soláthrófar faisnéis maidir leis na gnéithe seo a leanas:

(a) scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna n‑iarraidh le haghaidh forbartha;

(b) tosaíochtaí straitéiseacha maidir le comhchuibhiú táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó ceanglas slándála de chuid reachtaíocht an Aontais, lena n‑áirítear réimsí féideartha a bhféadfaí scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a iarraidh ina leith.

Airteagal 72

 

 

Déanfaidh ENISA suíomh gréasáin deimhniúcháin tiomnaithe a choinneáil ar bun

Déanfaidh ENISA suíomh gréasáin tiomnaithe a choinneáil ar bun agus a nuashonrú go tráthrialta ar a soláthrófar faisnéis phoiblí maidir leis an méid seo a leanas:

(a) scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála;

(b) na táillí a bhaineann le gach scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a choinneáil ar bun;

(c) sonraíochtaí teicniúla ábhartha ENISA;

(d) deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta ón Aontas, lena n‑áirítear faisnéis maidir leis na deimhnithe agus na ráitis sin nach bhfuil bailí a thuilleadh, nó a chuirtear ar fionraí, a tharraingítear siar nó a théann in éag;

(e) faisnéis chibearshlándála fhorlíontach ábhartha arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 84(2);

(f)    achoimrí ar athbhreithnithe piaraí de bhun Airteagal 89(7);

(g)    sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 74(10).

Airteagal 79

 

 

Imscrúduithe

Imscrúdóidh an Coimisiún aon chás ina bhfuil amhras air, nó ina gcuirtear in iúl dó go bhfuil amhras air faoi inniúlacht comhlachta um measúnú comhréireachta na ceanglais agus na freagrachtaí a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh, nó faoi chomhlacht um measúnú comhréireachta a bheith ag leanúint de na ceanglais agus na freagrachtaí sin a chomhlíonadh.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis íogair uile a fhaightear le linn a chuid imscrúduithe.

Airteagal 94

 

 

Déanfaidh ENISA clárlann d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, chomh maith le heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn, a chruthú agus a choinneáil ar bun  

Clárlann na n‑eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach chomh maith le heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn.

Arna iarraidh sin dó, tabharfaidh ENISA rochtain do na húdaráis inniúla ar fhaisnéis a bhaineann le soláthraithe seirbhísí DNS, clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil, eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn, soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta, soláthraithe seirbhísí lárionaid sonraí, soláthraithe líonraí seachadta inneachair, soláthraithe seirbhísí bainistithe, soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe, chomh maith le soláthraithe margaí ar líne, soláthraithe inneall cuardaigh ar líne agus soláthraithe ardán seirbhísí líonraithe shóisialta atá stóráilte sa chlárlann sin, agus é á áirithiú an tráth céanna go gcosnófar rúndacht na faisnéise i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 1, pointe 11, Treoir

 

 

4.4.Measúnú idir-inoibritheachta

An tionchar atá ag na ceanglais, ó thaobh na hidir-inoibritheachta trasteorann de, i gcás gach seirbhíse poiblí digití ar leith 

Stórtha/ardáin/luathfholáirimh/rúnaíocht/comhar oibríochtúil/bunachar sonraí um nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí  

Measúnú 

Bearta 

Bacainní a d’fhéadfadh a bheith fós ann 

Measúnú a dhéanamh ar an ailíniú le beartais dhigiteacha agus earnála atá ann cheana  

Liostaigh na beartais dhigiteacha agus na beartais earnálacha is infheidhme a sainaithníodh 

Cibearshlándáil 

Ní heol aon bhacainn a bheith ann  

Measúnú a dhéanamh ar na bearta eagraíochtúla chun seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann a sholáthar go rianúil 

Liostaigh na bearta rialachais atá beartaithe 

Bord Bainistíochta ENISA  

Gréasán CSIRTanna 

EU-CyCLONe 

An Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise 

 

Is fóraim iad sin uile inar féidir saincheisteanna a ardú.  

 

Ní bhaineann le hábhar 

Measúnú a dhéanamh ar na bearta a rinneadh chun comhthuiscint ar na sonraí a áirithiú 

Liostaigh na bearta sin 

 

Ní bhaineann le hábhar 

 

Ní bhaineann le hábhar 

Measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as sonraíochtaí agus caighdeáin theicniúla oscailte arna gcomhaontú go comhchoiteann 

Liostaigh na bearta sin 

 

Ní bhaineann le hábhar 

 

Ní bhaineann le hábhar 

Scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála  

Measúnú 

Bearta 

Bacainní a d’fhéadfadh a bheith fós ann 

Measúnú a dhéanamh ar an ailíniú le beartais dhigiteacha agus earnála atá ann cheana  

Liostaigh na beartais dhigiteacha agus na beartais earnálacha is infheidhme a sainaithníodh 

Cuireann an togra le COM(2023)207 final (Acadamh Scileanna Cibearshlándála) ‘Forbróidh ENISA treoirthionscadal, lena bhfiosrófar bunú scéime um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála’ 

Baintear úsáid ann as Rialachán (AE) 2024/1183 (an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití) tríd an méid seo a leanas a bhunú– ‘Áiritheoidh ENISA agus soláthraithe dearbhaithe údaraithe go n‑eiseofar ríomhdhearbhuithe i ndáil le dearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála do Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití’ 

Cibearshlándáil 

RGCS (coinneáil taifead ag soláthraithe) 

Ní heol aon bhacainn a bheith ann  

Measúnú a dhéanamh ar na bearta eagraíochtúla chun seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann a sholáthar go rianúil 

Liostaigh na bearta rialachais atá beartaithe 

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara agus scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála á hullmhú 

Deighilt gníomhaíochtaí laistigh de ENISA chun feidhmíocht neamhspleách na ngníomhaíochtaí sin a áirithiú  

An Bord Achomhairc 

  

Leanfaidh úsáid agus aitheantas scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála de bheith deonach i gcás eintitis phoiblí agus phríobháideacha. 

Measúnú a dhéanamh ar na bearta a rinneadh chun comhthuiscint ar na sonraí a áirithiú 

Liostaigh na bearta sin 

 

Scéimeanna a fhorbairt ina sonraítear inter alia rialacha maidir le hinneachar agus formáid na ndearbhuithe 

Áiritheoidh soláthraithe údaraithe, arna iarraidh sin don duine aonair, go n‑eiseofar dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála mar ríomhdhearbhuithe tréithe i bhformáid is féidir a stóráil i dTiachóga Eorpacha Céannachta Digití ENISA chun treoraíocht a thabhairt do mheasúnóirí agus chun oiliúint éigeantach a chur orthu i dtaca leis na ceanglais agus na modhanna measúnaithe a áirítear sa scéim um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála 

Faisnéis phoiblí a sholáthar ar shuíomh gréasáin 

Gníomhartha cur chun feidhme maidir le táillí 

 

Cé gur cheart na scéimeanna a bheith chomh mionsonraithe agus is féidir chun comhthuiscint a áirithiú agus cur chun feidhme a éascú, agus cé go soláthróidh ENISA treoraíocht do mheasúnóirí agus go gcuirfidh sé oiliúint éigeantach orthu chun cur chun feidhme comhsheasmhach na scéimeanna a áirithiú, d’fhéadfadh gnéithe gan choinne teacht chun cinn i gcás inar gá do sholáthraithe dearbhaithe údaraithe idirghníomhú le ENISA, le soláthraithe eile nó le measúnóirí.

Measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as sonraíochtaí agus caighdeáin theicniúla oscailte arna gcomhaontú go comhchoiteann 

Liostaigh na bearta sin 

 

Forbraítear scéimeanna um dhearbhú aonair Eorpach maidir le scileanna cibearshlándála le tacaíocht ó pháirtithe leasmhara ábhartha 

 

 

Ní bhaineann le hábhar 

Scéimeanna iarrthacha Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála ‘scéimeanna iarrthacha’ a ullmhú/ uimhreacha a shannadh do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta 

Measúnú 

Bearta 

Bacainní a d’fhéadfadh a bheith fós ann 

Measúnú a dhéanamh ar an ailíniú le beartais dhigiteacha agus earnála atá ann cheana  

Liostaigh na beartais dhigiteacha agus na beartais earnálacha is infheidhme a sainaithníodh 

Féachann an togra le hailíniú a dhéanamh maidir le rialachas leis an gCreat Reachtach Nua, go háirithe maidir leis an méid a bhaineann le Rialachán (CE) 765/200826.  

Is é is aidhm don togra comhlíonadh na reachtaíochta earnálaí cibearshlándála ábhartha a éascú trí scéimeanna Eorpacha tiomnaithe um dheimhniú cibearshlándála a fhorbairt. 

 

Ní heol aon bhacainn a bheith ann  

Measúnú a dhéanamh ar na bearta eagraíochtúla chun seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann a sholáthar go rianúil 

Liostaigh na bearta rialachais atá beartaithe 

An Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála;  

ENISA; 

Meithleacha ad hoc; 

An Tionól Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála; 

Dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála á n‑iarraidh, á bhforbairt agus á nglacadh; 

Nósanna imeachta coisteolaíochta le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme atá beartaithe a bhaineann le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála. 

Is ar bhonn deonach a úsáidfear an deimhniú Eorpach cibearshlándála mura sonraítear a mhalairt sa reachtaíocht Eorpach. 

Measúnú a dhéanamh ar na bearta a rinneadh chun comhthuiscint ar na sonraí a áirithiú 

Liostaigh na bearta sin 

Gníomhartha cur chun feidhme a liostaítear i roinn 4.5. 

Is ar bhonn deonach a úsáidfear an deimhniú Eorpach cibearshlándála mura sonraítear a mhalairt sa reachtaíocht Eorpach. 

Measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as sonraíochtaí agus caighdeáin theicniúla oscailte arna gcomhaontú go comhchoiteann 

Liostaigh na bearta sin 

Gníomhartha cur chun feidhme a liostaítear i roinn 4.5. 

Ceanglais shonracha na scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála, beidh siad comhsheasmhach le ceanglais reachtaíocht an Aontais. 

Déanfaidh scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála na caighdeáin idirnáisiúnta, Eorpacha nó náisiúnta a chuirfear i bhfeidhm sa mheastóireacht a ghiaráil agus déanfaidh siad tagairt dóibh nó, i gcás nach mbeidh na caighdeáin sin ar fáil nó nach iomchuí iad, déanfaidh siad tagairt do shonraíochtaí teicniúla arna dtarraingt suas ag ENISA. 

Ní bhaineann le hábhar 

Suíomhanna gréasáin a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu 

Measúnú 

Bearta 

Bacainní a d’fhéadfadh a bheith fós ann 

Measúnú a dhéanamh ar an ailíniú le beartais dhigiteacha agus earnála atá ann cheana  

Liostaigh na beartais dhigiteacha agus na beartais earnálacha is infheidhme a sainaithníodh 

An Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht agus an Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin 

Cibearshlándáil 

 

Ní heol aon bhacainn a bheith ann  

Measúnú a dhéanamh ar na bearta eagraíochtúla chun seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann a sholáthar go rianúil 

Liostaigh na bearta rialachais atá beartaithe 

 

Ní bhaineann le hábhar  

 

Ní bhaineann le hábhar 

Measúnú a dhéanamh ar na bearta a rinneadh chun comhthuiscint ar na sonraí a áirithiú 

Liostaigh na bearta sin 

 

 

Ní bhaineann le hábhar 

Measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as sonraíochtaí agus caighdeáin theicniúla oscailte arna gcomhaontú go comhchoiteann 

Liostaigh na bearta sin 

 

 

 

Ní bhaineann le hábhar 

4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach

Tuairisc ardleibhéil ar bhearta a thacaíonn leis an gcur chun feidhme digiteach 

Tuairisc ar an mbeart 

Tagairtí do na ceanglais  

Ról an Choimisiúin  

(más infheidhme)

Gníomhaithe le bheith páirteach 

(más infheidhme)

An amlíne a bhfuil coinne léi 

(más infheidhme)

Cumhachtaítear an Coimisiún, ar bhonn na scéime iarrthaí inghlactha arna hullmhú ag ENISA, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéantar foráil maidir le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 80 agus 81. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2). 

Airteagal 75(9)

Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

 

Ní bhaineann le hábhar

Cumhachtaítear an Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119 chun mír 1 den Airteagal seo a leasú trí chuspóirí slándála a chur léi nó a mhodhnú chun a áirithiú go léireofar leo an fhorbairt theicneolaíoch is déanaí agus bagairtí gaolmhara nua chomh maith le reachtaíocht nua de chuid an Aontais a ghlacadh ina leagtar amach toimhde na comhréireachta trí dheimhniú Eorpach cibearshlándála le ceanglais ábhartha chibearshlándála na reachtaíochta sin.

Airteagal 80(2)

Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh

 

Ní bhaineann le hábhar

Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos prionsabail choiteanna agus forálacha samplacha maidir le heilimintí a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 ar fud na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála. I gcás inarb iomchuí agus ina mbeidh siad ar fáil, féadfar tagairtí do na prionsabail sin agus do na forálacha samplacha sin a áireamh i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála.

‑Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2). Agus na prionsabail choiteanna agus na forálacha samplacha maidir le gnéithe na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála á bhforbairt nó á nathbhreithniú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ENISA agus cuirfidh sé san áireamh, de réir mar is iomchuí, tuairimí a chuirfidh ECCG, páirtithe leasmhara ábhartha agus comhlachtaí ábhartha eile in iúl.

Airteagal 81(5)

Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

ENISA

ECCG

Ní bhaineann le hábhar

Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear nósanna imeachta maidir le samhlacha formheasa roimh ré nó samhlacha tarmligin ghinearálta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Le linn an phróisis ullmhúcháin maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ECCG. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

Airteagal 85(5)

Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

ECCG

Ní bhaineann le hábhar

‑Féadfar deimhnithe tríú tír maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe agus seasamh cibearshlándála na neintiteas a aithint, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme nó trí chomhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír atá i gceist nó eagraíocht idirnáisiúnta, mar dheimhnithe atá coibhéiseach le deimhnithe Eorpacha cibearshlándála má mheastar go bhfuil ceanglais na scéime ábhartha tríú tír nó na scéime ábhartha eagraíochta idirnáisiúnta coibhéiseach leo siúd atá i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

Airteagal 87(1)

Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

 

Ní bhaineann le hábhar

‑Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena mbunaítear plean don athbhreithniú piaraí a chur ar bun lena gcumhdófar tréimhse 5 bliana ar a laghad, lena leagtar síos na critéir i ndáil le comhdhéanamh na foirne athbhreithnithe piaraí, an mhodheolaíocht a úsáidfear san athbhreithniú piaraí, agus an sceideal, an tréimhsiúlacht agus cúraimí eile a bhaineann le hathbhreithniú piaraí. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ECCG agus le ENISA. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

Airteagal 89(6)

Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

 

Ní bhaineann le hábhar

‑‑Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nósanna imeachta a leagan síos, lena náirítear maidir le comhar trasteorann, chun comhlachtaí um measúnú comhréireachta a údarú. Agus gníomhartha cur chun feidhme á nullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ENISA agus le ECCG. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

Airteagal 92(8)

Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

ENISA

ECCG

Ní bhaineann le hábhar

‑Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na himthosca, na formáidí agus na nósanna imeachta a leagan síos le haghaidh fógraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena náirítear an nós imeachta agóide ag Ballstáit eile le linn an phróisis fógartha, sainaithint uathúil na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta, chomh maith leis na himthosca chun fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2).

Airteagal 93(3)

Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

 

Ní bhaineann le hábhar

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 100 chun tríú tír a ainmniú ar ábhar imní cibearshlándála í do shlabhraí soláthair TFC.

Airteagal 100 (2)

Ainmniú tríú tíortha a bhfuil ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil ag baint leo

Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

Ní bhaineann le hábhar

Gan aon amlíne ach ba cheart athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar na gníomhartha cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun foráil a dhéanamh maidir le beart maolaithe amháin nó roinnt beart maolaithe dá dtagraítear in Airteagal 103(2).

Airteagal 103 (2)

Bearta maolaithe sa slabhra soláthair TFC

Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Gan aon amlíne, ach le hathbhreithniú gach 36 mhí (i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(2))

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 102 chun príomhshócmhainní TFC a shainaithint a úsáidtear chun táirgí a mhonarú nó seirbhísí a sholáthar ag na cineálacha eintitis dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555.

Airteagal 102 (1)

Príomhshócmhainní TFC a shainaithint

Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena dtoirmiscfear comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC, ina bhfuil comhpháirteanna TFC ó sholáthróirí ardriosca arna n‑ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 100(2), a úsáid, a shuiteáil nó a chomhtháthú i bhfoirm ar bith i bpríomhshócmhainní TFC arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 102.

Airteagal 103 (1)

Bearta maolaithe sa slabhra soláthair TFC

Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a bhunú go dtoirmiscfear ar eintitis de na cineálacha dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC ó eintiteas sonrach a úsáid, a shuiteáil nó a chomhtháthú.

Airteagal 103 (7)

Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

Comhairliúchán leis na Ballstáit agus leis na heintitis lena mbaineann

Ní bhaineann le hábhar

Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bunóidh an Coimisiún liostaí de sholáthróirí ardriosca is ábhartha do na toirmisc a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 103(1) nó don toirmeasc dá dtagraítear in Airteagal 1110(1).

Airteagal 104(1)

Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 d’Airteagal 105 a shonrú a thuilleadh, agus chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 105.

Airteagal 105

Díolúine d’eintitis atá bunaithe i dtríú tír nó atá á rialú ag eintitis ó thríú tír lena mbaineann ábhair imní maidir leis an gcibearshlándáil

Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na táillí, lena sonraítear méid na dtáillí agus an tslí a n‑íocfar iad.

Airteagal 109

Táillí

Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun sonrú a dhéanamh ar na tréimhsí ama chun deireadh a chur de réir a chéile leis na comhpháirteanna nó comhpháirteanna TFC lena n‑áirítear comhpháirteanna TFC arna soláthar ag soláthróirí ardriosca maidir le líonraí cumarsáide leictreonaí fosaithe agus satailíte.

Airteagal 110 (4)

Príomhshócmhainní TFC le haghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha, fosaithe agus satailíte

Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119 chun Iarscríbhinn II a leasú chun í a oiriúnú d’fhorbairtí teicneolaíocha trí na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 103(3) a chur san áireamh.

Airteagal 110 (5)

Gníomhartha tarmligthe a ghlacadh

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

7.    Leasaítear Airteagal 21(5) mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus mhodheolaíochta na mbeart dá dtagraítear i mír 2, chomh maith le ceanglais earnála na mbeart sin, de réir mar is gá, maidir le heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha seachas na heintitis sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfaidh an Coimisiún measúnú tráthrialta i dtaobh an nglacfar gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san fhomhír seo le haghaidh earnálacha sonracha nó cineálacha sonracha eintiteas chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Bunaithe ar thoradh na measúnuithe sin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a mholadh le haghaidh na n‑earnálacha nó na gcineálacha eintiteas sainaitheanta. Agus na measúnuithe sin á n‑ullmhú aige, díreoidh an Coimisiún go háirithe ar chineál trasteorann na n‑earnálacha nó na gcineálacha eintiteas agus cuirfidh sé próiseas comhairliúcháin oscailte, trédhearcach cuimsitheach i gcrích leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus leis na Ballstáit.’;

(b)    cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas tar éis an cheathrú fomhír:

‘I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo, ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon cheanglais theicniúla ná mhodheolaíochta bhreise maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21(2) de Threoir (AE) 2022/2555 ar na heintitis a thagann faoi raon feidhme na ngníomhartha cur chun feidhme sin.’

Airteagal 1, pointe 7, Treoir 

Comhchuibhiú uasta  

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

 

 

Ní bhaineann le hábhar

(1)    ENISA, Tuarascáil ENISA ar thimpeallacht na bagartha 2024,  https://www.enisa.europa.eu/publications/enisa-threat-landscape-2024
(2)    ENISA, Tuarascáil ENISA ar thimpeallacht na bagartha 2025.
(3)    An Coimisiún Eorpach, Todhchaí Iomaíochas na hEorpa, https://commission.europa.eu/document/download/97e481fd-2dc3-412d-be4c-f152a8232961_en?filename=The%20future%20of%20European%20competitiveness%20_%20A%20competitiveness%20strategy%20for%20Europe.pdf .
(4)    JOIN/2025/130 final.
(5)    COM/2025/148 final.
(6)    JOIN(2025) 977 final.
(7)    COM/2025/66 final.
(8)    COM (2025) 10 final.
(9)    COM (2023) 207 final.
(10)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún.
(11)    Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Shliseanna), IO L 229, 18.9.2023, lgh. 1–53
(12)    Go háirithe Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE.
(13)    Seolann an Coimisiún Eorpach glao ar fhianaise agus comhairliúchán poiblí maidir leis an meastóireacht ar na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí, https://single-market-economy.ec.europa.eu/news/commission-launches-call-evidence-and-public-consultation-evaluation-public-procurement-directives-2024-12-13_en .
(14)    COM/2025/837 final
(15)    JOIN/2023/20 final.
(16)    JOIN/2025/120 final.
(17)    JOIN/2025/977 final
(18)     Rialachán – 2019/881 – GA – EUR-Lex
(19)    An Mheitheal Chothrománach um Chibircheisteanna
(20)    Rialachán (AE) 2019/881 ( http://data.europa.eu/eli/reg/2019/881/oj )
(21)     http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj
(22)     http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj
(23)     http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj
(24)    IO C , , lch. .
(25)    IO C , , lch. .
(26)    Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/881/oj).
(27)    Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).
(28)    Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n‑aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2557/oj).
(29)    Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L , 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj).
(30)    Rialachán (AE) 2025/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath agus chun ullmhú dóibh agus freagairt orthu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (An Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht) (IO L, 2025/38, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/38/oj).
(31)    IO C, C/2025/3445, 20.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3445/oj.
(32)    Cibearshlándáil líonraí 5G – Bosca Uirlisí an Aontais de bhearta maolaithe riosca, an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, 1/2020, le fáil ag: https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/cybersecurity-5g-networks-eu-toolbox-risk-mitigating-measures .
(33)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, An bhearna thallainne chibearshlándála a dhúnadh chun borradh a chur faoi iomaíochas, fás agus athléimneacht an Aontais (‘An tAcadamh Scileanna Cibearshlándála’), COM(2023)207 final, an 18 Aibreán 2023.
(34)    Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj).
(35)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1366 ón gCoimisiún an 11 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chód gréasáin a bhunú i ndáil le rialacha earnáilsonracha maidir le gnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann (IO L , 2024/1366, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1366/oj).
(36)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais, i ndáil le bainistíocht rioscaí slándála faisnéise a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shábháilteacht eitlíochta, ar eagraíochtaí a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún (IO L 248, lgh. 18–31, 26.9.2022, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1645/oj ).
(37)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le bainistiú rioscaí a bhaineann le slándáil faisnéise lena ngabhann tionchar féideartha ar an tsábháilteacht eitlíochta le haghaidh eagraíochtaí a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún, agus le haghaidh údaráis inniúla a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012, (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) 2015/340 agus (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) Uimh. 748/2012, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 139/2014, (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún (IO L 31, 2.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/203/oj).
(38)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1583 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta, a mhéid a bhaineann le bearta cibearshlándála (IO L 246, 26.9.2019, lgh. 15-18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1583/oj ).
(39)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean gníomhaíochta Eorpach maidir le cibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte, COM(2025) 10 final, an 15 Eanáir 2025.
(40)    Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, IO L, 2023/2841, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj).
(41)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach: COM(2025)148 final, an 1 Aibreán 2025.
(42)    Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an Straitéis um Aontas na hUllmhachta, JOIN(2025) 130 final.
(43)    Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú, JOIN(2025) 977 final.
(44)    COM/2025/837 final
(45)    Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (IO L 77, 13.3.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/460/oj).
(46)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).
(47)    Rialachán (AE) 2021/887 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin (IO L 202, 8.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/887/oj).
(48)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Aontas na Scileanna, COM(2025)90 final, 5 Márta 2025.
(49)    JOIN(2025) 791 final.
(50)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
(51)    Ba cheart a thuiscint le dearbhuithe aonair Eorpacha maidir le scileanna cibearshlándála go bhfuil cur chuige á leanúint acu atá cosúil leis an gcur chuige a aithníonn an margadh mar ‘dheimhnithe cibearshlándála’. Mar sin féin, chun mearbhall a sheachaint maidir leis an gCreat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála, is fearr an focal ‘dearbhú’, atá in úsáid cheana féin sa teachtaireacht maidir leis an Acadamh Scileanna Cibearshlándála.
(52)

   Rialachán cur chun feidhme – AE – 2025/1569

(53)    Cur Chuige Coiteann, atá i gceangal leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe, a glacadh an 19 Iúil 2012 agus atá ar fáil ag: https://european-union.europa.eu/document/download/d4199ff4-1e3d-45e6-af7e-90cf1a7b10bc_en?filename=joint_statement_on_decentralised_agencies_en.pdf .
(54)    Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).
(55)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(56)    Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/24/oj).
(57)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(58)    Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj ).
(59)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le glacadh na scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála bunaithe ar Chritéir Choiteanna (DCAE) (IO L, 2024/482, 7.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/482/oj).
(60)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2540 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunú an phlean le haghaidh athbhreithniú piaraí (IO L 2540, 12.12.2025, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2540/oj ).
(61)    Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj).
(62)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3143 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena mbunaítear na cúinsí, na formáidí agus na nósanna imeachta le haghaidh fógraí de bhun Airteagal 61(5) de Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú cibearshlándála theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (IO L 3143, 19.12.2025, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3143/oj ).
(63)    Tuarascáil ENISA ar Thimpeallacht na Bagartha, Deireadh Fómhair 2025.
(64)    Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lgh. 80-152, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).
(65)    Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj/eng).
(66)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú, an 3 Nollaig 2025, JOIN(2025) 977 final.
(67)    Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 65–242, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2014/24/oj/eng).
(68)    Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94 an 28.3.2014, lgh. 243-374, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2014/25/oj?locale=fr).
(69)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Bhosca Uirlisí cibearshlándála 5G, an 15 Meitheamh 2023, C(2023) 4049 final.
(70)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj ).
(71)    Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/EC, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj).
(72)    Rialachán (AE) 2023/2675 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha (IO L, 2023/2675, 7.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2675/oj).
(73)    IO L 56, 4.3.1968, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1968/259(1)/oj.
(74)    Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2019/715 an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/715/oj).
(75)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj).
(76)    IO L 136, 31.5.1999, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/1999/531/oj.
(77)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar an gcalaois agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2185/oj).
(78)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1371/oj).
(79)    Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1958/1(1)/oj).
(80)    Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/443/oj).
(81)    Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/444/oj).
(82)    Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).
(83)    Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú) (IO L 293, 31.10.2008, lgh. 3-20, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2008/1008/oj/gle).
(84)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2), pointe (a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(85)     Treoirlínte Polaitiúla 2024
(86)     Litir mhisin ó Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Virkkunen  
(87)     Tuarascáil ó Sauli Niinistö
(88)     Tuarascáil Draghi maidir le hiomaíochas an Aontais
(89)     Enrico Letta – Much more than a market [Margadh thar an gcoitiantacht] (Aibreán 2024)
(90)    Le cur isteach nuair a fhoilseofar é
(91)     Gníomh an Aontais um Chibearshlándáil | EUR-Lex
(92)     Rialachán airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) – Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
(93)     https://europa.eu/european-union/sites/europaeu/files/docs/body/joint_statement_and_common_approach_2012_en.pdf  
(94)     Rialachán tarmligthe – 2019/715 – GA – EUR-Lex
(95)     https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2019/881/oj/gle  
(96)     CNECT_AAR_2024_final
(97)     enisa.europa.eu/sites/default/files/2024-11/2023 Consolidated Annual Activity Report_1.pdf
(98)     Cinneadh 2019_8 ón mBord Bainistíochta Rialacha airgeadais glactha.pdf
(99)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(100)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(101)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar arb iarrthóirí ionchasacha iad.
(102)    Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g. an líon malartuithe mac léinn a maoiníodh, an líon iomlán km de bhóithre a tógadh, etc.).
(103)    Mar a thuairiscítear i Roinn 1.3.2. ‘Cuspóir(í) sonracha’
(104)    Sonraigh thíos cá mhéad de na haonaid de FTEnna arna gcur in iúl a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar féidir iad a ath-imlonnú laistigh de d’Ard-Stiúrthóireacht, chomh maith leis na glanriachtanais atá agat.
(105)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
(106)     Cinneadh RR-02: Liosta praghsanna sheirbhísí SNAS . https://www.snas.sk/storage/app/uploads/public/677/e79/e4c/677e79e4cac62903312474.pdf , 
(107)    Go sonrach, breithnítear leis an gcoinneáil ar bun dhá chruinniú ar an láthair le saineolaithe in aghaidh na bliana (EUR 100 000), costais conraitheoirí a thacaíonn le forbairt agus athbhreithniú doiciméadachta tacaíochta don scéim, glacadh scéimeanna deimhniúcháin, tacú leis na measúnuithe piaraí agus le cur chun feidhme measúnuithe comhréireachta (4 x 15 000 = EUR 60 000). Áirítear leis an gcostas freisin cuid oibríochtúil d’ardán SCE agus suíomh gréasáin tiomnaithe um dheimhniú cibearshlándála ENISA (EUR 40 000):

Strasbourg, 20.1.2026

COM(2026) 11 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, agus slándáil an tslabhra soláthair TFC agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2019/881 (an Dara Gníomh um Chibearshlándáil)

{SEC(2026) 11 final} - {SWD(2026) 11 final} - {SWD(2026) 12 final}


IARSCRÍBHINN I

NA CEANGLAIS ATÁ LE COMHLÍONADH AG NA COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

1.Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta de réir an dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

2.Ní bheidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina sholáthróir ardriosca.

3.Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí agus é neamhspleách ar an eintiteas a ndéanann sé measúnú air nó ar na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC nó ar na seirbhísí slándála bainistithe a ndéanann sé measúnú orthu. Maidir le comhlacht ar le comhlachas gnó nó cónaidhm phroifisiúnta é a dhéanann ionadaíocht do ghnóthais a bhfuil baint acu le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC nó seirbhísí slándála bainistithe, ar a ndéanann sé measúnú, féadfar a mheas gur comhlacht tríú páirtí den sórt sin é ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i gceist leis.

4.Ní bheidh comhlacht um measúnú comhréireachta, lucht a ardbhainistíochta ná an pearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ina ndearthóirí, ina monaróirí, ina soláthróir, ina suiteálaithe, ina gceannaitheoirí, ina n‑úinéirí, ina n‑úsáideoirí nó ina gcothabhálaithe ar na táirgí TFC, ar na seirbhísí TFC, ar na próisis TFC nó ar na seirbhísí slándála bainistithe nó na heintitis a ndéanann siad measúnú orthu, ná ní bheidh siad ina n‑ionadaithe údaraithe de chuid aon cheann de na páirtithe sin. Ní choiscfidh sé sin úsáid na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe a ndearnadh measúnú orthu a bhfuil gá leo le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta nó le haghaidh úsáid na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe sin chun críche pearsanta.

5.Ní bheidh baint dhíreach ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag a lucht ardbhainistíochta ná ag an bpearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh, le dearadh, le monarú ná le tógáil, le margaíocht, le suiteáil, le húsáid nó le cothabháil na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC, na seirbhísí slándála bainistithe nó na n‑eintiteas a ndéanann siad measúnú orthu, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht do pháirtithe a ghabhann de na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n‑ionracais i ndáil lena ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta. Beidh feidhm leis sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin.

6.Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta féin.

7.Más le heintiteas poiblí nó le hinstitiúid phoiblí comhlacht um measúnú comhréireachta nó má tá sé á fheidhmiú acu, déanfar neamhspleáchas agus neamhláithreacht aon choinbhleachta leasa a áirithiú agus a dhoiciméadú idir an t‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála, agus an comhlacht um measúnú comhréireachta.

8.Déanfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích de réir an leibhéil is airde ionracais ghairmiúil agus de réir na hinniúlachta teicniúla is gá sa réimse sonrach atá i gceist, agus beidh siad saor ó gach cineál brú agus aslaigh, go háirithe brú agus aslach de chineál airgeadais, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí a d’fhéadfadh leas a bhaint as torthaí na ngníomhaíochtaí sin.

9.Beidh sé dechumas ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta na cúraimí measúnaithe comhréireachta uile a shanntar dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích, gan beann ar cé acu a dhéanann an comhlacht um measúnú comhréireachta féin na cúraimí sin a chur i gcrích nó an ndéantar thar a cheann agus faoina fhreagracht iad. Maidir le haon fhochonraitheoireacht chuig foireann sheachtrach, nó aon chomhairliúchán léi, déanfar iad a dhoiciméadú i gceart, ní bheidh aon idirghabhálaí bainteach leo agus beidh siad faoi réir comhaontú i scríbhinn ina gcumhdófar, i measc nithe eile, rúndacht agus coinbhleachtaí leasa.

10.Le haghaidh gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus le haghaidh gach cineáil, catagóire agus fochatagóire táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC, seirbhísí nó eintitis slándála bainistithe, beidh na nithe seo a leanas ar fáil do chomhlacht um measúnú comhréireachta i gcónaí:

(a)pearsanra ag a bhfuil an t‑eolas teicniúil is gá agus taithí leordhóthanach iomchuí chun na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích;

(b)tuairiscí ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta atá le cur i gcrích, lena n‑áirithítear trédhearcacht na nósanna imeachta sin agus an cumas na nósanna imeachta sin a atáirgeadh; Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena ndéanfar idirdhealú idir na cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht dá dtugtar fógra a fógraíodh de bhun Airteagal 93 agus a ghníomhaíochtaí eile;

(c)na nósanna imeachta sin a ghabhann le gníomhaíochtaí a chur i gcrích a chuireann san áireamh méid an ghnóthais, an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, a struchtúr, castacht theicneolaíocht an táirge TFC, na seirbhíse TFC nó an phróisis TFC atá i gceist agus cineál an phróisis táirgthe, is é sin, cé acu olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe é.

11.Beidh ag comhlacht um measúnú comhréireachta na hacmhainní is gá chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar bhealach iomchuí; beidh rochtain aige ar an trealamh agus ar na saoráidí uile is gá chuige sin.

12.Ní dhéanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta comhpháirteanna TFC ná comhpháirteanna a bhfuil comhpháirteanna TFC acu i bpríomhshócmhainní TFC arna sainaithint de bhun Airteagal 102 ó sholáthróirí ardriosca a úsáid, a shuiteáil ná a chomhtháthú ar bhealach eile le haghaidh gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta faoi Theideal III.

13.Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireacha a chur i gcrích:

(a)oiliúint theicniúil fhónta lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta uile a bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, údaraithe ina leith;

(b)eolas sásúil ar na ceanglais a bhíonn i gceist sna measúnuithe comhréireachta a dhéanann siad agus údarás leormhaith chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

(c)eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais agus ar na caighdeáin is infheidhme, agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais agus a gníomhartha cur chun feidhme;

(d)an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas lena léireofar go ndearnadh measúnuithe comhréireachta.

14.Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta, lucht a n‑ardbhainistíochta, an pearsanra atá freagrach as gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh agus aon fhochonraitheoir neamhchlaonta.

15.Ní bheidh luach saothair an lucht ardbhainistíochta agus an phearsanra measúnúcháin ag brath ar an líon measúnuithe comhréireachta a chuirtear i gcrích ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

16.Beidh árachas dliteanais ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta mura rud é go nglacann a mBallstát an dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó gurb é an Ballstát féin atá freagrach as an measúnú comhréireachta.

17.Urramóidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus a chúraimí á ndéanamh acu faoin Rialachán seo nó faoi aon fhoráil de chuid dhlí an Bhallstáit a thugann éifeacht dó, ach amháin i gcás ina gceanglaítear nochtadh le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil na daoine sin faoina réir, agus seachas maidir le húdaráis inniúla na mBallstát ina ndéanann siad a ngníomhaíochtaí. Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint. Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena n‑áiritheofar comhlíonadh an phointe seo.

18.Oibreoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le tacar téarmaí agus coinníollacha a bheidh comhsheasmhach, cothrom, comhréireach agus réasúnach, agus ualach nach bhfuil gá leis ar oibreoirí eacnamaíocha á sheachaint acu, agus leasanna micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide i ndáil le táillí á gcur san áireamh.

19.Comhlíonfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a eisíonn deimhnithe ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 le haghaidh creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta a dhéanann deimhniú ar tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, seirbhísí slándála bainistithe nó seasamh cibearshlándála eintiteas.

20.Comhlíonfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta a dhéanann gníomhaíochtaí meastóireachta ceanglais na gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta a dhéanann na gníomhaíochtaí sin.

21.I gcás ina ligeann comhlacht um measúnú comhréireachta cúraimí sonracha a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó i gcás ina dtéann sé ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn agus, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais bhreise nó shonracha a leagtar amach i scéim Eorpach um deimhniú cibearshlándála. Cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta an t‑údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála ar an eolas dá réir sin.

22.Glacfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta lánfhreagracht as na cúraimí arna bhfeidhmiú ag fochonraitheoirí nó ag fochuideachtaí, cibé áit a bhfuil siad sin bunaithe.

23.Ní féidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ngníomhaíochtaí a ligean ar fochonradh ná a thabhairt d’fhochuideachta lena ndéanamh ach amháin le comhaontú ón monaróir nó ón soláthraí.

24.Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta, chomh maith leis na doiciméid a bhaineann leis an obair a dhéanann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta faoin Rialachán seo, a choinneáil ar fáil don údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála.

IARSCRÍBHINN II

Príomhshócmhainní TFC le haghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí móibíleacha agus fosaithe 

Bonneagar criticiúil 

Príomhshócmhainní TFC  

1. Líonraí cumarsáide leictreonaí 5G (spleácha agus neamhspleácha) 

Feidhmeanna croí-líonra na líonraí cumarsáide móibíleacha 

Fíorúlú feidhme líonra agus bainistiú agus eagrúchán líonra 

Líonra rochtana raidió 

2.  Líonraí cumarsáide leictreonaí fosaithe 

Feidhmeanna croí-líonra na líonraí cumarsáide leictreonaí fosaithe 

Córas bainistíochta líonraí 

Líonra iompair agus tarchuir    

Líonra rochtana 

3. Líonraí cumarsáide leictreonaí satailíte

Feidhm chroí-líonra na líonraí cumarsáide leictreonaí satailíte

Córas bainistíochta líonraí

Táirgí cripteagrafacha chun cianrialú/teiliméadracht a chosaint

Stáisiúin talún agus stáisiúin talún chomhlántacha



IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (AE) 2019/881

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1), an dara fomhír

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(4)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 68(1) agus (2)

Airteagal 7(3)

Airteagal 10(2)

Airteagal 7(4), an chéad fhomhír, pointí (a) go (d)

Airteagal 10(4)

Airteagal 7(4), an dara fomhír

Airteagal 68(3)

Airteagal 7(5)

Airteagal 14(3) go (5)

Airteagal 7(6)

Airteagal 11(1), pointí (f), agus (5)

Airteagal 7(7)

Airteagal 11, Airteagal 10(5)

Airteagal 8(1)

Airteagal 17(1) agus (2)

Airteagal 8(2)

-

Airteagal 8(3)

-

Airteagal 8(4)

Airteagal 17(1), pointe (d)

Airteagal 8(5)

Airteagal 18(6)

Airteagal 8(6)

Airteagal 18(4)

Airteagal 8(7)

Airteagal 8

Airteagal 9(a)

Airteagal 11(2), pointe (a)

Airteagal 9(b)

Airteagal 11(2), pointe (c)

Airteagal 9(c)

Airteagal 5(1), pointe (a)

Airteagal 9(d)

-

Airteagal 9(e)

-

Airteagal 10

Airteagal 7

Airteagal 11

-

Airteagal 12

Airteagal 9

Airteagal 13

Airteagal 24

Airteagal 14

Airteagal 25

Airteagal 15

Airteagal 28

Airteagal 16

Airteagal 26

Airteagal 17

Airteagal 27

Airteagal 18

Airteagal 29

Airteagal 19

Airteagal 30

Airteagal 20

Airteagal 32

Airteagal 21

Airteagal 35

Airteagal 22

-

Airteagal 23

-

Airteagal 24

Airteagal 44

Airteagal 25

Airteagal 52

Airteagal 26

Airteagal 53

Airteagal 27

Airteagal 54

Airteagal 28

Airteagal 55

Airteagal 29

Airteagal 45

Airteagal 30

Airteagal 46

Airteagal 31

Airteagal 48

Airteagal 32

Airteagal 50

Airteagal 33

Airteagal 51

Airteagal 34

Airteagal 56

Airteagal 35

Airteagal 57

Airteagal 36

Airteagal 31

Airteagal 37

Airteagal 59

Airteagal 38

Airteagal 60

Airteagal 39

Airteagal 64

Airteagal 40

Airteagal 65

Airteagal 41

Airteagal 66

Airteagal 42(1)

Airteagal 70(1)

Airteagal 42(2)

Airteagal 70(4)

Airteagal 42(3)

Airteagal 70(2)

Airteagal 43

Airteagal 67

Airteagal 44

Airteagal 62

Airteagal 45

Airteagal 63

Airteagal 46(1) agus (2)

Airteagal 71(1) agus (2)

Airteagal 47

-

Airteagal 48

Airteagal 73(1) agus (2)

Airteagal 49(1)

Airteagal 74(1)

Airteagal 49(2)

-

Airteagal 49(3)

Airteagal 74(4)

Airteagal 49(4)

Airteagal 74(2)

Airteagal 49(5)

Airteagal 74(3)

Airteagal 49(6)

Airteagal 74(5)

Airteagal 49(7)

Airteagal 74(9)

Airteagal 49(8)

Airteagal 76(1)

Airteagal 49a(1) go (3)

Airteagal 72(3) go (5)

Airteagal 49a(4)

-

Airteagal 50

Airteagal 79(1) agus (3)

Airteagail 51 agus 51a

Airteagal 80(1)

Airteagal 52

Airteagal 82(1) go (7) agus (9)

Airteagal 53

Airteagal 83

Airteagal 54(1) agus (2)

Airteagal 81(1) go (4)

Airteagal 54(3) agus (4)

Airteagal 78(1) agus (3)

Airteagal 55(1)

Airteagal 84(1) agus (2)

Airteagal 55(2)

Airteagal 84(3)

Airteagal 56(1)

Airteagal 85(1)

Airteagal 56(2)

Airteagal 71(3)

Airteagal 56(3)

-

Airteagal 56(4)

Airteagal 85(2)

Airteagal 56(5) go (9)

Airteagal 84(3), (4), (6), (8) agus (9)

Airteagal 56(10)

Airteagal 71(4)

Airteagal 57

Airteagal 86(1) go (4)

Airteagal 58

Airteagal 88

Airteagal 59

Airteagal 89

Airteagal 60(1) (2) agus (4)

Airteagal 91(1) go (3)

Airteagal 60(3)

Airteagal 92(1)

Airteagal 61(1)

Airteagal 93(1)

Airteagal 61(2) go (4)

-

Airteagal 61(5)

Airteagal 93(3)

Airteagal 62(1), (2), (4) agus (5)

Airteagal 90(1) go (4)

Airteagal 62(3)

-

Airteagail 63 agus 64

Airteagal 96

Airteagal 65

Airteagal 97

Airteagal 66

Airteagal 118

Airteagal 67

Airteagal 120

Airteagal 68

Airteagal 121

Airteagal 69

Airteagal 122

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…